Thursday, December 11, 2008

Na hIndiaigh Dhearga is na Gaeil

Go mion minic, cuirtear inár leith go ndearnadh an drochbheart céanna ar na Meiriceánaigh bhundúchasacha agus a rinneadh ar na Gaeil. Ach bím an-amhrasach faoi chomparáid mar sin idir dhá chultúr is dhá stair éagsúla. Tá sé ró-éasca rud mar sin a mhaoimh gan bhunús ná tuiscint chruinn.

Cad iad na cosúlachtaí a spreagann an ráiteas seo? Tharla concas na hÉireann timpeall an ama chéanna agus a tharla concas Meiriceá. Agus i Meiriceá Thuaidh, rinne Béarlóirí roinnt mhór de. Brúdh creideamh, cultúr agus teanga nua ar mhuintir na tíre mar chuid den choncas sa dá chás.

Cé gur tharla plandáil thuaisceart na hÉireann agus plandáil Mheiriceá Thuaidh sa seachtú aois déag, is iomaí rud a tharla roimhe sin sa dá thír. Bhí caidreamh idir Éire is Sasana le blianta fada roimh an aois sin, agus is de réir a chéile a mhéadaigh tionchar na Sasanach in Éirinn. Mar an gcéanna le Meiriceá, bhíodh easaontas ann i gcónaí i measc na dtreibheanna áitiúla, agus uaireanta dhéanaidís margadh leis na heachtránaigh. Throideadís in aghaidh a gcomharsana leo, agus thugaidís cuireadh dóibh teacht i dtír uaireanta. Mar an gcéanna leis na hIndiaigh, níor thuig siad i gceart ag a am cé mhéad daoine a thiocfadh. Tá cosúlachtaí ann, cinnte. Ach leis an méad sin, tá difríochtaí móra ann, freisin.

Ní raibh caidreamh ann idir na Sasanaigh agus na bundúchasaithe i Meiriceá. Tharla an teagmháil idir an dá chultúr den chéad uair timpeall an ama sin, go tobann. Agus sular chuir Sasanach amháin cos ar an bhfód, fuair roinnt mhór de mhuintir na háite bás mar gheall ar ghalair na nEorpach. Bhí Plymouth (nua) folamh nuair a tháinig na hOillithrigh. Agus nach mór an difear a bhí idir an dá chultúr áirithe seo? Daoine ó aois na gcloch a bhí ag bualadh le daoine nua-aimseartha den chéad uair. Ní raibh cothromaíocht ann idir an dá chultúr maidir le teicneolaíocht, eagrú, ná eolas faoin saol. Ní raibh difear mór ann in Éirinn aon uair a tháinig na Sasanaigh. Bhí siad ar an gcéim chéanna maidir le heolaíocht agus cultúr. I gcodarsnacht, tugadh Saol Nua ar Mheiriceá, agus sin a bhí ann. Saol nua le cultúr ó aois a bhí thart san Eoraip leis na mílte bliain.

Dar ndóigh, bhí tionchar nach beag ag tíortha eile na hEorpa ar stair Mheiriceá, seachas Sasana. Go háirithe, rinne na Spáinnigh na concais ba mhó, ar chultúir mhóra - bharbartha. Sea, ní raibh gach Spáinneach ina Naomh, gan amhras. Ach níor ghearr duine díobh croí dhuine as a chliabh, ach oiread. Bhí cúis lena dtuairim go raibh siad i gceart agus iad ag cur na hAztec agus a leithéid faoina smacht. Saint a bhí ann, leis, gan amhras. Ach luach a saothair dóibh ab ea an t-ór sin, dar leo. Obair an diabhail a bhíodh ar siúl i Meiriceá ag an am, agus chuir siad stop leis. Ní raibh sé amhlaidh in Éirinn - tar éis aimsir na bpagánach. Tharla fás is feabhsú ar chultúr na hEorpa nár tharla fós i Meiriceá faoin am sin. Difear an-mhór sin, cinnte.

Cuirtear diabhlaíocht agus drochaigne i leith na Meiriceánaigh mar a chuirtear i leith na Sasanaigh go rí-mhinic in Éirinn an lae inniu, agus mar sin, ceaptar gur ionann iad gach Béarlóir. Ach scar Meiriceá ó Shasana ag deireadh na 18ú aoise, dar ndóigh, agus tá a scéal féin ag na Stáit. Roimhe sin, bhí cogadh i Meiriceá idir an Fhrainc agus Sasana, mar a bhí san Eoraip ag an am. Throid Indiaigh áirithe ar an dá thaobh. Ní raibh na hEorpaigh ag troid in aghaidh na nIndiach i gcoitinne. Níor tharla sin riamh. Bhí deachtrachtaí áirithe ag amanna áirithe le treibheanna áirithe. Gan amhras, ní raibh seans ag an gcultúr dúchasach mar gheall ar an méad daoine a tháinig, agus lámh in uachtar an chultúir nua. Níorbh fhéidir le héinne stad a chuir leis sin. Ní riabh plean ag rialtas na Stáit nó ag éinne chun na hIndiaigh a scriosadh go huile is go hiomlán. Rinneadh iarrachtaí chun réiteach éigin a fháil, agus is iomaí drochbheart a rinneadh d'ainneoin sin. Ach scéal casta is ea é, agus is iomaí cúis agus iomaí coimhlint ar leith a bhaineann leis.

