Wednesday, January 23, 2008

Gása na mBréag

Muise, na hIosraelaigh fhealltacha sin! Stad siad an leictreachas i nGása, agus tá siad chun na Palaistínigh go léir a mhárú. Nó an fíor pioc de sin?. Mar atá, tá siad ag fáil dhá thrian dá gcuid leictreachais fós ansin ó Iosrael. Stad Hamás an trian eile ar a gconlán féin - chun droch-chlú ar Iosrael a chothú. Níl Iosrael ag tabhairt breosla dóibh mar go mbíonn siad ag seoladh dúracán ina leith. Ach dar ndóigh, tá Hamás ag cur an milleáin ar Iosrael, agus tá a lucht leanúna sna meáin an-sásta an bholscaireacht sin a sceapadh ar a son.

Ach an rud is measa faoi Iosrael, sin an balla a thóg siad, a choimeádann na Palaistínigh i nGása. Aisteach le rá, tá balla ag an Éigipt, freisin, ach is cuma leis an saol sin. Agus is cuma go bhfuil na Palaistínigh bhochta sin ag brú tríd an mballa céanna, agus is cuma go mbeidh maoin agus áiseanna ag Hamás chun níos mó dúracán agus sceimhlitheoirí a sheoladh go hIosrael. Sea, bíonn an locht ar Iosrael. Muise.

2 comments:

david santos said...

Hello, Séamas.
Thanks for your posting.
Have a good week

Jennifer said...

Dia dhuit!

Tá mé mall! Scríobh tú ar mo bhlagsa cúpla mí ó shin agus chuir tú ceist orm má tá cead agat botún (gramadach, is dócha) a cheartú dom- an freagra:

Tá!! Cinnte!!! Lean ort! Beidh sin an cabhrasacht dom. grma!