Wednesday, February 15, 2012

Lá ‘le Vailintín

Is iomaí miotas a bhaineann leis an lá seo. Chreid mé roinnt díobh le blianta. Ach toisc nár chuimhin liom na sonraí, rinne mé fiosrú ar an scéal athuair inné, agus fuair mé eolas suimiúil.

Níl baint ar bith ag nósanna an lae seo le féile Rómhánach ar bith. Níl éinne cinnte cé acu an Vailintín áirithe a bhímid ag ceiliúradh - bhí níos mó ná duine amháin ann. Agus níor cheaptaí ar an lá seo mar lá cheiliúrtha an ghrá go dtí an ceathrú haois déag, de réir dealraimh. Cheaptáí gurb é seo an lá ar a roghnaíonn na héin a gcéilí, agus mar sin gurb oiriúnach don ghrá é. Ní mar gheall ar an naomh a cheaptar sin.

Cumadh scéalta san ochtú haois déag chun baint idir Vailintín agus Lupercalia a mhaíomh, agus glacadh leis, gan fianaise ar bith sa stair.

Mairtírigh ab ea na Vailintíní a cheiliúradh an Eaglais Chaitliceach. Ach féachaint nach bhfuil eolas dá laghad againn fós fúthu, níltear á gceiliúradh ar an bhféilire oifigiúil níos mó. Cinnte, tá baint idir an grá agus grá Críostaí, ach níl aon rud ar leith maidir le Vailintín atá níos oiriúnaí ná aon mhairtíreach eile, ach de thaisme go raibh lá a fhéile ag tús an earraigh.

Lá 'le Vailintín sona daoibh, mar sin féin (lá ina dhiaidh).

Thursday, February 09, 2012

Séamus na Gaeilge agus Fadhb na nUimhreacha

Rinneadh an chéad clár sa tsraith Dúshlán faoin Sáirsint Séamus Ó Fianghusa. Cainteoir líofa Meiriceánach (agus cara dom) atá san arm (fórsaí cosanta) is ea é, a bhí ar dualas san Afghanastáin (tá alt dá chuid in An Gael). Tugann sé cuairt ar Ghaoth Dobhair, ar Dhoire, agus téann sé abhaile go Nua-Eabhrac i rith an chláir, agus feictear é san Afghanastáin, ag obair mar shaighdiúr ansin.

Níl an clár go dona. Cheapfaí go mbeidís dá ionsaí an t-am ar fad (lucht déanta na clár, seachas an Talabán...), ach ní dhearna. Mar sin féin, tuigtear ó na roghanna a rinneadh agus ó roinnt tráchtanna sa chlár go bhféacheann siad ar Shéamas mar dhuine le dhá chloigeann, ar a laghad. Sin an fáth go ndearna siad an clár, is dócha - an rud is annamh is iontach. Tá an clár an-suimiúil.

Mar is iondúil, cé gur clár RTÉ TG4 é, rinneadh do lucht labhartha an Bhéarla é. Fo-theidil a bhíonn ann i mBéarla nuair a bhítear ag labhairt na Gaeilge, agus ní bhíonn fo-theidil as Gaeilge ann nuair a labhraítear Béarla. Ach más locht sin, is locht a bhíonn ann i gcónaí...

Bualann Séamas le fear i nDoire a insíonn dó go mbeadh sé ag troid ina aghaidh dá mbeadh sé ina chónaí san Iaráic nó san Afghanastáin. Is iomaí duine a déarfadh a leithéid, gan smaoineamh ar an gcúis a mbeadh sé ag troid ar a shon. Is cuma le daoine mar sin cé chomh dona agus atá naimhde na Stát. Dar leo, níl aon rud tábhachtach ach go bhfuil arm eachtránach i dtír eile. Is beag an radharc ar an saol atá ag a leithéid de dhuine. Níl an saol chomh simplí sin. Níl aon amhras orm ach go mbeadh sé ag troid ar son na sceimhlitheoirí thall. Agus is mór an trua sin.

An t-aon rud glan olc atá sa chlár ná an mhír ina luaitear sibhialtaigh na hAfghanastáine. Insíonn Séamus dóibh nach mbíonn na Meiriceánaigh ag marú sibhialtach. Go díreach ina dhiaidh, deir an tráchtaire go maraíodh rud mar 1300 Meiriceánach san Afghanastáin, agus gur maraíodh rud mar 130,000 sibhialtaigh. An rud atá le tuiscint as sin ná gur inis Séamus bréag, cheapfaí. Ach níl baint ar bith idir na huimhreacha sin. Na sibhialtaigh a fuair bás mar gheall ar shaighdiúirí Mheiriceá (NATO), de thaisme a tharla, i measc cogaíochta. Sin rud a tharlaíonn i ngach aon chogadh. Agus níos lú sna cogaí seo ná riamh sa stair. Ach an chuid is mó de na sibhialtaigh seo, mharaigh an Talabán agus sceimhlitheoirí eachtránacha eile iad. Más féidir linn an uimhir a thugtar a ghlacadh ar chor ar bith, mar is léir nach mbíonn fíor-uimhreacha thaismí an Talabáin le fáil, agus go ndéanann siad a seach ndícheall chun sibhialtaigh mharbha a chur os comhair an tsaoil, seachas naimhde armtha, agus is iomaí cleas atá acu chun sin a dhéanamh. Seans go bhfuil gaoth an dearcaidh ann sna huimhreacha seo go mbíonn rud éigin mí-chothrom ann má bhíonn na Meiriceánaigh ag marú céad duine as gach Meiriceánach a maraíodh - mar a bheadh cluiche éigin ar bun. Cé chomh hamaideach is atá an dearcadh sin, tá sé coitianta. Ach tá blagmhíreanna eile agam faoi na huimhreacha...

Pé scéal, mar chlár ar an ábhar seo, tá sé go maith, den chuid is mó. Treise leo, agus treise le Séamus agus a chomhghleacaithe, a bhíonn ag déanamh an saol níos fearr dúinn go léir, agus do mhuintir na hAfghanastáine go háirithe. Go raibh toradh ar a gcuid oibre.

[Dála an scéil, ní fuaimnítear ainm na tíre thall mar a cheapfá ón litriú oifigiúl, agus molann Séamus féin an h a chur i lár 'Afghanastáin'.]

Friday, February 03, 2012

Cás Casta na Pacastáine

Tá sé níos éasca dom teacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta na laehtanta seo, mar tá ap iontach ar an bhfón agam lena bhfuilim ábalta éisteacht le clár raidió ar bith atá ar an idirlíón (tunein an t-ainm atá air). Ar aon nós, chuala mé clár Rónáin agus é ag caint le Tommy agus an t-ábhar a bhí á phlé acu ná ionsaithe na ladrann Meiriceánach ar dhaoine sa Phacastáin. Nach bhfuil a leithéid in aghaidh an dlí idirnáisiúnta? Nach mbeidh na Meiriceánaigh chun daoine in Éirinn a ionsaí? Bhuel, sin an saghas ceiste a bhí acu. Agus le fírinne, ní holc iad mar cheisteanna. Cén fáth go mbíonn na Stáit (NATO) á ndéanamh, agus an bhfuil an ceart againn? Cad atá leithleach maidir le cás na Pacastáine? Ní dhéanfadh na Stáit a leithéid i dtíortha eile - nó an ndéanfadh?

Níl sé éasca an fhírinne a bhaint amach, mar is iomaí scéal a insítear. Agus labharaíonn an Phacastáin as an dá thaobh dá mbéal...

Maidir leis an armán míleata féin, níl an teicneolaíocht seo úr-nua. Is beag an difear idir iad agus diúracáin, ach go mbíonn siad níos beachta a spriocanna a bhaint amach - agus is rud maith sin, cinnte. Is iomaí rud amaideach a deirtear faoi airm. Ach ní babhta dornálaíochta an cogadh. Ní mór na hairm is fearr a úsáid. Is é an cuspóir ná an namhad a mharú (chun a ndroch-ghníomhanna a stopadh). Tá na leadrainn seo an-áisiúil, agus is ceart agus cóir iad a úsáid i gcogadh, gan aon agó.