An mbíodh meas ag na hEorpaigh ar chultúr na nIndiach? Uaireanta, bhíodh. Ach den chuid is mó, ní bhíodh meas madra acu orthu - mar ba chine ar leith iad. Sin difríocht an-mhór eile. Dá mba dhaoine geala iad, ní dóigh liom go mbeadh cúrsaí chomh holc agus a bhíodh. Agus ná bítear ag smaoineamh go bhfuil Meiriceánaigh níos measa mar chinníochaithe ná aon mhuintir eile. Bailiúchán de gach muintir na hEorpa iad na Meiriceánaigh ag an am sin. Bhí an locht céanna sin ar an móramh. Agus san aois sin, bhí sé an-nadúrtha, mar ní raibh taithí ag beagnach aon duine ar chiníocha eile.

Maidir le creidimh, tugadh an Chríostaíocht do na hIndiaigh. Sin an rud a rinne daoine mar Phádraig in Éirinn. Thug na Spáinnigh agus na Francaigh an creideamh Caitliceach dóibh, agus thug na Sasanaigh is na hÍsealtírigh an creideamh nua Protastúnach dóibh. Sea, ní raibh an creideamh Protastúnach ann ach le timpeall céad bliain, agus cnámh spárna ollmhór ab ea é fós (go deo) san Eoraip. Ach athrú, agus dar leo ceartú, ar an gCríostaíocht a bhí i gceist ag na Protastúnaigh. Níorbh ionann sin agus an Soiscéal a sceapadh den chéad uair. Bhí gach Eorpach i bhfábhar sin ag an am. Agus is iomaí Éireannach atá agus a bhíodh ina mhisnéir. Is iomaí Meiriceánach bundúchasach atá buíoch as an mbronntanas sin.

An troid idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh a thosaigh ar mhórthír na hEorpa, sin an troid a lean ar aghaidh in Éirinn. Cuid de fheachtas i bhfad ní ba mhó ab ea é, agus sheas na Francaigh is na Spáinnigh le hÉirinn. Theip orthu sna chathanna sin, agus bhí an bua ag na tíortha Protastúnacha. Tharla sin i Meiriceá, freisin, mar chuid den chogadh céanna. Ach bhí an troid sin idir na hEorpaigh féin. Tharla an troid chéanna i Sasana féin roimhe sin, agus theip ar na Caitlicigh. Ní raibh baint dá laghad ag an troid seo leis an gcoimhlint idir na hIndiaigh agus na hEorpaigh, ach nuair a ghlac na hIndiaigh páirt ann mar chomhghuailithe.

Sin roinnt dá bhfuil i gceist. Dar liomsa, tá sé an-leisciúil agus saonta a rá gur ionann an dá chás. Cén fáth go ndeirtear é seo in aon chor? Mar a thuigim é, deirtear é chun chur in iúl nach bhfuil na Meiriceánaigh pioc níos fearr ná na Sasanaigh, agus go mbíonn fonn ar an dá thír cos ar bolg a imirt ar thíortha eile. Agus tá na híobartaigh i bhfad níos fearr go morálta, tuigtear as sin. Mar dhea. Tugann an scéal sin sólás do dhaoine áirithe. Cé gur finscéal é. Is fearr le mórán scéal rómánsach ná fíricí.

Maidir le teangacha, tá cosúlachtaí agus difríochtaí idir an dá scéal, freisin. Ní raibh teanga amháin i Meiriceá, fiú nuair a tháinig na hEorpaigh. De réir a chéile, fuair an Béarla an lámh in uachtar. Lingua Franca, agus teanga an mhóraimh is ea é. Teanga an rialtais, freisin, cinnte. I Sasana, nuair a tháinig na Normanaigh, mhair teanga na Sasanach, agus mheasc na teangacha lena chéile chun teanga nua a dhéanamh. In Éirinn, tharla rud eile ar fad. Mhair an Ghaeilge, ar éigin, agus labhraítear Béarla i gcoitinne, gan aon mheascán, ach blas Éireannach. I Meiriceá, bhí teanga dhifriúil ag gach treibh agus d'fhoghlaimídís go léir teanga eile ón Eoraip, chun a bheith in ann gnó a dhéanamh leis na hEorpaigh. Uireanta, brúití orthu é. Tá a dteangacha féin fós ag roinnt mhór de na treibheanna a mhair, ach is mionteangacha i mbaol iad, cosúil leis an nGaeilge. Sin an cosúlacht is mó idir na hÉireannaigh is na hIndiaigh Mheiriceánacha. Agus is féidir leo foghlaim óna chéile, agus sin rud fiúntach.

Sa lá atá inniu ann, tuigtear go maith fiúntas na gcultúr bundúchasacha i Meiriceá. Deirtear gurb amhlaidh in Éirinn, freisin. Is Éireannaigh iad an móramh in Éirinn fós, i gcodarsnacht le bundúchasaithe Mheiriceá. Is féidir leo athsheilbh a fháil ar a dteanga féin, agus a gcultúr féin a chothú ina dtír féin, fiú mura bhfuil a rialtas féin ann i gcónaí, más mian leo. Tá an deis sin acu. Ach tá an móramh sásta gan é sin a dhéanamh. Dá mbeadh teanga amháin dá gcuid féin agus dá mbeadh an deis sin ag na hIndiaigh, an dtapóidísne é?

No comments: