Ní bhím ag scríobh chomh minic anseo le tamall anuas. Nochtaim mo thuairimí go minic ar Facebook, agus mar sin, ní bhíonn gá agam mo racht a nochtadh anseo i gcónaí. Agus bím gnóthach le rudaí nach mbaineann leis an bpolaitíocht ar chor ar bith, buíochas le Dia.
Tá an saol níos craiceáilte ná riamh, mar sin féin, agus ba chóir dom cúpla focal a bhreacadh síos anseo.
Is beag rud maith a dhéanann Obama, agus is mór an dochar. An rud is suimiúla le déanaí ná go bhfuil a lucht tacaíochta ag tabhairt faoi ndeara nach bhfuil fios a ghnó aige. Bíonn daoine grinn ag magadh faoi ar an teilifís, ní bhíonn gach scéal sna meáin phríomhshrutha dearfach - tá fiú lucht a adhartha á cheistiú, fiú a leithéid de Chris Mathews!
Is staic mhagaidh é Obamacare. Sin an dlí oll-mhór oll-chasta a chur na Daonlaithigh i bhfeidhm gan vótaí ar bith ón bpáirtí eile, nuair a bhí gach brainse an rialtais faoi smacht acu. Ach fós féin, ní raibh aon duine dá pháirtí sásta moill a chur air. Bhí siad sásta gnó an rialtais a chur ar ceal fiú, seachas chomhghéill ar bith a dhéanamh leis na Poblachtánaí i dTeach na nIondadaithe. Conspóid mhór a bhí ann nuair a sheas siadsan in aghaidh caitheamh airgid gan srian Obama agus a chairde.
Fiú nach bhfuil an móramh sa tír sásta ar chor ar bith le tubaiste Obamacare, bíonn beagnach gach éinne lasmuigh de fheachtas an Tea Party míshásta go raibh éinne ag seasamh ina aghaidh. An-aisteach. Deirtear nach raibh plean ann, nach raibh seans acu, srl. Ach sin an dóigh a ba chóir do rialtas a bhfeidhmniú - bíonn difríochtaí ann, agus gá le comhghéilleadh. Mura bhfuil taobh amháin sásta sin a dhéanamh, is ceart agus cóir stad a chur le gach aon rud ab áil leo a dhéanamh go ndéanann siad amhlaidh. Ach, faraor, mar is iondúil, bhí brú ó na RINOs ar Phoblachánaigh an Tí géilleadh, gan aon rud a fháil ón taobh eile. Mar sin, ní dhearna siad aon mhaith, agus fuair siad an milleán, cé gur ghéill siad go minic agus níor ghéill na Daonlaithigh ar chor ar bith - agus is fíor-olc an dlí agus an caitheamh airgid atá idir camáin acu.
Bíonn Obama ag maslú ár gcairde agus ag cothú ár naimhde thar sáile, agus de réir dealraimh, ghéill sé don Iaráin anois. Mór an trua nach mbíonn sé sásta caint le muintir a rialtais féin, fiú amháin aon rud a ghéilleadh dóibh. Ní miste leis feall a dhéanamh ar a thír sa bhaile agus thar sáile. Sin an t-aon talann amháin atá aige, dar liom. An t-aon rud a shábhálann sinn, sin go bhfuil sé (agus a chomhghleacaithe sa pháirtí Daonlaitheach) neamhinniúil - níos mó ná na Poblachtánaigh, a bhfuil a bhfadhbanna féin acu, muise.
Aguisín: Níor scríobh mé faoin Siria anseo. Níl mórán le rá, ach nach bhfuil Obama cumasach ná tuisceanach mar uachtarán. Rinneadh amadán de os comhair an tsaoil (rud nach mbíonn deacair a dhéanamh, mar is amadán é le fírinne).
Friday, November 08, 2013
Friday, July 05, 2013
Tá Pádraig Schaler gortaithe go dona
Fear óg a bhíodh ina bhlagadóir inár measc, Pádraig Schaler, bhí timpiste aige ar a rothar anseo i Meiriceá. Guímis air, a chairde. Tá sé i riocht criticiúil san ospidéal, gan urlabhra. Fuaireas an t-eolas seo ar Facebook, ach tá an scéal i nuachtáin áirithe freisin. Tharla an timpiste 27 Meitheamh, agus níl eolas ó shin agam.
