Tuesday, November 14, 2006

Smaoineamh Fonnmhar

Bhuel, bhí an bua ag an bpáirtí frith-Bhush. Agus an fáth? Tá na meáin ag obair go dian i gcoinne Bush le blianta. Tá daoine mí-shásta go bhfuilimid san Iaráic. Creideann mórán daoine, mar gheall ar na meáin, nach bhfuil aon mhaith ann bheith san Iaráic, gur cúis caillte é. Agus is é Bush an Fear Dubh é, agus na diabhail eile ar a fhoireann. Mar sin, chaith móramh na ndaoine vóta i gcoinne Bush agus i gcoinne an chogaidh.

Ach cad a tharlóidh anois? Níl plean ar bith ag an bpáirtí Daonlathach. Tá roinnt díobh ag rá go mba chóir dúinn cúlú ón Iaráic, agus deireadh a dhéanamh den chogadh seo. Ach má dhéantar amhlaidh, beidh cogadh i bhfad ní ba mheasa ann. Beidh bua (eile) ag na sceimhlitheoirí. Tabharfar teachtaireacht don saol mór nach fiú dada cabhair nó fiú focal na Stáit Aontaithe. Tabharfar misneach nua do naimhde na tíre – naimhde na sibhialtachta, sin a rá. Tugadh inspioráid nua dóibh leis an toghchán seo. Is fuath leo Meiriceá, agus níos mó ná sin, is fuath leo Bush. Aon rud a dhéanann Bush níos laige, agus mar sin Meiriceá níos laige, is breá leo sin. Faraor, is amhlaidh le roinnt mhór daoine sa tír seo, freisin.

‘Sé an fáth go bhfuil na sceimhlitheoirí ag troid san Iaráic ná go bhfuil siad ag fanacht le drochmhisneach i Meiriceá, le easpa thola pobal Mheiriceá. Ní bheidh an bua acu go gcaillfidh Meiriceá a toil. Tá sé ag éirí leo, mar sin. Tá siad ag súil le bua eile ag na Daonlathaigh in 2008, agus uachtarán lag ag Meiriceá. Creideann mórán daoine go mbeidh deireadh le cogadh agus sceimhlitheoireacht nuair a bheidh deireadh le Bush. Malairt na fírinne, faraor. Níl ann ach smaointe fonnmhara.

Is léir nach bhfuil gach rud i gceart san Iaráic. Ach cogar – bíonn sé i bhfad níos deacra rud a thógáil ná rud a scriosadh. Dá mbeimis go léir ag seasamh le chéile ar son muintir na hIaráice. Ach bíonn an iliomad de ‘shíochánaithe’ ag seasamh le lucht an fhoréigin i gcónaí.

Is léir nach fiú faic focal na Náisiúin Aontaithe, ná aon bhagairt ón ‘gCumann Idirnáisiúnta’. Má imíonn na comhghuaillithe an Iaráic gan an jab a chríochnú, ní chreidfí focal Mheiriceá ach oiread. Bheadh sé ina fhógra dár naimhde – táimid lag, déan ionsaí orainn – ní dhéanfaimid aon rud ach géilleadh. Is léir nach bhfuil aon imní ag an Iaráin roimh an domhain, ná an Chóiré Thuaidh. Ní mór dúinn go léir bheith dáiríre. Ní mór don saol bagairtí inchreidte a dhéanamh – nó gan bagairtí a dhéanamh riamh arís. Mura bhfuil an cumhacht ag na tíortha daonlathacha, beidh sé ag tíortha éigin – Moslamaigh faisisteacha nó Cumannaithe, nó deachtóirí éigin. Ní sárófar an seanfhocal – níl saoirse saor.

Dála an scéil, a fhríth-Bhuisithe – thosaigh Saddam an cogadh seo, agus rinne na Náisiúin Aontaithe (Naofa) dlisteanach os comhair an tsaoil é. Mura bhfuil sibh sásta bagairtí a thacú le fórsa, ná déanaigí iad. Ní chreideann an móramh sa Mheánoirthear go bhfuilimid i ndáiríre – agus tá cúiseanna ann. Tá súil agam fós nach bhfuil an ceart acu.

Dar ndóigh, bhí cúiseanna eile ann a thug an bua don pháirtí daonlathach. Ní raibh coimeádaigh an-sásta le rudaí rinne (agus nach ndearna) Bush agus na Poblachtánaigh sa bhaile. Caitheann siad airgead mar mhairnéalach ólta, agus tá an iomarca díobh ar son teorainneacha oscailte, mar shampla. Ach má ba theachtaireacht dóibh an cailliúint seo, tá súil agam gur fiú é. Ní bheidh aon fheabhas ann do cheann ar bith de na rudaí seo faoi mhóramh na nDaonlathach.

