Sunday, March 15, 2026

Conas a Chumtar an Nuacht

Bhí  deis agam a bheith ag caint le TG4 faoin bpolaitíocht Mheiriceánach arís an tseachtain seo.  Roinnt daoine eile i gCathair Nua-Eabhrac a bhí le caint le Donncha Ó Murchú freisin.  Bhuail mé féin leis in aice le Droichead Brooklyn.  Cuireadh agallamh orm ar feadh 15 nó 20 nóiméd, agus d'fhreagar mé na ceisteanna (nach raibh agam roimh ré) go smaointeach.  Ní freagra "sea" nó "ní hea" a bhí de dhíth.  Cúpla ceist, ba léir cad a bhí uathu, fiú sna focail a úsáideadh chun iad a chur.  

Is duine lách é Donncha Ó Murchú, agus ní dóigh liom go bhfuil an locht airsean, ach ba léir go raibh plean ann agus scéal le hinsint sular chuir sé aon cheisteanna orm féin.  Ní mór an difear idir TG4 agus an BBC agus CBS/NBC/ABC/CNN srl. sna Stáit.  Thug Rush Limbaugh, duine mór le rá ar an raidió roinnt blianta ó shin, thug sé an "drive by media" orthu, agus bhí an ceart aige.  Thug Trump "fake news" orthu.  Agus an ceart aigesean chomh maith.  I gclár le mion-phíosaí gan mórán chomhthéacs, gan am chun freagraí smaointeacha a chloisteáil, is é an teachtaireacht atá ann ná dearca agus meon na láithritheoirí, seachas an nuacht féin, le firinne.  Dar liom, ba é sin go bhfuil Trump go dona, go bhfuil cúrsaí ag teip air, gur olc an rud é an cogadh san Iaráin, agus droch-iompar ar na Stáit (mar is iondúil), agus go mbeidh ag teip ar pháirtí Trump sa toghchán atá le teacht i mbliana.  Sin an ton a bhí ann, dar liom.  Mar shampla, ní raibh aon chaint ann faoi shaoirse mhuintir na hIaráine, ná an bhaol a bhí ann don domhan, nó cé chomh tapa agus atá ag éirí le fórsaí míleata na Stát (gan trácht ar bith ar Iosrael), ach amháin go bhfuil Pete Hegseth (rúnaí cogaidh, a thug siad rúnaí cosanta air fós) ag maoimh go caithréimeach (mar a dúirt siad) go bhfuil cúrsaí ag éirí go han-mhaith linn.  

Chuir ósta an chláir (Christina Ní Dhonnacha) an sliocht seo nuachta i láthair ag rá go raibh amhras ar Mheiriceánaigh faoin gcogadh in éadan na hIaráine, ach go bhfuil cúpla duine ann atá ag tacú le Trump fós.  Bhuel, déarfainnse go bhfuil níos mó ná leath na tíre ag tacú leis.  Dúirt sí gur gheall sé síocháin faoina réim.  Gheall sé gan cogaidh gan deireadh a thosnú (dírithe ar Bush).  Agus gheall gach uachtarán le beagnach caoga bliain nach mbeadh buama adamhach ag an Iaráin (cé nach ndearna siad aon rud dáiríre chun sin a chosc orthu, agus chabhraigh Obama agus Biden leo)...

Ansin, cúpla duine eile ag caint ar feadh cúpla nóiméad.  An chéad duine (Fran) ag rá nach raibh a pháirtí féin sásta le Trump (ní aontaím léi ar chor ar bith), agus nach bhfuil daoine sásta le cúrsaí eacnamaíochta faoi Trump (cé go bhfuil siad i bhfad níos fearr ná faoi Biden).  An dara duine (David), bhí sé den tuairim go mbíonn Trump ag tiomáint daoine go dhá thaobh radacacha (gan fianaise).  Déarfainn féin go bhfuil lucht na heite clé glan as a meabhair, agus go bhfuil roinnt amadán eile ag tacú leis an bpáirtí Poblachtánach cé nach nglacann an páirtí lena gcuid tuairimí, agus go bhfuil an chuid is mó den pháirtí Poblachtánach ciallmhar stuama.  Agus b'fhéidir duine amháin den pháirtí Daonlaitheach...

Agus ansin mise, a cuireadh i láthair mar dhuine (an duine?) a thacaíonn fós le Trump.  Ní chloistear aon cheist sna hagallaimh seo, agus is dóchúil go raibh i bhfad níos mó le rá ag gach duine dínn.  Ceist faoin síocháin agus gealladh Trump a bhí ann, agus dúirt nárbh fhéidir cogaidh a sheachaint i gcónaí srl., agus nach ionann an tsíocháin agus easpa cogaidh.  (Mí-litríodh m'ainm, Séamus, seachas Séamas, DAS).  Ansin cuireadh i láthair mar dhuine ag tacú le polasaithe Trump maidir leis an inimirce mé - agus is fíor sin freisin.  Cuireadh ceist orm agus luadh go raibh Trump ag úsáid an lámh láidir i Minnesota.  Cloistear i m'fhreagra go bhfuilim ag tagairt dó sin, mar deirim nach ndéarfainn lámh láidir, ach go bhfuil sé ag cur an dlí i bhfeidhm.  Agus faoi Christie Noem, dúirt mé gurbh fhéidir go raibh cúrsaí ag éirí ró-chonspóideach ansin, agus go ndearna sí cúpla rud eile nár thaitin le Trump, agus thug sé deis do dhuine eile.  Sin an méid a bhí ar an aer.  Ach ina dhiaidh sin, dúirt mé gur thug sé post eile di, agus go raibh na rudaí céanna ag tarlú fós i Minnesota, ach (ar nós) níos ciúine.  Dúirt mé cúpla rud faoi lucht na Somáile ansin agus go mbíonn siad ag breith ar na coirpigh agus á gciceáil amach fós.  Ach ní raibh ach an chuid cuibhiseach diúlatach faoi Noem ar an gclár.

Sílim gurbh é an dara ceist a cuireadh orm ná ceann faoi scoil na gcailíní san Iaráin agus an líomhain go ndearna na Stáit é (á pléascadh) - agus é intuigthe go ndearnadh d'aon ghnó é.  Níor thug mé an freagra a bhí siad a lorg, is dócha, mar níl a fhios ag éinne cad a tharla (má tharla in aon chor).  Ní dúirt ag an am, ach níl sa cheist sin ach iarracht ar shlat a fháil chun Trump a bhualadh.  Dúirt mé, má tharla gur léir gur tharla de thimpiste é, agus níorbh fhéidir le héinne na cailíní a dhéanamh beo arís, srl.  Dar ndóigh, is cuma leis na meáin na deicheanna de mhílte daoine neamhurchóideacha, saoránaigh na hIaráine, a mharaigh a rialtas féin d'aon ghnó ag tús na bliana...

I mo dhiaidh, thaispeáin siad duine amháin eile (Séamus), agus é ag freagairt na ceiste faoin scoil sin.  Ní léir ón méid a taispeánadh an raibh sé sásta leis an gcogadh seo nó nach raibh, ach dúirt gurb é a leithéid an fáth go mbíonn sé an-tábhachtach cogaidh a sheachaint murach go bhfuil siad riachtanach.  Iar-shaighdiúr is ea Séamas (agus cara do Pete Hegseth), DAS.  Chonaic sé an eilifint san Afghanastáin.  Bheadh a fhios aige an bhaint a bhí ag an Iaráin leis na cogaidh san Iaráic agus san Afghanastáin.  Rinne siad an chuid is mó de na buamaí cois bóthair, mar shampla.  Ach níor chualamar aon rud faoi sin.

Críochnaíodh an tuairisc le trácht ar an toghchán lár-téarmach atá le teacht agus impleachtaí an chogaidh chuige sin (nár luadh).  Labhair mé le Donncha ar an ábhar sin, ach níor chloiseadh an píosa sin (ró-dhearfach, is dócha)...

Bhí radharcanna deasa ar Dhroichead Brooklyn agus ar an gcathair ón taobh sin mar gheall ormsa, ámh. :-)

An féidir é nár scríobh mé aon rud anseo le sé bliana anuas?!  Muise.  An léann aon duine blaganna níos mó?  Is seanduine mé.




Tuesday, January 07, 2020

OK, Boomer


Le blianta anuas, mar gheall ar nuacht (mar dhea) 24 uair an chloig agus an t-idirlíon, is gnách nach mbíonn mórán plé dáiríre ar bun níos mó faoi thuairimí, go háirithe tuairimí polaitiúla.  Ní bhíonn an móramh sásta éisteacht le daoine nach n-aontaíonn leo, toisc nach mbíonn an taobh eile ach ag magadh fúthu (agus ag insint bréag go minic), den chuid is mó.  Ní mhúintear conas plé dáiríre a dhéanamh sna scoileanna níos mó.  Glacann lucht 'na hintinne oscailte' le soiscéal na heite clé gan cheist ar bith.  Agus toisc go mbíonn ráitis na heite clé chomh hamaideach neamh-dháiríre an t-am ar fad, ní thugann aon duine coimeádach cluas leo ar chor ar bith níos mó.

