Monday, January 12, 2009

Coireanna Cogaidh

Deir Comhairle Chearta Daonna na NA (mar dhea) gur féidir go bhfuil Iosrael ciontach as coireanna cogaidh i nGása. Mar is iondúil, is cuma leo cad atá ar siúl i bhfírinne. Tá na NA níos measa ná gan mhaith, dar liom. Déanann siad dochar. Ach cad eile a tharlódh agus tíortha mar Chúba, an Éigipt agus an tSín ag déanamh urraíochta ar rúin mar bhaill den chomhairle ar chearta daonna? Is seafóideach ar fad ceann a thabhairt dá leithéid ar an ábhar seo. Ba chóir seasamh ina n-aghaidh go minic (beannacht Dé ar Cheanada - mar ní dhearna na Stáit an rud ceart an uair seo). Níl tuairim na NA intaofa maidir le hIosrael, le blianta fada. Agus tugann siad cabhair do na sceimhlitheoirí gach uair a dhéanann siad a leithéid seo. Sin an t-arm is cumhachtaí atá ag na sceimhlitheoirí - tuairim an domhain.

Agus féach conas a úsáideann siad an t-arm seo: manufacturing disaster
Táim cinnte go bhfuil siad an-bhuíoch den phreas/bhlagchruinne Éireannach, i measc daoine eile...

Ní aontaím le Colin Powell i gcónaí, ach bhí an ceart ar fad aige nuair a dúirt sé an méad seo leanas:
As Secretary of State Colin Powell observed, as long as the Palestinians believe they can win in the court of world opinion, they will have no incentive to pursue peace.

Is iad an bholscaireacht agus na daoine saonta a ghlacann léi a choimeádann an foréigin ar siúl sa MheánOirthear. Sea, na daoine a bhíonn ag caint is ag ologón faoin síocháin... Creidann siad siúd a scaipeann an bholscaireacht seo go bhfuil siad an-sofaisticiúil agus níos cliste ná aon daoine eile. Ach buailtear bob orthu i gcónaí. Go háirithe maidir leis na Palaistínigh. Féach a gcuid bréag faoin imshuí, agus i gcoitinne (le cabhair ó na NA, dar ndóigh).

Is cuma leis na frithIosraeligh go mbíonn coireanna cogaidh á ndéanamh ag na Palaistínigh i gcónaí, agus iad ag déanamh sciatha de shibhialtaigh agus ag márú sibhialtach...

Seo sampla eile den saghas seo iompair:
http://www.youtube.com/watch?v=eTGbP55HGi8

Na líomháintí a chloistear i gcónaí i gcoinne Iosrael, tá roinnt díobh bunaithe ar an gCúirt Idirnáisiúnta* (nach nglacann Iosrael leis), agus le Protocol a hAon, nach nglacann Iosrael leis. Agus gach uair a luaitear an Protocol sin, tuigim níos fearr cé chomh hamaideach is atá sé. Níl sé "féaráilte" arm láidir a úsáid in aghaidh daoine gan na hairm chéanna, agus a leithéid sin de chacamas. Mar a d'fhiafraigh mé de Rónán Mac Aodha Bhuí ar an raidió, an mbeadh sé ní b'fhearr dá mbeadh clocha agus bataí ag na hIosraeligh? Muise, ba mhaith le daoine áirithe seans a thabhairt do na sceimhlitheoirí, amhail is go mbeadh seilg mhadra rua i gceist. Ach ní cluiche é seo.

Aontaím leis an mana Béarla seo: Peace through superior firepower. Níl meas madra (rua) ag sceimhlitheoirí ar aon rud eile.



* - Gabh mo leiscéal faoi na botúin sa seanalt faon gcúirt. Ceartóidh mé ar ball é, lcD.

Friday, January 09, 2009

Cé hIad Hamas?

Cé hiad Hamas? Is sceimhlitheoirí iad, dar le Bill Clinton, srl. Níl seans dá laghad go mbeadh siad sásta síocháin a ghlacadh le hIosrael go deo. Faigheann siad tacaíocht agus spreagadh ón Iaráin, mar a bhfaigheann Hiosboladh sa Liobáin. Tuigeann na tíortha eile mórthimpeall orthu go bhfuil Hamas ag obair faoi scáth na hIaráine, agus níl siad an-sásta leis sin. Tuigeann siad freisin nach mbeidh aon tsíocháin ann agus Hamas i réim sa limistéir Phalaistíneach. Sin an fáth nach bhfuil siad ag tacú leo. Níl Fatah agus muintir an Bhruaigh Thiar ach oiread. Féach Easaontas na bPalaistíneach.

Is beag duine atá ag tacú leo, ach amháin an Iaráin, agus dar ndóigh, Éireannaigh (agus Jimmy Carter). Bhuel, agus na gnáthdhaoine eile sna Náisiúin Aontaithe, san Aontas Eorpach, agus b'fhéidir leithéid Hugo Chavez...agus frithGhiúdaigh an Domhain.

Cad a dhéanann na daoine deasa seo, dlúthchairde na nÉireannach? Féach:

Hamas agus 'comhoibrithe' Fatah

Hamas agus sibhialtaigh Phalaistíneacha:
Witnesses: Hamas fired from school

Hamas agus a bpáistí féin:
Rayyan Trained His Kids to Die

Na hIosraeligh i nGása, ag bualadh leis na daoine áitiúla (agus an cur i gcéil os comhair na gceamaraí):
"Nice Try"

Ar ábhar amháin eile, tá roinnt daoine ag baist ainmneacha maslacha ar na hIosraeligh, ag maíomh gur an SS nua iad agus raiméis mar sin. Ní cuimhin lena leithéid cé acu atá sa troid seo a bhí ag obair leis an SS agus cé acu... ah, níl suim dá laghad ag a leithéid sa stair is sna fíricí.

Monday, January 05, 2009

An bhFuil Cead Agaibh Fós?

Tá an lucht frithMheiriceánach idir dhá chomhairle le déanaí. An bhfuil cead acu fós fuath a thabhairt do Mheiriceá, agus Ó Bama ina uachtarán (beagnach)? I Meiriceá, na daoine ar fuath leo Meiriceá agus an tIarthar i gcoitinne, is iadsan is mó atá trína chéile. Le bliain anuas, tá siad agus a gcairde ag insint dúinn go mbeidh gach rud i gceart nuair a thágann a slánaitheoir, Barak. Ach dúirt Barak gur cara d'Iosrael fós Meiriceá, agus tá amhras ar a chairde thar sáile (agus sa bhaile) ó shin i leith. Nach cuimhin leo gur fuath leo Meiriceá i gcoitinne, seachas George W. Bush amháin? Tá siad dóchasach go fóill go ndéanfaidh Barak toil na hEorpa nuair a bheidh sé i gcumhacht, agus nílim féin cinnte faoi sin. Ach ní dóigh liom go mbeidh fiú Barak H. Ó Bama ag tacú le Hamas agus a gcairde.

Seo sampla dá bhfuil le teacht

Agus maraon lena sheasamh le polasaithe seanbhunaithe Mheiriceá, níos measa ná sin, tá Giúdach ag Ó Bama mar chomhairleoir! Agus is iomaí frithGhiúdach atá ann i measc na bhfrithMheiriceánach. Muise, nach údar dóchais é in aon chor?

Caveat empor, a lucht na heite clé! Is Meiriceánach fós é. Agus tá cead agaibh fós, go dtí an uair go mbeidmid go léir ag canadh an Internationale...

Go sábhála Dia Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus go n-éirí le hIosrael na sceimhlitheoirí a chosc, is a scriosadh, más gá, ionas go mbeidh síochán ann lá éigin.

(Ach maidir le foireann Uí Bhama agus an tsíocháin, nílimid ró-dhóchasach...féach deireadh an ailt iontaigh seo.)

Wednesday, December 31, 2008

An Chomhréireacht

Baintear feidhm as an téarma comhréireacht seo i gcónaí agus daoine ag maíomh go bhfuil coireanna cogaidh ar siúl ag Iosrael nó na Stáit nó pé argóint eile. Agus is léir ón móramh dá leithéid nach dtuigtear an téarma, an coincheap ná an dlí.
Is é brí an téarma seo ná nach bhfuil sé ceart ná cóir níos mó dochair a dhéanamh ná an maith a bheadh mar thoradh air, sin a rá, an dochar a choscann sé. Sin an tuiscint thraidisiúnta agus an tuiscint dhlithiúil. Ní bhaineann sé le tit-for-tat ná leis an méad daoine a mharaítear mar chothromaíocht ar na daoine a mharaigh an taobh eile. Tá daoine ann a cheapann go mba chóir an saghas sin cothromaíochta a chur i bhfeidhm - duine ar bith a mharú i measc na sibhialtach Palaistíneach mar chúiteamh ar bhás Iosraelach a tharla mar gheall ar a gcuid diúracán. Ní deir siad go díreach sin, dar ndóigh, ach sin deireadh a gcuid 'loighice.' Ní bheadh aon mhaith ann i gcóras mar sin, dar ndóigh.

Ba dheacair dom a bhfuil ráite ag Andy McCarthy (as Béarla) ar an ábhar seo a shárú.

Agus seo níos mó le Tigerhawk ar an ábhar seo.

Maidir leis an dlí, ní thuigeann mórán daoine go dtagann roinnt mhór den chaint seo faoin gcomhréireacht as dlí nár ghlac Iosrael ná na Stáit Aontaithe leis. Sin an 1977 Protocol I to the Geneva Conventions. Is iomaí uair a chuireann Eorpach i leith Meiriceá nó Iosrael go bhfuilimid ag briseadh dlí éigin a thuigeann siad a bheith ann sa chonradh sin. Ach níl na Stáit ná Iorael páirteach sa chonradh sin, agus níl feidhm ar bith aige orainne. Ní bhíonn dlí i bhfeidhm mura nglacann rialtas leis. Ní féidir leis na hEorpaigh ná le héinne dlí a bhrú ar aon tír eile. Sin an fáth go mbíonn conarthaí ann! Cén fáth nár ghlacamar leis an gceann seo? Is iomaí cúis atá ann, ach is é an ceann is mó ná go mbronann sé stádas dlithiúil ar sceimhlitheoirí. Seo an rud a dúirt Ronald Reagan, nuair a dhiúltaigh na Stáit é:

It would give special status to 'wars of national
liberation' ... and grant combatant status
to irregular forces even if they do not satisfy
the traditional requirements to distinguish
themselves from the civilian population.


Seo alt iontach eile (as Béarla):
Melanie Phillips

Tuesday, December 30, 2008

Ionsaí Iosrael ar Ghása

Cá dTosóinn? B'fhéidir ba chóir dom tosú le moltaí faoi conas nuachtán a léamh.

Má bhíonn nuachtán (nó foinse nuachta ar bith eile) ag tagairt do Phalaistínigh a maraíodh, luaitear uimhir na sibhialtach sa chuntas sin i gcónaí. Is cuma gur maraíodh iad de thaisme, más sibhialtaigh i bhfírinne iad, agus gur maraíodh iad mar go raibh sceimhlitheoirí ag déanamh ionsaithe ón áit a gcónaidís... Ach ar aon nós, nuair a luaitear (má luaitear) Ioraelaigh a maraíodh, ní bhíonn iontusan ach Iosraelaigh. De ghnáth, dar ndóigh, ní maraítear ACH sibhialtaigh in Iosrael, mar ionsaíonn na sceimhlitheoirí na sibhialtaigh d'aon ghnó, agus bíonn targaidí fánacha ag a gcuid diúracán. Ní bhaineann Iosrael feidhm as a cuid sibhialtach mar sciatha, ach oiread, mar a dhéanann na sceimhlitheoirí. Na hIosraelaigh sin, is gnáthdhaoine neamhurchóideacha iad.

Má dhéanann Iosrael ionsaithe ar dhaoine a bhíonn ag seoladh diúracán agus ag marú a gcuid sibhialtach, chun a dtír a chosaint, deirtear sna nuachtáin go bhfuil drochbeart eile ar bun acu, mar is iondúil. Cé gur choimeád siad srian orthu féin ar feadh na míosa nó mblianta roimhe. Ní thosaíonn na Palaistínigh aon troid sna nuachtáin, ach uaireanta luaitear an fhíorchúis ag deireadh ailt nó ar leathanach eile. Má lorgaítear iad, uaireanta bíonn fíricí le fáil. Dá mbeadh suim ag éinne...

D'imigh Iosrael Gása in 2005. Moladh sin sna nuachtáin. Ach botún a bhí ann, mar déantar ionsaithe ar Iosrael gan stad gan staonadh ón limistéar sin. Mar is iondúil, bhí Iosrael flathúil agus foigneach, agus fuair siad diúracáin is sceimhlitheoireacht mar bhuíochas. Sna nuachtáin, bíonn an locht ar Iosrael, ach de ghnáth, bíonn an scéal faoi sceimhlitheoireacht na nArabach agus a hiarmhairtí, má léitear go cúramach é, agus má fhiosraítear an stair de. Is dóchúil go mbíonn botún Iosrael i gceist aon uair a bhíonn na nuachtáin á moladh.

Ní aon scéal nua claonadh seo na nuachtán. Rinneadh amhlaidh maidir le Hezboladh freisin. Léitear idir na línte má léitear gach a ndeirtear sna nuachtáin. Roghnaíonn duine scéalta, agus bíonn dearcadh ag duine. Go minic, bíonn an dearcadh sin chomh dian go gcumann an duine scéalta chun é a chur chun cinn. Sin 'iriseoireacht', mar a thuigtear é sa lá atá inniu ann, mo léan. Ní mór níos mó ná foinse amháin a scrúdú, agus, bhuel, an blag seo a léamh!

