Saturday, July 20, 2019

Tráth dá raibh, bhíodh nuacht de shaghas éigin ar fáil sna meáin chumarsáide.  Bhíodh siad claonta i gcónaí, ach ní bhíodh sé chomh hoscailte.  Le cúpla eisceacht, bíonn insint mhonailiteach ann sna laethanta seo.  Insint de scéal a chum an eite chlé, dar ndóigh.  Agus ní thosnaíonn siad le fíor-scéal níos mó.  Tosnaíonn siad leis an insint, agus múnlaíonn siad an scéal timpeall air sin.

Sampla dá leithéid seo le déanaí (le blianta, le fírinne, ach go háirithe le déanaí) is ea an insint gur ciníocht é Dónal Trump.  Dá mbeadh suim ag éinne san fhírinne, is léir óna stair phearsanta, ó na daoine a n-oibríonn leis, óna chairde, srl., gur cacamas amach is amach is ea an nóisean seo.  Ach toisc gurb é seo an insint "oifigiúil," deir (beagnach) gach éinne gur as do mheabhair thú mura nglacann tú leis.  Bhí an ceart ag Orwell, faoin saghas stuif seo, ach ní raibh an dáta ceart aige, agus ní hé an rialtas atá ciontach, ach iadsan ar mhaith leo bheith ina rialtas.

Bíonn sé ar nós cuma liom ag Trump minic go leor cad a cheapann a leithéid, mar bíonn sé ag caint lena lucht leanúna lasmuigh de na meáin "oifigiúla."  Go háirithe, bíonn sé ag tvuíteáil.

Tá roinnt bean nua sa Chomhdháil Mheiriceánach le tamaillín fíor-ghearr, ach bíonn siad sa "nuacht" i gcónaí, toisc go bhfuil siad frith-Trump agus an radacach ar fad, i bhfad bhfad ar an eite chlé, frith-Iosrael, frith-Mheiriceánach fiú uireanta (ag tabhairt maslaí ar oifigiúil a rialtais féin agus ag moladh briseadh an dlí, srl.).  "Laochra" iad, dar ndóigh.  Is inimirceach ón Somáil duine acu.  Páiste de bheirt inimirceach Palaistíneacha duine eile, sloinne Spáinneach ar dhuine eile, agus bean ghorm is ea an duine den cheathrar áirithe seo ar a dtugann lucht a n-adhradh "an scuad."  Tá mná eile ann freisin, ar an eite chlé, agus is inimircigh roinnt díobh.

Ní bhíonn Trump ina thost nuair a mhalsaítear é nó Meiriceá (bhuel, ní bhíonn riamh!).  Mar a tharla, rinne sé tvuít faoi 'roinnt ban "forchéimí" (mar dhea) sa Chomhdháil a bhíonn ag caitheamh anuas ar Mheiriceá."  Níor luaigh sé ainmneacha.  Ach mhol sé dóibh "filleadh ar na háiteanna olca as a dtáinig siad" agus más fearr leo a leithéid d'áit ná Meiriceá, dul ar ais agus deisiú iadsan, seachas a bheith ag iarraidh Meiriceá a iompú ina leithéid d'thír.
 
Rud stuama?  Ní dóigh liom.  Ní dhéanfadh gnáthpholaiteoir é.  Ach deir sé an rud a bhíonn mórán daoine ag smaoineamh i gcónaí.  Má tá daoine chomh míshásta le Meiriceá, go háirithe nuair is daoine nua sa tír iad, cén fáth atá siad anseo, in ainm Dé?!  Ní raibh sé béasach, b'fhéidir, ach is maith an cheist í.  Agus dála an scéil, ní bhíonn na mná seo béasach riamh - thug duine acu motherfucker ar Trump go poiblí, mar shampla. 

Cé nár luaith sé ainm ar bith, tá gach éinne  (mar dhea) cinnte go raibh sé ag caint faoi na "laochra" thuasluaite.  Gach seans go raibh, dar ndóigh.  Ní dóigh liom go raibh a fhios aige gur rugadh an bhean Phailistíneach sa tír seo.  Níl a fhios agam gur suim leis iad chomh mór sin.  Bíonn siad ag obair ar son daoine ó thíortha Mheiriceá Lárnaigh agus Meicsiceó i bhfad níos mó ná ar son Meiriceá,   Seasann an bhean úd in aghaidh Iosrael, an cara is mó atá ag na Stáit.  Agus is samplaí iad de lucht na heite clé.  An teachtaireacht:  más fuath leat Meiriceá, téigh go tír níos fearr (dá mbeadh a leithéid ann).  Pé cúlrá atá agat.