Cé go bhfuair an t-aos óg - agus faraor, mar a bhí riamh, bíonn an chuid is mó acu liobrálach - cé go bhfuair siad gach 'fíric' lena nglacann siad ó hippies agus liobráilithe aosta (féach Bernie Sanders mar shampla amháin), síleann a lán acu gur amaideach iad gach duine a rugadh in aois na boomers.  Is dócha gurb amhlaidh an scéal toisc go mbíonn i bhfad níos mó daoine níos aosta coimeádach.
Chun díspeagadh agus dímheas a thaispeáint d'aon duine níos aosta nach n-aontaíonn le sliocht óg na hippies seo, is nós é na laethanta seo a rá 'OK Boomer', seachas 'dún do ghob'.  Síltear gur cliste seo, ar chúis éigin.

A mhalairt ar fad, ámh, is ea é.  Is leithscéal in ionad plé is argóint chiallmhar a dhéanamh.  Is leithscéal in ionad cás a dhéanamh, bunaithe ar fhíricí, seachas ar mhothúcháin agus bréaga as mímeanna.  Ach seo an saol mar atá faoi láthair.  Dhá threibh nach labhraíonn lena chéile ach go hannamh.

Nárbh amhlaidh an scéal sna seascaidí?  Is cuimhin liom go mbíodh plé áirithe ann, cé go mbíodh na liobráilithe chomh hamaideach is atá siad sa lá atá inniu ann, agus an scarúint beagnach chomh mór...  "Ná bíodh muinín agat as aon duine thar thríocha bliain d'aois," a dúradh nuair a bhíos féin óg (chun a gcuid smaointe a sheachaint, dar ndóigh).  Bhí cúrsaí go dona ansin, cinnte.  Ach mar gheall ar an teilifís agus an t-idirlíon, sílim go bhfuil cúrsaí níos measa anois.  Mar sin féin, tá gach seans ann nach bhfuil ionam ach seanduine cantalach anois...  Rugadh i 1960 mé.

Díspeagadh in ionad urraim do dhaoine níos aosta, ba phlean sin ag na cumannaí (agus réabhlóidithe na Fraince rompu) chun an saol in iomlán a athrú ó bhun.  Fuair na beatniks ó na cumannaí an nós seo, agus fuair na hippies uathusan é.  Lean na punks leis, agus daoine óga na haoise seo ar a sáile.  Níl aon rud nua faoin ngriain.  Chun an saol a athrú ó bhun, ní mór eagna na nglúine rompu a chur ar leataobh.  Sin an baol is mó don Iarthar, agus is amhlaidh an scéal le fada. 

Dar ndóigh, is iomaí amadán aosta atá ann tar éis an méid seo ama 'réabhlóidigh' - féach Bernie Sanders, mar shampla amháin!

Is ionann "OK, Boomer" le "níl smaoineamh de mo chuid féin i mo cheann," dar liom.  Ach cloisim an freagra cheana féin...


Sunday, January 05, 2020

Cad is ANTIFA ann?


Is í an oirbheartaíocht is mó a bhíonn ag an eite chlé le fada an lá ná líomhaintí a dhéanamh i leith na heite deise, ag maíomh go ndéanann siad, a bhfreasúra, na rudaí a dhéanann siad féin.  Mar shampla, cuireann siad ciníoch ar aon duine nach n-aontaíonn leo go mba chóir déaláil le daoine de réir a gciní.  Deireann siad gur mí-úsáid chumhachta atá i gceist nuair nach mbíonn Trump, mar shampla, sásta géilleadh a thabhairt dá bhfíor-chuid mí-úsáide cumhachta, ag úsáid an táinseamh as cúiseanna polaitiúla amháin, srl.  Ach an ceann is mó a bhíonn ina mbéal ná gur faisistigh iad gach duine nach bhfuil ina shóisialach ná ina ainrialaí, nó, go háirithe, nach nglacann le soiscéal (mar dhea) na heite clé idirnáisiúnta agus gach a mbaineann lena gcreideamh, géarchéim an Téimh Dhomhanda,  deireadh le tíortha neamhspleácha le teoranna, srl.  I bhfocail eile, cuireann siad faisisteach ar aon duine nach n-aontaíonn leo.

Is fuath leis an saol faisistigh, gan amhras.  Cé hiad i ndáiríre, ámh?  Daoine ar mhaith leo gach cumhacht a bheith ag an rialtas is ea iad.  Ní cheadaíonn siad aon tuairimí ach a dteagasc féin.  Aon phobal amháin, aon mheon amháin.  Agus, go stairiúil, bíonn siad i bhfábhar náisiúnachais láidre.  Sin an t-aon difear idir iadsan agus na cumannaigh.  Is lucht idirnáisiúnta iad na cumannaigh, ar mhaith leo aon phobal, aon mheon amháin ar fud an domhain (agus iad féin i gceannas, dar ndóigh).

Tugann eagraíocht ANTIFA Frith-fhaisisteach orthu féin.  Agus déanann siad gach rud a dhéanann faisistigh.  Le fírinne, toisc gur feachtas idirnáisiúnta iad, tá siad i bhfad níos cosúla leis na cumannaigh (agus is cumannaigh amach is amach a lán dá mbaill).  Ach is beag an difear sin i ndearadh na dála.  Tá dea-ainm orthu, agus aon duine nach bhfuil aithne acu orthu, cheapfáidís gur eagraíocht mhaith atá iontu.  Tá siad ag seasamh in éadan an fhaisisticis, nach bhfuil?  Ach, mar a dúirt mé thuas, is annamh go mbíonn aon fhaisisteach ar bith ann sa saol seo le fada an lá.  Tá siad ann, ach bíonn siad ar nós cuma liom ag an saol, ach amháin sna tíortha mar a bhfuil cumhacht acu, mar an Iaráin agus an tSíria...  Agus is cuma le hANTIFA na tíortha siúd.  Bíonn siad ag díriú ar "fhaisistigh" i dtíortha an Iarthair.  Sin le rá, ar aon duine nach n-aontaíonn leis an eite chlé idirnáisiúnta (nach bhfuil ina dheachtóir cheana féin).

Sin an saghas ruda a dhéantar le reachtaíocht i gcónaí, dála an scéil.  Tugtar ainm deas ar an reachtaíocht, agus cuirtear gach aon saghas caca sna dlithe inti.  Ach sin scéal eile.  "Is minic a bhíonn duine agus a chosúlacht in aghaidh a chéile," agus is fíor sin faoi eagraíochtaí agus reachtaíocht freisin, gan dabht.

Cad a dhéanann ANTIFA, mar sin?  Bhuel, is iomaí samplá dá gcuid foréigin atá le feiceáil ar youtuble.  Seo cúpla sampla:

Dar ndóigh, is féidir le duine ar bith níos mó ná iad seo a fháil, agus is féidir go bhfuil samplaí níos fearr ann.  Is léir gur eagraíocht den eite chlé dhian iad agus go mbíonn an foréigean mar mhódh oibre acu.  Is olc an dream iad amach is amach.  Tá siad i dtíortha eile, freisin.  Agus tá iarracht ar bun le déanaí chun cóip díobhsan a bhunú in Éirinn, fiú sa Ghaeltacht!  Go sábhála Dia Éire - agus sinne go léir.  

Tá sé tábhachtach go dtuigeann gach duine cé hiad ANTIFA, agus nach nglactar leo mar dhaoine maithe, pé ainm atá orthu agus pé líomhaintí a dhéanann siad faoi dhaoine eile.  

Scaipigí an scéal!  Ná bacaigí leo!

Faisistigh - an eite dheis, nó an eite chlé?

Saturday, July 20, 2019

Tráth dá raibh, bhíodh nuacht de shaghas éigin ar fáil sna meáin chumarsáide.  Bhíodh siad claonta i gcónaí, ach ní bhíodh sé chomh hoscailte.  Le cúpla eisceacht, bíonn insint mhonailiteach ann sna laethanta seo.  Insint de scéal a chum an eite chlé, dar ndóigh.  Agus ní thosnaíonn siad le fíor-scéal níos mó.  Tosnaíonn siad leis an insint, agus múnlaíonn siad an scéal timpeall air sin.

Sampla dá leithéid seo le déanaí (le blianta, le fírinne, ach go háirithe le déanaí) is ea an insint gur ciníocht é Dónal Trump.  Dá mbeadh suim ag éinne san fhírinne, is léir óna stair phearsanta, ó na daoine a n-oibríonn leis, óna chairde, srl., gur cacamas amach is amach is ea an nóisean seo.  Ach toisc gurb é seo an insint "oifigiúil," deir (beagnach) gach éinne gur as do mheabhair thú mura nglacann tú leis.  Bhí an ceart ag Orwell, faoin saghas stuif seo, ach ní raibh an dáta ceart aige, agus ní hé an rialtas atá ciontach, ach iadsan ar mhaith leo bheith ina rialtas.

Bíonn sé ar nós cuma liom ag Trump minic go leor cad a cheapann a leithéid, mar bíonn sé ag caint lena lucht leanúna lasmuigh de na meáin "oifigiúla."  Go háirithe, bíonn sé ag tvuíteáil.

Tá roinnt bean nua sa Chomhdháil Mheiriceánach le tamaillín fíor-ghearr, ach bíonn siad sa "nuacht" i gcónaí, toisc go bhfuil siad frith-Trump agus an radacach ar fad, i bhfad bhfad ar an eite chlé, frith-Iosrael, frith-Mheiriceánach fiú uireanta (ag tabhairt maslaí ar oifigiúil a rialtais féin agus ag moladh briseadh an dlí, srl.).  "Laochra" iad, dar ndóigh.  Is inimirceach ón Somáil duine acu.  Páiste de bheirt inimirceach Palaistíneacha duine eile, sloinne Spáinneach ar dhuine eile, agus bean ghorm is ea an duine den cheathrar áirithe seo ar a dtugann lucht a n-adhradh "an scuad."  Tá mná eile ann freisin, ar an eite chlé, agus is inimircigh roinnt díobh.