Maidir leis na scéalta faoi dhaoine a mhaíonn go bhfuil siad ar son chearta daonna srl, agus iad ag tacú leis na sceimhlitheoirí, bhuel, bíonn siad ag taispeáint rudaí eile fúthu féin dúinn, dar ndóigh. Is áis mhaith é a n-ainmneacha a chuimniú, mar gach uair a deir nó a dhéanann a leithéid rud, ní bhíonn i gceist acu ach bréagacha a scaipeadh faoi Iosrael, agus a gcairde, na sceimhlitheorí, a chabhrú. Ní bhíonn aon nuacht i scéal mar sin. Is fearr neamhaird a thabhairt dá leithéid, cé go mbíonn siad ann agus go mbíonn scéalta ann fútha, gach uair a bhíonn seans ag na nuachtáin (gach uair a bhíonn Iosrael sa nuacht).

Friday, December 26, 2008

Dul Chun Cinn (agus a Mhalairt)

An bhfuil suim ag éinne fós san Iaráic? Mar a tharlaíonn, tá dul chun cinn nach beag ann. Tuairiscítear deachtóir na hIaráine a bheith ar an teilifís le haghaidh na Nollag... Bualadh bás do dhuine de na naimhde is mó dá bhfuil ag an gCríostaíocht (gan trácht ar na Giúdaigh)...
Sea, seo FíorMheon na Nollag, dar lena leithéid sin. Cúlú an Chine Dhaonna, muise. Ach déanann Iosrael trócaire ar na sceimhlitheoirí, agus cáintear iad mar sin féin.
Seo cuntas ar Rehavam Ze'evi. Níor mhol sé "glanadh eitneach" mar a thuigimse é, a Dhruma Mhóir. Ní raibh sé chun na hArabaigh a scriosadh mar gheall ar a gcine. Bhí sé conspóideach, cinnte. Ach ní raibh sé de cheart ag éinne é a dhúnmhárú.

Tuesday, December 23, 2008

Déanfar Reifrinn go bhFaighfidh siad an Freagra atá Uatha!

Ceapann an t-ambasadóir John Bruton go bhfuil na hÉireannaigh a dhiúltaigh an conradh seo aineolach agus dall (níl sé éasca a léamh ná a thuiscint...). (Agus sa chaint sin, tugann sé gach sonra dá bhfuil tábhachtach ann, dar leis - agus ní luann sé an ginmhilleadh!) Dar leisean agus mórán daoine eile, beagnach gach tír eile san Aontas Eorpach, ní mór reifreann eile a reachtáil. Agus déanfar sin go bhfaighfear an torradh atá uatha. Sea, sin an plean atá ag na Francaigh, srl.
Agus is léir ón scéal uafásach seo ó Phoblacht na Seice cad é an saghas measa atá ag lucht an Aontais, go háirithe sa Fhrainc, orthu siúd nach n-aontaíonn leo faoi gach aon rud. (Tá tuiscint nach beag acu i bPoblacht na Seice ar a leithéid, agus ba chóir éisteacht leo.) Níl ann sa Daonlathas ach bealach chun a dtoil a chur i bhfeidhm. Is uirlis é, sin uile. Agus is amhlaidh a bhíonn gach áit a bhfaigheann rialtas sóisialach smacht ar thír, mura mbíonn réabhlóid ann. De ghnáth, bíonn uachtarán fad a shaoil ann i ndeireadh na dála (féach a bhfuil ar bun ag Chavez, mar shampla).

Is fadhb mhór an diúltú seo, dar le lucht na hEorpa, agus beidh Éire thíos leis. Ach an fíor sin? Cad tá cearr le múnla na hEilvéise? Nach tír shaibhir sin? Nach bhfuil siad in ann oibriú le tíortha eile na hEorpa?

An púdal na hEorpa í Éire? Nó an é, mar a deir na Gearmánaigh, go bhfaca Éire "was des Pudels Kern ist" (croí an phúdail)?

(Spreag an t-alt seo in Beo! an bhlagmhír seo.)

Friday, December 19, 2008

Cearta Daonna agus an Ceart

Chuala mé bean darb ainm Yvonne Nic Dhiarmada ag caint le Máirín Mhic Dhonnchadha ar Rogha na Seachtaine, Raidió na Gaeltachta, an tseachtain seo (agus Gaeilge líofa lofa ag Yvonne). Craoladh ar Céim ar Chéim é den chéad uair. Bhí siad ag plé Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, agus leis sin, na Palaistínigh bhochta, arís eile. An bhfuil suim ag aon duine sa stair nó i bhfíricí an tsaoil seo níos mó?

Eisíodh an dearbhú sin sna Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1948. Agus is léir gur mhaith leis na mná thuasluaite údarás a thabhairt dó, agus do na Náisiúin Aontaithe leis. Níos mó údaráis ná a bheadh ag tíortha nó muintireacha éagsúla, b'fhéidir, tuigtear uathu.

Mar a tharlaíonn, rinne a t-údarás uasal (mar dhea) seo socrú eile níos luaithe fós sa stair, in 1947. Ba é sin chun an Phalaistín a roinnt ina dá leath, ionas go mbeadh stát Giúdach agus stát Arabach ann. 1947.

Dar ndóigh, dhiúltaigh na hArabaigh an réiteach sin, agus is iomaí cogadh, uafás, agus, i ndeireadh na dála, iarracht eile ar a chur i bhfeidhm atá againn ó shin i leith.

Ach braitheann údarás ar an ábhar, is dócha.

Cad mar gheall ar chearta daonna? Is léir go bhfuil meas an domhain ag na Palaistínigh orthu sin, cinnte, agus iad ag briseadh gach uile dlí idirnáisiúnta dá bhfuil ann, chun sibhialtaigh a mhárú is a chéasadh. Ach ní iontusan ach Giúdaigh...

Och, na Palaistínigh bhochta. Mo léan.

Iosrael, Cearta Daonna agus na Náisiúin Aontaithe

(Tá Iosrael ann le seasca bliain, freisin. An raibh ceiliúradh air sin ag Ollscoil na Gaillimhe?)

Monday, December 15, 2008

Ag Caint le Bróg

laoch nua ag an eite chlé, mo léan. Nach ait an rud é go mbíonn an eite chlé ag tabhairt tacaíochta do na rialtais is na heagraíochtaí is measa dá bhfuil ann? Ach ní léir an fáth gur thug an duine an masla seo. Níl aon amhras go bhfuil clú agus cáil air anois. Is laoch é do gach sceimhlitheoir sa MheánOirthear, agus araile. An Reuters san áireamh...
Ach cé go bhfuil daoine ann a sheasann le Saddam agus a leithéid fós, agus daoine go leor gur mhaith leo Bush a mhaslú am ar bith, níl sé amhlaidh gur fuath le gach Iarácach Bush ná Meiriceá - ach a mhalairt. (Dála an scéil, oibríonn an duine seo as Cadhró na hÉigipte). Tá saoirse ann nach raibh ann riamh roimhe seo, b'fhéidir, agus tuigeann mórán sin. Agus is daoine maithe cróga iad na hiriseoirí Iarácacha go minic. Maraíodh na sceimhlitheoirí roinnt mhór díobh, faraor. Ach tá rud ann mar shaoirse cainte is iriseoireachta anois sa tír sin, agus ní rud beag sin. Go n-éirí leo inár n-éagmais. Ach is deacair a bheith dóchasach faoin MeánOirthear, muise. Tá sé ceart agus cóir go bhfuil sé faoi ghlas as an ionsaí seo, ach ní bheidh sé ann le fada, mura bhfuil rud eile amú, agus tá sé sin ceart freisin. Maraon leis an diabhal, tá bua ag na sceimhlitheoirí chun an leas is fearr (measa) a bhaint as an mbolscaireacht. Seo linn eachtra atá náireach do rialtas na hIaráice agus a thugann tacaíocht do na daoine olca. Is mór an trua nach bhfuil níos mó daoine ann ag gabháil a leithscéil as an masla seo - agus níos mó ag tabhairt faoi deara na hiriseoirí Iarácacha, agus uachtarán na hIaráice, a ghabh.
Ar thug éinne faoi deara cad a dúirt Bush ag an ócáid seo?

Thursday, December 11, 2008

Dhá Shaghas Marthanóra

Tá clár iontach maith ar fáil anseo go dtí 4 Eanáir, dar teidil 'Inheritance.' Molaim go hard é. Léirgeas is ea é ar mharthanóir an Uileloiscthe, agus iníon an fhir a bhí i mbun champa an bháis ina raibh sí ina sclábhaí aige. An campa as a sabháil Schindler roinnt mhór daoine, ise san áireamh. Ní raibh an iníon seo ach bliain d'aois nuair a crochadh a hathair, agus ní raibh aon fhios aici gurb arracht é a hathair go dtí an uair go raibh sí aon bhliain déag d'aois. Níor chuala sí aon trácht ar na Giúdaigh sa Ghearmáin, fiú. Bhí oideachas aici ó shin. Bualann siad lena chéile, agus thugann siad cuairt ar an áit.
Cheapfaí gur gnátháiteanna agus gnáthdhaoine iad. Agus gach duine sna tíortha siúd, go háirithe sa Ghearmáin, bíonn a leithéid ina dtimpeall i gcónaí. Agus san oirthear, maraon le déantóirí coireanna na Naitsithe, bíonn déantóirí choireanna na gcummánach ina dtimpeall freisin, mar a fheictear sa scannán iontach maith Das Leben Der Anderen.
Mise, anseo i Nua-Eabhrac, is iomaí marthóir an Uileloiscthe agus iarshaighdeoir an dara cogadh domhanda lena mbuail mé, ach bíonn níos lú díobh beo gach lá. Ní mór a scéal a choimeád beo.

Na hIndiaigh Dhearga is na Gaeil

Go mion minic, cuirtear inár leith go ndearnadh an drochbheart céanna ar na Meiriceánaigh bhundúchasacha agus a rinneadh ar na Gaeil. Ach bím an-amhrasach faoi chomparáid mar sin idir dhá chultúr is dhá stair éagsúla. Tá sé ró-éasca rud mar sin a mhaoimh gan bhunús ná tuiscint chruinn.

Cad iad na cosúlachtaí a spreagann an ráiteas seo? Tharla concas na hÉireann timpeall an ama chéanna agus a tharla concas Meiriceá. Agus i Meiriceá Thuaidh, rinne Béarlóirí roinnt mhór de. Brúdh creideamh, cultúr agus teanga nua ar mhuintir na tíre mar chuid den choncas sa dá chás.

Cé gur tharla plandáil thuaisceart na hÉireann agus plandáil Mheiriceá Thuaidh sa seachtú aois déag, is iomaí rud a tharla roimhe sin sa dá thír. Bhí caidreamh idir Éire is Sasana le blianta fada roimh an aois sin, agus is de réir a chéile a mhéadaigh tionchar na Sasanach in Éirinn. Mar an gcéanna le Meiriceá, bhíodh easaontas ann i gcónaí i measc na dtreibheanna áitiúla, agus uaireanta dhéanaidís margadh leis na heachtránaigh. Throideadís in aghaidh a gcomharsana leo, agus thugaidís cuireadh dóibh teacht i dtír uaireanta. Mar an gcéanna leis na hIndiaigh, níor thuig siad i gceart ag a am cé mhéad daoine a thiocfadh. Tá cosúlachtaí ann, cinnte. Ach leis an méad sin, tá difríochtaí móra ann, freisin.

Ní raibh caidreamh ann idir na Sasanaigh agus na bundúchasaithe i Meiriceá. Tharla an teagmháil idir an dá chultúr den chéad uair timpeall an ama sin, go tobann. Agus sular chuir Sasanach amháin cos ar an bhfód, fuair roinnt mhór de mhuintir na háite bás mar gheall ar ghalair na nEorpach. Bhí Plymouth (nua) folamh nuair a tháinig na hOillithrigh. Agus nach mór an difear a bhí idir an dá chultúr áirithe seo? Daoine ó aois na gcloch a bhí ag bualadh le daoine nua-aimseartha den chéad uair. Ní raibh cothromaíocht ann idir an dá chultúr maidir le teicneolaíocht, eagrú, ná eolas faoin saol. Ní raibh difear mór ann in Éirinn aon uair a tháinig na Sasanaigh. Bhí siad ar an gcéim chéanna maidir le heolaíocht agus cultúr. I gcodarsnacht, tugadh Saol Nua ar Mheiriceá, agus sin a bhí ann. Saol nua le cultúr ó aois a bhí thart san Eoraip leis na mílte bliain.

Dar ndóigh, bhí tionchar nach beag ag tíortha eile na hEorpa ar stair Mheiriceá, seachas Sasana. Go háirithe, rinne na Spáinnigh na concais ba mhó, ar chultúir mhóra - bharbartha. Sea, ní raibh gach Spáinneach ina Naomh, gan amhras. Ach níor ghearr duine díobh croí dhuine as a chliabh, ach oiread. Bhí cúis lena dtuairim go raibh siad i gceart agus iad ag cur na hAztec agus a leithéid faoina smacht. Saint a bhí ann, leis, gan amhras. Ach luach a saothair dóibh ab ea an t-ór sin, dar leo. Obair an diabhail a bhíodh ar siúl i Meiriceá ag an am, agus chuir siad stop leis. Ní raibh sé amhlaidh in Éirinn - tar éis aimsir na bpagánach. Tharla fás is feabhsú ar chultúr na hEorpa nár tharla fós i Meiriceá faoin am sin. Difear an-mhór sin, cinnte.

