Monday, October 23, 2006

An Fáth Go bhFuil Sé Tábhachtach

Cén fáth nach cuma meon na meán? Tá tábhacht ag focail, mar atá. Braitheann cúrsaí tábhachtacha an tsaoil ar an tacaíocht a thugtar do thaobh amháin nó thaobh eile.

Bítear ag comparáid an Iaráic agus Vítneam go minic. Níl mórán cosúlachta ann, ach amháin gur bhuaigh na cumannaigh an cogadh sin sna meáin, go háirithe sna meáin Mheiriceáncha teilifíse. Seo alt ar an ábhar sin.

Tá bolscaireacht an-tábhachtach. Féach an dochar a dhéantar le pé drochrud a tharlaíonn, mar Abu Graib agus na páistí le diúracáin in Iosrael. Rudaí as an ord, gan tacaíocht óna rialtais, ach an-úsáideach dár naimhde, agus faraor, níl aon teorainn le suim na meán iontu. Tharla a leithéid in Vítneam, dar ndóigh.
Seo scéal suimiúil faoin ngrianghraf is cáiliúla ón gcogadh sin, agus an dochar a rinne sé.

Is mór an trua go mbíonn na meáin ag tábhairt tacaíochta dár naimhde, mar a rinne siad sna seascaidí is na seachtóidí. Chonaic mé clár faoi na Marines a d'ardaigh breatach Mheiriceá ar Iwo Jima aréir, agus bhí cuid de fhógra a rinne Jimmy Cagney ann mar chuid de, agus bhí sé ag áiteamh ar dhaoine war bonds a cheannach. Rinne gach réalt a leithéid san aois sin. Cá bhfuil siad anois?

Uaireanta, déanann an freasúra polaitiúil dochar dá dtír féin, mar thréas, i bhfírinne. Seo an sampla is déanaí. Tráth dá raibh, bheadh píonós mór ann dá leithéid. Ach tá an New York Times ciontach as eolas rúnda a scapadh go rialta, mar déanann sé dochar don uachtarán.

Bíonn na meáin ag insint leath-scéalta, droch-scéalta, agus ag scaoileadh scéalta rúnda. Is tábhachtach go seastar ina gcoinne, mar déanann siad an-dochar dár dtír. Mar a tharla le Vítneam, agus iad ag iarraidh cúsaí a dhéanamh níos fearr, déanann siad cúrsaí i bhfad níos measa. Sea, is féidir tuairim eile a nochtadh, ach ní ionann sin agus obair ar son naimhde na tíre (mar a rinne Jane Fonda). Ní fiú cumannaigh atá i gceist an uair seo!

7 comments:

Anonymous said...

Tá tuairimí thar a bheith suimiúil agatsa a Shéamais.
De ghnáth, bíonn daoine ag rá go bhfuil na meáin ar son cogadh san Iaráic agus d'uachtarán.
Fox news agus a leithéid, I love Navy Seals, you guys rock srl srl.

Rinne Bush é fhéin an chomparáid idir Vítneam agus Iaráic

Séamas Poncán said...

De ghnáth, bíonn daoine mícheart.
http://caomhach.blogspot.com/2006/08/preas-meiricenach-agus-sen-loingsigh.html
D'fhreagair Bush ceist. Mhínigh mé san alt seo, agus sna naisc ann, a raibh ar intinn aige, mura raibh dul amú air ar fad. Tá daoine ag rá a leithéid ón dtosach, gan bhunús. Is dócha gur ghlac sé leis mar gheall ar an bpreas agus a mheon.

Caitríona said...

Dúirt tú: "De ghnáth, bíonn daoine mícheart." Ach níl tusa?

Séamas Poncán said...

Aithníonn tú gur duine as an ngnáth mise, cinnte! Mar tú féin, na daoine a chloistear níos minice ná aon duine eile, insíonn siad na fabhalscéalta céanna i gcónaí. Creideann daoine in Éirinn go bhfuil Rush Limbaugh agus George Bush ag cur coisc ar aon duine nach n-aontaíonn leo i Meiriceá. Fantasaíocht ar fad, dar ndóigh. Ach creidtear a leithéid.

Caitríona said...

Céard a tharla leis na 'Free Speech Zones' a tharraing Bush isteach? Bhí an tír go léir ina 'Free Speech Zone' roimhe sin. Agus nuair atá cead ag Clear Channel bheith i gceannas ar go leor, leor stáisiún radio agus Billboards níl móran seans ag daoine scéal eile a chloisteáil seachas an propaganda a scaipeann siad. Tá Limbaugh acu, fear nach bhfuil cáilithe a phost a dhéanamh agus a mhillean an fhírinne: http://www.fair.org/index.php?page=1895.
Ach ná bí ag cur focail imbéal pobal na hEireann. Níl clue dá laghad ag an cuid is mó acu cé hé Limbaugh agus tá siad níos fearr as.

Séamas Poncán said...

Is dócha go luann siad Fox News i gcónaí, agus nílim cinnte an luann siad Limbaugh. Ní cuimhin liom anois. Ní éistím leis an gcacamas níos mó.
Fantaisíocht. Rinne mé botún. Nílim foirfe!!!
Níor chuala mé faoin téarma 'Free Speech Zone'. Níl aon rud nua ann, agus níor chum GWB é, dar ndóigh.
"During the 1988 Democratic National Convention, the city of Atlanta set up an official "free speech area" so the convention would not be disrupted." Bréagmhaorgacht ar 'crowd control area' nó rud mar sin atá ann. Mar sin, féachaint go creideann tú gur thosaigh George Bush é, agus níl saoirse ann níos mó in George Bush's America mar gheall air, nach féidir go bhfuil tú mícheart? Nach féidir go mbíonn tú ag éisteacht le bréagacha go minic? Nach fiú féidir é sin?

Caitríona said...

Scríobh tú: "Níor chuala mé faoin téarma 'Free Speech Zone'." Níl aon ionadh orm má fhaigheann tú na scéalta ó Fox. Molaim KPFK. Ní dóigh liom go raibh Bush ina aonar. I measc na daoine a rinne an dochar is measa tá Dick Cheney, Karl Rove, David Addington, Donald Rumsfeld, Paul Wolfowitz, Douglas J. Feith, John Bolton, I. Lewis Libby agus Alberto Gonzalez. I measc an damáiste is measa tá an Patriot Act. Léigh an Patriot Act agus feicfidh tú nach bhfuil saoirse agat níos mó. Bím mícheart go minic, a Shéamais, cósúil le gach duine ar an domhan seo, ach nílim mícheart anseo.