Ní bhíonn Trump ina thost nuair a mhalsaítear é nó Meiriceá (bhuel, ní bhíonn riamh!).  Mar a tharla, rinne sé tvuít faoi 'roinnt ban "forchéimí" (mar dhea) sa Chomhdháil a bhíonn ag caitheamh anuas ar Mheiriceá."  Níor luaigh sé ainmneacha.  Ach mhol sé dóibh "filleadh ar na háiteanna olca as a dtáinig siad" agus más fearr leo a leithéid d'áit ná Meiriceá, dul ar ais agus deisiú iadsan, seachas a bheith ag iarraidh Meiriceá a iompú ina leithéid d'thír.
 
Rud stuama?  Ní dóigh liom.  Ní dhéanfadh gnáthpholaiteoir é.  Ach deir sé an rud a bhíonn mórán daoine ag smaoineamh i gcónaí.  Má tá daoine chomh míshásta le Meiriceá, go háirithe nuair is daoine nua sa tír iad, cén fáth atá siad anseo, in ainm Dé?!  Ní raibh sé béasach, b'fhéidir, ach is maith an cheist í.  Agus dála an scéil, ní bhíonn na mná seo béasach riamh - thug duine acu motherfucker ar Trump go poiblí, mar shampla. 

Cé nár luaith sé ainm ar bith, tá gach éinne  (mar dhea) cinnte go raibh sé ag caint faoi na "laochra" thuasluaite.  Gach seans go raibh, dar ndóigh.  Ní dóigh liom go raibh a fhios aige gur rugadh an bhean Phailistíneach sa tír seo.  Níl a fhios agam gur suim leis iad chomh mór sin.  Bíonn siad ag obair ar son daoine ó thíortha Mheiriceá Lárnaigh agus Meicsiceó i bhfad níos mó ná ar son Meiriceá,   Seasann an bhean úd in aghaidh Iosrael, an cara is mó atá ag na Stáit.  Agus is samplaí iad de lucht na heite clé.  An teachtaireacht:  más fuath leat Meiriceá, téigh go tír níos fearr (dá mbeadh a leithéid ann).  Pé cúlrá atá agat.

Ach toisc nach bhfuil aon bhean gheal sa "scuad" úd, tugann an Guth Mór ciníoch ar Trump.  Arís.  Tugann an "scuad" é sin air, dar ndóigh - seans chun níos mó adhradh a fháil (cé go dtuigeann an chuid is mó den tír lasmuigh de na meáin gur amadáin iad).  Thug siad an masla céanna sin fiú ar Nancy Pelosi, ceannaire a pháirtí!  Ní féidir leo argóint a bhuadh, agus mar sin, thugann siad ciníoch ar aon duine a bhíonn dá lochtú.  Le fírinne, déanann siad rud ar bith chun poiblíocht a fháil dóibh féin.  Agus leanann an Guth Mór iad.  Níl ach an t-aon insint ceadaithe.  Cé nach bhfuil bunús dá laghad leis.

Mar sin féin, tuigeann níos mó daoine ná riamh nach bhfuil na meáin iontaofa, ná baol air.  Is maith le níos mó daoine ná riamh an t-uachtarán, freisin.  Beidh lá eile ag an Trumpach.  Agus ceithre bliana eile, le cúnamh Dé.

Sunday, June 30, 2019

An tInimirce Neamhdhleathach i Meiriceá


Is fada an lá ó bhí mé ag rámhaille anseo.  Is iomaí cúis leis sin, go háirithe toisc nach ndéanann sé difear ar bith, go bhfios dom.  Ach aon uair a bhíonn trácht ar an gceist chéanna i gcónaí, agus nach mbíonn ach an t-aon scéal claonta amháin ann i gcónaí, bíonn cathú orm mo ladhar a chur isteach arís.  Mar sin, seo píosa gearr ar na hinimircigh neamhdhleathacha sna Stáit Aontaithe.

Bíonn grianghraf á thaispeáint ar an idirlíon agus sna meáin i gcónaí le déanaí de fhear agus de chailín óg agus iad marbh béal faoi san uisce, a bhí ag iarraidh turas rúnda trasna na teorann isteach go dtí na Stáit a dhéanamh.

Cárbh as dóibh?  Ba as An Salvadóir iad.  Tugtar dídeanaithe ar a leithéidí go hiondúil.  Ach mura bhfuil a fhios agat, níl aon teorainn idir na Stáit agus An tSalvadóir.  Dá mba dídeanaithe iad, ba chóir dóibh stadadh is cur faoi agus dídean a iarraidh ar an chéad tír lasmuigh dá dtír féin.  Rud nach ndearna, dar ndóigh.  Cén fáth nach ndeara?  Arbh fhuath leo Meicsiceo?  An fuath leis na Meicsicigh a gcomharsana?  Ó, rinne mé botún!  Níl teorainn idir Meicsiceo agus An tSalvadóir ach oiread!  Ach dídeanaithe ab ea iad, gan dabht...

Níl aon mhilleán ar an bpáiste, dar ndóigh.  Tá an locht ar Donald Trump!  Bhuel, sin an scéal a bhíonn á scaipeadh, toisc gur fuath leis an eite chlé an Dónal.  Ach le fírinne, tá an locht ar an athair a mharaigh a pháiste ag déanamh an turas seo.  Turas an-bhaolach, an-fhada atá ann, trasna cúpla tír eile.  Ar a laghad, ba leisean an páiste an uair seo.  Ní hamhlaidh a bhíonn an scéal.  Baintear feidhm as paistí i gcónaí chun teacht isteach níos éasca a bhaint amach nuair a shroicheann siad na Stáit.  Ní maith le héinne go mbíonn páistí faoi ghlas nó “i gcásanna,” mar ba mhaith leis na meáin a chur síos orthu.  Bhí grianghraf eile a dul timpeall le fada de pháiste i gcás.  An Dónal olc a chur ansin é, dar ndóigh.  Ach amháin nach raibh an páiste sin faoi ghlas.  Bhí sé ag léirsiú taobh thiar de chlaí a thóg na daoine siúd.  Nach raibh faoi ghlas.  Bhí siad ag gearáin faoi na hionadaithe coinneála a thóg Obama...

Ach pé scéal é, ní raibh aon locht ar an bpáiste neamhurchóideach seo.  Ar a laghad ní raibh gáinneáil ar dhaoine i gceist an uair seo.  Rud a tharlaíonn go minic.  Agus níor éagnaíodh í, agus ní raibh sí ina sclábhaí do na daoine a thógann mórán airgid óna leithéidí chun iad a threorú trasna na teorann go Meiriceá.  Lucht díolta drugaí minic go leor.  A dhéanann a slí bheatha mar gheall ar chustaiméirí i Meiriceá.  Agus a bhraitheann ar theorainn gan bhac chun drugaí a sheoladh isteach agus airgead a thógáil abhaile.  Is iad seo luch na gcairtéal, atá níos cumhachtaí ná rialtas ar bith in áiteanna go leor i Meicsiceo...  Ach ní gá le teorainn againn...

Sea, níl an locht ar an bpáiste.  Ach níl an locht iomlán ar an athair ach oiread.  Tá milleán tuillte ag na tíortha eile nár stad iad agus nár sheol abhaile iad, Meicsiceo go háirithe.  Agus dar ndóigh, tá an milleán is mó tuillte ag na polaiteoirí i Meiriceá a bhíonn ag insint dóibh gur mhaith leo teacht isteach, go mbeidh fáilte is fiche rompu sna “cathracha tearmainn,” a bhíonn ag insint dóibh nach mbeidh aon deacracht acu post a fháil, ná fiú ceadúnas tiomána a fháil, agus go bhfuil gach seans an go mbeidh siad ábalta vótaí a chaitheamh (ar son an pháirtí Daonlathaigh, dar ndóigh).  Deir siad go mbeidh árachas sláinte saor in aisce acu, agus gach saghas bronntanais eile.  Sea, tá gardaí againn ar an teorainn, ach ní bheidh balla ann go deo, deir siad, agus bíonn slite isteach ann...

Leis na cianta, bíonn daoine ag fáil bháis san fhásach ag iarraidh a fháil slí neamhdhleathach isteach  go dtí na Stáit.  Agus beidh daoine ag iarraidh teacht isteach gan chead go deo.  Ach bíonn níos mó agus níos mó á dhéanamh le fada.  Gabhtar orthu, níos minice ná a mhalairt, agus iarrann siad tearmann orainn (cé nach bhfuil cúis ar bith acu, den chuid is mó).  Níl spás go leor againn sna hionadaithe coinneála, agus ní bheidh na polaiteoirí ag bronnadh airgid chun an droch-chaoi sin a dheisiú.  Scaoiltear saor an chuid is mó acu ar ball.  Coirpigh agus pé saghas duine ina measc, toisc nach bhfuil eolas ar bith againn faoi na daoine seo, mar ní bhíonn modh ceart imircigh ar siúl mar ba chóir.

Ach sin uile ráite, cuirtear an milleán ar an aon duine amháin (maraon lena lucht tacaíochta) a bhíonn ag iarraidh an tubaiste seo a réiteach – Trump.  Ní bheadh an páiste seo ná a hathair marbh i gclaí mar a bhí siad dá mbeadh balla ann, dá mbeadh dlíthe ní b'fhearr ann, dá mbeadh ionaid go leor ann, dá mbeadh cosc ar an uile saghas bronntanais don inimirceach neamhdhleathach, dá mbeadh sé ní ba dheacra dóibh post a fháil...  Bheadh slí isteach dleathach ann mar a bhíonn, b'fhéidir deiseanna ní b'fhearr, chun teacht isteach ar nós ceart.  Ach ní bhíonn an páirtí Daonlathach sásta aon rud dearfach a dhéanamh chun an fhadhb seo a réiteach.  Le fírinne, minic go leor, ní bhíonn an páirtí Poblachtánach sásta a leithéid a dhéanamh ach oiread – ní dhearna siad faic nuair a bhí an deis acu, nuair a chéad tháinig Trump isteach mar uachtarán.  Ach toghadh Trump mar uachtarán toisc nach raibh sé ina pholaiteoir mar ba iondúil, agus toisc go raibh sé sásta seasamh in aghaidh na bpolaiteoirí nach ndéanann faic riamh.  Creidim go ndéanfaidh sé gach rud is féidir leis chun an fhadhb uafásach seo a réiteach.  Ach bíonn sin fíor-dheacair nuair a bhíonn na meáin is an chuid is mó de na polaiteoirí ina éadan.  Idir an dá linn, gheobhaidh níos mó páistí bás.  Agus cuirfear an milleán ar Trump, dar ndóigh.

"Ach nach mbeadh sé ní b'fhearr iad go léir a ligint isteach?  Is daoine daonna iad, dar ndóigh?  Is tír mhór í na Stáit Aontaithe!"

Ní bheadh na Stáit Aontaithe ann gan teorainn.  Ní bheadh na Stáit Aontaithe ann murach muintir na Stát Aontaithe, a tógtar go mall is le cúram.  Tá cúrsaí dona go leor cheana féin gach áit nach mbíonn deis ag na hinimircigh foghlaim conas a bheith ina Meiriceánaigh.  Ní bhíonn ach geiteonna le fadhbanna go leor acu.  Agus dar ndóigh, bíonn lucht a ndúshaothair ann i gcónaí.  Tá cúiseanna maithe ann do na dlíthe a bhaineann leis an inimirce.  Is olc an rud é neamhaird a thabhairt dóibh.  Is olc ar fad an rud é obair a dhéanamh ina n-aghaidh, agus in aghaidh na ndaoine maithe a bhíonn ag iarraidh iad a chur i bhfeidhm - agus chun dímheas a thabhairt dóibh uile a lean an dlí agus a tháinig isteach sa dóigh cheart.

Tuesday, March 14, 2017

Drochscéalta faoin Eaglais Chaitliceach in Éirinn (mar is iondúil...)

Gné lárnach de chultúr is féiniúlacht na hÉireann is ea an Eaglais Chaitliceach. Ach maraon le haon rud eile traidisiúnta, bíonn an féinfhuath ag baint leis, agus go háirithe i measc an luchta idirnáisiúnta cheannródaíochta (mar dhea), bíonn mórán daoine níos mó ná sásta chun caitheamh anuas ar an Eaglais agus gach rud a rinne sí is a dhéanann sí. Ní hamháin in Éirinn, dar ndóigh, a tharlaíonn a leithéid seo. Ach ionas go mbíodh Éire an-chráifeach le fada, ionsaítear an Eaglais inti níos mó, b’fhéidir, ná in áiteanna eile. Ón taobh amuigh, agus níos minice i gcónaí, ó thaobh istigh na tíre.
Is fuath le mórán daoine an Eaglais mar bíonn peacaigh ina mbaill inti. Cén fáth a cheapann an Eaglais gur féidir léi aon mhoráltacht a bhrú ar dhaoine eile (mar dhea) nuair a bhíonn peacaigh inti féin? Ach ní thuigeann a leithéid de dhuine a chuireadh an cheist sin aon rud faoin gcreideamh Caitliceach, ná stair na hEaglaise. I measc deisceabal Íosa féin bhí gadaí agus fealltóir (Iúdás). Agus luaitear bithiúnaigh eile san Eaglais nua sa leabhar Gníomhartha na nAspal, a bhí ag iarraidh a gcuid bia a ithe gan aon obair a dhéanamh. Ní rud nua ar chor ar bith go mbíonn peacaigh san Eaglais. Ní féidir a mhalairt le heagraíocht mhór. Agus níor mhaíomh an Eaglais riamh nach mbeadh sí amhlaidh. Tá fianaise de sin ar fud an Bhíobla: “Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn” (Eoin 1:8) mar shampla. Tá leigheas air, mar a léitear sa chéad véarsa eile: “Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean [Íosa] dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc.” Ach ní bheidh an Eaglais maith go leor go deo dóibh siúd nár mhaith leo aon chomhairle a fháil uaithi. Sin an taobh eile den scéal. Ní an Eaglais morálta go leor dóibh, agus ag an am céanna, is fuath leo an Eaglais mar ní ghlacann sí leis na peacaí is ansa leo. An seanscéal i gcónaí mar a bhí riamh, sin le rá.
Sin uile ráite, le tamall anuas, bíonn mórán daoine ró-shásta gach aon drochscéal faoin Eaglais a ghlacadh mar an fhírinne ghlan, gan aon iniúchadh a dhéanamh i gceart ar an scéal. Sna meáin go háirithe, scaiptear líomhaintí mar fhíricí i gcónaí, agus toisc go ndeirtear chomh minic na rudaí seo agus go mbíonn uafás an domhain ar gach éinne fúthu (mar dhea), ceaptar go bhfuil aon duine nach nglacann leo as a mheabhair. Tá an Eaglais go dona, agus mar sin, caithimid uainn í mar sheanbhróg – nó sin an rud ab fháil le naimhde na hEaglaise. Ní chabhraíonn sé le cúrsaí go dtarlaíonn drochrudaí san Eaglais le fírinne, mar dhrochíde na bpáiste a tharla, agus an dóigh amaideach a láimhseáil an Eaglais na fadhbanna sin – a tharla i measc mionlach beag bídeach de shagairt – agus a tharla in eagraíochtaí móra go leor eile, freisin. Ach dírítear air sin i gcónaí, seachas ar an uile rud iontach a dhéanann an Eaglais (agus sin an chuid is mó, dar ndóigh).
Minic go leor, ba shochaí dhifriúil le nósanna difriúla a bhí ann nuair a tharla rudaí nach mbeimis sásta leo sa lá atá inniu ann, agus níl sé ceart breithiúnas a thabhairt nuair nach rabhamar beo ag an am. Bhíodh pionós corpartha inghlactha i ngach scoil in Éirinn, agus bhíodh sé inghlactha fiú go haimsir m'óige féin. Nílimid sásta lena leithéid sa lá atá inniu ann. Níl aon iontaoibh againn as daoine eile go mbeidís ábalta pionós corpartha a ghearradh go ciallmhar ar ár bpáistí – ná go bhfuil an ceart sin acu. Nílimid go léir den tuairim go ndéanann a leithéid de phionós aon mhaith ar chor ar bith. Ach ní chreidtí na rudaí seo go tamall gearr ó shin. De ghnáth, rinneadh an rud a cheapadh a bheith ceart, agus is deacair treoir nua-aimseartha a thabhairt do dhaoine nach maireann. An ndearnadh botúin? Gan amhras. Ba dhaoine daonna iad, cosúil linne. Ach ní raibh gach rud nach seasann le tuairimí an lae inniu ina uafás olc. Tharla droch-ghníomhartha, gan dabht, ach i gcoitinne, bhítear ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh. Ní cúis náire sin.
Cuir i gcás an scéal iomráiteach faoi na neachtlanna Maigdiléana. Creidtear na rudaí is measa fúthu, agus scaiptear bréagacha (mar sa scannán faoi seo). Ní bhíodh aon áit oiriúnach do mhná neamhphósta le páistí. Bíonn sé deacair go leor fós. Ach fadó, ní bhíodh rogha acu ach áit mar seo, nó saol ar an tsráid, den chuid ba mhó. Saol deas? Ní hea. Ach post, baile agus cabhair nuair a bhí sé de dhíth orthu. Rinne siad an obair chun áit chónaithe agus bia a fháil. Ní raibh aon dól ann ag an am – agus b’fhearr obair a dhéanamh chun bia a fháil ná a mhalairt (féach an tagairt don Bhíobla thuas). An raibh gach bean go deas a bhíodh sna háiteanna seo? Gan amhras ní bhíodh. An raibh gach duine acu go dona? Gan amhras, ní bhíodh. Meascán daoine a bhíodh ann. Bhíodh mórán sásta leis an gcabhair a fuair siad, agus daoine eile feargach go raibh orthu am a caitheamh ansin. Agus is léir go mbíonn daoine olca i measc na Siúr uaireanta, freisin. Ní bhíonn éinne gan locht. Ach bhíodh na háiteanna seo ann chun cabhrú le daoine ag am nach mbíodh aon chabhair eile ann dóibh.
Nuair a rinneadh líomhaintí uafásacha fúthu, bhí na meáin agus rialtas na hÉireann an-sásta a ghlacadh le pé rud a deirtear, agus ghabh an rialtas a leithscéal, agus d’íoc siad airgead dóibh siúd a lorgaíodh é. Agus rinneadh fiosrúchán. Agus ní bhfuarthas go dtugadh íde thar íde béil d’aon duine ansin. Ní raibh aon sclábhaíocht ann. Níor céasadh aon duine. Ach cúis náire don tír iad, dar leis an taoiseach. Creidtear na líomhaintí, pé stair a bhí ann le fírinne.
Scéal eile dá leithéid seo, agus scannán eile faoi, sin scéal Philomena Lee. Dúradh gur goideadh a mhac uaithi, gur dhíol na mná rialta páistí, agus cacamas den sórt sin. Arís eile, bhíodh na mná rialta ag cabhrú le mná neamhphósta nach raibh ábalta a bpáistí a thógáil ina n-aonar. Saol crua, rogha crua, ach rud a dhéantar go minic fós. I ndiaidh gach scannal agus tuairimí na meán is na bpolaiteoirí uile, rinneadh fiosrúchán. Fuarthas nár tharla an scéal mar a insíodh. Dar le tuairisc McAleese, bréagacha amach is amach bhí sa leabhar agus sa scannán frith-Chaitliceach seo. Scéal brónach, cinnte, ach ní raibh sé chomh scannalach agus a cheaptar.
Agus faoi láthair, tá “uafás” eile curtha i leith na hEaglaise. Deirtear gur tharla rudaí uafásacha ag Baile na Máithreacha agus Páistí i dTuam. Uaigh ollmhór na leanaí atá in ainm is a bheith ann (nach raibh an scéal céanna ann faoin na neachtlanna?). Na mná rialta olca arís! Mharaigh siad páistí! Chuir siad sa leithreas iad! Na daoine olca siúd a chait a saol ag cabhrú daoine eile gan phá ar son an ghrá. Muise, agus mar is iondúil, tá na meáin agus na polaiteoirí ag sodar i ndiaidh na bhfrith-Chaitliceach a chum a scéal. Tosaíodh ar fhiosrúchán, agus níl sé ar fáil d’éinne fós. Táim réasúnta cinnte nach mbeidh aon bhunús dáiríre leis an scéal seo ach oiread. Ach tír olc agus daoine olca a bhí ann nuair a bhíodh gach éinne faoi chois na hEaglaise oilce siúd! Tá na polaiteoirí ag gabháil a leithscéal cheana féin.
Ach nach gcreideann gach éinne na scéalta seo?! Nach bhfuil ach dearcadh amháin inghlactha i measc na nGael?! Creideann daoine mórán rudaí go rialta nach bhfuil fíor. Go háirithe nuair a dhéantar tréan-iarracht chun bréag nó áiféis éigin a scaipeadh. Is iomaí cás atá ann. Nach bhfuil na scéalta seo an-chosúil le teistíochtaí 1641, a baineadh úsáid astu mar leithscéal chun ainghníomhartha Chromaill a spreagadh? Déanann bréagacha dochar. Sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach gan drochscéalta a scaipeadh is iad a chreidiúint go tapa, gan fhianaise. Ach sin an rud a tharlaíonn i gcónaí i meáin an lae inniu, go háirithe ar an idirlíon. Ritheann bréag, agus siúlann an fhírinne go mall bacach ina dhiaidh.
Más fuath le daoine eaglais nó polaiteoir nó eagraíocht nó tír srl., bíonn siad an-sásta gach drochscéal a ghlacadh is a scaipeadh. Ná dtugtar cabhair dóibh. Bímis sásta le cúrsaí a fheabhsú nuair a bhímid ábalta – gan a bheith i gcónaí ag caitheamh anuas orthu siúd a rinne a ndícheall fadó.

Monday, February 01, 2016

Feachtas Meiriceánach um Uachtarán Nua a Roghnú

Tá sé beagnach thart.  Gheobhaimid réidh le hObama faoi dheireadh.  Tá bliain eile fágtha aige chun dochar sa bhreis a dhéanamh, cinnte, ach tá solas ag ceann eile an tolláin.  Nó an bhfuil?

Is iontach dom an méid suime a bhíonn ag muintir na hÉireann i gcúrsaí polaitíochta Mheiriceá.  Cheapfaí go mbeadh baint acu leo.  Bíonn an móramh ag bualadh bos do pé duine don eite chlé a bhíonn san iomaíocht, faraor.  Ní maith leo Meiriceá mar atá, agus bíonn siad ag súil le saol iomlán sóisialach (ach ní ionann sin agus Aontas Sóivéideach nua nó aon sóisialachas dá shórt - mar dhea).  Ba bhreá leis an eite chlé idirnáisiúnta amadán mar Bernie Sanders.  Buíochas le Dia, go fóill ar aon nós, is beag an seans atá ag a leithéid.  Tá sé ró-oscailte faoina mhianta amaideacha.  Bhíodh Obama ag rá nach raibh sé i bhfábhar na rudaí radacacha go léir a rinne sé, minic go leor, ach rinne sé iad diaidh ar ndiaidh.  Bíonn na dea-fhocail ag a leithéid, agus is leor sin den chuid is mó, mar ní maith le daoine go leor smaoineamh ró-mhór ar chúrsaí....

Ach an mbeidh coirpeach Clinton eile againn, mar sin?  Ní léir nach gcuirfear an dlí uirthi mar ba chóir.  Dá mba dhuine poblachtánach, fiú duine eile ar buth i gceist, bheadh siad faoi ghlas.  Féach a rinneadh don nGinearáil Petraeus, agus i bhad níos lú olcais déanta aigeasean...

Is ar éigin go bhfuil an páirtí Daonlaitheach ábalta iomaitheoir amháin a fháil a bheadh aon mhaith ann/inti.  Tá an iomarca ag an bpáirtí Poblachtánach, ámh.  Agus tá Trump againn, freisin.

Tá buntáiste mór ag daoine ón 'taobh amuigh', mar tá coimeádaithe is lucht an Tea Party an-mhíshásta le bunfhoireann (establishment) an pháirtí phoblachtánaigh.  Go háirithe maidir leis an inimirceacht mhídhleathach.  Sin an fáth go bhfuil tacaíocht chomh mór ag Trump.  Ach tá Ben Carson agus Carly Fiorina againn ón taobh amuigh freisin.  Agus Ted Cruz, a bhíonn ag troid leis an mbunfhoireann (mo roghasa um an dtaca seo).  Is é Trump an duine is measa againn, ach tá sé chun tosaigh.  Ar ball, beidh níos lú daoine san iomaíocht, agus tá gach seans ann nach meidh Trump chun tosaigh le fada.

Le bliain anuas táthar á bplé, agus táim beagáinín bréan de cheana féin, le fírinne.  Ach inniu, tá na réamhthoghcháin ag tosnú, agus beidh níos mó ná caint i gceist, faoi dheireadh.  Tá naoi mí ann amach romhainn go dtí an mórthoghchán fós, go sábhála Dia sinn!

