Wednesday, April 20, 2005

An Pápa Nua

Buíochas mór le Dia go bhfuil Pápa Benedict XVI againn. Tá lucht na heite clé ar buile faoi, dar ndóigh. Tugann siad na haidiachtaí céanna air i gcónaí, agus tá na daoine céanna ag screadach faoi mar a bhíonn siad ag screadach faoi Bush.
Seo liosta beag na líomhaintí (bréagacha) a bhíonn acusan, agus cúpla focal dá bhfreagra:

1) Níl sé sásta an cosc ar choiscíní a athrú, agus tá daoine ag fáil bháis mar gheall air. Greannmhar an ceann seo. An gcreidtear go bhfuil na daoine a bhíonn ag scaipeadh SEIF ar fud na hAifrice ag bualadh craiceann lena chéile gan choiscíní mar gheall ar an bPápa? Dá mbeadh siad ag éisteacht leis, ní bheadh ach an corrchás SEIF ann.
2) Níl sé sásta banshagairt a dhéanamh, ná sagairt phósta. Ní raibh Eoin Pól II ach oiread, ná Pápa ar bith roimhe, maidir leis na banshagairt. Ní ceist oscailte í seo, ach rud socraithe. Tá mionlach ann de shagairt phósta, ach ní chreideann an Eaglais gur cheart é do shagairt i gcoitinne. Deirtear gur réiteach éigin a bheadh ann ar fhadhbanna gnéis na sagart, ach is fantaisíocht sin. Níl baint ar bith idir na ceisteanna seo.
3) Is fuath leis homaighnésigh. Cacamas. Ní fuath leis duine ar bith, déarfainn. Is fuath leis peacaí, agus ba bhreá leis cabhair a thabhairt d'aon duine atá ag straiceáilt le rud mar sin, cosúil le Caitliceach ar bith.

Feicfear cé chomh maith agus a bheidh sé. Guím rath air. Agus táim dóchasach. Fear an-mhaith is ea é. Beannacht Dé air go deo.

2 comments:

Conn said...

Ceist agam ort, a Shéamais. An dóigh leatsa go bhfuil dul amú ar an bPápa ar cheist na cogaíochta san Íaráic? Má tá dul amú air i dtaobh na ceiste sin, nach bhféadfadh sé a bheith mícheart ar cheist na gcoiscíní chomh maith? An gcaithfimíd mar Chaitlicigh a bheith umhal don uile theagasc a thugann an Pápa, nó an ceart dúinn ár gcoinsias féin a úsáid?

Séamas Poncán said...

Níl cosúileacht ann idir an dá cheist, dar liom. Ba bhreith pholaitiúil phearsanta an méid a dúirt sé faoin gcogadh (mar a rinne EPII). Dúirt sé féin nach raibh sé de cháil aige breith cheart a dhéanamh ar an ábhar sin. Agus ní raibh mórán le rá aige ag an am, mar a bhí, ach go mb'fhearr leis gach rud a dhéanamh tríd na NA (agus tá lán a fhios againn nach mbíonn mórálta gach a ndéantar sna NA!) Ceist na coiscíní, sin treoir a tugadh don Eaglais le húdarás na hEaglaise taobh thiar de. Teagasc oifigiúil na hEaglaise atá ann, seachas breith phearsanta nó fiú breith uaidh mar cheannaire tíre (na Vatacáine).