Thursday, June 11, 2009

Et tu, a Dhubhglais De hÍde?

Ní fhaca mé an scéal seo ceithre bliana ó shin. Ní thuigim an neodracht. Níl sé ceart a bheith neodrach agus cairdiúil le haintiarnaí agus coirpigh, dar liomsa. Tharla na rudaí náireacha seo fadó, ach is ábhar machnaimh iad don lá atá inniu ann.

Má phléascann an Iaráin buama adamhach in Iosrael, slán mar a n-insítear é, an mbeidh Éire cairdiúil leis an Iaráin fós? An mbeidh Éire neodrach go deo? Nó an seasfaidh sí leis an gceart ar ball? Bhí sé casta go leor sa dara cogadh domhanda, mar ní bheadh Éire sásta troid ar son Sasana. Ach bhí i bhfad ní ba mhó ná sin i gceist, fós féin, go háirithe ag deireadh an chogaidh. Bheadh siad ábalta a rá go raibh siad ag seasamh leis an mBeilg, nó tíortha eile. Níor mhaith le Meiriceá Stalin, ach sheasamar leis i gcoinne Hitler.

Is ionann domsa an neodracht agus a bheith ar nós cuma liom maidir leis an gceart - agus mar sin, ag ceadú an mhíchirt. As ciúnas tuigtear tacaíocht. Agus bhí a fhios ag Dev féin nach raibh aon chosaint ann sa neodracht.

Tá beartas de neodracht mhíleata ag Éirinn agus ní ball d'aon chomhghuaillíocht mhíleata í. Mar sin féin, ar feadh caoga bliain, tá sí ag glacadh páirte gníomhaí in oibríochtaí coinneála síochána na NA agus údaraithe ag na NA agus tá páirt ghníomhach aici i bhforbairt Bheartas Slándála agus Cosanta na hEorpa.

Rinne an tAire tagairt freisin do neodracht na hÉireann, ag rá nach gcuirfeadh an Conradh Éire faoi aon chomhcheangal míleata ná cosanta d'aon saghas.


Ba mhaith leo an cáca agus é a bheith ite acu freisin, an ea? Cén fáth go bhfuil suim ag Éire i mBeartas Slándála agus Cosanta na hÉorpa nuair nach mbeidh siad sásta aon bheart mhíleata a dhénamh ar a shon? Nach leor an neodracht di?

An bhfuil níos mó i dtír neodrach ná tír lag le béal mór? Tiománaí an chúlshuíocháin i gcarr an domhain? Tír a bhraitheann ar thíortha móra as a slándáil, nach mbeidh sásta cabhair ar bith a thabhairt do na tíortha sin má bhíonn gá leis? Sin fadhb mhór na hEorpa, freisin. Ní féidir leis an Eoraip í féin a chosaint gan na Stáit Aontaithe. Níl aon chogadh domhanda eile le fada, agus an Eoraip lag, agus mar sin, tá na Stáit sásta íoc as a slándáil. Fiú na tíortha neodracha. Ní fheadar an dtiocfaidh an lá nach mbeidh na Stáit chomh flaithiúil, go háirithe nuair a bhíonn na hEorpaigh ag clamhsán faoi. B'fhéidir ba chóir dúinn a bheith neodrach?

3 comments:

aonghus said...

Bhuel, bhí sibh neodrach cheana - go dtí 1917 san céad cogadh Domhanda!

Ní bhíonn comhghuaillithe ag náisiún, bíonn spéiseanna acu!

Séamas Poncán said...

'Sé an 'go dtí' sin nach féidir libh.
Agus ní dóigh liom gur cheap an Spáin nó Meicsiceo gur neodrach ab ea na Stáit roimhe sin...
Níl sé riachtanach do gach tír páirt a ghlacadh i ngach coimhlint, dar ndóigh. Tá a fhios ag gach éinne nárbh fhiú d'aon tír an chéad chogadh domhanda a throid. Ach sin scéal eile.

aonghus said...

Ní (mar is gnách) ceist dubh agus bán atá ann. Maidir leis an gcéad cogadh domhanda, fuair an dúrud Éireannaigh bás i bhFlóndars..

Maidir leis an scéal ó shin i léith, bhí trúpaí Éireannacha ar dualgas leis na NA san Congo, san Liobáin, agus anois i Seád - i measc áiteanna eile.

Ní hionann an iarracht bheith neamhspléach ar na mór chomhghuaillíochtaí agus dualgas a shéanadh.