Tuesday, October 27, 2015

Meon Eile agus Iosrael

Fuair mé cuireadh ó Chiarán Dunbar tamall gearr ó shin chun mo thuairimí a nochtadh ar théama Iosrael, agus ceisteanna dá chuid a fhreagairt. Rinne mé amhlaidh, agus bhí roinnt dá ndúirt mé san alt seo. Tuairimí daoine eile atá ann freisin, ar an taobh céanna. Ach leis sin uile, tá guth an eagarthóir ann, agus freagraí ar a raibh ráite againn mar ghuth olltuisceana. Ní raibh deis ag éinne na ceisteanna agus na tráchtanna siúd a phlé, agus níor thaitin sin liom. Mar sin, seo beagán liomsa mar fhreagairt ar an alt mar a foilsíodh é. (SéamAs an litriú atá ar m'ainm, dála an scéil. D'fhoghlaim mé sin ó Teach Yourself Irish blianta fada ó shin, agus sin mar atá i gcónaí).
Mar a bhí Séamus Ó Neachtain: “Ba chóir dóibh glacadh le hIosrael mar stát. Ba chóir dóibh fáil réidh leis an bhforéigean agus leis an sceimhlitheoireacht. Ba chóir dóibh díriú ar a saol féin.”
Is dóigh go ndéarfadh Palaistínigh go bhfuil sé deacair díriú ar a saol féin faoi riail Iosrael agus le lonnaitheoirí ag gabháil a gcuid talún.
Bhuel, lonnaitheoirí a ghabh a gcuid talún atá sna Iosraeligh, dar leis. Ach ní hamhlaidh an scéal. Cheannaigh na Giúdaigh an chuid is mó den talamh san. D'imigh na Palaistínigh nuair a d'ionsaigh siad na Giúdaigh fadó, mar gheall a gcairde dóibh go mbeadh deis acu dul ar ais tar éis scriosadh na nGiúdach. Rud nár tharla, buíochas le Dia. Cuireadh daoine áirithe as a dtithe, cinnte, mar gheall ar an gcogadh sin (1948). Rinneadh an rud céanna do Ghiúdaigh ar fud an Mheánoirthir. Sin mar a bhíonn. Ach is scéal bréagach go bhfuair na Giúdaigh Iosrael as tithe na bPalaistíneach a ghoideadh. Níor scríobhadh an méid seo leanas mar fhreagra domsa, ach is léiriú dúinn ar mheon an údair...
Caithfidh mé soiléiriú a dhéanamh ag an phointe seo. Cé nach staraí mé, cuireadh iachall orm an pointe seo a fhiosrú agus go bunúsach ní fíor é – sa mhéad is go léiríonn an stair go raibh Giúdaigh ann sa Phalaistín, mar a bhíodh, sna 1800í ach ba mhionlach bídeach iad. Bhí mórchuid de mhuintir na críche ina nArabaigh – chun neamhaird a dhéanamh ar chúrsaí treibhe. Bhí an chuid is mó acu sin ina Moslamaigh.
Cé nach staraí mise ach oiread, bhíodh an móramh sa limistéir sin ina Chríostaithe ar feadh i bhfad, agus ina bpágánaí ar feadh i bhfad, sula raibh Arabach ar bith ann. Agus tá a fhios ag an saol iomlán go mbíodh ríocht na nGiúdach ann fadó - sula raibh Arabach amháin ann. Tuigeann gach duine go raibh an móramh de na Giúdaigh ina ndeoraithe, agus tharla rud sa stair a dtugtar Síónachas air ag deireadh an naoiú haoise dhéag. Athraíonn cúrsaí sa stair. Rud eile a scríobh mé nach raibh san alt ná go bhfuair na hArabaigh beagnach dhá thrian den tseanPhalaistín cheana - agus sin an Iordáin. Bhí réiteach dhá stát ann in 1948, agus níor éirigh go maith leis sin, faraor. Mar d'ionsaigh na hArabaigh na Giúdaigh gan mhoill. Bhí Ciarán ag déanamh comparáid idir na hArabaigh Phalaistíneacha agus na Coirdínigh.
“Níl aon chosúlacht leis na Coirdínigh,” dar le Séamus, “mar ní raibh pobal Palaistíneach ann riamh sular bunaíodh stát Iosrael.” “Níor cumadh a leithéid ach le seasamh in aghaidh na nGiúdach,” a mhaíonn Séamus. Arís, déarfadh na Palaistínigh go seasann siad ar son a gcuid cearta féin seachas maireachtáil díreach ar son seasamh i gcoinne na nGiúdach.
Ach, a dhuine, ní hé sin an rud a dúirt mé. Ní bheadh aon 'siad' ann gan Iosrael agus an troid ina coinne. Agus na cearta a luaitear, sin cearta chun talamh srl. a fháil ó Iosrael. Níl aon phobal stairiúil ar leith a dtugadh náisiún Palaistíneach air. An rud is cóngaraí ná muintir an Iordáin, mar is iadsan an móramh a mbíodh ina gcónaí sa Phalaistín (agus atá fós).
Aontaíonn Séamus, “Bíonn an chuid is mó de Ghaeilgeoirí ar an idirlíon agus sna meáin in éadan Iosrael, faraor. “Ach sin mar a fhaightear [bhfaightear] lucht na heite clé, agus na radacaigh eile, den chuid is mó. “Is iomaí duine ciúin atá ann a fhéachann ar chúrsaí ar nós difriúil. “Is dócha go bhfuil sé ar nós cuma liom ag an móramh. Mar ba chóir. Cén bhaint ag an scéal le saol an ghnáth-Éireannaigh?” Tarraingíonn an pointe seo an cheist: “Cén bhaint ag an scéal le saol an Ghael-Mheiriceánaigh?”
Cheap mé ar dtús nach ceist olc sin. Ach ansin, níl sé chomh maith agus a dhealraíonn. An gcuireadh aon duine an sa Mheánoirthear an cheist sin? Tá cuid den fhreagra san alt féin:
“Tá comhghaol idir a bheith frith-Mheiriceánach agus a bheith frith-Iosrael de ghnáth,” a deir Eiméid [Ó Fathaigh].
Tá lán na fírinne sa mhéid sin. Meon frith-Iarthar atá ann, mar seasann na Stáit agus mórán dá cairde le hIosrael. Níor tháinig gach Giúdach as an Eoraip ná as Meiriceá - tháinig mórán acu ón Rúis srl. - ach tá nósanna (saoirse, cearta, sibhialtach, srl.) an Iarthair ag Iosrael, agus tá baint láidir acu linn. Mar is eol don Iaráin agus gach aintiarna sa Mheánoirthear, faigheann Iosrael an-chuid tacaíochta ó na Stáit go háirithe - an Sátan Mór dá Sátan beag. Seasann muintir na tíre i Meiriceá le hIosrael níos mó ná lucht a rialtais, freisin. Tá aithne ag mórán daoine anseo ar Ghiúdaigh agus fiú ar dhaoine in Iosrael. Tá níos mó Giúdaigh ina gcónaí anseo ná in Iosrael, fiú. Tá nasc láidir idir an dá thír. Agus ní dhéanann an rialtas gach rud anseo gan tacaíocht ó mhuintir na tíre. Ach an nasc is tábhachtaí atá ann eadrainn ná go bhfuil na naimhde céanna againn. Seasaimid le chéile in éadan sceimhlitheoireacht na Muslamach Radacach. Creidimid araon gur sin an troid is tábhachtaí dá bhfuil ann san aois seo. Braitheann beatha Iosrael mar thír air (agus na Giúdaigh ansin mar dhaoine). Agus tá sé rí-thábhachtach do na Stáit go bhfuil ar a laghad tír amháin sa Mheánoirthear a sheasann linn in éadan na sceimhleitheoirí, agus atá ina dea-shampla ansin. Ar an lámh eile de, cad é an suim a bhíonn ag mórán daoine in Éirinn sa scéal seo? Mar a scríobh mé roimhe seo, tá saghas cogaidh 'proxy'(seachchogaidh) ann dóibh. Is mór an trua san. Agus, mo léan, ní bhíonn a lán daoine ar thaobh an tsibhialtachta in éadan na sceimhlitheoirí, ach a mhalairt.
Ach ní fheiceann Séamus go bhfuil aon chúis nó ceart ag na hArabaigh. “Tá siad ann ar chúis amháin, agus sin chun Iosrael a scriosadh,” a deir sé. “Níl suim dá laghad acu sa tsíocháin.” Arís déarfadh fiú anailíseoirí neamhspleácha nach bhfuil mórán spéise ag Iosrael sa ‘tsíocháin’ ach an oiread
Tá cúis acu, cinnte, ach is cúis olc í. Maidir le anailíseoirí "neamhspeácha," an bhfuil a leithéid ann? Deir Iosrael i gcónaí go mbeadh síochán ann gan ionsaithe na bPalaistíneach. Ach feictear an rud ab áil le duine a fheiceáil. Treaslaím Ciarán agus Meon Eile as suim a chur i dtuairimí lucht tacaíochta Iosrael. Nílimid maraon lena chéile, agus athraíonn an scéal beagáinín ó am go chéile. Faraor, mar a dúirt mé san alt (agus tugadh an focal scor dom leis seo), ní fheicimse aon réiteach ar an scéal go ceann i bhfad. Ní bheidh na hArabaigh seo sásta má bhíonn Iosrael ann in aon chor, agus ní bheidh síocháin ag Iosrael chomh fada agus an meon sin acu. Tá Meon Eile ag teastáil uinn, cinnte.

Friday, April 10, 2015

Nósanna na bPóilíní sna Stáit

Ó am go chéile, tarlaíonn rudaí olca.  I mbliana, agus le cúpla bliain anuas, tharla gur mharaigh póilíní nó gardaí éagsúla daoine gorma gan airm, agus mar is iondúil, rinne na meáin chumarsáide agus polaiteoirí / gríosaithe áiritihe Cúiseanna Móra as an "easpa cirt" agus an "éagóir" a rinneadh.  Chuir an t-uachtarán agus an t-ard-aighne a ndá phingin sa scéal (is daoine gorma iad).  Chuir sin leis an éagóir a rinneadh ar na póilíní.  Níor chabhraigh sé duine gorm ar bith.  Spreag a leithéid sin foréigin agus bigóideacht i measc na ndaoine gorma agus bhrúigh an saghas sin iompair na ciníocha i bhfad ní b'fhaide óna chéile ná mar a bhí siad ó am Rodney King agus na ciréibeacha a tharla sna nóchaidí.  D'aon ghnó a rinneadh amhlaidh, mar bíonn an t-easaontas idir na ciníocha an-tábhachtach don eite chlé...

Cásanna áitiúla gach ceann acu seo, agus sin mar ba chóir go gceaptar orthu.  Nuair a rinneadh Cúiseanna Móra díobh, rinneadh éagóir don lucht áitiúil.  Féach an scrios agus a dochar a rinneadh ar Ferguson Missouri.  Agus scaipeadh bréagacha agus leath-scéalta chun an dealramh ba mheasa a thabhairt ar gach cás.  Ní raibh deis ag mórán daoine an fhírinne agus na fíricí go léir a fháil go gceann i bhfad.  Faoin am sin, milleadh clú gach póilín nó duine eile a bhí faoi amhras.  Ciníochas a bhí ar intinn acu.  Ba mhaith leo daoine gorma gan airm a mharú, mar gur fuath leo iad.  Ansin, tháinig na fíricí chun solais de réir a chéile - go ciúin - agus ní raibh aon chuid dá leithéid sin fíor.  Tharla a leithéid de scéal arís is arís eile. 

Uaireanta déantar rudaí olca, fiú i measc na bpóilíní.  Tá breis is dhá chéad míle póilín sna Stáit Aontaithe.  Ní féidir an méid sin daoine a bheith in aon ghrúpa, de saghas ar bith, gan cúpla droch-dhuine a bheith ina measc.  Den chuid is mó, nuair a aithnítear iad, caitear amach ón ngrúpa iad.  Cuirtear an dlí orthu, más gá.

Mar sin, is measlach ar fad gach uair a deir duine a leithéid de "Féach gur mharaigh póilín Meiriceánach fear gorm gan airm arís eile!"  Dá mbeadh sé de nós ag an ngnáthphóilín daoine gorma a mharú as nímh agus spraoi.  Amaideach ar fad sin.  Éagóir do gach póilín maith atá ann - agus sin an móramh, gan aon amhras.  Daoine iad a bhíonn sa bhearna bhaoil gach lá.  Daoine iad a fhaigheann bás ar ár son go ró-mhinic.  Agus lasmuigh de sin, is Meiriceánaigh iad mar an chuid eile againn, agus mar an gcéanna sa mhórghrúpa againn, is annamh go mbíonn aon chinníochas le brath, go háirithe más chomh holc é agus go maródh duine mar gheall air.  Measlach agus amaideach aon rud dá shórt a chur inár leith.  Fiú agus go mbíonn amadáin dár gcuid féin ag cur i gcéill gurb amhlaidh an tír.  Ná bactar leo, lucht sin an fhuatha agus an chacamais.  Is iadsan a chothaíonn na fadhbanna.  Ní fiú leathphingin aon rud a deir siadsan.

Tharla cás le déanaí atá ina eisceacht, de réir dealraimh.  Mharaigh póilín duine - agus nach cuma le Dia más duine gorm, glas nó buí atá i gceist? - nach raibh baolach dó, agus nach raibh ach ag éalú uaidh.  Cuireadh an póilín seo faoi ghlas agus beidh cás cúirte aige.  Más fíor gur mharaigh sé an duine sin gan chúis, caithfidh sé a shaol faoi ghlas.  Tarlaíonn coireanna.  Sin an saol mar atá.  Más botún a rinne sé, nó más duine olc amach is amach é, feicfear.  Ach níl baint ar bith ag an gcás seo le Meiriceánaigh i gcoitinne, le póilíní i gcoitinne, le daoine geala nó daone gorma i gcoitinne.  Cás áitiúil amháin is ea é.  Go bhfágfar mar sin é!

Tuesday, March 17, 2015

Meon Eile agus Sainmhíniú Tearmaí (Mar Dhea)


Bhí alt an-suimiúil le Ciarán Dunbar, a foisíodh le déanaí ar meoneile.ie, a raibh mé páirteach ann.  San alt sin agus sna tráchtanna air, ardaíodh an cheist, cad is eite chlé agus cad is eite dheas?  Níl sin éasca a mhíniú.  Lipéidí gan mhaith iad, ar shlí, mar ní bhíonn daoine chomh simplí sin, minic go leor.  Ach tá tuiscintí áirithe orthu, mar sin féin.  Tá sainmhínaithe éagsúla ag an dá thaobh féin, más dhá thaobh amháin atá ann in aon chor.  Mar sin, seo m'iarracht chun beagán solais a chaitheamh ar an ábhar seo.

Dar liom, tá (ar a laghad) dhá shaghas duine ar thaobh na heite clé.  Duine díobh, creideann sé/sí gur duine fíor-mhorálta a leithéid, mar bíonn siad báúil leis na bochtáin is na daoine a bhíonn thíos nó faoi chois.  Ceapann an sampla seo go mbíonn gach polasaí na heite clé ann chun cabhrú leis an gcine daonna.  Glacann siad go mbíonn dea-thoil taobh thiar de gach dlí is go mbíonn an rialtas ann mar chara don duine beag.  Glacann siad gur fíor ainmneacha na ndlíthe a chuirtear i bhfeidhm, agus go ndéanann siad an mhaith a fhógraíonn siad go ndéanfaidh ina gcuid ainmneacha - an 'affordable care act,' mar shampla.  Daoine saonta iad, dar liom, ach le dea-thoil.  Ach glacann a leithéid de dhuine le bolscaireacht ar bith, chomh fada agus a mhaítear gur 'ar son na ndaoine beaga' é.

Ag an am céanna, ní shíleann siad go mbíonn siad ag brú aon mhoráltacht ar dhaoine.  Ní bhíonn siad ach ag nochtadh don saol cad atá ceart, dar leo. Dar leosan, is é lucht na heite dheas a bhíonn ag iarraidh a gcuid moráltachta (traidisiúnta) a bhrú ar an saol.  Cé gur leosan an núálaíocht, agus leis an taobh eile móráltacht atá ann leis na mílte bliain, atá bunaithe ar eagna Dé agus eagna is taithí saoil na ndaoine, seachas ar theoiricí nua-chumtha.  Ní mór go n-athraítear gach rud i gcónaí, chun an saol a fheabhsú is a fhoirfiú, dar leo.  Go ginearálta, is fearr leis an eite chlé an rud nua, seachas an rud seanbhunaithe.  Sin an fáth go dtugtar "coimeádach" nó "caomhach" ar an eite dheas.  Bíonn meas ag coimeádaigh ar an stair agus an traidisiún.  Bíonn an eite chlé ag gearán faoi is á maslú.  Bíonn siad níos cliste ná na glúinte a tháinig rompu.  Sin an fáth go dtugann siad "forásach" orthu féin.

Síleann mórán daoine ar an eite chlé go bhfuil siad sár-chliste, agus ní ghlacann siad le traidisiúin agus go háirithe le creidimh thraidisiúnta, mar ní ghlacann ach amadáin lena leithéid.  Níl gach éinne mar seo, ach tá sé an-choitianta.  Is fuath leo Críostaithe go háirithe, mar ní ghlacann Críostaithe traidisiúnta leis an réabhlóid ghnéasach, atá ina bhunchloch do "liobrálachas" an lae inniu.  Tugann sin saoirse do dhaoine, dar leis an eite chlé, cothromaíocht idir fir is mná, agus dul chun cinn don sochaí.  Déanann sin dochar don duine is don sochaí, dar leis an eite dheas.  Scriosann sin an teaghlach, atá ina bhunchloch don sochaí, dar leis an eite dheas.

An dara saghas duine ar an eite chlé, sin an té a thuigeann nach bhfuil ann ach cur i gcéill, agus nach mbíonn siad ach chun cumhacht a bhailiú don rialtas, agus mar sin, dóibh féin.  Baineann siad úsáid as na daoine saonta a thacaíonn leo.  Creideann siad, b'fhéidir, nach féidir aon rud a dhéanamh ar son na ndaoine beaga gan an rialtas a chur i mbun an uile ruda i saol an duine sin.  Is breá leo a bheith ábalta ordaithe a thábhairt amach agus rialacha a dhéanamh (ná caitear tobac, ná hitear feoil, srl. - agus an ceartchreidmheachas polaitiúil nó political correctness).  Idir an dá linn, éiríonn siad an-saibhir agus an-chumhachtach.  Seo mar a d'éirigh le Stalin, Castro, Mao, srl.  Féach freisin ar an méid airgid a fuair daoine mar na Clintons agus Al Gore, agus an chumhacht atá ag na ranna sóisialta i rialtas na Stát, nó an Aontas Eorpach.  Bailíonn siad cumhacht agus airgead i gcónaí.  Ar do shonsa, dar ndóigh... 

Creideann lucht na heite clé go mbíonn siad níos mórálta ná aon duine eile, nó níos cliste, nó an dá rud.  Bíonn an freagra acu, agus brúnn siad ar gach éinne é, toisc go mbíonn siad chomh cinnte go mbíonn an ceart acu, agus gur daoine maithe iad.  Creideann na daoine seo gur duine olc é aon duine nach n-aontaíonn leo, aon duine nach nglacann gur le dea-thoil agus ar son na ndaoine beaga a dhéanann siad gach a ndéanann.  Creideann siad gur fuath leis an eite dheas na bochtáin, mionlaigh, oibrithe, srl.  Creideann siad nach mbíonn an eite dheas ach ag lorg airgid is cumhachta...  Tugtar 'projection' ar a leithéid sa Bhéarla.  Cinnte, is maith leis an eite dheas an lucht gnó, agus an caipitleachas, agus ní bhíonn gach duine gnó flaithiúil ná go deas.  Ach ní chreideann siad gurb amhlaidh an scéal.  Creideann an eite dheas gur fearr gnó agus an caipilteachas a chothú chun gach duine a chabhrú, agus dar leis an taithí atá acu ar an saol, déanann sin an gnó níos fearr ná aon rud eile.  Ní fheiceann an eite chlé ach saint ann, ámh.

Ceapann an eite dheas gur daoine saonta maraon le daoine ar mhaith leo an rialtas is cumhachtaí - faoina smacht féin, dar ndóigh - iad lucht na heite clé.  Bíonn siad ag caint faoi rudaí deasa mar chearta daonna srl., ach is cuma leo má chabhraíonn a gcuid polasaithe leis na daoine beaga nó nach gcabhraíonn, i ndáiríre.  Chomh fada agus a shíltear go gcabhraíonn, go dtugtar ainmneacha deasa orthu, agus gur daoine maithe iad (ina dtuairim féin), bíonn siad sásta.  Is cuma leo fíricí is fianaise, den chuid is mó.  Dea-ainmneacha ar na dlithe is na teoiricí, agus dea-thoil na ndaoine maithe mar iadsan (mar dhea), sin na rudaí atá tábhachtach.  Níorbh fhéidir le daoine nach n-aontaíonn leo, agus atá go holc mar sin, aon rud maith a dhéanamh ar son na ndaoine beaga, dar leo. 

