(Ní bhaineann gach aon rud leis an bpolaitíocht, fiú anseo!)
Is é an clár teilifíse is mó i Meiriceá ná American Idol. Comórtas amhránaíochta is ea é. Bhuel, is breá le m'iníon go háirithe é. Tá sí trí bliana déag. Tá sí ar buile faoi. Agus is maith liomsa é freisin, mar atá.
Gach bliain agus an comórtas thart, bíonn ceolchoirmeacha ag an deichniúr ab fhearr, an buaiteoir san áireamh. Chuamar anuraidh, agus an tseachtain seo caite, chuamar arís. Chuala m'iníon go mbíonn na 'híola' lasmuigh den halla (colluseum, mar atá) roimh an gceolchoirm, chun bualadh lena lucht leanúna. Mar sin, chuamar go luath. Ach nuair a shroicheamar an áit, chuir mo bhean ceist ar gharda, agus d'inis sé di go ndéanann siad amhlaidh ar a ceathair a chlog - agus bhí sé tar éis a cúig a chlog faoin am sin a rabhamar ann. Bhí díomá orainn. Ní raibh an cheolchoirm chun tosnú go dtí a seacht a chlog. Mar sin, bhí am go leor againn gan faic le déanamh.
Bhí wiener mobile ann, agus seans chun canadh dóibh, agus bhí beirt chara do m'iníon inár dteannta. Rinne siad an rud sin, agus fuair siad feadóga 'wiener' mar gheall air. Tá m'iníon fhéin ró-chúthail chun a leithéid a dhéanamh.
Scrúdaigh na gardaí sinn ar ár slí isteach, mar is gnáth na laethanta seo. D'iarr duine acu orm taispeáint dó a raibh i mo phóca. Ceamara a bhí ann. Ach ní raibh aon chosc air, mar a bhíonn de ghnáth. Mar sin ní raibh aon eagla orainn grianghraif a dhéanamh.
Ina dhiaidh sin, cheannaigh sí leabhar de ghriangraif, srl., clár don oíche, sin a rá. Agus chuaigh siad go dtí an leithreas. Scuaine fada do na mná is na cailíiní, dar ndóigh. Ní raibh aon deacracht agamsa. Mar sin, chuamar go dtí ár suíocháin, agus shocraigh mé ar dhul go dtí an leithreas ansin. Ar mo shlí ar ais, chuala mé duine do mo bheannú as Gaeilge! Cara do mo dheirfiúr chéile a bhí ann lena mhuirir féin. Níl ach na cúpla focal aige. Bhí sé ar mo phodchraoladh sa samhradh seo. As Laois eisean.
Ansin, bhí ceolchoirm bhreá ann. Bhíomar an-sásta leis. Rinneamar grianghraif go leor, mise agus m'iníon, ag a raibh a ceamara féin. D'imíomar leis an slua. An-oíche a bhí againn. Ach, leath-shlí abhaile, d'éirigh sé ar m'iníon nach raibh a ceamara aici. D'fhéachamar ar fud an chairr, ach ní raibh sé ann. Thugamar abhaile na cailíní eile, agus ansin, bhí orainn dul ar ais (leathuair an chloig eile) go dtí an halla, chun iarracht a dhéanamh an ceamara a fháil. Cheap sí gur thit sé óna mála sa halla ag a cathaoir. Níor cheap mé go bhfeicfimís riamh arís é, ach bhí seans beag ann, mar sin féin.
Ní raibh ach an corrdhuine ann ag an halla faoin am seo, agus bhí na doirse faoi ghlas. Ach fuaireamar cead ó gharda, agus chuamar isteach. Cheap mé go raibh an oíche scriosta mar gheall ar chailliúint an cheamara, ach mar a tharla, bhí sé ann fós faoina cathaoir! Ceamara daor atá i gceist, agus bhí áthas orainn.
Nuair a chuamar isteach an halla, chualamar daoine ag screadadh agus ag bualadh bas. Cheapamar go raibh na híola ag imeacht. Bhí díomá orainn nach rabhamar in ann iad a fheiscint. Ach ar eagla na heagla, ar ár slí amach, thiomáin mé i dtreo na fuaime sin. Agus bhí roinnt díobh ann, agus bhí siad ag síniú is ag caint lena lucht leanúna! Fuaireamar grianghraif díobh, agus fuair m'iníon roinnt síniuithe, agus fuair sí fiú barróg ó bhuachaill deas díobh! Bhí áthas an domhain orainn, agus uirthise go háirithe. Bhí na híola an-deas agus an-fhlaithiúil ar fad. Tá siad níos deise ná mar a cheapfaí ón teilifís, fiú.
Dar ndóigh, bhí m'iníon ag insint dá cairde go bhfuair sí síniuithe agus barróg, agus ní bhfuair siadsan ach feadóga 'wiener'...
Mar sin, dea-thimpiste a bhí ann, nuair a d'fhág sí a ceamara, seachas a mhalairt. Buíochas le Dia!
Tuesday, August 28, 2007
Subscribe to:
Posts (Atom)