Friday, July 05, 2013
Tá Pádraig Schaler gortaithe go dona
Fear óg a bhíodh ina bhlagadóir inár measc, Pádraig Schaler, bhí timpiste aige ar a rothar anseo i Meiriceá. Guímis air, a chairde. Tá sé i riocht criticiúil san ospidéal, gan urlabhra. Fuaireas an t-eolas seo ar Facebook, ach tá an scéal i nuachtáin áirithe freisin. Tharla an timpiste 27 Meitheamh, agus níl eolas ó shin agam.
Tuesday, July 02, 2013
Mandela
Ní maith liom Nelson Mandela. B'fhearr dom mo thuairim seo a nochtadh sula bhfaighfidh sé bás, agus mar sin, seo beagán faoin bhfear.
Cé nach fear maith é, d'éirigh leis (le mórán cabhrach ón saol lasmuigh den Aifreac Theas) deireadh a chur le córás uafásach. Sin an fáth go bhfuil an saol i ngrá leis. Ach mar dhuine, bíonn drochthuairimí aige, cairde uafásacha aige, agus níor éirigh leis chomh maith agus ab fhéidir le duine ní b'fhearr (mar Albert Luthuli, mar shampla).
Ag an dtosach, bhíodh sé ag obair in éadan an dlí apartheid, dlí nua in 1948 ach a lean ar aghaidh le ciníochas na tíre a bhí ann óna bhunadh sa naoú haois déag. Ní raibh sé chomh holc go ndearna sé chomhchúis leis na cumannaithe ag tús na seascaidí. Fuair sé inspioráid ó Castro, Guevara, Mao, srl. agus thosaigh sé ar fheachtas buamála. Bhí sé ullamh chun feachtas sceimhlitheoireachta ní ba mheasa a dhéanamh mura mbeadh toradh ar an gcóras seo i gcoinne targaidí míleata (agus rinne a chomhghualaithe amhlaidh). Ach roimhe sin, fuair an rialtas é agus cuireadh faoi ghlas é.
Bhí faicsin san ANC nach raibh sásta cúis a dhéanamh leis na cumannaithe agus na radacaigh eile, ach d'éirigh le Mandela agus na radacaigh. Ní raibh sé chomh radacach agus a bhí a leithéid de Steve Biko, ámh, agus ní raibh aon duine acu chomh dona agus a bhí an rialtas féin. Ach rinne siad a gcuid den fhoiréigean.
Agus Mandela i bpríosún, fuair sé tacaíocht ó dhaoine ar fud an domhain. Agus mar gheall ar an bhforéigin agus a gcuid droch-pholaisithe, chaill an rialtas aon tacaíocht a bhíodh acu ón taobh amuigh. Scaoileadh saor é ar ball.
Tháinig an Cogadh Fuar isteach sa scéal, mar a tharla beagnach gach áit eile sa Triú Domhain - sin aon át nach raibh ar thaobh amháin den chogadh sin. Níor ligeadh amach é ach i ndiaidh titim bhalla Bherlin, srl. Tugadh deiseanna eile dó roimhe sin, ach ní raibh sé sásta scarú leis na cumannaithe, agus cúl a láimhe a thabhairt don bhforéigean. Fiú le cúpla bliain i ndiaidh a theacht amach, agus é ag plé treo na tíre leis an rialtas, bhí an dá thaobh ciontach as foréigean.
Níos mó mar gheall ar an íde a fuair sé ná ar aon rud a rinne sé féin, d'éirigh Mandela ina laoch. Maith go leor. Ní bhíonn sé go maith laochra an domhain a scrúdú go ró-ghearr, minic go leor (ní raibh a (chéad) bhean Winnie ina naomh (ná baol air) ach oiread, dála an scéil).
Bhí sé ina uachtarán ar an Aifreac Theas ar feadh cúig bliana, agus níor éirigh go han-dona leis. Bhí fadhbanna ann, dar ndóigh, ach feabhsaíodh an tír ag an am sin. Leis sin, ámh, bhí cairde olca agus tuairimí olca aige fós - Fidel Castro agus Muammar Gaddafi mar chairde, frith-Iosraelachas agus frith-Mheiriceánachas mar thuairimí, srl. B'fhéidir leis a bheith ní ba mheasa gan dabht - bhí síocháin sa tír ar a laghad mar gheall air. B'fhéidir leis bheith ina Mhugabe...
Cosúil le Jimmy Carter, bíonn sé ar an taobh mícheart i gcúrsaí idirnáisiúnta. Nocht sé tuairimí an-mhaslacha faoin gcogadh san Iaráic go háirithe (Thug Mandela 'fear beag' ar Bush, ach is fear mór é, fós). Is maith an rud é nach raibh sé ina uachtarán sular thit na mór-rialtais chumannacha, ionas nach raibh sé ábalta droch-pholasaithe sóisialacha a chur i bhfeidhm. D'éirigh leis ina ainneoin féin, dar liom.
Mar sin, múinfear sna scoileanna gur laochra iad Nelson agus Winnie Mandela. Chuir siad deireadh leis an Apartheid. Agus is scéal maith sin. Ach ní daoine deasa iad ar chor ar bith, le fírinne.
Níl Mandela níos measa ná a lán daoine eile, agus rinne sé a mhaith. An dea-mhúnla é? Braitheann sin ar cé chomh domhain agus a fhéachann tú. Tá a íomhá i bhfad níos fearr ná an duine. Moltar é ar son na cúise. Siombail mhaith is ea é, is dócha. Bíodh sé ina laoch acu. Ach níorbh aon Washington é!

Subscribe to:
Posts (Atom)