Monday, January 24, 2005

Fear Oráiste Mise?

Tá dul chun cinn ar domhan: Tá Yuschenko ina uachtarán san Úcráin! Buíochas le Dia, agus go n-éirí sé leis! Go raibh deireadh le réim na gcumannach i bhfírinne. Is laochra iad go léir a sheas a bhfód ar a shon. Cosúil le Cearnóg Tienmen, ach bhí an bua acu. Réabhlóid, gan foréigin agus ar son a leasa. An rud is annamh is iontach. Aire duitse, a Phúitin!

1 comment:

Séamas Poncán said...

Dála an scéil, an bhfuil Rúisis ag éinne? Tá Blog ag Yuschenko! http://yuschenko.ua/