Thursday, July 19, 2007

Dearcadh na nÉireannach Maidir le Bush (agus Meiriceá)

Chuir mo chuid cainte olc ar mo chara Fearn (ar chlár plé Beo) nuair a dúirt mé le déanaí (anseo) nach raibh aon ionadh orm go ndúirt Éireannach gur mhaith léi bás G.W. Bush. Síleann sé gur claonchiníochas frith-Éireannach an ráiteas sin. Ní aontaím leis, dar ndóigh. Ach is fiú an cheist seo a phlé. Cad é an scéal i bhfírinne in Éirinn? Níl eolas agamsa ach mo thaithí féin. Le breis is sé bliana, táim ag plé cúrsaí polaitiúla a bhaineann le Bush agus SAM le daoine in Éirinn, as Gaeilge. Tá cúpla inimirceach de bhunadh na hÉireann a bhfuil aithne agam orthu, agus níl siadsan fríth-Bhuis. Tá cúpla duine ar an idirlíon atá réasúnta stuama agus nach bhfuil ina bhfanaicigh fhríth-Bhuiseacha. Ach is mionlach iadsan, gan aon agó. Fiú na daoine seo, is minic a deir siad 'cé nach n-aontaím leat' sula deir siad aon rud eile liom.

Scríobhaim ailt ó am go chéile a chuirtear i gcló, mar a dhéanaim anseo, chun cás Mheiriceá a mhíniú as Gaeilge. Ní dhéanann aon duine eile sin, as Gaeilge ar aon nós. (Bíonn ailt ann i gcónaí ag insint bréag agus ag tabhairt maslaí orainn, cinnte. Is breá le scríbhneoirí Éireannacha droch-rudaí a rá faoi na Stáit Aontaithe.) An chéad uair gur scríobh mé do Lá, mhol an foilsitheoir dom alt a sheoladh chucu. Ní raibh a leithéid ann, agus bhí suim acu i scéal ó dhearcadh eile (cé nach gcuiridís a leithéid ann, nó fiú cothromaíocht, as a stuama féin). Den chuid is mó, chuir mo thuairimí fearg ar dhaoine.

Don chéad uair a bhí mé ar Raidió na Gaeltachta, fuair mé cuireadh ó Rónán Mac Aodha Bhuí mar gheall ar ailt a scríobh mé ar Iosrael. Duine le Gaeilge agus é ag tacú le hIosrael – an rud is annamh is iontach! Níl aon duine eile ag déanamh amhlaidh. Léigh mé alt suimiúil in Comhar le déanaí a mhínigh go bhfuil baint láidir idir dearcadh dhuine ar Iosrael agus dearcadh dhuine ar an bpoblachtachas i tuaisceart na hÉireann. Crochann na poblachtaigh bratacha Palaistíneacha ar a dtithe, agus crochann na hAontachtaithe bratacha Iosraelacha ar a gcinn féin. Ní bhíonn aon phlé ann. I bhfírinne, níl ann ach comhairle a bhaineann le polaitíocht an tuaiscirt, seachas dearcadh tuisceanach ar chúrsaí an Mheánoirthir. Agus dar ndóigh, seasann na Stáit Aontaithe le hIosrael, seachas leis na sceimhlitheoirí Palaistíneacha. Tá fríth-Mheiriceánachas an-láidir sa tuaisceart, mar sin.

Ar chláir phlé an idirlín, bíonn daoine as a meabhair i gcoinne na Stát agus i gcoinne Iosrael, agus dar ndóigh, i gcoinne GWB go háirithe. Ach cad faoi ghnáth-dhaoine eile in Éirinn, nach mbíonn ar an idirlíon, agus nach mbíonn ag plé leis an nGaeilge? Cloisim tuairiscí ó dhaoine a théann go hÉirinn ar saoire. B’fhearr duit cur i gcéill gur Ceanadach thú, deir mórán díobh.

Bhí mé ar chlár Rónáin cúpla uair, agus mar gheall air sin agus na hailt a scríobh mé do Lá agus do Comhar, tá aitheantas éigin orm in Éirinn. Bhí mé ag caint le Cóilín Ó Floinn uair. Is Meiriceánach líofa sa Ghaeilge é atá ina chónaí in Éirinn. D’inis sé scéal dom. Bhí sé i dteach tábhairne éigin, agus nuair a chuala duine gurb as Meiriceá é, agus é líofa, cheap an duine sin gur mise ab ea Cóilín bocht (nach n-aontaíonn liom maidir leis an bpolaitíocht), agus rinne sé bagairt air agus thug eascaine air, go bhfuair sé nár mise é. Níl gach éinne mar sin, cinnte, ach tá siad ann.