Tuesday, July 02, 2013
Mandela
Ní maith liom Nelson Mandela. B'fhearr dom mo thuairim seo a nochtadh sula bhfaighfidh sé bás, agus mar sin, seo beagán faoin bhfear.
Cé nach fear maith é, d'éirigh leis (le mórán cabhrach ón saol lasmuigh den Aifreac Theas) deireadh a chur le córás uafásach. Sin an fáth go bhfuil an saol i ngrá leis. Ach mar dhuine, bíonn drochthuairimí aige, cairde uafásacha aige, agus níor éirigh leis chomh maith agus ab fhéidir le duine ní b'fhearr (mar Albert Luthuli, mar shampla).
Ag an dtosach, bhíodh sé ag obair in éadan an dlí apartheid, dlí nua in 1948 ach a lean ar aghaidh le ciníochas na tíre a bhí ann óna bhunadh sa naoú haois déag. Ní raibh sé chomh holc go ndearna sé chomhchúis leis na cumannaithe ag tús na seascaidí. Fuair sé inspioráid ó Castro, Guevara, Mao, srl. agus thosaigh sé ar fheachtas buamála. Bhí sé ullamh chun feachtas sceimhlitheoireachta ní ba mheasa a dhéanamh mura mbeadh toradh ar an gcóras seo i gcoinne targaidí míleata (agus rinne a chomhghualaithe amhlaidh). Ach roimhe sin, fuair an rialtas é agus cuireadh faoi ghlas é.
Bhí faicsin san ANC nach raibh sásta cúis a dhéanamh leis na cumannaithe agus na radacaigh eile, ach d'éirigh le Mandela agus na radacaigh. Ní raibh sé chomh radacach agus a bhí a leithéid de Steve Biko, ámh, agus ní raibh aon duine acu chomh dona agus a bhí an rialtas féin. Ach rinne siad a gcuid den fhoiréigean.
Agus Mandela i bpríosún, fuair sé tacaíocht ó dhaoine ar fud an domhain. Agus mar gheall ar an bhforéigin agus a gcuid droch-pholaisithe, chaill an rialtas aon tacaíocht a bhíodh acu ón taobh amuigh. Scaoileadh saor é ar ball.
Tháinig an Cogadh Fuar isteach sa scéal, mar a tharla beagnach gach áit eile sa Triú Domhain - sin aon át nach raibh ar thaobh amháin den chogadh sin. Níor ligeadh amach é ach i ndiaidh titim bhalla Bherlin, srl. Tugadh deiseanna eile dó roimhe sin, ach ní raibh sé sásta scarú leis na cumannaithe, agus cúl a láimhe a thabhairt don bhforéigean. Fiú le cúpla bliain i ndiaidh a theacht amach, agus é ag plé treo na tíre leis an rialtas, bhí an dá thaobh ciontach as foréigean.
Níos mó mar gheall ar an íde a fuair sé ná ar aon rud a rinne sé féin, d'éirigh Mandela ina laoch. Maith go leor. Ní bhíonn sé go maith laochra an domhain a scrúdú go ró-ghearr, minic go leor (ní raibh a (chéad) bhean Winnie ina naomh (ná baol air) ach oiread, dála an scéil).
Bhí sé ina uachtarán ar an Aifreac Theas ar feadh cúig bliana, agus níor éirigh go han-dona leis. Bhí fadhbanna ann, dar ndóigh, ach feabhsaíodh an tír ag an am sin. Leis sin, ámh, bhí cairde olca agus tuairimí olca aige fós - Fidel Castro agus Muammar Gaddafi mar chairde, frith-Iosraelachas agus frith-Mheiriceánachas mar thuairimí, srl. B'fhéidir leis a bheith ní ba mheasa gan dabht - bhí síocháin sa tír ar a laghad mar gheall air. B'fhéidir leis bheith ina Mhugabe...
Cosúil le Jimmy Carter, bíonn sé ar an taobh mícheart i gcúrsaí idirnáisiúnta. Nocht sé tuairimí an-mhaslacha faoin gcogadh san Iaráic go háirithe (Thug Mandela 'fear beag' ar Bush, ach is fear mór é, fós). Is maith an rud é nach raibh sé ina uachtarán sular thit na mór-rialtais chumannacha, ionas nach raibh sé ábalta droch-pholasaithe sóisialacha a chur i bhfeidhm. D'éirigh leis ina ainneoin féin, dar liom.
Mar sin, múinfear sna scoileanna gur laochra iad Nelson agus Winnie Mandela. Chuir siad deireadh leis an Apartheid. Agus is scéal maith sin. Ach ní daoine deasa iad ar chor ar bith, le fírinne.
Níl Mandela níos measa ná a lán daoine eile, agus rinne sé a mhaith. An dea-mhúnla é? Braitheann sin ar cé chomh domhain agus a fhéachann tú. Tá a íomhá i bhfad níos fearr ná an duine. Moltar é ar son na cúise. Siombail mhaith is ea é, is dócha. Bíodh sé ina laoch acu. Ach níorbh aon Washington é!

Tuesday, April 09, 2013
Coir is ea coir is ea coir.
Fuair Margaret Thatcher bás. Ar dheis Dé go raibh sí, i dteannta le Ronald Reagan agus Eoin Pól a dó. Ba iadsan, thar aon daoine eile, a chur an cummanachas Sóivéideach chun báis. Agus sheas siad in éadan an tsóisialachais sa bhaile, freisin. Tá an saol seo i bhfad níos fearr mar gheall orthusan.
Dar ndóigh, is fuath leis an eite chlé iad, mar a ba riamh leo. Sin comhartha go raibh na daoine seo ar an taobh ceart, cinnte. Ní bhaineann an nimh is an fhuath seo le ciall ar bith, dar liomsa. Agus níl aon teorann leis, mar a fheictear sa damhsa chaithréime a rinne siad uile ar uaigh Thatcher. Ach tá nimh agus fuath ar leith i dtaobh Bean Uasal Thatcher i measc na nÉireannach, go háirithe ó thuaidh. Lucht na heite clé den chuid is mó, ach maraon leis sin, lucht tacaíochta an IRA atá i gceist.
B'fhéidir an rud ba mheasa a tharla in am Thatcher ná feachtas an IRA (na trioblóidí), agus an stailc ocrais. Is deacair go leor d'aon duine paisin fíochmar mar sin a chur ar leataobh, fiú má tá an fonn sin ann. Agus is mairg liom a rá, ní minic a bhíonn an fonn sin ann, fiú. Mar sin, maireann an fhuath, agus mairfidh go deo, de réir dealraimh.
Bhí grá acu siúd a fuair bás ar an stailc ocrais sin dá dtír, grá a bhí ní ba mhó ná a ngrá dá n-anamacha féin, agus tá meas ag a lán daoine air sin. Ceaptar orthu mar laochra i gcónaí. Dar liomsa, ní bhíonn leithscéal ag an sceimhlitheoir, pé cúis a bheadh aige, agus mar sin ní raibh meas agam ar an IRA riamh. Mar a dúirt Thatcher, coir is ea coir is ea coir - is cuma an chúis. Bhí dea-intinn acu, b'fhéidir, ach drochmhodhanna.
D'iarr siad orthu, a bhí ina naimhde do Shasana, aitheantas a fháil uathu nárbh fhéidir a thabhairt. Ní raibh an locht ar Thatcher go bhfuair siad bás. Mharaigh siad iad féin mar gheall ar an spreagadh a fuair siad ó lucht a dtacaíochta, agus mar gheall ar an tírghrá a chuaigh thar fóir. Cúis uasal, saoirse na tíre. Daoine ídéalaíocha ab ea iad. Eachtra tragóideach sin i stair na hÉireann. Go ndéana Dia trócaire ar a n-anamacha. Agus ar anam Mhargaret Thatcher. Ba ghrá léi a tírse, freisin.

Wednesday, April 03, 2013
Dubh, dubh, dubh...breacdhubh?
Is fada an lá ó scríobh mé rud ar bith ar an mblag seo, ach bíonn mórán ag tarlú gurb fhéidir liom trácht a dhéanamh air. Faraor, is beag rud dearfach atá ina measc, agus sin an fáth go raibh leisce orm scríobh anseo.
Éiríonn Obama níos measa lá i ndiaidh lae. Ach ar a laghad, níl sé ag éirí leis mórán dochar a dhéanamh, mar tá roinnt daoine ciallmhara ann fós a bhíonn á dhiúltú. Agus bíonn sé chomh hamaideach uaireanta nach féidir fiú le lucht na heite clé neamhaird a thabhairt dó. Gan iarracht tréan, ar aon nós. Mar shampla, an cacamas faoin sequester agus buiséad na tíre. Níl turais an Tí Bháine ar fáil don ghnáthdhuine, deir sé, mar gheall ar an easpa airgid (a tharla mar gheall airsean, ach sin scéal eile). Ach bíonn sé féin agus a theaghlach ag dul ar saoire agus ag múin an airgid gan stad gan staonadh, agus caitear mórán airgid ar raiméis den uile shórt i gcónaí.
