Bhí mé ar an raidíó ag caint leis inniu (RnaG). Agus bhí Cóilín Ó Floinn ag caint linn freisin. Ba mhaith le Rónán caint liom faoi chothrom an lae inné ar cheithre bliana ó thosach an chogaidh seo san Iaráic. Treise leis go raibh sé sásta caint liomsa arís.
Ní raibh mórán nua le rá ag éinne, is dócha. Bíonn cogaithe go holc. Ní maith le héinne againn an cogadh mar rud. Ba bhreá linn go léir dá mbeadh sé thart. Ach níl, faraor. Agus dar liom, ní mór dúinn seasamh le muintir na hIaráice agus seans a thabhairt dóibh. Tá sé ceart agus cóir go bhfuilimid ann chun iad a chosaint ó na sceimhlitheoirí a bhíonn dá marú gach aon lá go fóill. Agus tá sé tábhachtach do mo thírse, agus don domhain, nach mbeidh tír eile ann agus na sceimhlitheoirí ina bun, mar a bhí san Afganastáin. Agus i bhfírinne, tá cúrsaí ag éirí níos fearr, cé nach gcloistear sin sna meáin (ach amháin b'fhéidir uaimse), as Gaeilge ach go háirithe.
Rud suimiúil a luaigh mé agus a léigh mé inniu. Tá níos mó daoine sásta lena saol san Iaráic inniu i gcomporáid lena raibh acu roimh an gcogadh, ná daoine atá níos sásta lena saol san Aontas Eorpach roimh teacht an Aontais!
Féach anseo.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
6 comments:
Tá torthaí na pobalbhreithe a rinneadh san Iaráic ar fáil anseo: http://news.bbc.co.uk/2/shared/bsp/hi/pdfs/19_03_07_iraqpollnew.pdf
Ar léigh tú iad?
"More than 2,000 people were questioned in more than 450 neighbourhoods and villages across all 18 provinces of Iraq between 25 February and 5 March 2007. The margin of error is + or – 2.5%." Ní thugtar eolas ar bith faoin gceathrar nó gcúigear a ceistíodh i ngach comharsanacht sin.
Bhí timpeall 26,783,383 duine ina gcónaí san Iaráic in Iúil 2006. An féidir le 2,000 dearcadh na tíre a mheas? An ndéanfadh a leithéid sin gnó in Éirinn, nach raibh ach timpeall 4,062,235 ina gcónaí inti an tréimhse chéanna sin?
Is iomaí pobalbhreith atá ann, agus níl sé éasca fíor-dhearcadh na ndaoine a mheas. Mar a dúirt mé ar an raidió, is féidir rud ar bith a rá le huimhreacha mar seo. Ach is suimiúil, dar leis an gceann seo, go bhfuil siad i bhfábhar an daonlathais chomh mór agus atá, d'ainneoinn go bhfuil siad ag cur an mhilleáin ar na Stáit as a gcuid fadhbanna.
An gcuireann sé iontas ar éinne go bhfuil fadhbanna ann fós? Agus leath na ndaoine a ceistíodh, síleann siad go bhfuil sé de cheart acu ionsaithe a dhéanamh ar na fórsaí atá ann chun na daoine a chosaint (agus a thug an deis dóibh chun rialtas dianlathach a dhéanamh)? Tá siad beagnach chomh trína chéile agus atá móramh na hEorpa...
Is é buncloch tionscail na bpobalbhreitheanna gur féidir leat dearcadh tíre a mheas tas éis timpeall 1,000 duine a cheistíú. Ceapaim gurb é Gallup san Stáit Aontaithe a rinne an chéad phobalbhreith.
Má cheapann tú gu bhfuil muintir na hEorpa míshásta, féach ar seo:-
http://www.pollingreport.com/right.htm
- ceapann 70% de muintir na Stáit Aontaithe nach bhfuil an tír ag dul sa treo ceart...
Déan do rogha.
pobalbhreith eile
Agus tá caint eile agus eolas eile atá stuama ciallmhar anseo......
Post a Comment