Cuirtear diabhlaíocht agus drochaigne i leith na Meiriceánaigh mar a chuirtear i leith na Sasanaigh go rí-mhinic in Éirinn an lae inniu, agus mar sin, ceaptar gur ionann iad gach Béarlóir. Ach scar Meiriceá ó Shasana ag deireadh na 18ú aoise, dar ndóigh, agus tá a scéal féin ag na Stáit. Roimhe sin, bhí cogadh i Meiriceá idir an Fhrainc agus Sasana, mar a bhí san Eoraip ag an am. Throid Indiaigh áirithe ar an dá thaobh. Ní raibh na hEorpaigh ag troid in aghaidh na nIndiach i gcoitinne. Níor tharla sin riamh. Bhí deachtrachtaí áirithe ag amanna áirithe le treibheanna áirithe. Gan amhras, ní raibh seans ag an gcultúr dúchasach mar gheall ar an méad daoine a tháinig, agus lámh in uachtar an chultúir nua. Níorbh fhéidir le héinne stad a chuir leis sin. Ní riabh plean ag rialtas na Stáit nó ag éinne chun na hIndiaigh a scriosadh go huile is go hiomlán. Rinneadh iarrachtaí chun réiteach éigin a fháil, agus is iomaí drochbheart a rinneadh d'ainneoin sin. Ach scéal casta is ea é, agus is iomaí cúis agus iomaí coimhlint ar leith a bhaineann leis.

An mbíodh meas ag na hEorpaigh ar chultúr na nIndiach? Uaireanta, bhíodh. Ach den chuid is mó, ní bhíodh meas madra acu orthu - mar ba chine ar leith iad. Sin difríocht an-mhór eile. Dá mba dhaoine geala iad, ní dóigh liom go mbeadh cúrsaí chomh holc agus a bhíodh. Agus ná bítear ag smaoineamh go bhfuil Meiriceánaigh níos measa mar chinníochaithe ná aon mhuintir eile. Bailiúchán de gach muintir na hEorpa iad na Meiriceánaigh ag an am sin. Bhí an locht céanna sin ar an móramh. Agus san aois sin, bhí sé an-nadúrtha, mar ní raibh taithí ag beagnach aon duine ar chiníocha eile.

Maidir le creidimh, tugadh an Chríostaíocht do na hIndiaigh. Sin an rud a rinne daoine mar Phádraig in Éirinn. Thug na Spáinnigh agus na Francaigh an creideamh Caitliceach dóibh, agus thug na Sasanaigh is na hÍsealtírigh an creideamh nua Protastúnach dóibh. Sea, ní raibh an creideamh Protastúnach ann ach le timpeall céad bliain, agus cnámh spárna ollmhór ab ea é fós (go deo) san Eoraip. Ach athrú, agus dar leo ceartú, ar an gCríostaíocht a bhí i gceist ag na Protastúnaigh. Níorbh ionann sin agus an Soiscéal a sceapadh den chéad uair. Bhí gach Eorpach i bhfábhar sin ag an am. Agus is iomaí Éireannach atá agus a bhíodh ina mhisnéir. Is iomaí Meiriceánach bundúchasach atá buíoch as an mbronntanas sin.

An troid idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh a thosaigh ar mhórthír na hEorpa, sin an troid a lean ar aghaidh in Éirinn. Cuid de fheachtas i bhfad ní ba mhó ab ea é, agus sheas na Francaigh is na Spáinnigh le hÉirinn. Theip orthu sna chathanna sin, agus bhí an bua ag na tíortha Protastúnacha. Tharla sin i Meiriceá, freisin, mar chuid den chogadh céanna. Ach bhí an troid sin idir na hEorpaigh féin. Tharla an troid chéanna i Sasana féin roimhe sin, agus theip ar na Caitlicigh. Ní raibh baint dá laghad ag an troid seo leis an gcoimhlint idir na hIndiaigh agus na hEorpaigh, ach nuair a ghlac na hIndiaigh páirt ann mar chomhghuailithe.

Sin roinnt dá bhfuil i gceist. Dar liomsa, tá sé an-leisciúil agus saonta a rá gur ionann an dá chás. Cén fáth go ndeirtear é seo in aon chor? Mar a thuigim é, deirtear é chun chur in iúl nach bhfuil na Meiriceánaigh pioc níos fearr ná na Sasanaigh, agus go mbíonn fonn ar an dá thír cos ar bolg a imirt ar thíortha eile. Agus tá na híobartaigh i bhfad níos fearr go morálta, tuigtear as sin. Mar dhea. Tugann an scéal sin sólás do dhaoine áirithe. Cé gur finscéal é. Is fearr le mórán scéal rómánsach ná fíricí.

Maidir le teangacha, tá cosúlachtaí agus difríochtaí idir an dá scéal, freisin. Ní raibh teanga amháin i Meiriceá, fiú nuair a tháinig na hEorpaigh. De réir a chéile, fuair an Béarla an lámh in uachtar. Lingua Franca, agus teanga an mhóraimh is ea é. Teanga an rialtais, freisin, cinnte. I Sasana, nuair a tháinig na Normanaigh, mhair teanga na Sasanach, agus mheasc na teangacha lena chéile chun teanga nua a dhéanamh. In Éirinn, tharla rud eile ar fad. Mhair an Ghaeilge, ar éigin, agus labhraítear Béarla i gcoitinne, gan aon mheascán, ach blas Éireannach. I Meiriceá, bhí teanga dhifriúil ag gach treibh agus d'fhoghlaimídís go léir teanga eile ón Eoraip, chun a bheith in ann gnó a dhéanamh leis na hEorpaigh. Uireanta, brúití orthu é. Tá a dteangacha féin fós ag roinnt mhór de na treibheanna a mhair, ach is mionteangacha i mbaol iad, cosúil leis an nGaeilge. Sin an cosúlacht is mó idir na hÉireannaigh is na hIndiaigh Mheiriceánacha. Agus is féidir leo foghlaim óna chéile, agus sin rud fiúntach.

Sa lá atá inniu ann, tuigtear go maith fiúntas na gcultúr bundúchasacha i Meiriceá. Deirtear gurb amhlaidh in Éirinn, freisin. Is Éireannaigh iad an móramh in Éirinn fós, i gcodarsnacht le bundúchasaithe Mheiriceá. Is féidir leo athsheilbh a fháil ar a dteanga féin, agus a gcultúr féin a chothú ina dtír féin, fiú mura bhfuil a rialtas féin ann i gcónaí, más mian leo. Tá an deis sin acu. Ach tá an móramh sásta gan é sin a dhéanamh. Dá mbeadh teanga amháin dá gcuid féin agus dá mbeadh an deis sin ag na hIndiaigh, an dtapóidísne é?

Wednesday, December 03, 2008

Diabhal agus dia

Mar a bhíonn George Bush ina dhiabhal dar le mórán, is léir go bhfuil Barack Ó Bama ina dhia beag acu sin. Féach. An mbeidh íomhá de in gach teach in Éirinn mar a bhíodh na cinn den Chinnéideach? Cheapfá gur Mao éigin atá ann agus an iomad pictiúirí de á gcrochadh is á gcaitheamh in Brooklyn.

Ní dóigh liom go mbeidh daoine chomh sásta leis go deo arís. Agus a mhalairt faoi GWB - ní bheidh daoine chomh mí-shásta leis go deo arís. Muise, nach mbeidh faoiseamh an domhain air nuair a théann sé abaile go Crawford. Post fíor-dheacair is ea é, bheith i d'uachtarán, gan buíochas ó éinne, de ghnáth. Ní bhfaightear mar chúiteamh ar do dhianshaothar ach gearáin.

An mbeidh mí na meala Uí Bhama thart nuair a thosóidh sé? An bhfuil éadaí ar bith á gcaitheamh ag an rí? Síleann an eite chlé gur saghas slánaitheora é. An díomá atá orainne nár chaith vóta ar a shon, beidh an díomá chéanna ar lucht a thacaíochta ar ball, deirimse. Sin a rá, ní dóigh liom go mbeidh sé chomh dona agus a cheapamar, ná chomh hiontach agus a cheapann siad siúd. Ach is maith an scéalaí an aimsear.

Friday, November 28, 2008

Ciúnas

Muise, is fada an lá ón chéad uair roimhe seo gur scríobh mé anseo. Is iomaí leithscéal atá agam, ach le fírinne, ba é bás Kinja a chur isteach orm ní ba mhó ná aon rud eile. Foinse chun gach blag Gaeilge a fheiscint ab ea é, a bhíodh ar fáil do gach éinne, agus gan é sin, braithimid ar a chéile chun naisc a choimeád idir na blaganna go léir. I gcúpla focal, níor scríobh mé mar bhí mé amhrasach go mbeadh éinne á léamh! Táim fós, ach ag dul sa tseans...
Leithscéal eile a bhí agam ná nach raibh post agam (d'aon ghnó ar dtús, ach sin scéal fada eile), agus fuair mé nach raibh sé de mhisneach agam díriú ar aon rud i gceart, agus an imní sin orm faoi mo chuid oibre/airgid (titim tubaisteach an mhargaidh san áireamh). Tuigim an fáth níos fearr anois gur cóir díriú ar phostanna sa Ghaeltacht roimh aon tacaíocht eile don teanga, más mian le héinne go mbeidh rud mar chainteoir dúchais ann as seo amach. Mura bhfuil saol duine diongbháilte, ní bheidh suim dá laghad aige i gcúrsaí cultúrtha nó cúrsaí teangan.
Agus leithscéal eile, tá mé tar éis úrscéal a scríobh, atá foilsithe anois ag Coiscéim. Cogadh Dearg an teidil atá air. Níor scríobh mé mórán áit ar bith ach sin ar feadh i bhfad.
Leithscéal eile ná an ghruaim a bhí orm mar gheall ar an dtoghchán is déanaí a bhí againn anseo i Meiriceá. Ní raibh mé an-tógtha le McCain, le fírinne, ach b'eisean an rogha ab fhearr a bhí againn. Táim an-sásta le Sarah Palin, agus tiocfaidh a lá am éigin amach anseo, b'fhéidir. Ar aon nós, seo mar atá, agus Barack Uasal Ó Bama againn. Thuas seal agus thíos seal, mar a deirtear. Cúis bhróid é do lucht na gcluas mór, ar aon nós...
Agus post agam arís, agus an leabhar críochnaithe (nach mbaineann leis an bpolaitíocht nua-aimeartha ar chor ar bith), agus Ó Bama ag coimeáid oifigeach agus polasaithe áirithe a bhí ag Bush, tá fonn ag teacht ar ais orm cúpla focal a scríobh anseo arís. Go raibh léitheoirí agam!

Monday, August 04, 2008

Alexander Solzhenitsyn, R.I.P.

Cailleadh duine an-tábhachtach inné. D'oscail Solzhenitsyn súile an Iarthair maidir leis an Aontas Soivéadach, agus olcas an chumannachais. Na leabhair is tábhachtaí dá chuid, is iad na trí imleabhar den Gulag Archipelago. Is iomaí 'fellow traveller,' duine a bhí báúil don chumannachas agus don Aontas Sóivéadach, a d'fhoghlaim an fhírinne ó na leabhair seo.

Ní raibh Solzhenitsyn an-tógtha leis an gCaipitlicheas ach oiread. Ach duine an-daonna a bhí ann, agus fear maith ab ea é. Ar dheis Dé go raibh sé.

Friday, May 09, 2008

An Cogadh san Iaráic, srl.

Tá alt liom san eagrán is déanaí(an dara ceann, uimhir 1) den iris nua Nós*, ar leathanach 51.

Baineann an físeán seo leis.

Wednesday, February 27, 2008

William F. Buckley Jr. (1925-2008)

Ar dheis Dé go raibh sé. Fuair sé bás aréir aige baile, ag obair. Is mór a chailliúint. Fathach fir ab ea é, agus ní bheidh a leithéid arís ann. Bhunaigh WFB an t-irisleabhar National Review in 1955, atá ann agus láidir go leor fós. Bhíodh clár teilifíse aige idir 1966 agus 1999 dar teidil Firing Line. Bhí gach polaiteoir agus gach duine intleachtúil a linne ar a chlár sin. Fear eirimiúil cliste gealgháireach, colúnaí, údar, agus i bhfad ní ba mhó ab ea é. Tugtar athair na gluaiseachta coimeáidigh i Meiriceá air go minic.

Cruthaigh WFB íomhá nua don choimeáideach i Meiriceá. Cheaptaí nach mbíonn daoine coimeáideacha éirimiúil agus nach mbíonn dea-ghiúmar orthu. Ach sháraigh WFB an tuiscint sin (i measc daoine macánta). Bhí sé ina réalta ar an teilifís agus sna nuachtáin. Rinne sé iarracht chun bheith ina mhéara ar Nua-Eabhrac uair amháin, cé nach raibh seans aige. Ach scaip sé an tuiscint choimeáideach ar chúrsaí an tsaoil, thug sé roinnt mhór don phlé agus don tuiscint pholaitiúil i Meiriceá (agus thar sáile, leis). Dúirt an t-uachtarán Ronald Reagan go raibh sé buíoch de National Review as an méad a d'fhoglaim sé uaithi.

Is deacair a rá i gcúpla focal cé chomh tábhachtach agus a bhí sé.

