Tá lán a fhios agam nach n-aontaíonn daoine áirithe liom, agus nach féidir leo argóint intuigthe a dhéanamh i mo choinne, agus mar sin, tugann a leithéid droch-ainmneacha orm. Sean-chleachtadh is ea é sin, agus ní chuireann sé aon ionadh orm, cé nach maith liom é. Sin saol an duine phoiblí.
Is cuma cén tuairim a nochtann duine os comhair an phobail – beidh daoine ann dá lochtú is dá cháineadh. Nuair a spreagann sé sin aighneas, is maith an rud é. Tagann smaointe níos cruinne as an aighneas i gcónaí, más i ndáiríre a dhéantar é. Má tá suim san fhírinne ag an dá thaobh, cé nach n-aontóidh siad lena chéile riamh b’fhéidir, beidh siad in ann a thuairimí a chur in iúl níos soiléire, agus fáil réidh le haon rud atá míchruinn nó mícheart. Agus is féidir go gcothófar meas iontu ar a chéile dá bharr. Agus dhéanfadh sé a leas d'aon duine a bheadh ag cúléisteacht.
Agus ansin, tá saghas duine eile ann, nach bhfuil meas aige ar aon duine. Níl pioc de fhéinmheas ag a leithéid gan bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine eile. Cuir i gcás na daoine a bhí ar Chlár Plé Beo le fada anuas, ag scriosadh (beagnach) an fhóraim is mó úsáidte ag lucht labhartha na Gaeilge dá bhfuil ar an idirlíon. Bhíodh siad ag scríobh maslaí as Béarla chun chur in iúl dúinn nach bhfuil Gaeilge cheart againn, agus nach cóir d’aon duine a chuid Gaeilge a roinnt leis an saol gan í a bheith foirfe. Cén fáth a dhéanfadh duine a leithéid? Déanann sé dochar do shaol na Gaeilge aon ghuth a chosc. Déanann sé dochar aon mhúinteoir a stadadh, cé nach bhfuil Gaeilge fhoirfe ag an múinteoir, má tá daoine ag foghlaim uaidh, agus má chuirtear daoine ar bhóthar na foghlamtha. Ach dar leosan, níl ann ach drochGhaeilge. Is cuma leo faoi dhaoine, is cuma leo faoi labhairt na teanga. Ní bhíonn uatha ach bheith níos fearr agus níos cliste ná aon duine eile. Daoine truamhéalacha iad, i bhfírinne. Ach bíonn a leithéid ann. Tugtar ‘bulaithe’ ar a leithéid.
Tá saghas duine eile ann ar a dtugtar ‘hecklers,’ as Béarla ('trasnaitheoirí,' as Gaeilge, b'fhéidir). Is cuma leo faoin rud atá i gceist i gcomhrá nó scríbhneoireacht. Uaireanta ní bhíonn uathu ach greann, cé nach mbíonn siad béasach. Amanna eile, is é an aird atá uathu. Chun clú a fháil, déan rud (olc) do dhuine eile ag a bhfuil sé cheana, ceaptar. Ó bhuel, bíodh siad greannmhar mura bhfuil siad in ann bheith béasach!
Sea, nuair a ardaíonn tú do cheann, tá baol ann go mbuailfear é! Ach má tá cloigeann urrúnta agat, beidh tú in ann seasamh. Beidh an phian ann, gan dabht, ach ní dhéanfaidh sé aon dochar duit i ndeireadh na dála. Agus beidh bród ort as do sheasamh maith.
Cén fáth, agus a leithéid de chrá i ndán duit, a dhéanfá aon chaint nó aon scríbhneoireacht os comhair an phobail? An fiú é? Is ea, den chuid is mó. Cén leas a dhéanann sé duit? Braitheann sé ar an duine, is dócha. Uaireanta (ach ní go rí-mhinic, faraor), faightear moltaí, meas agus dea-chaint mar thoradh ar do chuid oibre. Uaireanta, is féidir leat cúrsaí an tsaoil a athrú, mar thagann daoine eile faoi anáil do smaointe. Uaireanta, tagann feabhas ar dhearcadh daoine áirithe mar gheall ar do shaothair. Agus bíonn spraoi ann sna heachtraithe féin, agus caidreamh le daoine eile nach mbeadh ann gan iad. Baintear gáire as duine agus tú á lorg, uaireanta. Foghlaimíonn tú as an saothar, mórán nach mbeadh agat gan é. Agus fiú mura n-éiríonn aon rud bheith níos fearr mar gheall ar d’iarrachtaí, beidh a fhios agat mar sin féin, agus tú sásta, go ndearna tú do dhícheall, le dea-thoil (tá súil agam). Is féidir go mbeidh luach saothair ar Neamh agat!
Agus an rud is fearr liomsa, sin go gtugann sé misneach do dhaoine eile chun a smaointe féin a chur os comhair an phobail, as Gaeilge. Agus bíonn níos mó spraoi sa saol seo as siocair sin - domsa agus do mhórán daoine eile.
Tuesday, December 06, 2005
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment