Thursday, September 27, 2007

Miánmar

Tá cúrsaí go dona i Miánmar (mBurma), agus tá súil an tsaoil dírithe orthusan mar gheall ar na léirsithe frith-rialtasa atá ar siúl ann.

Nach suimiúil é go bhfuil tuiscint faoi dheireadh ag daoine áirithe gur olc an rud é an deachtóireacht, agus a brúidiúlacht? Na daoine céanna a cheap gur bhotún ollmhór é an cogadh i Vítneam, agus gur bhreá an rud é an dóigh a d'imigh na Stáit agus nár sheasamar le muintir Vítneam, ná leo sa Chambóid, nó... Sea, timpeall 35 bliain ó shin, ba chuma leo na manaigh sna tíortha seo, ná aon duine eile ann. Cinnte, le tamaillín, thug siad faoi deara na mic léinn ar chearnóg Tiananmen. Ach d'imigh sin agus tháinig an Tíogar Síneach...

Anois, agus an saol ag aithint na gcumannach agus a leithéid mar atá siad, an mbeadh siad pioc ní ba dháiríre faoin Choiré Thuaidh? Faoin Sín fhéin, agus an Tibet go háirithe? Faraor, ní dóigh liom.

Dar le Lá Nua, dúirt an tUasal Ahern gur mhaith leis brú ón Sín ar an rialtas seo sa Bhurma (Miánmar). Ach nach dtuigeann sé gur ál na Síne rialtais mar sin?

Is fíor nach cummanaigh iad sa rialtas ann anois. Cuireann siad an milleán ar na cumannaigh as a gcuid trioblóidí uaireanta, fiú. Ach níl sa chumannachas ach leithscéal sa tSín, freisin. Is deachtóireachtaí iad araon, agus sin an fáth nach miste leis an Sín eachtraí an rialtais bhrúidiúile eile seo, dar liom.

Tá cúrsaí go dona ansin le fada. Agus tá an saol míshásta le fada. Agus is cuma leo.

Féach "In Éadan an Chumannachais" anseo. Sean-alt (lochtach) a scríobh mé atá ann. Tá sé chomh sean go bhfuil cúpla nasc briste ann. Gabh mo leithscéal. Ach seo ceann eile faoin Laogai (as Béarla, nár scríobh mise).

Níos mó faoi Bhurma. Sea, Burma an t-ainm ceart fós ar an tír, cé gur mhaith leis an rialtas atá ann an t-ainm eile, nár ghlac an pobal leis riamh.

Thursday, September 20, 2007

Drochchlaonadh sna Meáin, agus an FrithMheiriceánachas

Na Meáin Chumarsáide i Meiriceá

An Preas Meiriceánach agus Seán Ó Loingsigh

Is Deacair Gaeilge a Léamh

Sampla eile den Bhiogóideacht

An Fáth Go bhFuil Sé Tábhachtach

Lá Nua?

Cad is Fox News Ann?

Biogóideacht agus Ceartchreidmheachas

Baineann Fear Greim as Madra!

Iosrael agus na Palaistínigh, agus an Iaráin

Foras Feasa ar Iosrael

Mo Chur in Aithne

Rogha an Dá Dhíogha

An Iaráin - Cad a Dhéanfar? (Eanáir 2006)

Ceist Simon Wiesenthal

Fabhalscéal

Bolscaireacht

Ag Sodar i nDiaidh Arafat...

George Bush (agus an Nimh ina Leith)

Cén Fáth an Fuath Seo do George W. Bush? (2003)

Déardaoin na gCailliúnaithe Cráite (Eanáir 2005)

Léirmheas ar Alt le Mary Beth Taylor in Lá

Duaiseanna Eile don Fhrith-Bush-ach

Na Gealta i mBun Theach na nGealt

Dearcadh na nÉireannach Maidir le Bush (agus Meiriceá)

Dochar an Fhuatha do Bush san Afraic

An Cogadh san Iaráic

Na fáthanna:

Tá an Chogaidh i gCoinne na hIaráice Dleathach, Ceart agus Cóir

Torthaí an Chogaidh
Ní Buan a gCuimhne

Dul Chun Cinn:

An Todhchán
Ceannteidil
Trí Bliana san Iaráic
Laochra na hIaráice
Smaoineamh Fonnmhar
Fadhb na hIaráice
Teachtaireacht do na hArabaigh san Iaráic
Plean Nua
Rónán Mac Aodha Bhuí agus Ceithre Bliana san Iaráic
Óinmhidí Dháil na Stát Aontaithe
An Saighdiúir Meiriceánach san Iaráic

Na hAirm Ollscriosta:

Cá bhFuil na hAirm Ollscriosta?
Na hAirm Ollscriosta

Conspóidí eile a bhaineann leis:

Cé atá iontaofa?
Cad Tá Abu Ghraib ag Insint Dúinn?

Graifítí Frith-Mheiriceánach in Bagdad (agus in Lá!)

Fiúntas an Bhlaig Seo Mar Fhoinse Eolais

Tá an blag seo ann le fada, agus ailt a scríobh mé fadó, is deacair iad a fháil. I gcónaí, bíonn daoine ag ardú na gceisteanna céanna, agus sílim go mba chóir dom córas éigin a chur ar bun ionas go mbeadh sé ní b'éasca na sean-ailt a fháil. Mar sin, cuirfidh mé naisc in ailt nua chuig na seanchinn, agus déanfaidh mé naisc chucusan de réir ábhair sa liosta nasc atá ar an suíomh seo.