Guím síocháin síoraí ar a anam uasal.

Ráiteas ó National Review

Wednesday, February 13, 2008

Dea-scéal ón Meánoirthear

Seoladh sceimhlitheoir uafásach olc go hIfreann. Tá Imad Mughniyeh marbh. Pléascadh é. Deirtear go raibh lámh ag na hIosraeligh ann. Tá súil agam go raibh. Treise leo.

Wednesday, January 23, 2008

Gása na mBréag

Muise, na hIosraelaigh fhealltacha sin! Stad siad an leictreachas i nGása, agus tá siad chun na Palaistínigh go léir a mhárú. Nó an fíor pioc de sin?. Mar atá, tá siad ag fáil dhá thrian dá gcuid leictreachais fós ansin ó Iosrael. Stad Hamás an trian eile ar a gconlán féin - chun droch-chlú ar Iosrael a chothú. Níl Iosrael ag tabhairt breosla dóibh mar go mbíonn siad ag seoladh dúracán ina leith. Ach dar ndóigh, tá Hamás ag cur an milleáin ar Iosrael, agus tá a lucht leanúna sna meáin an-sásta an bholscaireacht sin a sceapadh ar a son.

Ach an rud is measa faoi Iosrael, sin an balla a thóg siad, a choimeádann na Palaistínigh i nGása. Aisteach le rá, tá balla ag an Éigipt, freisin, ach is cuma leis an saol sin. Agus is cuma go bhfuil na Palaistínigh bhochta sin ag brú tríd an mballa céanna, agus is cuma go mbeidh maoin agus áiseanna ag Hamás chun níos mó dúracán agus sceimhlitheoirí a sheoladh go hIosrael. Sea, bíonn an locht ar Iosrael. Muise.

Friday, January 04, 2008

Ag Lansú an Lansa

An cuimhin libh na sé chéad caoga éigin míle Iaráicigh a maraíodh sa chogadh, dar le tuairisc The Lancet? Cacamas a bhí ann, agus bhí a fhios sin ag mórán ag an am. Ach seo tuairisc chruinn air anois. Ná creidtear gach a léitear, a chairde. Go háirithe nuair a bhíonn toghchán ag teannadh linn.

(The Lancet)
"In recent years, however, the journal's reputation has suffered from charges of politicization and a few prominent instances of scientific fraud."


"The greatest threat to U.S. national security [is] the image that the United States is a violator of international laws and order and that there is no means other than violence to curb it," Roberts wrote in a July 2005 article for Tirman's center.

Friday, December 14, 2007

Plus ça change, plus c'est la même chose...

Tá athruithe móra tágtha ar an saol le tamall anuas, agus dul chun cinn á dhéanamh sa chomhlint in aghaidh na sceimhlitheoireachta. Ach is beag duine atá ar eolas faoi sin. Bíonn na dea-scéalta báite go domhain ar chúl nuachtán, má tá siad ann ar chor ar bith. Is cinnte go mbíonn gach droch-scéal ann, ámh.

San Iaráic, mar shampla, tá cúrsaí níos fearr ná a bhí siad le blianta. Tá sé ag éirí leis an straitéis atá i bhfeidhm. Tá níos lú daoine ag fáil bháis. Tá Al Cadhda díbeartha ón gcuid is mó den tír, agus tá na hIaráicigh ag obair ina gcoinne níos mó ná riamh. Ach an bhfaca éinne scéal mar sin le déanaí? In Lá Nua? Ní fhaca mé ansin ach scéal faoi bhuamadóir a d'éirigh leis mórán daoine a mharú. Ní bhíonn scéalta ann faoin dul chun cinn.

San Afganastáin, agus taobh léi, sa Phacastáin, tá sé ag éirí le harm an Phacastáin agus le harm NATO i gcaoinne an Talaban agus na sceimhlitheoirí. Ach is rún sin sna meáin, is dócha.

Ach bíonn cúpla focal ann faoi George Bush i gcónaí. Deir Dónal Mac Giolla Chóill san alt beag Ar an Lá Seo, atá in ainm is a bheith faoi bhás George Washington, gur cinnte nach mbeidh mórán d'oidhreacht fhónta dhearfach fágtha i ndiaidh George Bush. Is olc an scéal é is dócha go bhfuil an Iaráic saor agus an Talaban díbeartha as an Afganastáin, agus mórán eile.

Ar an láimh eile, tá dhá leathanach acu lán de bholscaireacht Al Gore... Ní dhearna siad trácht ar bith ar ráiteas an Phápa i leith an Téimh Dhomhanda (nach bhfuil naofa, dar leis).

Ba chóir dom duine cáiliúil Éireannach a mhaslú in pé alt a scríobhaimse is dócha. Ach is fearr liom "rúin" a scaoileadh.

Tuesday, November 27, 2007

Chuir George Bush an Phacastáin sa mheán Oirthear!

Tá a fhios agam go gcuireann galar an fhrithBhuiseachais isteach ar smaointe an duine, ach dar le eagarfhocal Lá Nua inniu, is féidir le Bush an tOirthear a aistriú siar. Seo thíortha an Mheán Oirthir, a eagarthóir...

Muise, agus cé go mbíonn a leithéid ag gearán faoi rud ar bith a dhéanann Meiriceá, bíonn siad chomh sásta gearán a dhéanamh aon uair nach ndéanann. Marbh le tae agus marbh gan é, mar atá. Dúirt Bush agus rialtas na Stáit nach bhfuilimid sásta le heachtraí Musharraf. Cad eile atá le déanamh? Agus an mbeadh cúrsaí ní b'fhearr ansin agus cumhacht ag an Taliban? Tá baol ann go mbeadh radacaigh i mbun sul i bhfad má thiteann an rialtas atá ann. An mbeadh sé ní b'fhearr dá dtabharfadh Musharraf meas don daonlathas? Cinnte! An ndeirimid sin? Cinnte! Ach is cuma sin le Lá Nua inniu. Tá comhlachtaí móra Mheiriceá ag tabhairt tacaíochta do Musharraf mar gheall ar an ola. Táim i ndáiríre - sin a deir siad! Comh fada agus is féidir liom a fheiscint, agus ní iriseoir mé, ní bhfaighimid aon ola ón Phacastáin. Is allmhaireoirí ola iad.

Aon duine a thuigeann an fuath do Bush (agus do Mheiriceá) a bhíonn ann, tuigeann an duine sin nach bhfuil fíricí tabhachtach ar bith in eagarfhocail ná scéalta nuachta...is fuath leo iadsan, freisin.

Eagarfhocal ar eagarthocal Lá Nua: Cacamas.

Ní dóigh liom go mbeidh aon mhaith le teacht as cainteanna Annapolis, d'ainneoin iarracht maith Bush. Mar a dúirt mé inné. Ní dóigh le CÓL agus Lá Nua gur fiú do Bush aon rud a dhéanamh, mar is Bush é. Muise.

“Uttering lines that send liberals into paroxysms of rage, otherwise known as ‘citing facts,’ is the spice of life. When I see the hot spittle flying from their mouths and the veins bulging and pulsing above their eyes, well, that’s when I feel truly alive.” - Ann Coulter

Monday, November 26, 2007

al-Dura, Iosrael agus Annapolis

Mar a tharla le mórán de na Cause Celibre in aghaidh Iosrael, ba bhréagach an líomhain seo gur mharaigh na hIosraeligh buachaill óg darb ainm al-Dura. Ní bheidh síocháin ann riamh agus a leithéid sin ar siúl. Is léir nach bhfuil suim ar bith ag mórán daoine san Eoraip, agus dar ndóigh sa mheán-oirthear, i síocháin le hIosrael.

Ach fós, beidh cruinniú mór thíortha an domhain ar bun i Meiriceá, sa chathair Annapolis. Is iomaí tír a bheidh páirteach ann. Dóbair gur thug na hArabaigh cead ar bith dá chéile freastal air. Agus ní léir go bhfuil údarás ar bith ag Údarás na bPalaistíneach. An rud is mó lena bhfuiltear ag súil as ná ráiteas go mbeidh Iosrael agus na Palaistínigh sásta "próiseas síochána" eile a chur ar bun.

Tá gach rud ina phraiseach do na Palaistínigh ón uair gur roghnaigh siad sceimhlitheoirí oscailte mar rialtas. Ach an bhfuil cúrsaí dona go leor fós go mbeidh siad dáiríre faoin síocháin? An mbeidh naimhde Arabacha Iosrael sásta leis sin riamh? Ní fheadar. Dá mbeadh gach duine i ndáiríre, bheadh seans ann. Ach is breá le daoine a gcuid drochchlaonta agus scéalta uafásacha faoi na Giúdaigh, faraor. Tá súil agam go bhfuil seans éigin ann. Ach nílim an-dóchasach fós.

Tuesday, November 20, 2007

Comhar

Mar a tharla, tá mo litir in Comhar na míosa seo, ag cuir in iúl cé chomh mí-shásta agus a bhí mé faoin alt maslach sin le Seán Ó hÉalaí. B'fhearr liom leithscéal, ach is dócha go bhfuilim sásta leis sin. Deir an t-eagarthóir ina dhiadh nach ndéantar aon chinsireacht ar thuairimí in comhar. Ach deirim fós, dá mbeadh alt faoin homaighnéasach, nó faoin lucht siúil, nó grúpa eile ar bith, ní bheadh siad sásta an bhiogóideacht chéanna a chur i gcló.

Is iomaí rud fiúntach a bhíonns in Comhar, agus is mór an trua nach mbíonn an t-eagarthóir níos cúramaí maidir le hábhar mar seo.

Friday, October 26, 2007

An Daonlathas i Meiriceá, agus Ráflaí faoina Bhás

Tá alt suntasach in Lá Nua inniú le Helen Nig Fhinn, bean Éireannach (go bhfios dom) atá ina cónaí i Nua-Eabhrac. Tá sí ag moladh féile scannán idirnáisiúnta ar ábhar an daonlathais. Ach san alt, luann sí cúpla rud eile.

Is minic a chloisim faoin bhfrith-Mheiriceánachas thar sáile, agus tá níos mó ná Meiriceánach amháin ann a chuireann i gcéil gur as Ceanada é/í, mar tá siad dubh dóite de na hionsaithe. Agus, de réir dealraimh, tá náire orthu faoina dtír féin. Is trua liom iad. Is féidir go mbeidís ní ba chompóirdí i gCeanada. Ach na daoine a gheall go mbeadh siad ag cur futhu i gCeanada má bhíonn bua ag George Bush, níor imigh. Caint amháin, seachas beart. Ach níl aon amhras ach go mbíonn sé deacair bheith i do Mheiriceánach thar sáile na laethanta seo go háirithe, agus is dócha go bhfuil sé rí-dheacair don té nach bhfuil bródúil as an tír seo. Mar a dúirt, is trua liom iad.

Luann Helen rud eile atá coitianta go leor na laethanta seo, agus sin an mhíthuiscint a bhíonn ag daoine maidir leis an daonlathas sa tír seo, agus an dóigh a fheidhmíonn sé. Is minic, go háirithe ar an eite chlé, nach mbíonn daoine sásta go bhfuil an daonlathas ann nuair a chaillíonn siad toghcháin. B'fhearr lena leithéid deachtóireacht shóisialach a chuirfeadh na dlithe i bhfeidhm gur mian leo. Mar dhea. Ach faoin daonlathas, bíonn buaiteoirí ann, agus bíonn cailiúnaithe ann. Sin an dóigh a oibríonn vótaí.

Ach an bhfuil daonlathas ar bith ann agus George Bush sa Teach Bán? Níl, ar shlí. Tá poblacht ann, mar a bhí riamh. Saghas daonlathais sin, ceart go leor, ámh.

Sna Stáit Aontaithe, tá dhá theach dála ann, agus uachtarán, agus cúirteanna. Sin na trí roinn. Tá ionadaithe sna tithe dála ó gach stát. Sa Seanad, tá beirt ann ó gach stát. Sa Teach, braitheann sé ar dhaonra an stáit. Agus caitheann gach duine aonar vóta dóibh go léir. Caitheann daoine aonara vótaí don uachtarán, ach bailítear le chéile iad agus i ndeireadh na dála, ní mór vóta lastigh an stát a bhualadh chun an vóta sin a thabhairt don uachtarán (cúpla vóta, de ghnáth). Sin an córas atá againn, agus feidhmníonn sé go han-mhaith, go raibh maith agat.

Má thugann na tithe dála dlí nua don uachtarán, tá ceart aige cosc a chur air. Ach má tá vótaí go leor sna tithe úd, is féidir leo an dlí a chur i bhfeidhm ina aineoinn. Braitheann gach rud ar vótaí na n-ionadaithe, agus braitheann ar vótaí an duine aonar cé hiad. Faraor, i mo stát féin, tá daoine sa Seanad nach n-aontaím leo riamh. Ach sin an córas atá againn. Ní cuirim i gcéil nach bhfuil an daonlathas ann mar gheall ar Hillary agus Schumer. Is raiméis sin.

Bhí deis ag lucht na heite clé vótaí a chaitheamh in aghaidh Bush dhá uair, agus theip orthu an bua a fháil. Dhá uair. Chaith mise mo vóta féin in aghaidh Bill Clinton dhá uair, agus theip orm. Sin mar a bhíonn. Sin an daonlathas atá againn. Níl sé foirfe, ach ní chreidimse go bhfuil córas níos fearr ann.

Aon duine a thugann faoi George Bush mar gheall ar 'easpa daonlathais,' is duine aineolach sin, faraor. Tá an daonlathas ceart go leor sna Stáit, go raibh maith agat.

