Ó am go chéile, tarlaíonn rudaí olca. I mbliana, agus le cúpla bliain anuas, tharla gur mharaigh póilíní nó gardaí éagsúla daoine gorma gan airm, agus mar is iondúil, rinne na meáin chumarsáide agus polaiteoirí / gríosaithe áiritihe Cúiseanna Móra as an "easpa cirt" agus an "éagóir" a rinneadh. Chuir an t-uachtarán agus an t-ard-aighne a ndá phingin sa scéal (is daoine gorma iad). Chuir sin leis an éagóir a rinneadh ar na póilíní. Níor chabhraigh sé duine gorm ar bith. Spreag a leithéid sin foréigin agus bigóideacht i measc na ndaoine gorma agus bhrúigh an saghas sin iompair na ciníocha i bhfad ní b'fhaide óna chéile ná mar a bhí siad ó am Rodney King agus na ciréibeacha a tharla sna nóchaidí. D'aon ghnó a rinneadh amhlaidh, mar bíonn an t-easaontas idir na ciníocha an-tábhachtach don eite chlé...
Cásanna áitiúla gach ceann acu seo, agus sin mar ba chóir go gceaptar orthu. Nuair a rinneadh Cúiseanna Móra díobh, rinneadh éagóir don lucht áitiúil. Féach an scrios agus a dochar a rinneadh ar Ferguson Missouri. Agus scaipeadh bréagacha agus leath-scéalta chun an dealramh ba mheasa a thabhairt ar gach cás. Ní raibh deis ag mórán daoine an fhírinne agus na fíricí go léir a fháil go gceann i bhfad. Faoin am sin, milleadh clú gach póilín nó duine eile a bhí faoi amhras. Ciníochas a bhí ar intinn acu. Ba mhaith leo daoine gorma gan airm a mharú, mar gur fuath leo iad. Ansin, tháinig na fíricí chun solais de réir a chéile - go ciúin - agus ní raibh aon chuid dá leithéid sin fíor. Tharla a leithéid de scéal arís is arís eile.
Uaireanta déantar rudaí olca, fiú i measc na bpóilíní. Tá breis is dhá chéad míle póilín sna Stáit Aontaithe. Ní féidir an méid sin daoine a bheith in aon ghrúpa, de saghas ar bith, gan cúpla droch-dhuine a bheith ina measc. Den chuid is mó, nuair a aithnítear iad, caitear amach ón ngrúpa iad. Cuirtear an dlí orthu, más gá.
Mar sin, is measlach ar fad gach uair a deir duine a leithéid de "Féach gur mharaigh póilín Meiriceánach fear gorm gan airm arís eile!" Dá mbeadh sé de nós ag an ngnáthphóilín daoine gorma a mharú as nímh agus spraoi. Amaideach ar fad sin. Éagóir do gach póilín maith atá ann - agus sin an móramh, gan aon amhras. Daoine iad a bhíonn sa bhearna bhaoil gach lá. Daoine iad a fhaigheann bás ar ár son go ró-mhinic. Agus lasmuigh de sin, is Meiriceánaigh iad mar an chuid eile againn, agus mar an gcéanna sa mhórghrúpa againn, is annamh go mbíonn aon chinníochas le brath, go háirithe más chomh holc é agus go maródh duine mar gheall air. Measlach agus amaideach aon rud dá shórt a chur inár leith. Fiú agus go mbíonn amadáin dár gcuid féin ag cur i gcéill gurb amhlaidh an tír. Ná bactar leo, lucht sin an fhuatha agus an chacamais. Is iadsan a chothaíonn na fadhbanna. Ní fiú leathphingin aon rud a deir siadsan.
Tharla cás le déanaí atá ina eisceacht, de réir dealraimh. Mharaigh póilín duine - agus nach cuma le Dia más duine gorm, glas nó buí atá i gceist? - nach raibh baolach dó, agus nach raibh ach ag éalú uaidh. Cuireadh an póilín seo faoi ghlas agus beidh cás cúirte aige. Más fíor gur mharaigh sé an duine sin gan chúis, caithfidh sé a shaol faoi ghlas. Tarlaíonn coireanna. Sin an saol mar atá. Más botún a rinne sé, nó más duine olc amach is amach é, feicfear. Ach níl baint ar bith ag an gcás seo le Meiriceánaigh i gcoitinne, le póilíní i gcoitinne, le daoine geala nó daone gorma i gcoitinne. Cás áitiúil amháin is ea é. Go bhfágfar mar sin é!
Friday, April 10, 2015
Subscribe to:
Posts (Atom)