Wednesday, June 30, 2010

Faoi Thioncar na nGiúdach

Thug Gaelscéal cuireadh dom taobh eile den scéal a insint ar 'an ardán' maidir le hIosrael agus na báid sin (Mavi Marmara go háirithe). Gan colún tuairimíochta nach le ball dá bhfoireann, ní bheadh a leithéid ann in aon chor, ach is maith an rud é go raibh suim ar bith acu. Ach le fírinne, táim réasúnta cinnte nach raibh suim sna fíricí sin chomh mór acu agus a bhí suim sa chonspóid a chothófaí.

Thosaigh mé an t-alt ag rá nach mbeadh a lán daoine sásta é a mheas gan chlaonadh, agus dúirt cara liom nach sin an dóigh is fearr chun daoine a mhealladh chugat. Beagán de sheanbhlas a bhí agam, chun náire a thabhairt orthu nach mbíonn sásta an scéal a mheas, ach ní thuigtear a leithéid go minic (ní maith le hÉireannaigh stíl 'Fox News' a dúradh liom nuair a d'iarr siad an t-alt orm...). Ba é m'fhreagra do mo chara ná go bhfuilim cleachtaithe leis an gconspóid seo agus dearcadh na ndaoine, agus níl a lán dóchais agam. Cé go mbím sásta iarrachtaí a dhéanamh chun an fhírinne a insint, pé scéal. Ag troid le muilte gaoithe a bhím, is dócha.

Ní raibh mé chun freagra a thabhairt dóibh siúd a sceith amach an fhuath iondúil. Tá áthas orm gur chuir mé fearg ar a leithéid. Cúis sásaimh sin dom i gcónaí. Ach ní fheadar ar scriosamar 'an t-ardán' sa nuachtán, mar níl sé ann an tseachtain seo, agus is trua sin. Ach sa ghiota faoi na blaganna déantar trácht ar Chinn Lae Uí Reachtair, an mhír ina magann sé faoi mo cholún le hargóintí...an-...bhuel, le focail go leor. Mar shampla, maíonn sé gur thóg na hIosraeligh na focail 'go back to Auschwitz' as comhthéacs, nó rud mar sin. (Féach an scannán thíos).

D'fhoilsigh siad litir ó fhuathdóir Iosrael eile (Brian Mac Aongusa) mar 'fhreagra' dom. Ní foláir go bhfuilim faoi thiocair na nGiúdach a bhíonn taobh thiar de gach aon rud olc, mar gur Meiriceánach mé, sin bunús a choda. Bheadh sé greannmhar, ach go bhfuil an fhuath a thaispeánann sé fíor, agus na bréagacha a insíonn a leithéid chomh marfach agus atá buamaí Hamas.

*Osna*

Fuair mé teachtaireacht amháin ó Ghael eile a thacaíonn liom. Nílim i m'aonar, ar a laghad. Fainic!

An bhfaca éinne an scannán seo? Níl aon ghá le focail eile. (Ach rinne an IDF é - agus níl aon rud fíor mura ndeireann na sceimhlitheoirí agus a lucht leanúna é!)

Anois, feicfear an mbeidh aon rud in Gaelscéal faoin mblagmhír seo a thagraíonn do thrácht i nGaelscéal ar bhlagmhír a thagraíonn don alt a bhí agam in Gaelscéal...

Wednesday, June 09, 2010

Nuachaint

Scríobh mé alt aréir agus rinne mé tagairt don úrscéal 1984 agus focal ó Newspeak. Bhí mé ag déanamh mo mhachnaimh air inniu, agus léigh mé píosa ó Wikipedia (thuas) faoi. Chuir sé leasú na Gaeilge i gcuimhne dom.

Bíonn daoine ann a deir go bhfuil an Ghaeilge ró-chasta, agus go bhfuil gá ann lena leasú. Údarás iad a cheapann gurb fhéidir leo teanga a athrú le fiat. Níl aon ghá le séimhiú. Níl aon ghá leis an tuiseal ginideach. Agus a leithéid sin. Bheul, is ionann sin agus Newspeak George Orwell.

Tá gá le caighdeán, agus glacaim leis sin. Glaicim le hathchóiriú na litrithe agus leis an gcló Rómhánach, mar sin mar a bhfuair mé an teanga. Ach tuigim iad nach nglacann leo. Agus ní ghlacfaidh mé le hathruithe bunúsacha a thagann ó údarás gan aon údarás ar a leithéid de theanga bheo.

Saoirse don Ghaeilge! Saoirse do lucht a labhartha! Nílimid chomh lag sin go ngéillfimid do Dheartháir Mór na Gaeilge.

Tuesday, June 01, 2010

Leithscéal eile Dóibh ar Fuath Leo Iosrael

Is cuma cad iad na fíricí, dar ndóigh. Cé go bhfuil siad ar fáil. Níl cluas le héisteacht ag lucht an fhuatha. Bhí sé ar intinn ag na 'gníomhaithe ar son na síochána' seo troid a thosnú a chuirfeadh droch-chlú ar Iosrael, agus a thabharfhadh cabhair do na sceimhlitheoirí Hamas in Gása. Agus nuair a bhí sé riachtanach do na saighdiúirí Iosraelacha roinnt díobh a mharú chun iad féin a chosaint (ón saghas sin 'síochána'), fuair lucht na mbád seo an bua, i súile na bhfrithIosrealach.

D'aon ghnó a tharraing siad an troid is an foréigin seo orthu féin, agus dhíultaigh siad gach tairiscint a rinne Iosrael chun fíor-chabhair a thabhairt do na hArabaigh bhochta in Gása. Bhí sé ina chuspóir amháin acu an t-imshuí a bhriseadh agus náire a tharraingt ar Iosrael. Ionsaí ar Iosrael ab ae é. Ní raibh aon ghá leis ach chun sin a dhéanamh. Ní raibh aon bhaint ag an eachtra seo leis an tsíocháin a chothú, ná baol air. Ionsaí ab ea é.

Ach is cuma leis an eite chlé (na meáin choitianta, an chuid is mó de na hEorpaigh, na NA, srl.) cad iad na fíricí. Ceapann siad go bhfuair siad an bua. Ach cé nach cara do Iosrael é BHO, ar a laghad (agus nílim ag rá gur mar gheall ar an gceart atá sé á dhéanamh), níl sé ag tabhairt faoi Iosrael go hoscailte. Dá mbeadh na clocha aige chun seasamh a dhéanamh ar son Iosrael agus cearta na ndaoine sin...

Maidir le lucht na mbád sin, ní bhíonn aon bhac ar bhia ag teacht isteach go Gása, agus níl aon ghéarchéim bia ann. Ní raibh siad ann chun daoine bochta a chabhrú. Bhí siad ansin as cúis amháin - chun Iosrael a shaighdeadh agus cabhair a thabhairt do naimhde Iosrael. Is léir sin d'aon duine d'fhéachadh air le súile oscailte. Dá mbeadh ní ba mhó dá leithéid sin ann...