Friday, October 09, 2009

An bhFuil an 1ú Aibreáin Ann i nGan Fhios Dom?

Baineadh gáire agus stangadh asam ar maidin inniu nuair a fógraíodh gur bronadh Duais Shíochána Nobel ar Ó Bama. CAD AS? Dá mbeadh aon mhaith agus aon chiall sa duais seo fós, agus tá sé sin an-amhrasach tar éis Arafat agus Carter agus an iliomad amadán eile, níl aon mhaith ann anois. Tá sé seo níos measa ná Duais an Acadaimh a fuair Al Gore (ó, agus fuair Gore an ceann seo freisin!).
Faightear Duais Nobel as baois agus brilléis.
Is é seo an rud is amaidí dá bhfaca mé le fada an lá. Is dócha go bhfuil an tUasal Nobal ag iompú ina uaigh, an fear bocht. Tá sé náireach agus gan chiall ar fad.
B'fhearr dóibh ainm na duaise a athrú go 'Duais Frith-Bush.'

Wednesday, October 07, 2009

Schadenfreude

Bhí ceannteidil an-chliste ag Matt Drudge: The Ego Has Landed. Chuaigh na hUí Báma go Copenhagen chun na cluichí Oilimpeacha a fháil dá mbaile dúchais, Chicago. D'inis siad scéalta fúthu féin, agus cheap gach éinne nach mbeadh aon toradh ar an scéal ach go ndéanfaí a dtoil. Cheap fiú a naimhde is measa nach raibh siad chomh dall chun dul ansin gan an rud a bheith socraithe ina bhfábhar roimh ré.

Ach diúltaíodh iad, sa chéad bhabhta!

Is cuma liom faoi na cluichí a bheith in Chicago. Ach rinne na hUí Báma amadáin díobh féin (arís), agus chonacthas é an uair seo. Níl aon dul as agam air. Braithim Schadenfreude mar gheall air.

Is iomaí duine le déanaí atá ag tosnú le feiscint nach dia é Ó Bama. Tá roinnt daoine ann a fheiceann nach bhfuil an t-impire ag caitheamh éadach ar bith. Mar a thuig daoine de mo leithéid i gcónaí. Is duine an-lag atá an-mhór leis féin é BHO.

Ní mór do dhuine éigin an nuacht seo a roinnt leis an hAifricigh, sílim...

Ach, dar ndóigh, níl sé go maith do Mheiriceá go bhfuil a leithéid d'uachtarán againn ag déanamh dochar dár n-íomhá ar fud an domhain. Ach c'est la vie. Go mairimis ina ainneoin.