Tá gealt cheart i mbun san Iaráin - Ahmadinejad.  Saghas Hitler atá ann.  Agus tá sé agus a chomhghleacaithe ar tóir arm adamhach.  Inniu, bhris siad na séalaí ar a gcuid imiobreoirí núicléacha.  In 1981, stad na hIosraelaigh Saddam, nuair a rinne seisean amhlaidh.  Le tamall fada anuas, tá na Gearmánaigh agus na Francaigh ag caint leo, agus na Rúisigh ag caint is ag cabhrú leo, chun stad a chur lena dtóir seo ar arm núicéalach.
Aon chosúlacht le tír eile anseo?  Agus tá bagairt uafásach orthu anois - mura stadann siad, gheobhaidh siad íde béil ón gComhairle Slándála, agus b'fhéidir - muis! - smachtbhannaí!  Sea, rinne sin an gnó an uair roimhe seo.  Agus níl an méid ama sin ann.
Tá súil agam go mbeidh tíortha eile sásta an jab a dhéanamh an uair seo, seachas an t-ualach a chur ar Iosrael (agus na Stáit Aontaithe) arís eile.  Beagáinín súile.
Go sábhála Dia sinn.
Iranian Pilgrims in Mecca
Tuesday, January 10, 2006
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
 
2 comments:
Tuairim eile ón Washington Post
Tuairim eile le
Victor David Hanson
Post a Comment