Tá
a lán cainte ann faoi dhó
chóip an
Chóráin. Aontaím le hAonghus den chuid is mó faoi. Ach deir sé go mbeidh daoine ag fáil bháis mar gheall air. Cuir an abairt sin samhail i mo chloigeann. Éigníodh an bhean úd mar bhí sí go hálainn. Maraíodh an fear úd mar ba Ghiúdach é. Goideadh ón nduine siúd mar bhí sé ró-shaibhir. Bualadh an páiste sin mar thug sé masla orm.
Ní bhíonn sé ceart riamh an milleán a chur ar an íospartach.Níl aon leithscéal ann do choir ina leithéid cainte. Má mharaítear éinne mar gheall ar an mbeart amaideach seo, déanfaidh dúnmharfóir é, agus beidh an locht iomlán airsean. Is fabht ollmhór ar chreideamh má cheaptar ann gur ceart daoine a mharú is a dhícheannú is a phlódú srl. mura n-aontaíonn siad leis. Ní thabharfainn
creideamh na síochána ar a leithéid...
Is iomaí Moslamach dea-thola atá ann, gan amhras. Ach tá an iomarca ann atá lán-sásta leis an bhforéigean agus an dúnmhárú. Agus tá an iomarca ann a thugann bualadh bos dóibh. Tá siadsan ciontach freisin. Fiú mura sheasann tú ina n-éadann, tá tú ciontach, ar shlí. Istigh nó amuigh, gan rogha eile, dar liom.
Ní réitíonn creideamh na ndaoine sin le cultúr an Iarthair, mar níl siad sásta cead aighnis a thabhairt d'éinne. Tuigtear coir ar scaipeadh na Críostaíochta sna tíortha Moslamacha. Díbrítear Giúdaigh agus Críostaithe uatha. Tugtar drochíde don lucht Bahá’í. Tá a lán díobh sna tíortha seo an-sásta mionlaigh áirithe de
fo-chreidimh Mhoslamacha a mharú is géarleanúint a dhéanamh orthu. Cé acu againn atá le hathrú, agus béasa nua a fhoghlaim?
Sean-choimhlint atá ann, agus tá sé ag éirí níos teo. Seasaimis leis an amadán in Florida, nach maródh duine ar bith, seachas leosan atá á bhagairt le bás.
Dála an scéil, chun a bheith dea-bhéasach do na daoine éadúlangacha siúd, coigistíonn Arm na Stat bíoblaí ó na saighdiúirí san Afghanastáin, mar níl cead acu iad a choimeád ansin. Agus cad a dhéanann siad leo?
Dóitear iad.
Cad ina thaobh go mbímid ag géilleadh do na daoine sin? Eagla? Nó drochmhisneach? Nó meath creidimh/cultúra san Iarthar? Níl sé ceart, agus ní dhéanfaidh sé aon mhaith, ach a mhalairt. Táimid chomh dea-bhéasach do na dúnmharfóirí sin go mbeidh buama adamhach acu sul i bhfad (dóbair go bhfuil cheana, sa Phacastáin). Cad a dhéanfaimid ansin?
Ar a laghad, cé go mbíonn eagla orainn roimh an Moslamachas míleata, ní bhaintear feidhm as sin mar chúis fhoréigin (ach amháin nuair a fhearann siad cogadh ar thíortha eile, nó a bhíonn siad ar tí sin a dhéanamh). A mhalairt scéil maidir leo siúd ar a bhfuil eagla orthu roimh an gCríostaíocht.
Seo alt fiúntach eile ar an gconspóid seo (as Béarla) a mholaim. Agus
seo ceann eile.
Ná géillimis go deo!