Wednesday, April 18, 2007

Cultúr an Ghunna, Deirtear, a ba Chúis Leis

Gan mhoill, fuarthas an tobfhreagairt ghnách ó phreas na hEorpa agus ón eite chlé i gcoitinne. Fiú ó John Howard san Astráil. Beidh ailt sna meáin agus gach uile dhuine ag cur an mhilleáin ar dhlíthe na Stát Aontaithe maidir le gunnaí, as an uafás a rinne gealt ag ollscoil Virginia Tech. Dar ndóigh, ceapann na hEorpaigh agus an lucht bien-pensant go bhfuilimid dall. Dá mbeimis chomh cliste leo, ní tharlódh a leithéid, ceapann siad. An sotal i ndiaidh na n-uaisle, mar is iondúil, faraor.

Bheadh sé chomh ciallmhar an milleán a chur ar dhlíthe maidir leis an inimirceach agus daltaí idirnáisiúnta. Bheadh sé chomh ciallmhar an milleán a chur ar dhlíthe tiománta as gach bás a tharlaíonn mar gheall ar charranna. Más mian le duine olc mórán daoine a mharú, bíonn seift ann dó. Úsáidtear eitleáin, úsáidtear gáis nimhneach, úsáidtear claimhte, úsáidtear nimh.

Mura ndéantar le gunnaí, déantar le sceana nó fiú bataí. Agus nach bhfuil sé níos measa nuair a dhéanann daoine nach bhfuil as a meabhair a leithéid?

An féidir aon rud a dhéanamh? Maidir le gnáth-choireanna, is féidir. Ach ní féidir gardáil i gcoinne an chadhain aonair atá as a mheabhair. Ach amháin, má aithnítear go bhfuil fadhb ag duine, agus má thugtar aire dó. Aithníodh go raibh fadhb ag an té a rinne an t-uafás seo is déanaí. Ach ní dhearna éinne aon rud chun a bheith cinnte nach ndéanfadh sé coir. Tá saoirse againn, agus ní maith le daoine cur isteach air sin. Uaireanta, bíonn praghas le n-íoc as sin.

Is maith le daoine cúis éigin a aimsiú, fáth cinnte a bheith ann. Is mian le daoine go bhfuil réiteach ann a stadfadh a leithéid. Ach níl an saol seo chomh simplí. Bíonn an t-olc ann. Easpa creidimh agus easpa grá, is iad na cúiseanna is mó i gcónaí.

Seo alt an-chiallmhar faoin a bhfuil le rá ag na meáin faoi seo, le Rush Limbaugh.

Seo alt an-suimiúil ón nGearmáin.

Sea, tarlaíonn a leithéid fiú i dtír chomh cliste leis an nGearmáin. Agus níl Sasana gan locht, ach oiread.

Beidh rud le rá ar ball ag an NRA faoi seo, táim cinnte. Ach tá siad ag fanacht leis na fíricí, seachas ag brú a dtuairimí polaitiúla ar an saol mar gheall ar an tubaiste seo.

Guím, i dteannta leis an uachtarán, ar na daoine a maraíodh agus ar na daoine eile a bhí gortaithe.

Dia idir sinn agus an t-olc.

9 comments:

aonghus said...

Ní dóigh liom gurbh iad na dlíthe is cúis leis. Ach tugann siad deis nach mbeadh ann murach iad.

Ní féidir deich piléar marfacha a scaoileadh as scian. D'fheadfaí fear bata nó sceana is stopadh níos gasta.

Bhí cúis leis an Leasú úd (an dara nó an céad ceann, ní cuimhin liom) nuair a bhí mílíste de dhíth san 18ú aois. Ní dóigh liom go bhfuil na cúinsí céanna ann níos mó.

Cén gá atá le gunna gasta?

Séamas Poncán said...

Níl gunna agam. Ach tá an ceart sin agam.
Seo rud eile mar fhreagra duit.

Mo Dhuine said...

ar dtús ba chóir dhom a rá go mbeinn glan in aghaidh gunnaí agus iad bheith ar fáil do chuile dhuine, ach sin ráite, táim go hiomlán ar aon intinn leatsa faoi na scéalta ag teacht amach agus an milleán go léir á chur ar an ghunna seachas an ghealt thaobh thiar den ár.
Agus tá an ceart aige nuair a deireann tú go ndéanfadh sé é le aon ghléas troda murach an gunna.
Sure nach bhfuil grianghraif á dtaispeáint in sna meáin inniu agus an ghealt sin le casúr aige.

aonghus said...

