Showing posts with label Éire. Show all posts
Showing posts with label Éire. Show all posts

Wednesday, January 06, 2010

An Euro agus an Ghéarchéim Eacnamaíochta

an t-alt seo le Martin Wolf deacair a thuiscint dom, mar ní eacnamaí mé. Ach míníonn sé an fáth go bhfuil cúrsaí in Éirinn níos measa ná in áiteanna eile san Eoraip. Má thuigim i gceart é, coscann an Euro ar na tíortha a bhfuil gá le hairgead acu cothromaíocht nadúrtha a choimeád eatarthu agus na tíortha a bhíonn ag tabhairt airgid ar iasacht, mar is ionann an t-airgeadas. Níl an luach céanna ag Euro na hÉireann agus Euro na Gearmáine, le fírinne, ach níl an réiteach air sin. Tá an Euro láidir, ach tá an chuid is mó díobh ag na tíortha móra cumhachta. Tá fiacha ag Éirinn nach féidir léi íoc. Beidh an geilleagar in Éireann, sa Spáinne agus sa Ghréig níos laige ná an gealleagar sa Ghearmáin nó san Ísealtír, mar bíonn siad ag caitheamh níos mó ná a fhaigheann siad, agus bíonn gá le níos mó airgid iontu chun gnó a chothú is brabús ar bith a dhéanamh. Agus beidh sé amhlaidh ar feadh i bhfad, de réir dealraimh, is oth liom a rá.

Wednesday, August 19, 2009

An Múchfar an Athbheochan?

Tugaigí faoi deara an mhír seo le Pádraig Mach Fhearghusa.

Cad is Éire ann? Sin an cheist. An bhfuil aon tuiscint ann fós ar dhearcadh bhunaitheoirí náisiún na hÉireann? An bhfuil aon dóchas ann go mbeidh tír Ghaelach ann riamh? An bhfuil aon suim ina leithéid? Nach gcuirtear aon bhéim ar dhúchas agus fhréamhacha na tíre sna scoileanna? Tá sé in am díriú ar na ceisteanna seo arís eile, déarfainn. Dá mbeadh muintir na hÉireann dáiríre faoin teanga agus faoi chultúr na hÉireann, ní bheadh aon bhaol ann mar gheall ar airgead. Dóbair gur cailleadh a n-oireacht fadó mar gheall ar chúrsaí airgid agus slándála. Ná díoltar arís í.