Ach toisc nach bhfuil aon bhean gheal sa "scuad" úd, tugann an Guth Mór ciníoch ar Trump.  Arís.  Tugann an "scuad" é sin air, dar ndóigh - seans chun níos mó adhradh a fháil (cé go dtuigeann an chuid is mó den tír lasmuigh de na meáin gur amadáin iad).  Thug siad an masla céanna sin fiú ar Nancy Pelosi, ceannaire a pháirtí!  Ní féidir leo argóint a bhuadh, agus mar sin, thugann siad ciníoch ar aon duine a bhíonn dá lochtú.  Le fírinne, déanann siad rud ar bith chun poiblíocht a fháil dóibh féin.  Agus leanann an Guth Mór iad.  Níl ach an t-aon insint ceadaithe.  Cé nach bhfuil bunús dá laghad leis.

Mar sin féin, tuigeann níos mó daoine ná riamh nach bhfuil na meáin iontaofa, ná baol air.  Is maith le níos mó daoine ná riamh an t-uachtarán, freisin.  Beidh lá eile ag an Trumpach.  Agus ceithre bliana eile, le cúnamh Dé.

Sunday, June 30, 2019

An tInimirce Neamhdhleathach i Meiriceá


Is fada an lá ó bhí mé ag rámhaille anseo.  Is iomaí cúis leis sin, go háirithe toisc nach ndéanann sé difear ar bith, go bhfios dom.  Ach aon uair a bhíonn trácht ar an gceist chéanna i gcónaí, agus nach mbíonn ach an t-aon scéal claonta amháin ann i gcónaí, bíonn cathú orm mo ladhar a chur isteach arís.  Mar sin, seo píosa gearr ar na hinimircigh neamhdhleathacha sna Stáit Aontaithe.

Bíonn grianghraf á thaispeáint ar an idirlíon agus sna meáin i gcónaí le déanaí de fhear agus de chailín óg agus iad marbh béal faoi san uisce, a bhí ag iarraidh turas rúnda trasna na teorann isteach go dtí na Stáit a dhéanamh.

Cárbh as dóibh?  Ba as An Salvadóir iad.  Tugtar dídeanaithe ar a leithéidí go hiondúil.  Ach mura bhfuil a fhios agat, níl aon teorainn idir na Stáit agus An tSalvadóir.  Dá mba dídeanaithe iad, ba chóir dóibh stadadh is cur faoi agus dídean a iarraidh ar an chéad tír lasmuigh dá dtír féin.  Rud nach ndearna, dar ndóigh.  Cén fáth nach ndeara?  Arbh fhuath leo Meicsiceo?  An fuath leis na Meicsicigh a gcomharsana?  Ó, rinne mé botún!  Níl teorainn idir Meicsiceo agus An tSalvadóir ach oiread!  Ach dídeanaithe ab ea iad, gan dabht...

Níl aon mhilleán ar an bpáiste, dar ndóigh.  Tá an locht ar Donald Trump!  Bhuel, sin an scéal a bhíonn á scaipeadh, toisc gur fuath leis an eite chlé an Dónal.  Ach le fírinne, tá an locht ar an athair a mharaigh a pháiste ag déanamh an turas seo.  Turas an-bhaolach, an-fhada atá ann, trasna cúpla tír eile.  Ar a laghad, ba leisean an páiste an uair seo.  Ní hamhlaidh a bhíonn an scéal.  Baintear feidhm as paistí i gcónaí chun teacht isteach níos éasca a bhaint amach nuair a shroicheann siad na Stáit.  Ní maith le héinne go mbíonn páistí faoi ghlas nó “i gcásanna,” mar ba mhaith leis na meáin a chur síos orthu.  Bhí grianghraf eile a dul timpeall le fada de pháiste i gcás.  An Dónal olc a chur ansin é, dar ndóigh.  Ach amháin nach raibh an páiste sin faoi ghlas.  Bhí sé ag léirsiú taobh thiar de chlaí a thóg na daoine siúd.  Nach raibh faoi ghlas.  Bhí siad ag gearáin faoi na hionadaithe coinneála a thóg Obama...

Ach pé scéal é, ní raibh aon locht ar an bpáiste neamhurchóideach seo.  Ar a laghad ní raibh gáinneáil ar dhaoine i gceist an uair seo.  Rud a tharlaíonn go minic.  Agus níor éagnaíodh í, agus ní raibh sí ina sclábhaí do na daoine a thógann mórán airgid óna leithéidí chun iad a threorú trasna na teorann go Meiriceá.  Lucht díolta drugaí minic go leor.  A dhéanann a slí bheatha mar gheall ar chustaiméirí i Meiriceá.  Agus a bhraitheann ar theorainn gan bhac chun drugaí a sheoladh isteach agus airgead a thógáil abhaile.  Is iad seo luch na gcairtéal, atá níos cumhachtaí ná rialtas ar bith in áiteanna go leor i Meicsiceo...  Ach ní gá le teorainn againn...

Sea, níl an locht ar an bpáiste.  Ach níl an locht iomlán ar an athair ach oiread.  Tá milleán tuillte ag na tíortha eile nár stad iad agus nár sheol abhaile iad, Meicsiceo go háirithe.  Agus dar ndóigh, tá an milleán is mó tuillte ag na polaiteoirí i Meiriceá a bhíonn ag insint dóibh gur mhaith leo teacht isteach, go mbeidh fáilte is fiche rompu sna “cathracha tearmainn,” a bhíonn ag insint dóibh nach mbeidh aon deacracht acu post a fháil, ná fiú ceadúnas tiomána a fháil, agus go bhfuil gach seans an go mbeidh siad ábalta vótaí a chaitheamh (ar son an pháirtí Daonlathaigh, dar ndóigh).  Deir siad go mbeidh árachas sláinte saor in aisce acu, agus gach saghas bronntanais eile.  Sea, tá gardaí againn ar an teorainn, ach ní bheidh balla ann go deo, deir siad, agus bíonn slite isteach ann...

Leis na cianta, bíonn daoine ag fáil bháis san fhásach ag iarraidh a fháil slí neamhdhleathach isteach  go dtí na Stáit.  Agus beidh daoine ag iarraidh teacht isteach gan chead go deo.  Ach bíonn níos mó agus níos mó á dhéanamh le fada.  Gabhtar orthu, níos minice ná a mhalairt, agus iarrann siad tearmann orainn (cé nach bhfuil cúis ar bith acu, den chuid is mó).  Níl spás go leor againn sna hionadaithe coinneála, agus ní bheidh na polaiteoirí ag bronnadh airgid chun an droch-chaoi sin a dheisiú.  Scaoiltear saor an chuid is mó acu ar ball.  Coirpigh agus pé saghas duine ina measc, toisc nach bhfuil eolas ar bith againn faoi na daoine seo, mar ní bhíonn modh ceart imircigh ar siúl mar ba chóir.

Ach sin uile ráite, cuirtear an milleán ar an aon duine amháin (maraon lena lucht tacaíochta) a bhíonn ag iarraidh an tubaiste seo a réiteach – Trump.  Ní bheadh an páiste seo ná a hathair marbh i gclaí mar a bhí siad dá mbeadh balla ann, dá mbeadh dlíthe ní b'fhearr ann, dá mbeadh ionaid go leor ann, dá mbeadh cosc ar an uile saghas bronntanais don inimirceach neamhdhleathach, dá mbeadh sé ní ba dheacra dóibh post a fháil...  Bheadh slí isteach dleathach ann mar a bhíonn, b'fhéidir deiseanna ní b'fhearr, chun teacht isteach ar nós ceart.  Ach ní bhíonn an páirtí Daonlathach sásta aon rud dearfach a dhéanamh chun an fhadhb seo a réiteach.  Le fírinne, minic go leor, ní bhíonn an páirtí Poblachtánach sásta a leithéid a dhéanamh ach oiread – ní dhearna siad faic nuair a bhí an deis acu, nuair a chéad tháinig Trump isteach mar uachtarán.  Ach toghadh Trump mar uachtarán toisc nach raibh sé ina pholaiteoir mar ba iondúil, agus toisc go raibh sé sásta seasamh in aghaidh na bpolaiteoirí nach ndéanann faic riamh.  Creidim go ndéanfaidh sé gach rud is féidir leis chun an fhadhb uafásach seo a réiteach.  Ach bíonn sin fíor-dheacair nuair a bhíonn na meáin is an chuid is mó de na polaiteoirí ina éadan.  Idir an dá linn, gheobhaidh níos mó páistí bás.  Agus cuirfear an milleán ar Trump, dar ndóigh.

"Ach nach mbeadh sé ní b'fhearr iad go léir a ligint isteach?  Is daoine daonna iad, dar ndóigh?  Is tír mhór í na Stáit Aontaithe!"

Ní bheadh na Stáit Aontaithe ann gan teorainn.  Ní bheadh na Stáit Aontaithe ann murach muintir na Stát Aontaithe, a tógtar go mall is le cúram.  Tá cúrsaí dona go leor cheana féin gach áit nach mbíonn deis ag na hinimircigh foghlaim conas a bheith ina Meiriceánaigh.  Ní bhíonn ach geiteonna le fadhbanna go leor acu.  Agus dar ndóigh, bíonn lucht a ndúshaothair ann i gcónaí.  Tá cúiseanna maithe ann do na dlíthe a bhaineann leis an inimirce.  Is olc an rud é neamhaird a thabhairt dóibh.  Is olc ar fad an rud é obair a dhéanamh ina n-aghaidh, agus in aghaidh na ndaoine maithe a bhíonn ag iarraidh iad a chur i bhfeidhm - agus chun dímheas a thabhairt dóibh uile a lean an dlí agus a tháinig isteach sa dóigh cheart.