Cad air go bhfuil do cheart bunaithe?

http://caselaw.lp.findlaw.com/data/constitution/amendment02/

An mbeahd sé i gceist agat an cheart sin a fheidhmiú i gcomhar le mílíste dea-rialta?

Agus níl ceart ann gan dualgas! Mar sin, ba cheart an ceart, más ann dó, a srianadh dóibh siúd atá sásta glacahd leis na dualgaisí, sé sin, gan cearta níos bunúsaí, ceart an Bheatha, a sharú.

Conas gur féidir le duine a bhfuil meabhair ghalar air, agus sin aitheanta, siúl isteach i siopa agus dhá gunna gasta a cheannach gan cheist a bheith cuirthe air?

Is fíor gur ar an fhear bhocht fhéin atá an ciontacht is mó.

Ach tá ciontach ag baint le faillí agus deis a thabhairt chomh maith.

Is minic i gcásanna mar seo gur gunna atá go dleathach i seilbh duine a úsáidtear. Caithfear ceisteanna a chuir.

Agus ní freagra é a rá gur déanaigh rudaí níos measa le pléascán. Is cuma. Muna mbeahd teacht ag an fear seo ar ghunna gasta, gach senas go mbeadh mórchuid den scór go léith íobairteacht sa dara foirgnimh fós beo, agus senas go mbeadh sé ar cumas an fear a lámhach sé ar dtús stop a chuir leis ar fad.

Árdaíonn teacht ar ghunnaí an baol.

tomaltach said...

Scríobh an Caomhach "níl gunna agam. Ach tá an ceart sin agam". San am a chuaigh thart bhí an ceart ag duine uasal sclábhaí a bheith aige. Níl an ceart sin ag daoine anois. Ní rudaí seasmhacha iad cearta. Ní raibh an ceart ag daoine sna SA gunna a bheith acu go dtí gur cuireadh an dara leasú i bhfeidm. Ach nach iontach agus nach mór an t-athrú atá tágtha ar an saol ó shoin. Ní leor a rá go bhfuil an ceart seo nó an ceart siúd ann. An cheist is tábhachtaí: cén cuspóir atá ag ceart faoi leith agus cén fáth gur chóir a leithéid a bheith ann?

Séamas Poncán said...

Ní fíor sin faoin mbunreacht. Aithníodh cearta ann, agus cuireadh na leasuithe luatha sin ann chun iad a chinntiú. Tá stair le foghlaim agat faoin sclábhaíocht, sílim. Rud eile ar fad.

tomaltach said...

Maidir leis an stair - maith go leor. Níl mé ag cur i gcéill gur saineolaí mé ar bhunreacht na Stát. Séard a atá le rá agam nach rudaí seasmhacha iad cearta. Mar sin tá an cheist sin fós ann: cén cuspóir atá ag an cheart sin gunna a bheith ag daoine, agus cén fáth gur chóir a leithéid a bheith ann?

Séamas Poncán said...

Seo an fáth

Agus seo rud eile suntasach.

tomaltach said...

Léiríonn an t-ábhar seo an difríocht idir mhuintir na Stát Aontaithe agus mhuintir na hEorpa. Ní féidir linne, mar Eorpaigh, tuiscint cén fáth go gcreideann sibhse go bhfuil gá ar bith le mílíste sa lá atá inniu ann, nó cén fáth go mbeadh eagla ar dhuine roimh an stát féin, go háirithe más stát daonlathach é. Tuigim go maith an chúis a bhí leis an leasú sin - cúpla céad bliain ó shoin. Ach níor chuala mé aon duine ag cur in iúl cén bunús atá ag an cheart sin inniu, sa bhliain 2007. Léiríonn muintir Mheiriceá an grá, an tírghrá, a thugann siad dá bhfód dúchais. Léiríonn siad é go soiléir - an bhratach in chuile áit, an meas ar an amhrán náisiúnta, an "go mbeannaí Dia Meiriceá", agus mar sin de. Ag an am chéanna tá eagla nó ar a laghad amhras orthu faoin stát, a ligeann dóibh creidiúint go dlúth go bhfuil sé tábhactach go mbeadh daoine in ann gunna a iompar le iad féin a chosaint - ón stát céanna. Paradacsa é sin, nach féidir linne tuiscint mar Eorpaigh. Sa deireadh, ma chreidim gur fiú na ceisteanna seo a phlé, creidim fosta go gcaithfidh gach náisiúin a bhealach féin a thabhairt. Ádh mór.