Cibé ar bith, níl aon rud le déanamh againne, na coimeádaithe, ach seasamh i gcoinne na drochrudaí a dhéanfar sa rialtas, agus obair ar son rudaí níos fearr sa todhchaí. Bhí dáil daonlathach ann nuair a bhí Reagan ina uachtarán. Is féidir rudaí maithe a dhéanamh fós. Agus nuair a fheiceann pobal Mheiriceá obair na nDaonlathach, b’fhéidir nach mbeidh siad chomh mór leo an chéad uair eile. Agus bíonn clog briste ceart dhá uair an uile lá. Tá seans ann go ndéanfaí siad cúpla rud maith de thaisme. Seans beag, ach seans. Ní raibh Clinton mícheart i gcónaí, pé iarracht a rinne sé. Is dócha go ndearna fiú Jimmy Carter rud maith uair amháin – cé nach cuimhin liom é.

An Iaráic – saoi atá ina chónaí ansin. Tuigeann sé go maith a bhfuil ar siúl.

Daoradh Saddam – an gcreidfeá? Tá daoine sona sásta leis ansin!

8 comments:

aonghus said...

"Das Volk hat das Vertrauen der Regierung verscherzt. Wäre es da nicht doch einfacher, die Regierung löste das Volk auf und wählte ein anderes?" - Bertolt Brecht, nach dem Gedicht "Die Lösung" aus den Bukower Elegien, 1953

Séamas Poncán said...

Aoir a bhí ann, is dócha?

Caitríona said...

A Shéamais, scríobh tú: “Tá daoine mí-shásta go bhfuilimid san Iaráic.” Meas tú cén fáth? B’fhéidir go gceapann tú nach ndearnamar aon dochar ann. B’fhéidir nach bhfuil ‘fhios agat faoin 400,000 marbh agus 1.7 milliún Iraqis a bhí orthu éalú ón foréigéan agus atá fós sa tír agus an 2 mhilliún eile a theith go tíortha eile mar rinneamar praiseach den tír… Nach bhfeiceann tú an nuacht? An cuma leat cruachás na daoine?
Agus bhí an ceart againn, an raibh? Féach: http://deoxy.org/wc/wc-crime.htm Tá greim ag Fox News nó ráiméas contúirteach eile ort. Faigh cúnamh. Déarfainn go bhfuil 12 céim as duitse ach níl do na Iraqis. Tá an dochar déanta.

Séamas Poncán said...

A Chaitrionna, féach sa scáthán! Mhol tú nasc uair ón Huffington Post dom! Nach dtuigeann tú droch-fhoinse?! An bhfaca tú Fox News riamh? Ní dóigh liom. Ar aon nós, féachaim ar na fíricí agus bím á meas gan 'orduithe' ó na Illuminati nó éinne eile.

Caitríona said...

Déarfainn go bhfaca mé níos mó Fox "News" ná mar a chonaic tusa. Bím ag breathnú air go minic nuair atá mé ag iarraidh propaganda a thuiscint agus an chaoi ab fhéidir le Murdoch agus a leitheidí an dallamullóg ar chuir ar náisiún. Ach de gnáth 'siad na daoine ina seachtóidí a bhíonns ag breathnú ar Fox agus ní thuigeann siad gur féidir le daoine bréaga chomh mór sin a insint. Tá go leor scannáin amuigh ansin a bhféadfadh olcas Murdoch a mhíniú duit. Molaim tosnú le OUTFOXED: Rupert Murdoch's War on Journalism. Tá turas fada agat a chara go bhfeicfidh tú an fhírinne agus tá sé searbh. Ach má tá cúnamh uait aon uair ar an turas sin, tá mé anseo.

Séamas Poncán said...

D'ól tú an Kool-Aid. Mo léan.

Caitríona said...

Deireann tú go bhfuil tú i ndáiríre faoin ábhar seo ach freagraíonn tú le freagra páistiúil. Is dóigh go gcaithfidh mé dul áit éiginnt eile má tá mé ag lorg díospóireacht. Go néirí an t-ádh leat, a Shéamais. Tá súil agam go ligfidh do chroí duit cruachás na daoine in Iraq a fhulaingt agus a thuiscint agus cúnamh a thabhairt dóibh in áit an chaoi a bhfuil tú ag caitheamh do chuid ama anseo.

Séamas Poncán said...

Níl tú ag lorg díospóireachta. Tá tú ag lorg géillte uaim. Ba mhaith leat do chuid bréagscéalta a bhrú ormsa. Tá siad ann gach áit eile a scríobhann éinne faoi Mheiriceá as Gaeilge. Is fearr liomsa an fhírinne a insint, agus na fíricí a phlé. Nuair a thosaíonn tú le fíric nó ceist amháin atá buanaithe ar an saol seo, beidh mé lán sásta é sin a phlé. Idir an dá linn, beidh spraoi agam. Ní fiú dom a bheith feargach níos mó. Níl aon mhaith ann domsa ná d'aon duine eile. Déanaim mo dhícheall gan a bheith nimhneach, cé go mbíonn do leithéid do mo ionsaí i gcónaí. Slán leat.