Ina measc sin, tugtar na céadta milliúin dollars do - sceimhlitheoirí agus a lucht tacaíochta. Seo mar a ndéanann Obama an dochar is mó - ar stáitse an domhain. Agus an rud is measa le déanaí, chuir sé brú ar Netanyahu a leithscéal, agus airgead, a thabhairt do Erdogan agus na Tuirc a rinne ionsaí ar a thír. Cén mhaith sin? Ní léir go bhfuair Iosrael aon tairbhe as. Ach fuair Hamas. Sea, chuaigh Obama go hIosrael chun cur i gcéil gur cara dóibh é, agus faoi scáth na bhfocal deas siúd, rinne sé feall orthu.
Cá háit ar domhan a bhfuil cúrsaí níos fearr mar gheall ar Obama? Is iomaí áit a bhfuil siad níos measa, cinnte. Agus tá blianta eile le teacht sula bhfaighimid réidh leis, faraor. Tuigeann deachtóirí an domhain go bhfuil duine lag ina uachtarán againn - an duine is laige riamh, b'fhéidir. Agus tá an saol seo i bhfad níos baolaí mar gheall air.
Ní bheidh na Stáit Aontaithe lag, pé dochar a dhéanann Obama. Níos laige, cinnte, ach ní bheimid lag. Ach tá seans mór ann go gceapfar sin, agus íocfar as. Cé a bheidh ag tús na scuaine? An Iaráin? An Chóiré Thuaidh? Go tsábhála Dia sinn. Go n-éiste Sé leis an bPápa nua. Báine sa dorchadas eisean, is dócha. Bíonn dóchas ann chomh fada agus a bhíonn creideamh ann. Dea-chreideamh, sin le rá...

Tuesday, January 29, 2013
Gunnaí san Eoraip
Bhí deis agam níos mó a rá faoi ghunnaí in alt in Gaelscéal, bunaithe ar an mblagmhír anseo, agus ina dhiaidh sin, bhí deis agam caint le Rónán Ó Muirthile ar Splanc ar Newstalk FM. Roimh ár gcomhrá, dúirt Rónán go bhfuil na hEorpaigh beagnach ar aon intinn faoi ghunnaí ("tá siad go holc"). Caitheann a lán daoine, go háirithe ar an eite chlé, a saol i saghas botha macalla intleachtúile, agus creideann siad go bhfuil gach duine stuama ar aon intinn leo. Treise le Rónán go raibh sé sásta éiteacht liom, agus mar an gcéanna le Gaelscéal. Ach cad faoi na hEorpaigh agus gunnaí? Cé go mbíonn an móramh san Eoraip ar an eite chlé, ní ghlacaim go bhfuil siad go léir ar aon intinn.
Ar an gcéad dul síos, is iomaí gunna atá déanta san Eoraip. Seo leanas na comhlachtaí agus na tíortha:
Tá a dlíthe féin ag gach tír. Níos déine ná dlíthe Mheiriceá, den chuid is mó. Ach tá rialtais agus bunreachtaí an-dirfiúil, cultúir agus stair an-difriúil acu chomh maith. Agus tá siad éagsúil óna chéile, dar ndóigh.
Tá sé an-bhaolach comparáid a dhéanaimh idir tíortha agus tátal a bhaint as sin go bhfuil ceann acu níos ciallmhara ná ceann eile maidir le dlíthe in aghaidh gunnaí. Ní mór an comparáid sin a dhéanaimh ar feadh tréimhse fada, roimh na dlíthe agus rompu. Minic go leor, bhí na difríochtaí ceannann céanna ann sular cuireadh na dlíthe áirithe i bhfeidhm.
An chonclúid? Ní chreideann gach duine an rud a chreideann tusa, fiú i measc do chomarsan.