Dála an scéil, d'fhéach mar ar shuíomh idirlín na féile, agus cé nach bhfuil dealramh olc ar an chuid is mó dá bhfuil ann, tá scannán amháin ann, an gcreidfeá, nach mbaineann leis an daonlathas ar chor ar bith, agus atá in éadan an "cogadh ar an sceimhlitheoireacht" agus ag cáineadh George Bush agus Meiriceá. Botún, is dócha, go bhfuil an ceann sin ann... Mar dhea.

Wednesday, October 24, 2007

Ionsaí Náireach ar Mheiriceá in Comhar

Tá síntiús agam den irisleabhar Comhar. Ceanaím é chun taitneamh a bhaint as an nGaeilge, as an siamsa agus dea-scríbhneoireacht a bhíonn ann. Ach caveat empor. Cad tá le léamh sa chéad alt san eagrán is déanaí ach alt a chuir racht feirge orm. Ní raibh mé in ann é a léamh ach ar ball, mar tá sé chomh maslach sin. Siamsa? Taitneamh? Dea-scríbhneoireacht? Beag an baol, mo léan.

Gach uair a cheapaim go bhfuil an frith-Mheiriceánachas ag dul i léig in Éirinn, bíonn dul amú orm. Déanaim iontas uaireanta cén fáth go mbacaim leis an teanga seo. Ach is liomsa í, agus is le daoine eile nach biogóidí iad, seachas leis na biogóidí amháin, buíochas le Dia. Ach bím do mo cheistiú féin gach uair a fheicim rud mar seo.

Scríobh an t-ainbhiosán biogóideach Seán Ó hÉalaí an feillbheart is maslaí dár léigh mé riamh faoi Mheiriceá (agus sin rud), agus chuir an t-eagarthóir Mícheáil Ó hUanacháin i gcló é in eagrán Deireadh Fomhar den irisleabhar. Náire ar an mbeirt acu.

Cuireann sé síos ar olcas Bush agus olcas an chogaidh san Iaráic, dar ndóigh. Níl aon ionadh sin - bheadh ionadh orm muna raibh na bréaga coitianta ann in alt fúinne as Gaeilge. Ach ní leor sin dó. Deir sé go bhfuil Meiriceá ag marú coismhuintir an Afghanastáin mar gheall ar an damáiste a rinneadh dár mórtas ar 9-11. Agus go mbímid sásta Araib ar bith a mhárú mar gheall ar ró-thioncar na nGiúdach inár rialtas (agus dár ndóigh, bhí an locht ar Iosrael maidir le Hiosboladh sa Liobáin...).

Is oth liom a rá gur iomaí duine a aontódh leis sin fós, cé nach bhfuil aon bhunús leis. Is beagáinín níos measa ná na gnáth-rudaí an cacamas seo, b'fhéidir, ach tá an frith-Iosraelachas níos measa ná an frith-Mheiriceánachas in Éirinn.

Cé gur maslach ar fad an méad seo go fóill, éiríonn an t-alt fiú níos measa fós. Mar ní bhíonn aon fhíor-naimhde ag Meiriceá riamh, an dtuigeann tú. Cumtar naimhde as an aer, cumtar scéalta faoi phúcaí an domhain (ó Salem ar aghaidh, deir sé) chun muintir aineolach Mheiriceá a spreagadh chun cogaidh. Agus cumhacht agus maoin a thabhairt do dhaoine áirithe, is dócha.

Is deacair ciall ar bith a bhaint as cacamas dá leithéid seo. Ach dar leis an saoi seo, ní raibh baol ar bith sa chumannachas. Ní raibh ann ach scéalta chun scanradh a chur ar pháistí.

Admhaíonn sé gur rud maith é gur ghlac Meiriceá páirt sa dara cogadh domhanda. Ach ní deir sé cén fáth. Is maith go rabhamar ann, agus is maith nach raibh Éire ann freisin, is dócha. Agus is trua nár maraíodh na Giúdaigh go léir, mar ní bheadh Iosrael ann, mar sin, is dócha. Ní mhíníonn sé an fáth go bhfuil an Eoraip níos fearr mar gheall orainn sa chás amháin seo.

Dar leis an saineolaí seo, is páistí aineolacha sinne go léir, agus is breá linn cogaidh a fhearradh, gan chúis. Muintir bhaolach sinn, a chothaíonn an t-olc i gcónaí, tá's agat.

Casacht agus plá ort, a Sheáin Uí hÉalaí. Ná bí ag súil le cabhair uainn riamh.

Ag tagairt don chabhair mar rud, is ionadh dom gur cuireadh an cacamas maslach seo i gcló san eagrán céanna inar nochtadh nach mbeidh maoiniú ó Fhoras na Gaeilge ar fáil san athbhliain do Chomhar. An ciallmhar é naimhde a dhéanamh de do chairde in am an ghátair? Ní thuigim sin. Ach is Meiriceánach mé...

Mura mbíonn leithscéal i gcló sa chéad eagrán eile, nílim cinnte go beidh mé chun mo shíntiús a athnuachan, má bhíonn Comhar ann. Agus is mór an trua sin. Bíonn scríbhneoirí fiúntacha ann beagnach gach eagrán, Seán Ó Méalóid agus Brian Mac a'Bhard go háirithe. Agus tá clúdach an-deas ar an eagrán náireach seo, muise.

Molaim do gach Meiriceánach agus gach cara dár gcuid litir a scríobh chuig an eagarthóir chun gearán a dhéanamh faoin ionsaí seo orainn. Dá ndéanfaí a leithéid d'alt faoi thír nó mhuintir eile ar bith (seachas Iosrael), bheadh gach éinne ar buile faoi. Ach ní miste le mórán más Meiriceá atá maslaithe, faraor.

Friday, October 12, 2007

Tá Duais Nobel na Síochána ina Staic Mhagaidh Arís

Sea, thapaigh siad deis eile chun Al Gore a mholadh. An frith-Bhush, an dtuigeann sibh. Slánaitheoir an domhain, a shínfeadh conradh Kyoto...agus a rinne scannán faoi fhéin! Is cuma fíor nó bréag aon rud a deir an duine, bíonn gach éinne sásta duaiseanna a bhronnadh ar Mheisias seo chultas an téimh dhomhanda.

Cheap mé nach raibh mórán céile fós acu siúd in Oslo nuair a thug siad ceann do Jimmy Carter. Ach níl aon teorainn leis an amaideacht, is léir.

Maidir le Gore agus an Téamh Domhanda, tagaim le huachtarán na Seice, agus le Rush Limbaugh. Níl aon mheas agam ar an gcoiste Nobel, ná ar an duais, a chaill a tábhacht agus a ciall fadó, faraor.

Thursday, September 27, 2007

Miánmar

Tá cúrsaí go dona i Miánmar (mBurma), agus tá súil an tsaoil dírithe orthusan mar gheall ar na léirsithe frith-rialtasa atá ar siúl ann.

Nach suimiúil é go bhfuil tuiscint faoi dheireadh ag daoine áirithe gur olc an rud é an deachtóireacht, agus a brúidiúlacht? Na daoine céanna a cheap gur bhotún ollmhór é an cogadh i Vítneam, agus gur bhreá an rud é an dóigh a d'imigh na Stáit agus nár sheasamar le muintir Vítneam, ná leo sa Chambóid, nó... Sea, timpeall 35 bliain ó shin, ba chuma leo na manaigh sna tíortha seo, ná aon duine eile ann. Cinnte, le tamaillín, thug siad faoi deara na mic léinn ar chearnóg Tiananmen. Ach d'imigh sin agus tháinig an Tíogar Síneach...

Anois, agus an saol ag aithint na gcumannach agus a leithéid mar atá siad, an mbeadh siad pioc ní ba dháiríre faoin Choiré Thuaidh? Faoin Sín fhéin, agus an Tibet go háirithe? Faraor, ní dóigh liom.

Dar le Lá Nua, dúirt an tUasal Ahern gur mhaith leis brú ón Sín ar an rialtas seo sa Bhurma (Miánmar). Ach nach dtuigeann sé gur ál na Síne rialtais mar sin?

Is fíor nach cummanaigh iad sa rialtas ann anois. Cuireann siad an milleán ar na cumannaigh as a gcuid trioblóidí uaireanta, fiú. Ach níl sa chumannachas ach leithscéal sa tSín, freisin. Is deachtóireachtaí iad araon, agus sin an fáth nach miste leis an Sín eachtraí an rialtais bhrúidiúile eile seo, dar liom.

Tá cúrsaí go dona ansin le fada. Agus tá an saol míshásta le fada. Agus is cuma leo.

Féach "In Éadan an Chumannachais" anseo. Sean-alt (lochtach) a scríobh mé atá ann. Tá sé chomh sean go bhfuil cúpla nasc briste ann. Gabh mo leithscéal. Ach seo ceann eile faoin Laogai (as Béarla, nár scríobh mise).

Níos mó faoi Bhurma. Sea, Burma an t-ainm ceart fós ar an tír, cé gur mhaith leis an rialtas atá ann an t-ainm eile, nár ghlac an pobal leis riamh.

Thursday, September 20, 2007

Drochchlaonadh sna Meáin, agus an FrithMheiriceánachas

Na Meáin Chumarsáide i Meiriceá

An Preas Meiriceánach agus Seán Ó Loingsigh

Is Deacair Gaeilge a Léamh

Sampla eile den Bhiogóideacht

An Fáth Go bhFuil Sé Tábhachtach

Lá Nua?

Cad is Fox News Ann?

Biogóideacht agus Ceartchreidmheachas

Baineann Fear Greim as Madra!

Iosrael agus na Palaistínigh, agus an Iaráin

Foras Feasa ar Iosrael

Mo Chur in Aithne

Rogha an Dá Dhíogha

An Iaráin - Cad a Dhéanfar? (Eanáir 2006)

Ceist Simon Wiesenthal

Fabhalscéal

Bolscaireacht

Ag Sodar i nDiaidh Arafat...

George Bush (agus an Nimh ina Leith)

Cén Fáth an Fuath Seo do George W. Bush? (2003)

Déardaoin na gCailliúnaithe Cráite (Eanáir 2005)

Léirmheas ar Alt le Mary Beth Taylor in Lá

Duaiseanna Eile don Fhrith-Bush-ach

Na Gealta i mBun Theach na nGealt

Dearcadh na nÉireannach Maidir le Bush (agus Meiriceá)

Dochar an Fhuatha do Bush san Afraic

An Cogadh san Iaráic

Na fáthanna:

Tá an Chogaidh i gCoinne na hIaráice Dleathach, Ceart agus Cóir

Torthaí an Chogaidh
Ní Buan a gCuimhne

Dul Chun Cinn:

An Todhchán
Ceannteidil
Trí Bliana san Iaráic
Laochra na hIaráice
Smaoineamh Fonnmhar
Fadhb na hIaráice
Teachtaireacht do na hArabaigh san Iaráic
Plean Nua
Rónán Mac Aodha Bhuí agus Ceithre Bliana san Iaráic
Óinmhidí Dháil na Stát Aontaithe
An Saighdiúir Meiriceánach san Iaráic

Na hAirm Ollscriosta:

Cá bhFuil na hAirm Ollscriosta?
Na hAirm Ollscriosta

Conspóidí eile a bhaineann leis:

Cé atá iontaofa?
Cad Tá Abu Ghraib ag Insint Dúinn?

Graifítí Frith-Mheiriceánach in Bagdad (agus in Lá!)

Fiúntas an Bhlaig Seo Mar Fhoinse Eolais

Tá an blag seo ann le fada, agus ailt a scríobh mé fadó, is deacair iad a fháil. I gcónaí, bíonn daoine ag ardú na gceisteanna céanna, agus sílim go mba chóir dom córas éigin a chur ar bun ionas go mbeadh sé ní b'éasca na sean-ailt a fháil. Mar sin, cuirfidh mé naisc in ailt nua chuig na seanchinn, agus déanfaidh mé naisc chucusan de réir ábhair sa liosta nasc atá ar an suíomh seo.

Tá níos mó ann ná na mór-ábhair a bheidh ina mbailiúcháin, ach beidh siad ar fáil mar a bhí riamh, sa chartlann.

Tuesday, September 11, 2007

Sé Bliana

Lá cuimhneacháin atá ann inniu. Rinneadh ionsaí uafásach orainn sé bliana ó shin. Tá na Daonlaithigh ag iarraidh fós géilleadh sa chogadh a tosaíodh ansin. Ach buíochas le Dia, níl siad láidir go leor fós chun an feall sin a chur i gcríoch. Ní maith leo go bhfuil dul chun cinn ann, de réir an ghinearáil is mó san Iaráic. Níor mhaith leo éisteacht leis. Níl meas ar bith acu air, cé go bhfuil sé sa phost sin mar gheall ar a gcuid vótaí féin. Agus go bhfuil sé ag éirí leis i gcoinne na sceimhlitheoirí, Al Quaeda go háirithe, san Iaráic. Ach pé rud a cheapann a leithéid, tá dul chun cinn ann, agus dóchas. Agus nílimid ag géilleadh.

Fuarthas teachtaireacht ó Bhin Laden (mar dhea) chun comóradh eile a dhéanamh ar an lá seo. Tá sé ar aon intinn leis an bpáirtí Daonlathach...agus níl cumhacht go leor aigesean chun an tír seo a scriosadh ach oiread. Má tá sé beo in aon chor.

Tá a chlár oibre ag gach éinne, agus is mór an trua go dtugann daoine áirithe príomháit dá dtuairimí polaitiúla ar lá mar seo. Fiú san Eaglais Chaitliceach anseo, is mó duine a chuir tuairimí amaideacha os comhar na ndaoine, seachas meas cóir a thabhairt don tír seo. Ag an Aifreann inniu, chuala mé faoin "war on terror" idir comharthaí athfhriotail, dar ndóigh, agus an "war on the poor" atá á fhearadh ag an rialtas mar gheall air...cacamas claonta mí-oiriúnach. Agus chuala mé faoina leithéid in áiteanna eile. Ghuí mise ar iadsan a cailleadh, iadsan atá anseo ina ndiaidh, agus ar an saol seo. Go raibh síocháin againn.

Agus chuaigh go dtí mo phost. Mar a rinneamarne go léir ar an lá úd sé bliana ó shin. Tá ár mbreatach ar foluain sa bhaile.
Agus faoi dheireadh, tá siad ag ath-thógáil.

Tuesday, August 28, 2007

Íol Meiriceánach

(Ní bhaineann gach aon rud leis an bpolaitíocht, fiú anseo!)

Is é an clár teilifíse is mó i Meiriceá ná American Idol. Comórtas amhránaíochta is ea é. Bhuel, is breá le m'iníon go háirithe é. Tá sí trí bliana déag. Tá sí ar buile faoi. Agus is maith liomsa é freisin, mar atá.

Gach bliain agus an comórtas thart, bíonn ceolchoirmeacha ag an deichniúr ab fhearr, an buaiteoir san áireamh. Chuamar anuraidh, agus an tseachtain seo caite, chuamar arís. Chuala m'iníon go mbíonn na 'híola' lasmuigh den halla (colluseum, mar atá) roimh an gceolchoirm, chun bualadh lena lucht leanúna. Mar sin, chuamar go luath. Ach nuair a shroicheamar an áit, chuir mo bhean ceist ar gharda, agus d'inis sé di go ndéanann siad amhlaidh ar a ceathair a chlog - agus bhí sé tar éis a cúig a chlog faoin am sin a rabhamar ann. Bhí díomá orainn. Ní raibh an cheolchoirm chun tosnú go dtí a seacht a chlog. Mar sin, bhí am go leor againn gan faic le déanamh.

Bhí wiener mobile ann, agus seans chun canadh dóibh, agus bhí beirt chara do m'iníon inár dteannta. Rinne siad an rud sin, agus fuair siad feadóga 'wiener' mar gheall air. Tá m'iníon fhéin ró-chúthail chun a leithéid a dhéanamh.

Scrúdaigh na gardaí sinn ar ár slí isteach, mar is gnáth na laethanta seo. D'iarr duine acu orm taispeáint dó a raibh i mo phóca. Ceamara a bhí ann. Ach ní raibh aon chosc air, mar a bhíonn de ghnáth. Mar sin ní raibh aon eagla orainn grianghraif a dhéanamh.

Ina dhiaidh sin, cheannaigh sí leabhar de ghriangraif, srl., clár don oíche, sin a rá. Agus chuaigh siad go dtí an leithreas. Scuaine fada do na mná is na cailíiní, dar ndóigh. Ní raibh aon deacracht agamsa. Mar sin, chuamar go dtí ár suíocháin, agus shocraigh mé ar dhul go dtí an leithreas ansin. Ar mo shlí ar ais, chuala mé duine do mo bheannú as Gaeilge! Cara do mo dheirfiúr chéile a bhí ann lena mhuirir féin. Níl ach na cúpla focal aige. Bhí sé ar mo phodchraoladh sa samhradh seo. As Laois eisean.

Ansin, bhí ceolchoirm bhreá ann. Bhíomar an-sásta leis. Rinneamar grianghraif go leor, mise agus m'iníon, ag a raibh a ceamara féin. D'imíomar leis an slua. An-oíche a bhí againn. Ach, leath-shlí abhaile, d'éirigh sé ar m'iníon nach raibh a ceamara aici. D'fhéachamar ar fud an chairr, ach ní raibh sé ann. Thugamar abhaile na cailíní eile, agus ansin, bhí orainn dul ar ais (leathuair an chloig eile) go dtí an halla, chun iarracht a dhéanamh an ceamara a fháil. Cheap sí gur thit sé óna mála sa halla ag a cathaoir. Níor cheap mé go bhfeicfimís riamh arís é, ach bhí seans beag ann, mar sin féin.

Ní raibh ach an corrdhuine ann ag an halla faoin am seo, agus bhí na doirse faoi ghlas. Ach fuaireamar cead ó gharda, agus chuamar isteach. Cheap mé go raibh an oíche scriosta mar gheall ar chailliúint an cheamara, ach mar a tharla, bhí sé ann fós faoina cathaoir! Ceamara daor atá i gceist, agus bhí áthas orainn.

Nuair a chuamar isteach an halla, chualamar daoine ag screadadh agus ag bualadh bas. Cheapamar go raibh na híola ag imeacht. Bhí díomá orainn nach rabhamar in ann iad a fheiscint. Ach ar eagla na heagla, ar ár slí amach, thiomáin mé i dtreo na fuaime sin. Agus bhí roinnt díobh ann, agus bhí siad ag síniú is ag caint lena lucht leanúna! Fuaireamar grianghraif díobh, agus fuair m'iníon roinnt síniuithe, agus fuair sí fiú barróg ó bhuachaill deas díobh! Bhí áthas an domhain orainn, agus uirthise go háirithe. Bhí na híola an-deas agus an-fhlaithiúil ar fad. Tá siad níos deise ná mar a cheapfaí ón teilifís, fiú.

Dar ndóigh, bhí m'iníon ag insint dá cairde go bhfuair sí síniuithe agus barróg, agus ní bhfuair siadsan ach feadóga 'wiener'...

Mar sin, dea-thimpiste a bhí ann, nuair a d'fhág sí a ceamara, seachas a mhalairt. Buíochas le Dia!

Tuesday, July 31, 2007

Putinjugend

Bíonn cacamas le léamh i gcónaí a deir go bhfuil George Bush ag déanamh ionsaithe ar an ndaonlathas i Meiriceá. Níl aon bhunús leis, dar ndóigh, ach an gnáth-fhuath do Bush. Ní minic a bhíonn éinne ag caint faoin bhfíor-ionsaí ar an ndaonlathas atá ar siúl sa Rúis.

Cheapfaí go bhfuil an scéal seo faoin ngnéas agus daoine óga sa Rúis. Bhuel, tá. Ach tá níos mó ann, freisin.

Seo cúpla sampla eile dá bhfuil ar siúl le fada faoi Putin.
Ón Washington Times (2004)
Zach Stern (2004)
George Bush (2007)

Friday, July 27, 2007

An Saighdiúir Meiriceánach san Iaráic

Tá breis is 155,000 saighdiúir againn san Iaráic. An féidir nach bhfuil siad go léir go deas? B'fhearr liom gan sin a chreidiúint, ach tharla Abú Ghráib. Is féidir in aon tslua chomh mór sin, go bhfuil cúpla úll lofa ann. Ach le déanaí, tá irisí áirithe ag iarriadh cur in iúl dúinn go bhfuil siad go léir lofa. Sea, na daoine céanna i gcónaí, iad siúd a smaoiníonn gur sinne na droch-dhaoine, seachas na sceimhlitheoirí. Ach cad faoi na scéalta atá acu?

Tá agallaimh le caoga saighdiúir frith-chogadh ag irisleabhar na heite clé The Nation. Tuairiscíodh faoi thar sáile, freisin ("Interviews with US veterans show for the first time the pattern of brutality in Iraq" - alt a thosaíonn le bréag sa chéad abairt...). Bolscaireacht mhaith atá ann, dar ndóigh, do na frith-Mheiriceánaigh. Sea, fuair siad 50 as cúpla céad míle atá sásta drochrudaí a rá faoin misean, nó faoina gcomhghualaithe, nó faoina ndrochiompar féin. Nó an bhfuair? An bhfuil na scéalta go léir chomh dona sin? Níl, dar le William Kristol. Ach fiú más fíor iad na scéalta, agus má tá siad go dona, níl ann ach na corr-úll lofa, gan dabht. Tá cuspóir polaitiúla ag gach duine díobh, chun seasamh in aghaidh an uachtaráin, pé scéal, agus cuireann sin in amhrás a gcuid scéalta, freisin. Ach admhaím gur féidir go bhfuair siad cúpla droch-úll, chun feidhm a bhaint astu.

Luaitear Haditha in 2005 san alt sin san Independent. Ní léir gur tharla sé sin mar a cheaptar ach oiread, mar atá. Agus tá an dlí á chur ar éinne a rinne aon rud mícheart ann. Níl aon pholasaí ann chun sibhialtaí a mharú in arm na Stát Aontaithe. Sin polasaí na sceimhlitheoirí.
(Dála an scéil, fuair ní ba lú sibhialtaí bás san Iaráic ná mar a ceapadh in 2004).

Tá blagadóir foilsithe ag irisleabhar eile den eite chlé, The New Republic. Deir seisean gur saighdiúir san Iaráic é, agus bíonn sé ag insint scéalta faoi dhrochiompar na saighdiúirí ann. Níl éinne cinnte fós gur fíor-shaighdiúir é ar chor ar bith. Ach más ea, is eisean a bhíonn ag déanamh na ndrochbheart, agus ba chóir píonós a ghearradh air. Seo freagra dóibhsean le Hugh Hewitt.

Rinne John Kerry agus a chairde an cleas céanna nuair a bhí an cogadh ar siúl i Vítneam. Is mór an náire orthu as na bréaga sin (dá mbeadh a leithéid in ann náire a thuiscint i gceart).

Cé hiad na saighdiúirí atá againn? Cén saghas duine iad de ghnáth? An saghas is fearr, gan dabht. Go mbeannaí Dia iad.

In ionad a bheith ag síorcháineadh na Meiriceánach, ba chóir scéalta faoin maith a dhéanann siad ansin a insint, agus scéalta uafáis na sceimhlitheoirí a insint. Mar a dhéanann Michael Yon.

Wednesday, July 25, 2007

Dochar an Fhuatha do Bush san Afraic

Tá fadhbanna go leor san Afraic, agus ba chóir do na tíortha ansin go léir obair le chéile chun iad a réiteach, in éindí leis an domhain ar fad. Go háirithe na tíortha is saibhre, mar an Afraic Theas. Ach de réir dealraimh, b'fhearr leosan geáitsí frith-Mheiriceánacha a dhéanamh (ag an NA, dar ndóigh), ná aon mhaith a dhéanamh ar an mórthír bhocht sin.

Is iomaí tír a bhíonn ag olagóin nach bhfuil aon Chogadh Fuar ann níos mó. Tá an Rúis agus an tSín ag obair le gach tír díobhálach ar domhain (an Iaráin, an tSúdáin, an tSiombáib, srl.) chun bheith ina bhfreasúra (díobhálach) do na Stáit Aontaithe, agus do pholasaithe George Bush go háirithe. Go díreach mar a dhéanaidís i rith an Chogaidh Fhuair, tá tíortha an tríú domhain (an cuimhin le héinne cad as ar tháinig an téarma sin?) ag taobhú is ag tacú le domhan saor nó domhan daor, chun a gcumhacht a ardú (mar dhea).

Ach an Afraic Theas, nach bhfuil a fhios acu cad is saor agus cad is daor ann? Nach mbeadh suim acu i gcearta daonna agus saoirse daoine, go háirithe san Afraic? Cheapfaí. Ach níl sé amhlaidh, faraor. Tá fuath do Bush níos tábhachtaí ná daoine gorma na Súdáine nó saoirse sa Mheánoirthear.

Cad iad na maithe eile nach ndéantar ar domhain as siocair na príomháite a thugtar don fhuath, agus don éad, agus don mhóráil? 'Sé an cluiche céanna atá ar siúl, fiú gan aon Aontas Sóivéadach. Agus an rogha chéanna.

Thursday, July 19, 2007

Dearcadh na nÉireannach Maidir le Bush (agus Meiriceá)

Chuir mo chuid cainte olc ar mo chara Fearn (ar chlár plé Beo) nuair a dúirt mé le déanaí (anseo) nach raibh aon ionadh orm go ndúirt Éireannach gur mhaith léi bás G.W. Bush. Síleann sé gur claonchiníochas frith-Éireannach an ráiteas sin. Ní aontaím leis, dar ndóigh. Ach is fiú an cheist seo a phlé. Cad é an scéal i bhfírinne in Éirinn? Níl eolas agamsa ach mo thaithí féin. Le breis is sé bliana, táim ag plé cúrsaí polaitiúla a bhaineann le Bush agus SAM le daoine in Éirinn, as Gaeilge. Tá cúpla inimirceach de bhunadh na hÉireann a bhfuil aithne agam orthu, agus níl siadsan fríth-Bhuis. Tá cúpla duine ar an idirlíon atá réasúnta stuama agus nach bhfuil ina bhfanaicigh fhríth-Bhuiseacha. Ach is mionlach iadsan, gan aon agó. Fiú na daoine seo, is minic a deir siad 'cé nach n-aontaím leat' sula deir siad aon rud eile liom.