Tá níos mó ann ná na mór-ábhair a bheidh ina mbailiúcháin, ach beidh siad ar fáil mar a bhí riamh, sa chartlann.

Tuesday, September 11, 2007

Sé Bliana

Lá cuimhneacháin atá ann inniu. Rinneadh ionsaí uafásach orainn sé bliana ó shin. Tá na Daonlaithigh ag iarraidh fós géilleadh sa chogadh a tosaíodh ansin. Ach buíochas le Dia, níl siad láidir go leor fós chun an feall sin a chur i gcríoch. Ní maith leo go bhfuil dul chun cinn ann, de réir an ghinearáil is mó san Iaráic. Níor mhaith leo éisteacht leis. Níl meas ar bith acu air, cé go bhfuil sé sa phost sin mar gheall ar a gcuid vótaí féin. Agus go bhfuil sé ag éirí leis i gcoinne na sceimhlitheoirí, Al Quaeda go háirithe, san Iaráic. Ach pé rud a cheapann a leithéid, tá dul chun cinn ann, agus dóchas. Agus nílimid ag géilleadh.

Fuarthas teachtaireacht ó Bhin Laden (mar dhea) chun comóradh eile a dhéanamh ar an lá seo. Tá sé ar aon intinn leis an bpáirtí Daonlathach...agus níl cumhacht go leor aigesean chun an tír seo a scriosadh ach oiread. Má tá sé beo in aon chor.

Tá a chlár oibre ag gach éinne, agus is mór an trua go dtugann daoine áirithe príomháit dá dtuairimí polaitiúla ar lá mar seo. Fiú san Eaglais Chaitliceach anseo, is mó duine a chuir tuairimí amaideacha os comhar na ndaoine, seachas meas cóir a thabhairt don tír seo. Ag an Aifreann inniu, chuala mé faoin "war on terror" idir comharthaí athfhriotail, dar ndóigh, agus an "war on the poor" atá á fhearadh ag an rialtas mar gheall air...cacamas claonta mí-oiriúnach. Agus chuala mé faoina leithéid in áiteanna eile. Ghuí mise ar iadsan a cailleadh, iadsan atá anseo ina ndiaidh, agus ar an saol seo. Go raibh síocháin againn.

Agus chuaigh go dtí mo phost. Mar a rinneamarne go léir ar an lá úd sé bliana ó shin. Tá ár mbreatach ar foluain sa bhaile.
Agus faoi dheireadh, tá siad ag ath-thógáil.

Tuesday, August 28, 2007

Íol Meiriceánach

(Ní bhaineann gach aon rud leis an bpolaitíocht, fiú anseo!)

Is é an clár teilifíse is mó i Meiriceá ná American Idol. Comórtas amhránaíochta is ea é. Bhuel, is breá le m'iníon go háirithe é. Tá sí trí bliana déag. Tá sí ar buile faoi. Agus is maith liomsa é freisin, mar atá.

Gach bliain agus an comórtas thart, bíonn ceolchoirmeacha ag an deichniúr ab fhearr, an buaiteoir san áireamh. Chuamar anuraidh, agus an tseachtain seo caite, chuamar arís. Chuala m'iníon go mbíonn na 'híola' lasmuigh den halla (colluseum, mar atá) roimh an gceolchoirm, chun bualadh lena lucht leanúna. Mar sin, chuamar go luath. Ach nuair a shroicheamar an áit, chuir mo bhean ceist ar gharda, agus d'inis sé di go ndéanann siad amhlaidh ar a ceathair a chlog - agus bhí sé tar éis a cúig a chlog faoin am sin a rabhamar ann. Bhí díomá orainn. Ní raibh an cheolchoirm chun tosnú go dtí a seacht a chlog. Mar sin, bhí am go leor againn gan faic le déanamh.

Bhí wiener mobile ann, agus seans chun canadh dóibh, agus bhí beirt chara do m'iníon inár dteannta. Rinne siad an rud sin, agus fuair siad feadóga 'wiener' mar gheall air. Tá m'iníon fhéin ró-chúthail chun a leithéid a dhéanamh.

Scrúdaigh na gardaí sinn ar ár slí isteach, mar is gnáth na laethanta seo. D'iarr duine acu orm taispeáint dó a raibh i mo phóca. Ceamara a bhí ann. Ach ní raibh aon chosc air, mar a bhíonn de ghnáth. Mar sin ní raibh aon eagla orainn grianghraif a dhéanamh.

Ina dhiaidh sin, cheannaigh sí leabhar de ghriangraif, srl., clár don oíche, sin a rá. Agus chuaigh siad go dtí an leithreas. Scuaine fada do na mná is na cailíiní, dar ndóigh. Ní raibh aon deacracht agamsa. Mar sin, chuamar go dtí ár suíocháin, agus shocraigh mé ar dhul go dtí an leithreas ansin. Ar mo shlí ar ais, chuala mé duine do mo bheannú as Gaeilge! Cara do mo dheirfiúr chéile a bhí ann lena mhuirir féin. Níl ach na cúpla focal aige. Bhí sé ar mo phodchraoladh sa samhradh seo. As Laois eisean.

Ansin, bhí ceolchoirm bhreá ann. Bhíomar an-sásta leis. Rinneamar grianghraif go leor, mise agus m'iníon, ag a raibh a ceamara féin. D'imíomar leis an slua. An-oíche a bhí againn. Ach, leath-shlí abhaile, d'éirigh sé ar m'iníon nach raibh a ceamara aici. D'fhéachamar ar fud an chairr, ach ní raibh sé ann. Thugamar abhaile na cailíní eile, agus ansin, bhí orainn dul ar ais (leathuair an chloig eile) go dtí an halla, chun iarracht a dhéanamh an ceamara a fháil. Cheap sí gur thit sé óna mála sa halla ag a cathaoir. Níor cheap mé go bhfeicfimís riamh arís é, ach bhí seans beag ann, mar sin féin.

Ní raibh ach an corrdhuine ann ag an halla faoin am seo, agus bhí na doirse faoi ghlas. Ach fuaireamar cead ó gharda, agus chuamar isteach. Cheap mé go raibh an oíche scriosta mar gheall ar chailliúint an cheamara, ach mar a tharla, bhí sé ann fós faoina cathaoir! Ceamara daor atá i gceist, agus bhí áthas orainn.

Nuair a chuamar isteach an halla, chualamar daoine ag screadadh agus ag bualadh bas. Cheapamar go raibh na híola ag imeacht. Bhí díomá orainn nach rabhamar in ann iad a fheiscint. Ach ar eagla na heagla, ar ár slí amach, thiomáin mé i dtreo na fuaime sin. Agus bhí roinnt díobh ann, agus bhí siad ag síniú is ag caint lena lucht leanúna! Fuaireamar grianghraif díobh, agus fuair m'iníon roinnt síniuithe, agus fuair sí fiú barróg ó bhuachaill deas díobh! Bhí áthas an domhain orainn, agus uirthise go háirithe. Bhí na híola an-deas agus an-fhlaithiúil ar fad. Tá siad níos deise ná mar a cheapfaí ón teilifís, fiú.

Dar ndóigh, bhí m'iníon ag insint dá cairde go bhfuair sí síniuithe agus barróg, agus ní bhfuair siadsan ach feadóga 'wiener'...

Mar sin, dea-thimpiste a bhí ann, nuair a d'fhág sí a ceamara, seachas a mhalairt. Buíochas le Dia!

Tuesday, July 31, 2007

Putinjugend

Bíonn cacamas le léamh i gcónaí a deir go bhfuil George Bush ag déanamh ionsaithe ar an ndaonlathas i Meiriceá. Níl aon bhunús leis, dar ndóigh, ach an gnáth-fhuath do Bush. Ní minic a bhíonn éinne ag caint faoin bhfíor-ionsaí ar an ndaonlathas atá ar siúl sa Rúis.

Cheapfaí go bhfuil an scéal seo faoin ngnéas agus daoine óga sa Rúis. Bhuel, tá. Ach tá níos mó ann, freisin.

Seo cúpla sampla eile dá bhfuil ar siúl le fada faoi Putin.
Ón Washington Times (2004)
Zach Stern (2004)
George Bush (2007)

Friday, July 27, 2007

An Saighdiúir Meiriceánach san Iaráic

Tá breis is 155,000 saighdiúir againn san Iaráic. An féidir nach bhfuil siad go léir go deas? B'fhearr liom gan sin a chreidiúint, ach tharla Abú Ghráib. Is féidir in aon tslua chomh mór sin, go bhfuil cúpla úll lofa ann. Ach le déanaí, tá irisí áirithe ag iarriadh cur in iúl dúinn go bhfuil siad go léir lofa. Sea, na daoine céanna i gcónaí, iad siúd a smaoiníonn gur sinne na droch-dhaoine, seachas na sceimhlitheoirí. Ach cad faoi na scéalta atá acu?

Tá agallaimh le caoga saighdiúir frith-chogadh ag irisleabhar na heite clé The Nation. Tuairiscíodh faoi thar sáile, freisin ("Interviews with US veterans show for the first time the pattern of brutality in Iraq" - alt a thosaíonn le bréag sa chéad abairt...). Bolscaireacht mhaith atá ann, dar ndóigh, do na frith-Mheiriceánaigh. Sea, fuair siad 50 as cúpla céad míle atá sásta drochrudaí a rá faoin misean, nó faoina gcomhghualaithe, nó faoina ndrochiompar féin. Nó an bhfuair? An bhfuil na scéalta go léir chomh dona sin? Níl, dar le William Kristol. Ach fiú más fíor iad na scéalta, agus má tá siad go dona, níl ann ach na corr-úll lofa, gan dabht. Tá cuspóir polaitiúla ag gach duine díobh, chun seasamh in aghaidh an uachtaráin, pé scéal, agus cuireann sin in amhrás a gcuid scéalta, freisin. Ach admhaím gur féidir go bhfuair siad cúpla droch-úll, chun feidhm a bhaint astu.

Luaitear Haditha in 2005 san alt sin san Independent. Ní léir gur tharla sé sin mar a cheaptar ach oiread, mar atá. Agus tá an dlí á chur ar éinne a rinne aon rud mícheart ann. Níl aon pholasaí ann chun sibhialtaí a mharú in arm na Stát Aontaithe. Sin polasaí na sceimhlitheoirí.
(Dála an scéil, fuair ní ba lú sibhialtaí bás san Iaráic ná mar a ceapadh in 2004).

Tá blagadóir foilsithe ag irisleabhar eile den eite chlé, The New Republic. Deir seisean gur saighdiúir san Iaráic é, agus bíonn sé ag insint scéalta faoi dhrochiompar na saighdiúirí ann. Níl éinne cinnte fós gur fíor-shaighdiúir é ar chor ar bith. Ach más ea, is eisean a bhíonn ag déanamh na ndrochbheart, agus ba chóir píonós a ghearradh air. Seo freagra dóibhsean le Hugh Hewitt.

Rinne John Kerry agus a chairde an cleas céanna nuair a bhí an cogadh ar siúl i Vítneam. Is mór an náire orthu as na bréaga sin (dá mbeadh a leithéid in ann náire a thuiscint i gceart).

Cé hiad na saighdiúirí atá againn? Cén saghas duine iad de ghnáth? An saghas is fearr, gan dabht. Go mbeannaí Dia iad.

In ionad a bheith ag síorcháineadh na Meiriceánach, ba chóir scéalta faoin maith a dhéanann siad ansin a insint, agus scéalta uafáis na sceimhlitheoirí a insint. Mar a dhéanann Michael Yon.

Wednesday, July 25, 2007

Dochar an Fhuatha do Bush san Afraic

Tá fadhbanna go leor san Afraic, agus ba chóir do na tíortha ansin go léir obair le chéile chun iad a réiteach, in éindí leis an domhain ar fad. Go háirithe na tíortha is saibhre, mar an Afraic Theas. Ach de réir dealraimh, b'fhearr leosan geáitsí frith-Mheiriceánacha a dhéanamh (ag an NA, dar ndóigh), ná aon mhaith a dhéanamh ar an mórthír bhocht sin.

Is iomaí tír a bhíonn ag olagóin nach bhfuil aon Chogadh Fuar ann níos mó. Tá an Rúis agus an tSín ag obair le gach tír díobhálach ar domhain (an Iaráin, an tSúdáin, an tSiombáib, srl.) chun bheith ina bhfreasúra (díobhálach) do na Stáit Aontaithe, agus do pholasaithe George Bush go háirithe. Go díreach mar a dhéanaidís i rith an Chogaidh Fhuair, tá tíortha an tríú domhain (an cuimhin le héinne cad as ar tháinig an téarma sin?) ag taobhú is ag tacú le domhan saor nó domhan daor, chun a gcumhacht a ardú (mar dhea).

Ach an Afraic Theas, nach bhfuil a fhios acu cad is saor agus cad is daor ann? Nach mbeadh suim acu i gcearta daonna agus saoirse daoine, go háirithe san Afraic? Cheapfaí. Ach níl sé amhlaidh, faraor. Tá fuath do Bush níos tábhachtaí ná daoine gorma na Súdáine nó saoirse sa Mheánoirthear.

Cad iad na maithe eile nach ndéantar ar domhain as siocair na príomháite a thugtar don fhuath, agus don éad, agus don mhóráil? 'Sé an cluiche céanna atá ar siúl, fiú gan aon Aontas Sóivéadach. Agus an rogha chéanna.

Thursday, July 19, 2007

Dearcadh na nÉireannach Maidir le Bush (agus Meiriceá)

Chuir mo chuid cainte olc ar mo chara Fearn (ar chlár plé Beo) nuair a dúirt mé le déanaí (anseo) nach raibh aon ionadh orm go ndúirt Éireannach gur mhaith léi bás G.W. Bush. Síleann sé gur claonchiníochas frith-Éireannach an ráiteas sin. Ní aontaím leis, dar ndóigh. Ach is fiú an cheist seo a phlé. Cad é an scéal i bhfírinne in Éirinn? Níl eolas agamsa ach mo thaithí féin. Le breis is sé bliana, táim ag plé cúrsaí polaitiúla a bhaineann le Bush agus SAM le daoine in Éirinn, as Gaeilge. Tá cúpla inimirceach de bhunadh na hÉireann a bhfuil aithne agam orthu, agus níl siadsan fríth-Bhuis. Tá cúpla duine ar an idirlíon atá réasúnta stuama agus nach bhfuil ina bhfanaicigh fhríth-Bhuiseacha. Ach is mionlach iadsan, gan aon agó. Fiú na daoine seo, is minic a deir siad 'cé nach n-aontaím leat' sula deir siad aon rud eile liom.

Scríobhaim ailt ó am go chéile a chuirtear i gcló, mar a dhéanaim anseo, chun cás Mheiriceá a mhíniú as Gaeilge. Ní dhéanann aon duine eile sin, as Gaeilge ar aon nós. (Bíonn ailt ann i gcónaí ag insint bréag agus ag tabhairt maslaí orainn, cinnte. Is breá le scríbhneoirí Éireannacha droch-rudaí a rá faoi na Stáit Aontaithe.) An chéad uair gur scríobh mé do Lá, mhol an foilsitheoir dom alt a sheoladh chucu. Ní raibh a leithéid ann, agus bhí suim acu i scéal ó dhearcadh eile (cé nach gcuiridís a leithéid ann, nó fiú cothromaíocht, as a stuama féin). Den chuid is mó, chuir mo thuairimí fearg ar dhaoine.

Don chéad uair a bhí mé ar Raidió na Gaeltachta, fuair mé cuireadh ó Rónán Mac Aodha Bhuí mar gheall ar ailt a scríobh mé ar Iosrael. Duine le Gaeilge agus é ag tacú le hIosrael – an rud is annamh is iontach! Níl aon duine eile ag déanamh amhlaidh. Léigh mé alt suimiúil in Comhar le déanaí a mhínigh go bhfuil baint láidir idir dearcadh dhuine ar Iosrael agus dearcadh dhuine ar an bpoblachtachas i tuaisceart na hÉireann. Crochann na poblachtaigh bratacha Palaistíneacha ar a dtithe, agus crochann na hAontachtaithe bratacha Iosraelacha ar a gcinn féin. Ní bhíonn aon phlé ann. I bhfírinne, níl ann ach comhairle a bhaineann le polaitíocht an tuaiscirt, seachas dearcadh tuisceanach ar chúrsaí an Mheánoirthir. Agus dar ndóigh, seasann na Stáit Aontaithe le hIosrael, seachas leis na sceimhlitheoirí Palaistíneacha. Tá fríth-Mheiriceánachas an-láidir sa tuaisceart, mar sin.

Ar chláir phlé an idirlín, bíonn daoine as a meabhair i gcoinne na Stát agus i gcoinne Iosrael, agus dar ndóigh, i gcoinne GWB go háirithe. Ach cad faoi ghnáth-dhaoine eile in Éirinn, nach mbíonn ar an idirlíon, agus nach mbíonn ag plé leis an nGaeilge? Cloisim tuairiscí ó dhaoine a théann go hÉirinn ar saoire. B’fhearr duit cur i gcéill gur Ceanadach thú, deir mórán díobh.

Bhí mé ar chlár Rónáin cúpla uair, agus mar gheall air sin agus na hailt a scríobh mé do Lá agus do Comhar, tá aitheantas éigin orm in Éirinn. Bhí mé ag caint le Cóilín Ó Floinn uair. Is Meiriceánach líofa sa Ghaeilge é atá ina chónaí in Éirinn. D’inis sé scéal dom. Bhí sé i dteach tábhairne éigin, agus nuair a chuala duine gurb as Meiriceá é, agus é líofa, cheap an duine sin gur mise ab ea Cóilín bocht (nach n-aontaíonn liom maidir leis an bpolaitíocht), agus rinne sé bagairt air agus thug eascaine air, go bhfuair sé nár mise é. Níl gach éinne mar sin, cinnte, ach tá siad ann.

Chonaic mé an fríth-Mheiriceánachas Éireannach den chéad uair in 2001, ar liostaí r-phoist Gaeilge-B srl. Bhí sé chomh láidir ar Gaeilge-A freisin, gur imigh mé ó na liostaí sin ar ball. Dar liom, scrios an dearcadh sin mórán plé a bhíodh ar an idirlíon. Níl aon ábhar slán ach an gramadach, tomhais, agus an aimsir, beagnach. Sílim nach bhfuil sé chomh dona agus a bhíodh, ach nílim cinnte. Cá bhfios nach ndéanaim maith éigin ag soláthair an taobh eile as Gaeilge? Mar sin féin, fuair mé litir an phinn nimhe tamall beag ó shin ó strainséir eile a fuair Gan Fiacail Ann de thaisme…Níl ag teastáil uaimse ach a bheith cairdiúil, agus eolas a roinnt le daoine, eolas nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile as Gaeilge. Agus freagra a thabhairt dóibh a bhíonn dár n-ionsaí. Tá géar-ghá leis sin, dar liom.

Is féidir gur fadhb na gcathracha móra é seo (agus sna meáin). Is amhlaidh sna cathracha móra anseo, Nua-Eabhrac san áireamh. Tá cúrsaí chomh dona in Londúin, freisin, gan dabht. Ní bhíonn mórán daoine sa Ghaeltacht nó faoin tuath ar an idirlíon, go bhfios dom. Táim réasúnta cinnte nach mbíonn daoine ag tabhairt maslaí i gcónaí ar thuarasóirí Meiriceánacha sna háiteanna is mó a mbíonn siad ar cuairt (mar gheall ar an airgead). Ach ní ionann sin agus nach mbíonn siad ag smaoineamh amhlaidh. Agus dar ndóigh, tá fáilte roimh Mheiriceánaigh frith-Bhuiseacha…
An tuairisc is mó a fhaighim ná fur fuath leo sinn thall, faraor.

Rinne mé iarracht ‘Ireland pro-Bush’ a lorg ar Google. Den chuid is mó, fuair mé daoine ag déanamh líomhaintí go raibh daoine eile ‘pro-Bush’ (mar rud uafásach). Ach fuair mé cúpla rud suimiúil:

9-14-04

THE general view among many Irish Americans is that anti-Bush sentiment is a matter of faith in Ireland, but like all suppositions there is another side to the argument. There have been some heated debates in recent times between Irish Americans and Irish natives on this issue. Several leading Irish American businessmen have become very exercised on this question and regard Ireland in a far more jaundiced fashion as a result. Yet, like every strongly argued issue, there is now a clear sense that not all the Irish people are opposed to President Bush, and ...

2004 arís:
For Stan and many of his compatriots living here, to be an American in Ireland is to be a pariah. Some US citizens say America-bashing has become so prevalent in Irish society, they no longer feel welcome. Others no longer feel safe.


Tá duine amháin (Aontachtaí, sílim) in Éirinn agus blag coimeádach aige.

Bhí duine amháin a d’aontaigh leis maidir leis an Afraic (fuair mé ar Slugger O’Toole é seo).

Is cuimhin liom cúpla duine as Éirinn a bhíodh ina gcónaí anseo le tamall. Gaeilge iontach atá acu. Uair amháin, luaigh mé go mbeinn ag caitheamh vóta ar son GWB. B’iontach an alltacht a tháinig ar aghaidh na mná sin, nuair a dúirt sí “Oh no….” Nílim cinnte gur labhair sí liom ina dhiaidh sin. Chuaigh siad ar ais go hÉirinn faoi cheann tamaill.

Gach a léim agus gach a chloisim, taispeánann sin dom gur fríth-Bhuiseach (radacach confach) an móramh in Éirinn. An bhfuil fianaise ag éinne nach fíor sin? Ba bhreá liom bheith mícheart maidir leis an bhfríth-Mheiriceánachas thall. Go bhfios dom, déantar talamh slán de in Éirinn gur duine olc é Bush agus go mbíonn Meiriceá mícheart, go bhfuilimidne ciontach as fadhbanna go léir an Mheánoirthir, srl. Agus ní bhíonn plé ann faoi. Bíonn fuath ann.

Taispeánaigí dom go bhfuil dul amú orm, le bhur dtoil.

Agus go raibh maith agaibh uile atá sásta an blag seo a léamh.

Wednesday, July 18, 2007

Óinmhidí Dháil na Stát Aontaithe

Cloistear go bhfuil droch-thuairim ag gach éinne faoi Bush. Ní shíleann ach timpeall 34% den tír go bhfuil sé ag déanamh jab mhaith. Ach cad faoin Teach Dála? Mar atá, tá tuairim níos measa ag gach éinne ina leith. Dar le pobalbhreith nua, ní shíleann ach timpeall 14% den tír go bhfuil siadsan ag déanamh jab mhaith.

Ní maith le héinne an cogadh, dar ndóigh. Agus tá mórán daoine ann a chuireann an milleán ar Bush mar gheall air, seachas ar na sceimhlitheoirí. Sin cuid díobh nach bhfuil sásta leis an uachtarán. Ach tá daoine eile ann nach bhfuil sásta leis na rudaí eile a dhéanann sé, go háirithe maidir leis an inimirceacht. Sílim féin go bhfuil sé ag déanamh jab cuibheasach maith (fair), mé féin. Ach is fuath liom tréas (beagnach) an pháirtí Dhaonlathaigh sa Teach Dála.

Rinne siad geáitse aréir a thaispeánann an dearcadh amaideach atá ann. D'ainneoin nach raibh seans dá laghad go ndéanfadh sé aon difear, chaith siad an oíche go léir ag gearán faoin gcogadh, agus ag bagairt ar an arm agus ar an uachtarán (agus ar mhuintir na hIaráice). Ba mhaith leo, de réir dealraimh, bua a thabhairt dár naimhde go léir, agus praiseach a dhéanamh den Iaráic. Is cuma leo go mbeadh cinedhíothú ann, agus go mbeadh baile nua slán ann do na sceimhlitheoirí go léir. Is fuath leo Bush, agus sin an rud. An teachtaireacht don saol atá acu: tá Meiriceá lag, agus ba mhaith le mórán sa rialtas géilleadh do na sceimhlitheoirí. Ach is cuma sin. Is fuath leo Bush.

Idir an dá linn, fuarthas ceannaire Al Cadhda san Iaráic inniu. Tá na trúpaí deireanacha ón 'réablach' tagtha i dtír an tseachtain seo, agus an straitéis nua faoi lán seoil. Dá mbeadh gach éinne ag taobhú leis na laochra san arm atá ann dár gcosaint, thiocfadh an deireadh ní ba thapúla, gan dabht. Ach tugtar dóchas dár naimhde i gcónaí. An-jab, Reid, Pelosi, Clinton, Kennedy, Murtha... agus bhur gcairde go léir.

Thursday, July 12, 2007

Ag Sodar i nDiaidh Arafat...

Buaiteoir eile dhuais na síochána Nobel...an bhfuil aon mhaith sa duais sin? (Tugadh do Jimmy Carter é, in ainm Dé... "With the position Carter has taken...(the award) can and must also be seen as criticism of the line the current U.S. administration has taken on Iraq," Committee head Gunnar Berge, a former labor minister, told reporters.)

Agus anois, Nobel laureate calls for removal of Bush. Sea, duine eile le BDS (Bush Derangement Syndrome).

It's twisted. It's all wrong," she said. "There are so many lies being told.

Ach níl sí ag déanamh a faoistine, faraor, ná ag caint fuithi féin agus a leithéid.
"Right now, I could kill George Bush," she said

Bean Éireannach atá i gceist. Níl aon ionadh sin, mo léan.

Ach saineolaí faoin Meánoirthear is ea í, gan dabht? Ní hea, ná baol air. Fuair Betty Williams a duais mar gheall ar na trioblóidí in Éirinn.


(DAS, tá a fhios agam nach cruinn mo theidil. Fuair Arafat an duais in 1994, agus an bhean seo in 1976. Ach bhí sise níos fearr roimhe, go bhfios dom).

Monday, July 09, 2007

Rush II

Chonaic mé iad, agus bhí an ceolchoirm go breá. Chas siad an t-amhrán seo, ach ní dhearna siad aon léirsiú polaitiúil de, ná baol air. Bhí siad an-dearfach agus spraíúil an t-am ar fad. Níor chuir an ceann seo isteach orm chomh mór ar an stáitse agus a chuir ina aonar ar leith. Tá siad ag iarraidh a bheith dearfach, seachas nimhneach, a mhalairt mar a bhíonn an iomarca na laethanta seo.

Déanann siad ceolchoirm iontach, agus molaim iad a fheiscint, má bhíonn deis agat.

Tuesday, June 19, 2007

Rush

Is breá liom an bhuíon cheoil Rush. Is minic go mbíonn líricí sofaisiticiúla cliste aibí acu. Ach uaireanta, téann siad ar strae. I bhfírinne, níor chuir siad isteach orm go dtí an t-albam nua seo, Snakes and Arrows. Is maith liom é. Is mó amhrán fiúntach atá air (ach sílim nach bhfuil sé chomh maith agus a bhí an ceann roimhe, Vapor Trails). Ach maraon leis an móramh i saol na n-ealaíon, is frith-Chríostaí an dearcadh atá ann, uaireanta, agus dar ndoigh, frith-Bush. D'ól siad an Kool-Aid maidir leis an gCogadh i gCoinne na Sceimhlitheoireachta, déarfainn. Tá amhrán nua amháin acu, Where the Wind Blows, agus is léir go nglacann siad le mórán den mhiotaiseolaíocht choitianta, go bhfuil na Críostaithe i lár Mheiriceá chomh dona agus atá na sceimhlitheoirí san Iaráic, agus a leithéid de chacamas. Tá díomá orm go bhfuil siad chomh haineolach, go toilteanach. Ach mar a tharlaíonn go minic, thug ráitis daoine eile inspioráid dom chun dán a scríobh:

Sofaisticiúlacht (Mar Dhea)

Beidh mé ag dul go ceolchoirm Rush go luath. Tá súil agam nach ndeirfidh siad aon rud pholaitiúil...

Thursday, May 17, 2007

Plus ca Change?

Táthar ag súil go mbeidh feabhas ar an gcaidreamh idir na Stáit agus an Fhrainc, mar gheall ar a n-uachtarán nua. Ach chuir sé imní an domhain orainn le déanaí, nuair a tuairiscíodh go raibh sé chun an frith-Mheiriceánach radacach Hubert Védrine a dhéanamh ina rúnaí gnóthaí eachtracha. Ach mar atá, tá sé chun an post sin a thabhairt do dhuine i bhfad níos fearr, Bernard Kouchner. Sea, is sóisialaí eisean fós, ach déanann sé rudaí maithe, agus d'fhoghlaim sé ó linn a óige, agus is duine ciallmhar é, de réir dealraimh. Bíonn sé ag obair i gcónaí ar son cearta daonna. Bunaitheoir do Médecins Sans Frontières, agus ansin Médecins du Monde, ab ea é. Thacaigh sé leis an gcogadh san Iaráic, fiú.

Tá Sarkozy ag iaraidh poist a thabhairt do na sóisialaithe agus chun a bheith cairdiúil leo, agus meas a thabhairt dóibh. Tá siadsan ag eagrú círéibeacha, agus tá Royal á spreagadh chun diúltú aon phost faoin uachtarán seo. Cuireann sin na hiarrachtaí a dhéanann George W. Bush, agus a rinne a athair, chun obair leis an bpáirtí Daonlathach. Chuir siadsan a méar ina shúil nuair a thairig siad a lámh dóibh, freisin.

Ach tús maith, leath na hoibre, agus is féidir fós go bhfuil dóchas ann don Fhrainc. Ach an bhfuil Sarkozy in am chun an tír a shábháil? Agus an ndéanfaidh sé rudaí amaideacha chun cairdeas a chothú leis an eite chlé (mar na Bushes)? Is maith an scéalaí an aimsir.

Sunday, May 06, 2007

Viva la France?

Tá mearbhall orm. Rinne na Francaigh rud ciallmhar! Sarkozy abú! Bon chance, notre amis! Ach níos fearr ná a bhua féin, níos fearr ná go bhfuil cara ag Meiriceá (ceaptar) sa bhFrainc, is é an rud is fearr ná gur briseadh na sóisialaithe!

Is dócha go dtuigeann na móramh ann go bhfuil an Fhrainc ag dul sa treo mícheart le fada an lae, agus go bhfuil gá géar le hathruithe inti. Beidh sé deacair go leor d'aon duine ciallmhar aon rud a dhéanamh sa bhFrainc, agus beagnach leath den tír ina sóisialaithe fós. Ach tá an fhadbh chéanna againne, agus uaireanta éiríonn go maith linn. Ensemble tout deivient possible.

Guím gach rath ar an uachtarán Sarkozy - agus, rud nach ndúirt le fada - ar an bhFrainc.

Monday, April 30, 2007

Na Gealta i mBun Theach na nGealt

Teach Dála Mheiriceá, sin a rá. Thug an móramh cead (nach raibh riachtanach, ach sin scéal eile) don uachtarán an t-ionsaí ar an Iaráic a dhéanamh. Ach deir siad nach raibh siad i ndáiríre. Deir siad go raibh gach éinne ag insint bréag dóibh.

D’fhéach siad ar an eolas a bhí ann, agus chonaic siad an fhianaise chéanna. Ach níor fhéach siad ar an stuif sin go dáiríre. Ghlac siad le bréagacha an uachtaráin. Cé nach gcreideann siad é faoi aon rud riamh. Ní bhíonn saoi gan locht, dar ndóigh. Níor cheap siad ar an reachtas seo go dian. Ní raibh siad i ndáiríre faoina jab.

Deir siad anois go mbíonn siad ag tabhairt tacaíochta do na trúpaí. Agus gur mhaith leo an t-airgead atá de dhíth a thabhairt dóibh. Ach tá a lán fhios acu nach féidir sin a dhéanamh agus spriocdháta a chuir sa reachtas céanna. Ach is cuma leo sin. Mar sin, is léir go bhfuil sé ar nós cuma liom acu má bhíonn airgead go leor ag na trúpaí nó mura mbíonn. Ní ionann an rud a deir siad agus an rud a dhéanann siad. Dar ndóigh, níl siad i ndáiríre faoin tacaíocht, mar dhea, a thugann siad do na trúpaí. Mar a dhéanann Harry Reid, a dúirt go bhfuil an cogadh caillte. Sea, an cogadh atá na trúpaí siúd ag fearadh. Ach tacaíonn sé leo.

An t-aon rud faoina bhfuil siad i ndáiríre, sin an toghchán atá le teacht, agus na vótaí atá le fáil as a gcrógacht i gcoinne George Bush. Go sábhála Dia sinn.

Dá mbeadh daoine mar Joe Lieberman níos coitianta ina pháirtí. Is duine dáiríre eiseann. Sin an fáth nach bhfuair sé tacaíocht a pháirtí ina Stát féin. Bhí sé air a fheachtas a dhéanamh don seanad mar dhuine neamhspleách. Fuair sé an bua, d’ainneoin a pháirtí. Ní raibh siad i ndáiríre fiú faoina ndiúltú do Joe Lieberman.

Nach suimiúil é freisin nach bhfuil suim dá laghad acu faoin nuacht ón Iaráic, nó faoi thuairisc ón bpríomhghinearáil atá i mbun ann. Níl aon suim acu bua a fháil san Iaráic. Níl uathu ach géilleadh náireach a dhéanamh ann. Ach is breá leo na trúpaí! Agus tá grá acu dá dtír! Dá mbeadh.

Deir siad gur mhaith leo an tír a choimeád slán. Mar sin, tugann siad spreagadh agus dóchas do na sceimhlitheoirí san Iaráic, agus ar fud an domhain. Léiríonn siad dóibh nach bhfuil siad i ndáiríre, agus nach miste leo éalú ó throid ar bith. Is cuma leo aon fhrithghníomh as a ndéanann siad. Bíonn siad ag tagairt do Vítneam, ach níl aon chuimhne acu ar stair an chogaidh sin. Tá siad ag iarraidh an rud ba mheasa dá ndearnamar ann a athdhéanamh. Ach ní bhíonn siad dáiríre faoin stair, ach oiread.

Deir Pelosi agus leithéid nach bhfuil tíortha mar an tSiria agus an Iaráin i ndáiríre faoin sceimhle, ach faraor, tá. Agus tugann siad gach seans dóibh bréagacha a insint dóibh. Is maith leo na bréagacha sin. Is breá leo cur i gcéill nach bhfuil naimhde dáiríre againn. Ach tá. Dá mbeadh Pelosi agus a cairde i ndáiríre faoin rud is fearr don tír, agus don domhain, seachas ina gcáil féin.

Ní bhíonn siad dáiríre. Agus is fadhb an-dháiríre don tír sin.

Tuesday, April 24, 2007

Boris Yeltsin, ar Shlí na Fírinne

D'éag laoch na saoirse Boris Yeltsin inné. Bhí ról lárnach aige i mbriseadh an Aontais Shóivéidigh. Bhí sé ina uachtarán ag an Rúis le naoi mbliana, agus tús na saoirse i réim. Faraor, tá an Rúis ag cúlú i dtreo an stáit phóilínigh. Um an dtaca seo, tá an imreoir fichille cáiliúil Gary Kasparov faoi ghlas mar gheall ar agóid a nglac sé páirt inti. Tá amhras ar gach éinne faoi na dúnmharuithe a rinneadh, agus ar an iarrachtaí chun uachtarán na hÚcráine, Viktor Yushchenko, a mharú, go ndearna Putin agus a chomhghleacaithe sin. Agus is minic a bhíonn an Rúis ag tabhairt tacaíochta do dheachtóirí uile an domhain arís. Go díreach mar na sean-laethanta olca.

Tá súil agam go ndéanfaidh na Rúisigh machnamh ar Yeltsin agus a oidhreacht. Ní mór dóibh athruithe a dhéanamh. Go dtugfar an seans dóibh.

Is iontach dom an easpa cainte sna meáin. Is dócha nach cuimhin le mórán daoine an saghas duine a bhí ann, agus an feabhas a rinne sé ar an saol seo. Go ndéana Dia trócaire ar a anam. Agus ar an Rúis.