- Sa Bheilg - Browning Arms Company, Fabrique Nationale (FN), U.S. Repeating Arms Company (USRAC), Winchester Repeating Arms Company
- Sa Bhulgáir - Arcus Co., Arsenal Corporation, TEREM
- Sa Chróáit - HS Produkt
- Sa tSeic - Česká Zbrojovka Strakonice, Česká Zbrojovka Uherský Brod, Sellier & Bellot
- San Fhionlainn - Patria,SAKO,Valmet
- San Fhrainc - Nexter (formerly GIAT Industries), Matra BAE Dynamics Alenia (MBDA), Thales Group (Thales)
- Sa tSeoirsia (san Eoraip?) - dhá chomlacht
- Sa Ghearmáin - Atlas Elektronik, Diehl BGT Defence, Heckler & Koch (H&K), Howaldtswerke-Deutsche Werft (HDW) , Krauss-Maffei Wegmann (KMW), LFK, Lürssen, Mauser, Rheinmetall AG (Rheinmetall), ThyssenKrupp, Walther
- Sa Ghréig - EAS, OMI Ordtech Military Industries
- San Ungáir - Fegyver- és Gépgyár (FEG)
- In Éirinn - Innalabs (píosaí do ghunnaí míleata)
- San Iodáil - Armi Jager, Benelli, Beretta, FAMARS, Finmeccanica, Franchi, Stoeger Industries
- San Iorua - Kongsberg Defence & Aerospace, Nammo
- Sa Pholainn - Fabryka Broni "Łucznik" - Radom
- Sa Phortaingéil - INDEP
- Sa Rómáin - Romtehnica
- Sa tSerbia - Zastava Arms
- Sa tSlóvaic - Grand Power
- Sa tSualainn - BAE Systems AB, Saab AB
- San Eilvéis - Astra Arms, Oerlikon Contraves, Sphinx Systems Ltd.,Swiss Arms (US subsidiary known as SIG Sauer)
- Sa Tuirc (san Eoraip?) - seacht gcinn
- San Úcráin (san Eoraip?) - sé cinn
- Tá 25 milliún gunna i seilbh gnáthdhaoine sa Ghearmáin. An ceathrú tír is mó.
- Tá 4.5 milliún gunna i seilbh gnáthdhaoine sa Spáin. An 14ú tír is mó.
- In Éirinn, tá idir 233 míle agus 383 míle gunna ag an ngnáthdhuine. An 98ú tír is mó. 5.6 gunna i measc gach céad duine. Ní haon dóithín sin!
Tá a dlíthe féin ag gach tír. Níos déine ná dlíthe Mheiriceá, den chuid is mó. Ach tá rialtais agus bunreachtaí an-dirfiúil, cultúir agus stair an-difriúil acu chomh maith. Agus tá siad éagsúil óna chéile, dar ndóigh.
Tá sé an-bhaolach comparáid a dhéanaimh idir tíortha agus tátal a bhaint as sin go bhfuil ceann acu níos ciallmhara ná ceann eile maidir le dlíthe in aghaidh gunnaí. Ní mór an comparáid sin a dhéanaimh ar feadh tréimhse fada, roimh na dlíthe agus rompu. Minic go leor, bhí na difríochtaí ceannann céanna ann sular cuireadh na dlíthe áirithe i bhfeidhm.
An chonclúid? Ní chreideann gach duine an rud a chreideann tusa, fiú i measc do chomarsan.
Thursday, January 17, 2013
Mar a D'inis Mé Daoibh...
Féachaint go bhfuil Al Gore saibhir go leor anois, is dócha nach ndéanfadh sé aon dochar an fhírinne a nochtadh... Níl aon téamh domhanda ann le fiche bliain anuas. Tá an t-impreoir nocht, mar a d'inis mé daoibh anseo ó thús na histéire (lorg 'téamh domhanda' ar an mblag seo). Bíonn an aeráid ag athrú i gcónaí. Ní dhearnamarne difear ar bith.
An mbeidh ar Al Gore a chuid duaiseanna a thabhairt ar ais? Ní dóigh liom. Tuigeadh go raibh siad bréagach ag an am. Ar son na cúise a bronnadh iad, dar ndóigh. Cúis an tsóisialachais, dar ndóigh. Nach é an iaróin gur éirigh Gore is a chairde chomh saibhir mar gheall air...
Beidh ar na sóisialaithe cleas eile a chumadh chun a dtoil a chur i bhfeidhm anois, má bhíonn níos mó daoine sásta glacadh leis an eolaíocht agus na fíricí. Gan dabht, beidh cúis eile acu sul i bhfad.

Subscribe to:
Posts (Atom)