Maraíodh a lán ceannaraí de Al Caghda agus den Talaban san Afghanastáin le leadrainn. Bhí a fhios ag a lán daoine go raibh siad in úsáid againn sa Phacastáin, ach go hoifigiúil, bhí sé seo faoi rún go dtí le déanaí. Bíonn an Talaban ag éalú ón Afghanastáin trasna na teorann go dtí an Phacastáin, agus ag déanamh ionsaithe aisti. Tá limistéir inti atá slán dóibh (An Bhasaiorastáin). Maraíodh Osama Bin Ladain ansin. An namhaid do na Stáit í an Phacastáin? Nach sin an cheist! Pé scéal, níl aon dabht ann ach go mbíonn naimhde inti a bhíonn dár n-ionsaí san Afghanastáin, agus tá an ceart againn an tír sin (agus ár n-arm inti) a chosaint.

Tá an cás seo cosúil le cás na Cambóide fadó. Bhí naimhde dár n-ionsaí i Vítneam, naimhde nach arm na Cambóide iad, ach airm ghallda. Brúdh ar rialtas na Cambóide cead a thabhairt dúinn sinn féin a chosaint, agus ba chasta an scéal sin, freisin. Ach fuaireamar. As cúiseanna éagsúla, ní rabhamar ábalta leanúint ar aghaidh leis, agus theip orainn ar ball mar gheall air sin. Ach sin scéal eile...

Bíonn an Phacastáin mí-shocraithe. Is iomaí Moslam radacach atá ina chonaí ann. Tá scoilt sa rialtas féin idir lucht na síochána agus sceimhlitheoirí radacacha. Cé acu, namhad nó cara iad dúinn? An dá rud, faraor. Ní féidir leis an rialtas cosc a chur ar na sceimhlitheoirí. Agus ba mhaith le mórán daoine bheith cairdiúil linn. Ach is tír atá bunaithe ar an gcreideamh Moslamach, agus tá dearcadh radacach ag mórán daoine ansin. Agus níl na daoine sin sásta ar chor ar bith go bhfuil a rialtas ag cabhrú leis na Stáit chun cogadh a fhearadh ar Mhoslamaigh, go háirithe ina dtír féin. Mar sin, cé go bhfuil sé réasúnta cinnte go mbímid ag obair i láimh a chéile le rialtas is arm na Pacastáine chun na hionsaithe seo a dhéanamh, ní mór don rialtas sin a shéanadh, minic go leor. Agus seans go bhfuil roinnt den rialtas féin glan ina n-aghaidh. Bíonn siad ag cur isteach ar obair arm na Stát chun cur in iúl nach bhfuil siad sásta. Ach an seó sin nó fíor-scoilt leis na Stáit? Ní bhíonn sin léir. Ní cheaptar gur mhaith leo cogadh a thosnú leis na Stáit agus iad a seasamh leis an Talaban inár n-aghaidh. Bíonn cothromaíocht íogair le déanamh acu. Ach ní féidir leo seasamh go poiblí leis an uile rud a dhéanann na Stáit. Is iomaí conspóid a bhíonn ann eadrainn.

Tá cead ag na stáit cogadh a fhearadh trasna na teorann, ach níl siad an-sásta leis sin. Agus níl éinne cinnte cén taobh is fearr le saighdiúirí na Pacastáine féin. Uaireanta tugann siad cabhair don Talaban, uaireanta eile tugann siad cabhair dúinne. Casta is baolach go leor an scéal, cinnte.
Cén fáth go ndéantar agus go bhfuil sé de cheart againn na hionsaithe seo a dhéanamh? Tá naimhde dár n-ionsaí ón taobh sin den teorainn, agus tá rialtas na Pacastáine in ainm is a bheith ar an taobh céanna linn. In ainneoin pé rud a chloisfí ar an raidió, níl sé baolach go mbeidh na Stáit ag marú éinne in Éirinn...

Ó, agus nach bhfuil sé go hiontach go bhfuil an buama adamhach ag an bPacastáin? Muise. Ceann de na tíortha is baolaí ar domhain iad (mar is eol don Ind...). Táthar ag súil go n-éiríonn leis an taobh ceart inti. Ach ní bhíonn aon rud mar sin cinnte.