Chonaic mé an fríth-Mheiriceánachas Éireannach den chéad uair in 2001, ar liostaí r-phoist Gaeilge-B srl. Bhí sé chomh láidir ar Gaeilge-A freisin, gur imigh mé ó na liostaí sin ar ball. Dar liom, scrios an dearcadh sin mórán plé a bhíodh ar an idirlíon. Níl aon ábhar slán ach an gramadach, tomhais, agus an aimsir, beagnach. Sílim nach bhfuil sé chomh dona agus a bhíodh, ach nílim cinnte. Cá bhfios nach ndéanaim maith éigin ag soláthair an taobh eile as Gaeilge? Mar sin féin, fuair mé litir an phinn nimhe tamall beag ó shin ó strainséir eile a fuair Gan Fiacail Ann de thaisme…Níl ag teastáil uaimse ach a bheith cairdiúil, agus eolas a roinnt le daoine, eolas nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile as Gaeilge. Agus freagra a thabhairt dóibh a bhíonn dár n-ionsaí. Tá géar-ghá leis sin, dar liom.

Is féidir gur fadhb na gcathracha móra é seo (agus sna meáin). Is amhlaidh sna cathracha móra anseo, Nua-Eabhrac san áireamh. Tá cúrsaí chomh dona in Londúin, freisin, gan dabht. Ní bhíonn mórán daoine sa Ghaeltacht nó faoin tuath ar an idirlíon, go bhfios dom. Táim réasúnta cinnte nach mbíonn daoine ag tabhairt maslaí i gcónaí ar thuarasóirí Meiriceánacha sna háiteanna is mó a mbíonn siad ar cuairt (mar gheall ar an airgead). Ach ní ionann sin agus nach mbíonn siad ag smaoineamh amhlaidh. Agus dar ndóigh, tá fáilte roimh Mheiriceánaigh frith-Bhuiseacha…
An tuairisc is mó a fhaighim ná fur fuath leo sinn thall, faraor.

Rinne mé iarracht ‘Ireland pro-Bush’ a lorg ar Google. Den chuid is mó, fuair mé daoine ag déanamh líomhaintí go raibh daoine eile ‘pro-Bush’ (mar rud uafásach). Ach fuair mé cúpla rud suimiúil:

9-14-04

THE general view among many Irish Americans is that anti-Bush sentiment is a matter of faith in Ireland, but like all suppositions there is another side to the argument. There have been some heated debates in recent times between Irish Americans and Irish natives on this issue. Several leading Irish American businessmen have become very exercised on this question and regard Ireland in a far more jaundiced fashion as a result. Yet, like every strongly argued issue, there is now a clear sense that not all the Irish people are opposed to President Bush, and ...

2004 arís:
For Stan and many of his compatriots living here, to be an American in Ireland is to be a pariah. Some US citizens say America-bashing has become so prevalent in Irish society, they no longer feel welcome. Others no longer feel safe.


Tá duine amháin (Aontachtaí, sílim) in Éirinn agus blag coimeádach aige.

Bhí duine amháin a d’aontaigh leis maidir leis an Afraic (fuair mé ar Slugger O’Toole é seo).

Is cuimhin liom cúpla duine as Éirinn a bhíodh ina gcónaí anseo le tamall. Gaeilge iontach atá acu. Uair amháin, luaigh mé go mbeinn ag caitheamh vóta ar son GWB. B’iontach an alltacht a tháinig ar aghaidh na mná sin, nuair a dúirt sí “Oh no….” Nílim cinnte gur labhair sí liom ina dhiaidh sin. Chuaigh siad ar ais go hÉirinn faoi cheann tamaill.

Gach a léim agus gach a chloisim, taispeánann sin dom gur fríth-Bhuiseach (radacach confach) an móramh in Éirinn. An bhfuil fianaise ag éinne nach fíor sin? Ba bhreá liom bheith mícheart maidir leis an bhfríth-Mheiriceánachas thall. Go bhfios dom, déantar talamh slán de in Éirinn gur duine olc é Bush agus go mbíonn Meiriceá mícheart, go bhfuilimidne ciontach as fadhbanna go léir an Mheánoirthir, srl. Agus ní bhíonn plé ann faoi. Bíonn fuath ann.

Taispeánaigí dom go bhfuil dul amú orm, le bhur dtoil.

Agus go raibh maith agaibh uile atá sásta an blag seo a léamh.

No comments: