Wednesday, February 15, 2006

Cé hIad na Daoine Deasa?

Rinne mé trácht ar rud ar an Imeall, rud ar mhaith liom míniú níos fearr. Dúirt mé gur tharla athrú ar an idirlíon tar éis 9/11, agus fuair mé nach raibh gach duine chomh deas agus a cheap mé. An é nár aontaigh siad liom, agus sin an fáth? Ní hea. Níl siad go deas mar tacaíonn siad leis na daoine ar mhaith leo mise a mharú, daoine a mharaigh mo chomharsana, agus a bhíonn ag marú daoine eile ar fud an domhain. Tacaíonn siad leis an sceimhlitheoireacht. Ceapann siad go bhfuil an milleán ar Mheiriceá as 9/11, agus as gach aon rud eile atá mícheart sa saol seo, agus níos measa fós, go bhfuil sé de cheart ag na sceimhlitheoirí sinne a mharú.

An é nach bhfuil ann ach tuairimí, sa mhéad sin? Tuairimí a thugann misneach do naimhde mo thírse, agus dó dhaoine a mharaíonn strainséirí mar gheall ar na tuairimí céanna. Níl sé sin go deas, dar liom. Más é an tuairim atá ag duine ná go bhfuil an ceart ag a gcairde mise a mharú, ní cara domsa an duine sin. Agus is mór an trua é, ach tá a leithéid sin ann.

4 comments:

Séamas Poncán said...

Ach tá a leithéid ann.

Ní doígh liom gur thosaigh an chuid is mó de na daoine a bhíonn ag gearán fúinn nuair a fuair siad go raibh campa in Guantanamo! Ach is cnámh spairne sin, ceart go leor. Níl mórán ann mar réamhshampla. Scríobhfaidh mé rud faoi, b'fhéidir, nuair a bheidh am go leor agam chun taighde ceart a dhéanamh.

GRMA as a bheith páirteach anseo. Bain triail as www.scoilgaeilge.org/liosta má tá díospóireacht uait le scata daoine eile.

Séamas Poncán said...

http://www.whitehouse.gov/news/releases/2002/02/20020207-13.html

Mar thosach.

Séamas Poncán said...

"Maverick Senator John McCain"? Cá bhfios. Ach ar léigh tú an t-alt?

White House press secretary Scott McClellan yesterday declined to comment on Cheney's conversations with McCain. But he insisted the Bush administration opposes torture under any circumstances.

''We do not condone torture, nor would [President Bush] ever authorize the use of torture," McClellan said. ''We have an obligation to abide by our laws and our treaty obligations, and that's what we do. That is our policy."

Séamas Poncán said...

Scríobh mé teachtaireacht anseo ach caillíodh é, ar shlí éigin. Ar aon nós, seo arís é:
http://www.msnbc.msn.com/id/10480690/

Bush said the agreement will “make it clear to the world that this government does not torture and that we adhere to the international convention of torture, whether it be here at home or abroad.”

"Under the deal, CIA interrogators would be given the same legal rights as currently guaranteed members of the military who are accused of breaking interrogation guidelines. Those rules say the accused can defend themselves by arguing it was reasonable for them to believe they were obeying a legal order."

“We’ve sent a message to the world that the United States is not like the terrorists,” McCain said earlier as he sat next to Bush in the Oval Office. “We have no grief for them, but what we are is a nation that upholds values and standards of behavior and treatment of all people, no matter how evil or bad they are. And I think this will help us enormously in winning the war for the hearts and minds of people throughout the world in the war on terror.”

Ní raibh aon ghá leis an ndlí seo, mar bhí cosc ar an gcéasadh cheana féin. Níl aon athru ar pholasaí na Stáit ann ar chor ar bith. An t-aon rud atá ann ná teachtaireacht don saol nach ndéanaimid a leithéid. Teachtaireacht nár thuig tusa.