Sunday, May 06, 2007

Viva la France?

Tá mearbhall orm. Rinne na Francaigh rud ciallmhar! Sarkozy abú! Bon chance, notre amis! Ach níos fearr ná a bhua féin, níos fearr ná go bhfuil cara ag Meiriceá (ceaptar) sa bhFrainc, is é an rud is fearr ná gur briseadh na sóisialaithe!

Is dócha go dtuigeann na móramh ann go bhfuil an Fhrainc ag dul sa treo mícheart le fada an lae, agus go bhfuil gá géar le hathruithe inti. Beidh sé deacair go leor d'aon duine ciallmhar aon rud a dhéanamh sa bhFrainc, agus beagnach leath den tír ina sóisialaithe fós. Ach tá an fhadbh chéanna againne, agus uaireanta éiríonn go maith linn. Ensemble tout deivient possible.

Guím gach rath ar an uachtarán Sarkozy - agus, rud nach ndúirt le fada - ar an bhFrainc.

3 comments:

aonghus said...

N'fheadar. Má bhíonncohabitation ann arís, beidh an scéal níos casta. Fear tobann é Sarkhozy, agus bhí an votá cúng go leor.

Tá ceist Aristotle fós i gceist!

Séamas Poncán said...

Cén cheist sin?
Tá an ceart agat, nach bhfuil an scéal críochnaithe. Ach vótáil 85% dá bhfuil sa tír, agus an bua mór go leor aige. Ní beag sin.
An bhfuil an cohabitation sin chomh dona agus an scéal mar atá againne anseo? Pé scéal, tá feabhas ar leith ann, agus treisím leo.

aonghus said...

Céard is iompar daonlathach?
Iompar a thaitníonn leis an daonra, nó iompar a chaomhnaíonn an daonlathas? (An ceann deiridh, dar liomsa)