Scríobhaim ailt ó am go chéile a chuirtear i gcló, mar a dhéanaim anseo, chun cás Mheiriceá a mhíniú as Gaeilge. Ní dhéanann aon duine eile sin, as Gaeilge ar aon nós. (Bíonn ailt ann i gcónaí ag insint bréag agus ag tabhairt maslaí orainn, cinnte. Is breá le scríbhneoirí Éireannacha droch-rudaí a rá faoi na Stáit Aontaithe.) An chéad uair gur scríobh mé do Lá, mhol an foilsitheoir dom alt a sheoladh chucu. Ní raibh a leithéid ann, agus bhí suim acu i scéal ó dhearcadh eile (cé nach gcuiridís a leithéid ann, nó fiú cothromaíocht, as a stuama féin). Den chuid is mó, chuir mo thuairimí fearg ar dhaoine.

Don chéad uair a bhí mé ar Raidió na Gaeltachta, fuair mé cuireadh ó Rónán Mac Aodha Bhuí mar gheall ar ailt a scríobh mé ar Iosrael. Duine le Gaeilge agus é ag tacú le hIosrael – an rud is annamh is iontach! Níl aon duine eile ag déanamh amhlaidh. Léigh mé alt suimiúil in Comhar le déanaí a mhínigh go bhfuil baint láidir idir dearcadh dhuine ar Iosrael agus dearcadh dhuine ar an bpoblachtachas i tuaisceart na hÉireann. Crochann na poblachtaigh bratacha Palaistíneacha ar a dtithe, agus crochann na hAontachtaithe bratacha Iosraelacha ar a gcinn féin. Ní bhíonn aon phlé ann. I bhfírinne, níl ann ach comhairle a bhaineann le polaitíocht an tuaiscirt, seachas dearcadh tuisceanach ar chúrsaí an Mheánoirthir. Agus dar ndóigh, seasann na Stáit Aontaithe le hIosrael, seachas leis na sceimhlitheoirí Palaistíneacha. Tá fríth-Mheiriceánachas an-láidir sa tuaisceart, mar sin.

Ar chláir phlé an idirlín, bíonn daoine as a meabhair i gcoinne na Stát agus i gcoinne Iosrael, agus dar ndóigh, i gcoinne GWB go háirithe. Ach cad faoi ghnáth-dhaoine eile in Éirinn, nach mbíonn ar an idirlíon, agus nach mbíonn ag plé leis an nGaeilge? Cloisim tuairiscí ó dhaoine a théann go hÉirinn ar saoire. B’fhearr duit cur i gcéill gur Ceanadach thú, deir mórán díobh.

Bhí mé ar chlár Rónáin cúpla uair, agus mar gheall air sin agus na hailt a scríobh mé do Lá agus do Comhar, tá aitheantas éigin orm in Éirinn. Bhí mé ag caint le Cóilín Ó Floinn uair. Is Meiriceánach líofa sa Ghaeilge é atá ina chónaí in Éirinn. D’inis sé scéal dom. Bhí sé i dteach tábhairne éigin, agus nuair a chuala duine gurb as Meiriceá é, agus é líofa, cheap an duine sin gur mise ab ea Cóilín bocht (nach n-aontaíonn liom maidir leis an bpolaitíocht), agus rinne sé bagairt air agus thug eascaine air, go bhfuair sé nár mise é. Níl gach éinne mar sin, cinnte, ach tá siad ann.

Chonaic mé an fríth-Mheiriceánachas Éireannach den chéad uair in 2001, ar liostaí r-phoist Gaeilge-B srl. Bhí sé chomh láidir ar Gaeilge-A freisin, gur imigh mé ó na liostaí sin ar ball. Dar liom, scrios an dearcadh sin mórán plé a bhíodh ar an idirlíon. Níl aon ábhar slán ach an gramadach, tomhais, agus an aimsir, beagnach. Sílim nach bhfuil sé chomh dona agus a bhíodh, ach nílim cinnte. Cá bhfios nach ndéanaim maith éigin ag soláthair an taobh eile as Gaeilge? Mar sin féin, fuair mé litir an phinn nimhe tamall beag ó shin ó strainséir eile a fuair Gan Fiacail Ann de thaisme…Níl ag teastáil uaimse ach a bheith cairdiúil, agus eolas a roinnt le daoine, eolas nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile as Gaeilge. Agus freagra a thabhairt dóibh a bhíonn dár n-ionsaí. Tá géar-ghá leis sin, dar liom.

Is féidir gur fadhb na gcathracha móra é seo (agus sna meáin). Is amhlaidh sna cathracha móra anseo, Nua-Eabhrac san áireamh. Tá cúrsaí chomh dona in Londúin, freisin, gan dabht. Ní bhíonn mórán daoine sa Ghaeltacht nó faoin tuath ar an idirlíon, go bhfios dom. Táim réasúnta cinnte nach mbíonn daoine ag tabhairt maslaí i gcónaí ar thuarasóirí Meiriceánacha sna háiteanna is mó a mbíonn siad ar cuairt (mar gheall ar an airgead). Ach ní ionann sin agus nach mbíonn siad ag smaoineamh amhlaidh. Agus dar ndóigh, tá fáilte roimh Mheiriceánaigh frith-Bhuiseacha…
An tuairisc is mó a fhaighim ná fur fuath leo sinn thall, faraor.

Rinne mé iarracht ‘Ireland pro-Bush’ a lorg ar Google. Den chuid is mó, fuair mé daoine ag déanamh líomhaintí go raibh daoine eile ‘pro-Bush’ (mar rud uafásach). Ach fuair mé cúpla rud suimiúil:

9-14-04

THE general view among many Irish Americans is that anti-Bush sentiment is a matter of faith in Ireland, but like all suppositions there is another side to the argument. There have been some heated debates in recent times between Irish Americans and Irish natives on this issue. Several leading Irish American businessmen have become very exercised on this question and regard Ireland in a far more jaundiced fashion as a result. Yet, like every strongly argued issue, there is now a clear sense that not all the Irish people are opposed to President Bush, and ...

2004 arís:
For Stan and many of his compatriots living here, to be an American in Ireland is to be a pariah. Some US citizens say America-bashing has become so prevalent in Irish society, they no longer feel welcome. Others no longer feel safe.


Tá duine amháin (Aontachtaí, sílim) in Éirinn agus blag coimeádach aige.

Bhí duine amháin a d’aontaigh leis maidir leis an Afraic (fuair mé ar Slugger O’Toole é seo).

Is cuimhin liom cúpla duine as Éirinn a bhíodh ina gcónaí anseo le tamall. Gaeilge iontach atá acu. Uair amháin, luaigh mé go mbeinn ag caitheamh vóta ar son GWB. B’iontach an alltacht a tháinig ar aghaidh na mná sin, nuair a dúirt sí “Oh no….” Nílim cinnte gur labhair sí liom ina dhiaidh sin. Chuaigh siad ar ais go hÉirinn faoi cheann tamaill.

Gach a léim agus gach a chloisim, taispeánann sin dom gur fríth-Bhuiseach (radacach confach) an móramh in Éirinn. An bhfuil fianaise ag éinne nach fíor sin? Ba bhreá liom bheith mícheart maidir leis an bhfríth-Mheiriceánachas thall. Go bhfios dom, déantar talamh slán de in Éirinn gur duine olc é Bush agus go mbíonn Meiriceá mícheart, go bhfuilimidne ciontach as fadhbanna go léir an Mheánoirthir, srl. Agus ní bhíonn plé ann faoi. Bíonn fuath ann.

Taispeánaigí dom go bhfuil dul amú orm, le bhur dtoil.

Agus go raibh maith agaibh uile atá sásta an blag seo a léamh.

Wednesday, July 18, 2007

Óinmhidí Dháil na Stát Aontaithe

Cloistear go bhfuil droch-thuairim ag gach éinne faoi Bush. Ní shíleann ach timpeall 34% den tír go bhfuil sé ag déanamh jab mhaith. Ach cad faoin Teach Dála? Mar atá, tá tuairim níos measa ag gach éinne ina leith. Dar le pobalbhreith nua, ní shíleann ach timpeall 14% den tír go bhfuil siadsan ag déanamh jab mhaith.

Ní maith le héinne an cogadh, dar ndóigh. Agus tá mórán daoine ann a chuireann an milleán ar Bush mar gheall air, seachas ar na sceimhlitheoirí. Sin cuid díobh nach bhfuil sásta leis an uachtarán. Ach tá daoine eile ann nach bhfuil sásta leis na rudaí eile a dhéanann sé, go háirithe maidir leis an inimirceacht. Sílim féin go bhfuil sé ag déanamh jab cuibheasach maith (fair), mé féin. Ach is fuath liom tréas (beagnach) an pháirtí Dhaonlathaigh sa Teach Dála.

Rinne siad geáitse aréir a thaispeánann an dearcadh amaideach atá ann. D'ainneoin nach raibh seans dá laghad go ndéanfadh sé aon difear, chaith siad an oíche go léir ag gearán faoin gcogadh, agus ag bagairt ar an arm agus ar an uachtarán (agus ar mhuintir na hIaráice). Ba mhaith leo, de réir dealraimh, bua a thabhairt dár naimhde go léir, agus praiseach a dhéanamh den Iaráic. Is cuma leo go mbeadh cinedhíothú ann, agus go mbeadh baile nua slán ann do na sceimhlitheoirí go léir. Is fuath leo Bush, agus sin an rud. An teachtaireacht don saol atá acu: tá Meiriceá lag, agus ba mhaith le mórán sa rialtas géilleadh do na sceimhlitheoirí. Ach is cuma sin. Is fuath leo Bush.

Idir an dá linn, fuarthas ceannaire Al Cadhda san Iaráic inniu. Tá na trúpaí deireanacha ón 'réablach' tagtha i dtír an tseachtain seo, agus an straitéis nua faoi lán seoil. Dá mbeadh gach éinne ag taobhú leis na laochra san arm atá ann dár gcosaint, thiocfadh an deireadh ní ba thapúla, gan dabht. Ach tugtar dóchas dár naimhde i gcónaí. An-jab, Reid, Pelosi, Clinton, Kennedy, Murtha... agus bhur gcairde go léir.

Thursday, July 12, 2007

Ag Sodar i nDiaidh Arafat...

Buaiteoir eile dhuais na síochána Nobel...an bhfuil aon mhaith sa duais sin? (Tugadh do Jimmy Carter é, in ainm Dé... "With the position Carter has taken...(the award) can and must also be seen as criticism of the line the current U.S. administration has taken on Iraq," Committee head Gunnar Berge, a former labor minister, told reporters.)

Agus anois, Nobel laureate calls for removal of Bush. Sea, duine eile le BDS (Bush Derangement Syndrome).

It's twisted. It's all wrong," she said. "There are so many lies being told.

Ach níl sí ag déanamh a faoistine, faraor, ná ag caint fuithi féin agus a leithéid.
"Right now, I could kill George Bush," she said

Bean Éireannach atá i gceist. Níl aon ionadh sin, mo léan.

Ach saineolaí faoin Meánoirthear is ea í, gan dabht? Ní hea, ná baol air. Fuair Betty Williams a duais mar gheall ar na trioblóidí in Éirinn.


(DAS, tá a fhios agam nach cruinn mo theidil. Fuair Arafat an duais in 1994, agus an bhean seo in 1976. Ach bhí sise níos fearr roimhe, go bhfios dom).

Monday, July 09, 2007

Rush II

Chonaic mé iad, agus bhí an ceolchoirm go breá. Chas siad an t-amhrán seo, ach ní dhearna siad aon léirsiú polaitiúil de, ná baol air. Bhí siad an-dearfach agus spraíúil an t-am ar fad. Níor chuir an ceann seo isteach orm chomh mór ar an stáitse agus a chuir ina aonar ar leith. Tá siad ag iarraidh a bheith dearfach, seachas nimhneach, a mhalairt mar a bhíonn an iomarca na laethanta seo.

Déanann siad ceolchoirm iontach, agus molaim iad a fheiscint, má bhíonn deis agat.

Tuesday, June 19, 2007

Rush

Is breá liom an bhuíon cheoil Rush. Is minic go mbíonn líricí sofaisiticiúla cliste aibí acu. Ach uaireanta, téann siad ar strae. I bhfírinne, níor chuir siad isteach orm go dtí an t-albam nua seo, Snakes and Arrows. Is maith liom é. Is mó amhrán fiúntach atá air (ach sílim nach bhfuil sé chomh maith agus a bhí an ceann roimhe, Vapor Trails). Ach maraon leis an móramh i saol na n-ealaíon, is frith-Chríostaí an dearcadh atá ann, uaireanta, agus dar ndoigh, frith-Bush. D'ól siad an Kool-Aid maidir leis an gCogadh i gCoinne na Sceimhlitheoireachta, déarfainn. Tá amhrán nua amháin acu, Where the Wind Blows, agus is léir go nglacann siad le mórán den mhiotaiseolaíocht choitianta, go bhfuil na Críostaithe i lár Mheiriceá chomh dona agus atá na sceimhlitheoirí san Iaráic, agus a leithéid de chacamas. Tá díomá orm go bhfuil siad chomh haineolach, go toilteanach. Ach mar a tharlaíonn go minic, thug ráitis daoine eile inspioráid dom chun dán a scríobh:

Sofaisticiúlacht (Mar Dhea)

Beidh mé ag dul go ceolchoirm Rush go luath. Tá súil agam nach ndeirfidh siad aon rud pholaitiúil...

Thursday, May 17, 2007

Plus ca Change?

Táthar ag súil go mbeidh feabhas ar an gcaidreamh idir na Stáit agus an Fhrainc, mar gheall ar a n-uachtarán nua. Ach chuir sé imní an domhain orainn le déanaí, nuair a tuairiscíodh go raibh sé chun an frith-Mheiriceánach radacach Hubert Védrine a dhéanamh ina rúnaí gnóthaí eachtracha. Ach mar atá, tá sé chun an post sin a thabhairt do dhuine i bhfad níos fearr, Bernard Kouchner. Sea, is sóisialaí eisean fós, ach déanann sé rudaí maithe, agus d'fhoghlaim sé ó linn a óige, agus is duine ciallmhar é, de réir dealraimh. Bíonn sé ag obair i gcónaí ar son cearta daonna. Bunaitheoir do Médecins Sans Frontières, agus ansin Médecins du Monde, ab ea é. Thacaigh sé leis an gcogadh san Iaráic, fiú.

Tá Sarkozy ag iaraidh poist a thabhairt do na sóisialaithe agus chun a bheith cairdiúil leo, agus meas a thabhairt dóibh. Tá siadsan ag eagrú círéibeacha, agus tá Royal á spreagadh chun diúltú aon phost faoin uachtarán seo. Cuireann sin na hiarrachtaí a dhéanann George W. Bush, agus a rinne a athair, chun obair leis an bpáirtí Daonlathach. Chuir siadsan a méar ina shúil nuair a thairig siad a lámh dóibh, freisin.

Ach tús maith, leath na hoibre, agus is féidir fós go bhfuil dóchas ann don Fhrainc. Ach an bhfuil Sarkozy in am chun an tír a shábháil? Agus an ndéanfaidh sé rudaí amaideacha chun cairdeas a chothú leis an eite chlé (mar na Bushes)? Is maith an scéalaí an aimsir.

Sunday, May 06, 2007

Viva la France?

Tá mearbhall orm. Rinne na Francaigh rud ciallmhar! Sarkozy abú! Bon chance, notre amis! Ach níos fearr ná a bhua féin, níos fearr ná go bhfuil cara ag Meiriceá (ceaptar) sa bhFrainc, is é an rud is fearr ná gur briseadh na sóisialaithe!

Is dócha go dtuigeann na móramh ann go bhfuil an Fhrainc ag dul sa treo mícheart le fada an lae, agus go bhfuil gá géar le hathruithe inti. Beidh sé deacair go leor d'aon duine ciallmhar aon rud a dhéanamh sa bhFrainc, agus beagnach leath den tír ina sóisialaithe fós. Ach tá an fhadbh chéanna againne, agus uaireanta éiríonn go maith linn. Ensemble tout deivient possible.

Guím gach rath ar an uachtarán Sarkozy - agus, rud nach ndúirt le fada - ar an bhFrainc.

Monday, April 30, 2007

Na Gealta i mBun Theach na nGealt

Teach Dála Mheiriceá, sin a rá. Thug an móramh cead (nach raibh riachtanach, ach sin scéal eile) don uachtarán an t-ionsaí ar an Iaráic a dhéanamh. Ach deir siad nach raibh siad i ndáiríre. Deir siad go raibh gach éinne ag insint bréag dóibh.

D’fhéach siad ar an eolas a bhí ann, agus chonaic siad an fhianaise chéanna. Ach níor fhéach siad ar an stuif sin go dáiríre. Ghlac siad le bréagacha an uachtaráin. Cé nach gcreideann siad é faoi aon rud riamh. Ní bhíonn saoi gan locht, dar ndóigh. Níor cheap siad ar an reachtas seo go dian. Ní raibh siad i ndáiríre faoina jab.

Deir siad anois go mbíonn siad ag tabhairt tacaíochta do na trúpaí. Agus gur mhaith leo an t-airgead atá de dhíth a thabhairt dóibh. Ach tá a lán fhios acu nach féidir sin a dhéanamh agus spriocdháta a chuir sa reachtas céanna. Ach is cuma leo sin. Mar sin, is léir go bhfuil sé ar nós cuma liom acu má bhíonn airgead go leor ag na trúpaí nó mura mbíonn. Ní ionann an rud a deir siad agus an rud a dhéanann siad. Dar ndóigh, níl siad i ndáiríre faoin tacaíocht, mar dhea, a thugann siad do na trúpaí. Mar a dhéanann Harry Reid, a dúirt go bhfuil an cogadh caillte. Sea, an cogadh atá na trúpaí siúd ag fearadh. Ach tacaíonn sé leo.

An t-aon rud faoina bhfuil siad i ndáiríre, sin an toghchán atá le teacht, agus na vótaí atá le fáil as a gcrógacht i gcoinne George Bush. Go sábhála Dia sinn.

Dá mbeadh daoine mar Joe Lieberman níos coitianta ina pháirtí. Is duine dáiríre eiseann. Sin an fáth nach bhfuair sé tacaíocht a pháirtí ina Stát féin. Bhí sé air a fheachtas a dhéanamh don seanad mar dhuine neamhspleách. Fuair sé an bua, d’ainneoin a pháirtí. Ní raibh siad i ndáiríre fiú faoina ndiúltú do Joe Lieberman.

Nach suimiúil é freisin nach bhfuil suim dá laghad acu faoin nuacht ón Iaráic, nó faoi thuairisc ón bpríomhghinearáil atá i mbun ann. Níl aon suim acu bua a fháil san Iaráic. Níl uathu ach géilleadh náireach a dhéanamh ann. Ach is breá leo na trúpaí! Agus tá grá acu dá dtír! Dá mbeadh.

Deir siad gur mhaith leo an tír a choimeád slán. Mar sin, tugann siad spreagadh agus dóchas do na sceimhlitheoirí san Iaráic, agus ar fud an domhain. Léiríonn siad dóibh nach bhfuil siad i ndáiríre, agus nach miste leo éalú ó throid ar bith. Is cuma leo aon fhrithghníomh as a ndéanann siad. Bíonn siad ag tagairt do Vítneam, ach níl aon chuimhne acu ar stair an chogaidh sin. Tá siad ag iarraidh an rud ba mheasa dá ndearnamar ann a athdhéanamh. Ach ní bhíonn siad dáiríre faoin stair, ach oiread.

Deir Pelosi agus leithéid nach bhfuil tíortha mar an tSiria agus an Iaráin i ndáiríre faoin sceimhle, ach faraor, tá. Agus tugann siad gach seans dóibh bréagacha a insint dóibh. Is maith leo na bréagacha sin. Is breá leo cur i gcéill nach bhfuil naimhde dáiríre againn. Ach tá. Dá mbeadh Pelosi agus a cairde i ndáiríre faoin rud is fearr don tír, agus don domhain, seachas ina gcáil féin.

Ní bhíonn siad dáiríre. Agus is fadhb an-dháiríre don tír sin.

Tuesday, April 24, 2007

Boris Yeltsin, ar Shlí na Fírinne

D'éag laoch na saoirse Boris Yeltsin inné. Bhí ról lárnach aige i mbriseadh an Aontais Shóivéidigh. Bhí sé ina uachtarán ag an Rúis le naoi mbliana, agus tús na saoirse i réim. Faraor, tá an Rúis ag cúlú i dtreo an stáit phóilínigh. Um an dtaca seo, tá an imreoir fichille cáiliúil Gary Kasparov faoi ghlas mar gheall ar agóid a nglac sé páirt inti. Tá amhras ar gach éinne faoi na dúnmharuithe a rinneadh, agus ar an iarrachtaí chun uachtarán na hÚcráine, Viktor Yushchenko, a mharú, go ndearna Putin agus a chomhghleacaithe sin. Agus is minic a bhíonn an Rúis ag tabhairt tacaíochta do dheachtóirí uile an domhain arís. Go díreach mar na sean-laethanta olca.

Tá súil agam go ndéanfaidh na Rúisigh machnamh ar Yeltsin agus a oidhreacht. Ní mór dóibh athruithe a dhéanamh. Go dtugfar an seans dóibh.

Is iontach dom an easpa cainte sna meáin. Is dócha nach cuimhin le mórán daoine an saghas duine a bhí ann, agus an feabhas a rinne sé ar an saol seo. Go ndéana Dia trócaire ar a anam. Agus ar an Rúis.

Wednesday, April 18, 2007

Cultúr an Ghunna, Deirtear, a ba Chúis Leis

Gan mhoill, fuarthas an tobfhreagairt ghnách ó phreas na hEorpa agus ón eite chlé i gcoitinne. Fiú ó John Howard san Astráil. Beidh ailt sna meáin agus gach uile dhuine ag cur an mhilleáin ar dhlíthe na Stát Aontaithe maidir le gunnaí, as an uafás a rinne gealt ag ollscoil Virginia Tech. Dar ndóigh, ceapann na hEorpaigh agus an lucht bien-pensant go bhfuilimid dall. Dá mbeimis chomh cliste leo, ní tharlódh a leithéid, ceapann siad. An sotal i ndiaidh na n-uaisle, mar is iondúil, faraor.

Bheadh sé chomh ciallmhar an milleán a chur ar dhlíthe maidir leis an inimirceach agus daltaí idirnáisiúnta. Bheadh sé chomh ciallmhar an milleán a chur ar dhlíthe tiománta as gach bás a tharlaíonn mar gheall ar charranna. Más mian le duine olc mórán daoine a mharú, bíonn seift ann dó. Úsáidtear eitleáin, úsáidtear gáis nimhneach, úsáidtear claimhte, úsáidtear nimh.

Mura ndéantar le gunnaí, déantar le sceana nó fiú bataí. Agus nach bhfuil sé níos measa nuair a dhéanann daoine nach bhfuil as a meabhair a leithéid?

An féidir aon rud a dhéanamh? Maidir le gnáth-choireanna, is féidir. Ach ní féidir gardáil i gcoinne an chadhain aonair atá as a mheabhair. Ach amháin, má aithnítear go bhfuil fadhb ag duine, agus má thugtar aire dó. Aithníodh go raibh fadhb ag an té a rinne an t-uafás seo is déanaí. Ach ní dhearna éinne aon rud chun a bheith cinnte nach ndéanfadh sé coir. Tá saoirse againn, agus ní maith le daoine cur isteach air sin. Uaireanta, bíonn praghas le n-íoc as sin.

Is maith le daoine cúis éigin a aimsiú, fáth cinnte a bheith ann. Is mian le daoine go bhfuil réiteach ann a stadfadh a leithéid. Ach níl an saol seo chomh simplí. Bíonn an t-olc ann. Easpa creidimh agus easpa grá, is iad na cúiseanna is mó i gcónaí.

Seo alt an-chiallmhar faoin a bhfuil le rá ag na meáin faoi seo, le Rush Limbaugh.

Seo alt an-suimiúil ón nGearmáin.

Sea, tarlaíonn a leithéid fiú i dtír chomh cliste leis an nGearmáin. Agus níl Sasana gan locht, ach oiread.

Beidh rud le rá ar ball ag an NRA faoi seo, táim cinnte. Ach tá siad ag fanacht leis na fíricí, seachas ag brú a dtuairimí polaitiúla ar an saol mar gheall ar an tubaiste seo.

Guím, i dteannta leis an uachtarán, ar na daoine a maraíodh agus ar na daoine eile a bhí gortaithe.

Dia idir sinn agus an t-olc.

Friday, April 13, 2007

Baineann Fear Greim as Madra!

Tá scéal ag an BBC atá ag ceistiú an Fhrith-Mheiriceánacais! Sraith atá á tosnú ag Justin Webb. Tá súil agam nach gcaillfidh sé a phost mar gheall air... Bhuel, níl sé ag tacú le hIosrael. Chaillfeadh sé a phost as sin gan dabht.

Tá scéal eile ann faoi Londain. Cloisim gur fíor go mbíonn siad uafásach ansin. Sea, ár gcairde, mar dhea. Nach suntasach é nach n-admhaíonn duine ar bith gur maith leo an t-uachtarán agus polasaithe na Stát. Níl aon dea-Mheiriceánaigh ann mar sin, má tá a leithéid ann ar chor ar bith, tá a fhios agat.
...osna...

Tuesday, March 20, 2007

Rónán Mac Aodha Bhuí agus Ceithre Bliana san Iaráic

Bhí mé ar an raidíó ag caint leis inniu (RnaG). Agus bhí Cóilín Ó Floinn ag caint linn freisin. Ba mhaith le Rónán caint liom faoi chothrom an lae inné ar cheithre bliana ó thosach an chogaidh seo san Iaráic. Treise leis go raibh sé sásta caint liomsa arís.

Ní raibh mórán nua le rá ag éinne, is dócha. Bíonn cogaithe go holc. Ní maith le héinne againn an cogadh mar rud. Ba bhreá linn go léir dá mbeadh sé thart. Ach níl, faraor. Agus dar liom, ní mór dúinn seasamh le muintir na hIaráice agus seans a thabhairt dóibh. Tá sé ceart agus cóir go bhfuilimid ann chun iad a chosaint ó na sceimhlitheoirí a bhíonn dá marú gach aon lá go fóill. Agus tá sé tábhachtach do mo thírse, agus don domhain, nach mbeidh tír eile ann agus na sceimhlitheoirí ina bun, mar a bhí san Afganastáin. Agus i bhfírinne, tá cúrsaí ag éirí níos fearr, cé nach gcloistear sin sna meáin (ach amháin b'fhéidir uaimse), as Gaeilge ach go háirithe.

Rud suimiúil a luaigh mé agus a léigh mé inniu. Tá níos mó daoine sásta lena saol san Iaráic inniu i gcomporáid lena raibh acu roimh an gcogadh, ná daoine atá níos sásta lena saol san Aontas Eorpach roimh teacht an Aontais!

Féach anseo.