Thursday, June 04, 2009

Tiananmen Fiche Bliain ar Aghaidh

Fiche bliain ó shin sa tSín, bhí dóchas ann. Bhí an cumannachas ag fáil bháis in Aontas na Sóivéadach agus san Eoraip, agus ceapadh go raibh seans ann saoirse a bhaint amach sa tSín, freisin. Chonaic an domhan mór brúidiúlacht rialtas na Síne sna laethanta sin, ach chonaiceamar laochra a sheas ina haghaidh, freisin.

Seo mórán grianghraif de na leathanta siúd.

Ó shin, cé nach bhfuil aon athrú ar an rialtas úd, tugtar níos mó measa dóibh, níos mó cumhachta. Bhí na cluichí Oilimpeacha ann. Déantar i bhfad níos mó gnó leo. Ní luaítear eachtraí Tiananmen. Ní luaítear an Laogai. Ceannaímid earraí ón tSín, agus ar ball, úsáidfear an t-airgead sin chun ár gcomhlachtaí a cheannach uainn. Faightear airgead ar iasacht ón tSín, agus tá cumhacht as cuimse acu ar chúrsaí airgeadais sa lá atá inniu ann. Ní thugann siad aon chabhair don domhan chun smacht ar bith a choimeád ar an gCóiré Thuaidh, cé gur féidir leo. Bíonn siad ag bagairt ar an Téaváin i gcónaí. Ach ní féidir linn olc a chur orthu, mar gheall ar an airgead. Déantar gearáin faoin Tibéid uaireanta, ach níl rialtas ar bith an-dáiríre faoi. Tá an Sínigh ag déanamh a rogha ruda ann fós, ag scriosadh bailte agus a brú a gcultúr féin ar na daoine sin (iad siúd nach maraíonn siad).

Oscaíodh súile an domhain beagán in 1989, ach thiteamar inár gcodladh arís ó shin, maidir leis an Sín. Ní mór scéal Tiananmen a choimeád beo, a chuimhniú is ag múineadh don aos óg. Ní mór rialtas na Síne a thuiscint i gceart, mar deachtóireacht bhrúidiúil, pé íomhá dheas a chonaiceamar ó na cluichí Oilimpeacha. Pé rud a deir daoine amaideacha clúiteacha.

Táthar ag súil (le fada) go dtiocfaidh feabhas ar chúrsai agus go mbeidh saoirse ann ar ball, mar a éiríonn na Sínigh níos saibhre. Ní dóigh liom go dtarlóidh mura mbeidh laochra mar laochra Tiananmen ann. Go n-éirí siad arís.

2 comments:

aonghus said...

Ní mór smaoineamh freisin gur teip eacnamaíochta a tharla in Oirthear na hEorpa ar dtúis, agus go an deis teitheadh siar, rud a chuir an brú a bhris an cuirtín iarainn.

Má bhíonn an tSín níos saibhre, tuige go nathrófaí ar Rialtas ann?

Tá taithí ag an aos riailaithe ann ar an bpobal a shuaimhniú...

Séamas Poncán said...

Síleann daoine eile go bhfuil cúrsaí ag athrú ó shin.