Tuesday, January 07, 2020

OK, Boomer


Le blianta anuas, mar gheall ar nuacht (mar dhea) 24 uair an chloig agus an t-idirlíon, is gnách nach mbíonn mórán plé dáiríre ar bun níos mó faoi thuairimí, go háirithe tuairimí polaitiúla.  Ní bhíonn an móramh sásta éisteacht le daoine nach n-aontaíonn leo, toisc nach mbíonn an taobh eile ach ag magadh fúthu (agus ag insint bréag go minic), den chuid is mó.  Ní mhúintear conas plé dáiríre a dhéanamh sna scoileanna níos mó.  Glacann lucht 'na hintinne oscailte' le soiscéal na heite clé gan cheist ar bith.  Agus toisc go mbíonn ráitis na heite clé chomh hamaideach neamh-dháiríre an t-am ar fad, ní thugann aon duine coimeádach cluas leo ar chor ar bith níos mó.

Cé go bhfuair an t-aos óg - agus faraor, mar a bhí riamh, bíonn an chuid is mó acu liobrálach - cé go bhfuair siad gach 'fíric' lena nglacann siad ó hippies agus liobráilithe aosta (féach Bernie Sanders mar shampla amháin), síleann a lán acu gur amaideach iad gach duine a rugadh in aois na boomers.  Is dócha gurb amhlaidh an scéal toisc go mbíonn i bhfad níos mó daoine níos aosta coimeádach.
Chun díspeagadh agus dímheas a thaispeáint d'aon duine níos aosta nach n-aontaíonn le sliocht óg na hippies seo, is nós é na laethanta seo a rá 'OK Boomer', seachas 'dún do ghob'.  Síltear gur cliste seo, ar chúis éigin.

A mhalairt ar fad, ámh, is ea é.  Is leithscéal in ionad plé is argóint chiallmhar a dhéanamh.  Is leithscéal in ionad cás a dhéanamh, bunaithe ar fhíricí, seachas ar mhothúcháin agus bréaga as mímeanna.  Ach seo an saol mar atá faoi láthair.  Dhá threibh nach labhraíonn lena chéile ach go hannamh.

Nárbh amhlaidh an scéal sna seascaidí?  Is cuimhin liom go mbíodh plé áirithe ann, cé go mbíodh na liobráilithe chomh hamaideach is atá siad sa lá atá inniu ann, agus an scarúint beagnach chomh mór...  "Ná bíodh muinín agat as aon duine thar thríocha bliain d'aois," a dúradh nuair a bhíos féin óg (chun a gcuid smaointe a sheachaint, dar ndóigh).  Bhí cúrsaí go dona ansin, cinnte.  Ach mar gheall ar an teilifís agus an t-idirlíon, sílim go bhfuil cúrsaí níos measa anois.  Mar sin féin, tá gach seans ann nach bhfuil ionam ach seanduine cantalach anois...  Rugadh i 1960 mé.

Díspeagadh in ionad urraim do dhaoine níos aosta, ba phlean sin ag na cumannaí (agus réabhlóidithe na Fraince rompu) chun an saol in iomlán a athrú ó bhun.  Fuair na beatniks ó na cumannaí an nós seo, agus fuair na hippies uathusan é.  Lean na punks leis, agus daoine óga na haoise seo ar a sáile.  Níl aon rud nua faoin ngriain.  Chun an saol a athrú ó bhun, ní mór eagna na nglúine rompu a chur ar leataobh.  Sin an baol is mó don Iarthar, agus is amhlaidh an scéal le fada. 

Dar ndóigh, is iomaí amadán aosta atá ann tar éis an méid seo ama 'réabhlóidigh' - féach Bernie Sanders, mar shampla amháin!

Is ionann "OK, Boomer" le "níl smaoineamh de mo chuid féin i mo cheann," dar liom.  Ach cloisim an freagra cheana féin...


Sunday, January 05, 2020

Cad is ANTIFA ann?


Is í an oirbheartaíocht is mó a bhíonn ag an eite chlé le fada an lá ná líomhaintí a dhéanamh i leith na heite deise, ag maíomh go ndéanann siad, a bhfreasúra, na rudaí a dhéanann siad féin.  Mar shampla, cuireann siad ciníoch ar aon duine nach n-aontaíonn leo go mba chóir déaláil le daoine de réir a gciní.  Deireann siad gur mí-úsáid chumhachta atá i gceist nuair nach mbíonn Trump, mar shampla, sásta géilleadh a thabhairt dá bhfíor-chuid mí-úsáide cumhachta, ag úsáid an táinseamh as cúiseanna polaitiúla amháin, srl.  Ach an ceann is mó a bhíonn ina mbéal ná gur faisistigh iad gach duine nach bhfuil ina shóisialach ná ina ainrialaí, nó, go háirithe, nach nglacann le soiscéal (mar dhea) na heite clé idirnáisiúnta agus gach a mbaineann lena gcreideamh, géarchéim an Téimh Dhomhanda,  deireadh le tíortha neamhspleácha le teoranna, srl.  I bhfocail eile, cuireann siad faisisteach ar aon duine nach n-aontaíonn leo.

Is fuath leis an saol faisistigh, gan amhras.  Cé hiad i ndáiríre, ámh?  Daoine ar mhaith leo gach cumhacht a bheith ag an rialtas is ea iad.  Ní cheadaíonn siad aon tuairimí ach a dteagasc féin.  Aon phobal amháin, aon mheon amháin.  Agus, go stairiúil, bíonn siad i bhfábhar náisiúnachais láidre.  Sin an t-aon difear idir iadsan agus na cumannaigh.  Is lucht idirnáisiúnta iad na cumannaigh, ar mhaith leo aon phobal, aon mheon amháin ar fud an domhain (agus iad féin i gceannas, dar ndóigh).

Tugann eagraíocht ANTIFA Frith-fhaisisteach orthu féin.  Agus déanann siad gach rud a dhéanann faisistigh.  Le fírinne, toisc gur feachtas idirnáisiúnta iad, tá siad i bhfad níos cosúla leis na cumannaigh (agus is cumannaigh amach is amach a lán dá mbaill).  Ach is beag an difear sin i ndearadh na dála.  Tá dea-ainm orthu, agus aon duine nach bhfuil aithne acu orthu, cheapfáidís gur eagraíocht mhaith atá iontu.  Tá siad ag seasamh in éadan an fhaisisticis, nach bhfuil?  Ach, mar a dúirt mé thuas, is annamh go mbíonn aon fhaisisteach ar bith ann sa saol seo le fada an lá.  Tá siad ann, ach bíonn siad ar nós cuma liom ag an saol, ach amháin sna tíortha mar a bhfuil cumhacht acu, mar an Iaráin agus an tSíria...  Agus is cuma le hANTIFA na tíortha siúd.  Bíonn siad ag díriú ar "fhaisistigh" i dtíortha an Iarthair.  Sin le rá, ar aon duine nach n-aontaíonn leis an eite chlé idirnáisiúnta (nach bhfuil ina dheachtóir cheana féin).

Sin an saghas ruda a dhéantar le reachtaíocht i gcónaí, dála an scéil.  Tugtar ainm deas ar an reachtaíocht, agus cuirtear gach aon saghas caca sna dlithe inti.  Ach sin scéal eile.  "Is minic a bhíonn duine agus a chosúlacht in aghaidh a chéile," agus is fíor sin faoi eagraíochtaí agus reachtaíocht freisin, gan dabht.

Cad a dhéanann ANTIFA, mar sin?  Bhuel, is iomaí samplá dá gcuid foréigin atá le feiceáil ar youtuble.  Seo cúpla sampla:

Dar ndóigh, is féidir le duine ar bith níos mó ná iad seo a fháil, agus is féidir go bhfuil samplaí níos fearr ann.  Is léir gur eagraíocht den eite chlé dhian iad agus go mbíonn an foréigean mar mhódh oibre acu.  Is olc an dream iad amach is amach.  Tá siad i dtíortha eile, freisin.  Agus tá iarracht ar bun le déanaí chun cóip díobhsan a bhunú in Éirinn, fiú sa Ghaeltacht!  Go sábhála Dia Éire - agus sinne go léir.  

Tá sé tábhachtach go dtuigeann gach duine cé hiad ANTIFA, agus nach nglactar leo mar dhaoine maithe, pé ainm atá orthu agus pé líomhaintí a dhéanann siad faoi dhaoine eile.  

Scaipigí an scéal!  Ná bacaigí leo!

Faisistigh - an eite dheis, nó an eite chlé?