Cuirtear i gcás lucht na síochána (mar a thugann siad orthu féin).  Tá gach cogadh go holc, dar leo.  Is cuma leo nach ionann síochán agus easpa cogaidh.  Tá an cogadh go holc mar rud.  Deir siad gur maith leis an eite dheas cogaí (mar is daoine olca iad).  Ach ní fíor sin.  Tuigeann lucht na heite dheas go bhfuil rudaí ann atá níos measa ná cogaí.  Agus go spreagann lagaíocht fadhbanna i bhfad níos measa ná cogadh ceart ag an am ceart.  Fiú nach raibh cogaí maithe iad na cogaí i Vítneam nó san Iaráic, bhí siad riachtanach dar le mórán daoine.  Agus pé scéal, tharla siad, agus rinneadh an-dochar nuair a d'éirigh na Stáit Aontaith astu gan bheann ar na daoine a fágadh ina ndiaidh.  Ní raibh síochán ann (agus níl fós san Iaráic) mar gheall ar pholasaithe lucht na síochána.  Ach is daoine maithe iad mar bíonn siad i gcoinne aon chogadh.

Ach le fírinne, ní cheapann an eite chlé go mbíonn gach cogadh go holc.  Fíor-chogaí, cinnte.  Ach is breá leo an t-ainm 'cogadh' a chur ar rudaí eile.  Cogadh in éadan an bhochtanais, mar shampla.  Nó, más bolscaireacht i gcoinne na ndaoine olca (daoine nach nglacann le gach rud ar mhaith leo), tugann siad 'cogadh in éadan na mban' ar aon iarracht chun an ginmhilleadh a chosc, nó pé rud eile nach n-aontaíonn siad leis.  Is breá leo focail gan a mbrí nadúrtha, agus sofhriotail, mar 'rogha na mná' in ionad 'bású linbh'.

Le bheith cothrom, bhí cogaí bréaga ag an eite dheas, freisin, mar an cogadh in éadan drugaí.  Níor éirigh leis an gcogadh sin aon phioc ní ba mhó ná an bréagchogadh in éadan an bhochtanais.  Ach is breá le gach saghas polaitiúra focail dheasa.  Agus tá difear ann idir iarracht ar coireanna a stadadh agus iarracht ar an saol a fhoirfiú.

Glacann an eite chlé le teoiricí faoin duine.  Glacann an eite dheas leis an saol mar atá.  Sa sóisialachas, ceaptar go mbeidh gach duine sásta a bheith chomh bocht le haon duine eile.  Tuigtear ar an eite dheas nach amhlaidh an cine daonna.  Ceaptar ar an eite chlé gurb fhéidir an saol seo a dhéanamh foirfe.  Tuigtear ar an taobh eile nach féidir a leithéid ar chor ar bith.  Déanaimid ár ndícheall agus glacamaid nach mbíonn gach duine go deas agus sásta daoine eile a chur roimh a chuid buntáistí féin.  Síleann roinnt den eite ché gur fiú gach saghas uafás más ar son an tsaoil fhoirfe a dhéantar é.  Níor éirigh riamh leis an gcumannachas, ach creidtear nach ndearna i gceart go fóill é, agus sin an fáth.  Tuigtear ar an taobh eile gur amaideach sin.  Feictear go mbíonn an capaitleachas ábalta saibhreas gach duine a mhéadú thar aon chóras eile.  Ach is fearr leis an eite chlé na teoiricí deasa, seachas an saol casta crua mar atá.

Tugtar 'eite dheas' ar a ríthe agus deachtóirí, freisin.  Ní cheadaíonn a leithéid aon rud ach rialacha dochta dá gcuid féin.  Ní féidir aon rud a athrú (gan cead uathu).  Deirtear, agus is fíor seo, dar liom, go mbíonn an dá thaobh níos cosúla lena chéile a fhaide is a théann siad ina dtreo féin.  Sin mar a raibh a leithéid de Sóisialacha Náisiúnta ann sa Ghearmáin.

Tá dearach an-difriúil ag an dá thaobh ar an saol, go ginearálta.  Is bán agus dubh don duine seo, an rud atá dubh agus bán don duine eile.  Agus nuair nach mbíonn siad sásta meas ar bith a thabhairt dóibh siúd nach n-aontaíonn leo (mar is nós le Obama, mar shampla), ní bhíonn aon chomhghéilleadh ann.  Ní féidir comhghéilleadh a dhéanamh mura mbíonn an dá thaobh araon ábalta aon rud a ghéilleadh, dar ndóigh.  Ní mór go nglacann siad go léir leis na rialacha céanna, i gcúrsaí rialtais ar a laghad, chun a bheith ábalta aon obair a dhéanamh lena chéile.  Ní hamhlaidh a bhíonn le déanaí, faraor.

Ní bhíonn gach athrú go dona, ná go maith.  Is féidir fíricí is fianaise an tsaoil a phlé.  Is féidir trialacha a dhéanamh de rudaí, agus rudaí a dheisiú de réir a chéile.  Sin an plean a bhí ag bunaitheoirí na Stát Aontaithe, agus ba phlean maith é.  Ach ní bhíonn daoine an lae inniu ábalta fiú na fíricí céanna a ghlacadh maidir le rud ar bith, minic go leor.

Táthar ag súil go mbeidh feabhas ar an scéal ar ball.  Ach idir an dá linn, níl againn ach an vóta.  Buíochas le Dia go bhfuil sé againn fós!



Wednesday, November 05, 2014

Gunnaí, arís eile

Ní hé seo an chéad uair a scríobh mé faoi ghunnaí anseo (agus anseo).  Níl aon scéal difriúil le hinsint agam, ach ardaíodh an t-ábhar seo arís mar gheall ar uafás eile a tharla i Stát Washington tamall ó shin.  Agus tá sé níos soiléire ná riamh nach mbeidh Meiriceánaigh chun a gcuid gunnaí a chaith uathua.  Go rialta, bíonn polaitiúirí ag iarradh an ceart chun gunnaí a choimeád a ghoid uainn, agus uaireanta éiríonn leo cur isteach ar an gceart seo, ach ní éiríonn níos minice.  Agus is maith sin.

Fiú má chaitear mórán airgid chun an ceart seo a bhaint dínn, ní féidir le lucht ghrabáil na ngunnaí, ach amháin sna háiteanna is liobrálaí (Nua-Eabhrac, California, Chicago...) - na háiteanna ina bhfuil an méid is lú saoirse, sin le rá).  Ní ghlacann na daoine le dlithe nach ndéanann aon mhaith, a dhéanann cúrsaí níos measa, fiú, agus a sháraíonn cearta na ndaoine.

Fiú nuair a thuairiscítear na staitisticí ar nós an-chlaonta, mar a tharlaíonn den chuid is mó, tá a fhios ag an móramh nach fíor na scéalta a ínsítear.  Ní féidir fiú an FBI a chreidiúint, mar roghnaítear na fíricí a thuairiscíonn siad ar nós claonta.

Deirtear a lán rudaí faoi na Stáit Aontaithe agus gunnaí a chuireann inár leith go bhfuil cúrsaí níos measa anseo maidir le holldhúnmharú le gunnaí, ach ní fíor sin.  Mar a tharlaíonn, rinneadh na hiosaithe ba mheasa ar scoileanna, le gunnaí, in áiteanna mar a bhfuil na dlithe is láidre i gcoinne gunnaí - san Eoraip!

Seans go dtarlaíonn níos mó coireanna ag scoileanna anseo ná in áiteanna eile (ach tarlaíonn...), ach níl sé ceart a ghlacadh gan smaoineamh go bhfuil an locht ar ár gcuid dlithe maidir le gunnaí.  Tá an scéal i bhfad níos casta ná sin.  Más mian le duine daoine a ionsaí, pé arm a mbeadh aige, cá háit ab éasca a ionsaí ná scoil?  Ionsaítear áiteanna mar a mbíonn daoine gan chosaint, gan airm. 


Bhuel, deir tú, nach bhfuil cúrsaí ag éirí níos measa le déanaí, ar a laghad?  An fhírinne?  Níl. Pé dlí a chuirtear i bhfeidhm, pé aois ina bhfuiltear, is cuma - ní féidir deireadh a chur le daoine ar mhaith leo a lán daoine eile a mharú.  Níl aon chosc ar an olc, faraor.  Bhí a leithéid ann riamh, agus sin a bhfuil.

Gach uair a tharlaíonn ionsaí eile, ceapann daoine gur féidir linn stad a chur leis an gcéad cheann eile, trí mheán dlithe in éadan daoine nach raibh baint ar bith acu leis an gcoir.  Dar ndóigh, ní oibríonn sin.  An féidir linn aon rud a dhéanamh?  Cinnte, is féidir linn níos mó a dhéanamh ar son daoine le galair intinne.  Is féidir scoileanna a chosaint ar nósanna níos fearr (gardaí armtha san áireamh).  Seans go mbeimis ábalta coireanna áirithe a stadadh, má dhéantar rudaí stuama mar seo.  Ach, faraor, sa saol seo, beidh an t-olc linn go Lá an Bhrátha.

Idir an dá linn, ná déantar dochar do dhaoine neamhurchóideacha, ar mhaith leo iad fhéin agus daoine eile a cosaint le gunnaí.  Stadann a leithéid de dhuine a lán slada - mar a tharla in Ottowa le déanaí (agus in áiteanna eile nuair a bhí póilíní nó daoine eile le gunnaí i láthair).









Wednesday, July 23, 2014

An Próiseas Síochána - Seo Chugainn Arís...

Tá Iosrael á féinchosaint ar na sceimhlitheoirí arís eile, agus mar is iondúil, tá na daoine céanna ag seasamh leis na sceimhlitheoirí, leis na Palaistínigh bhochta nach bhfuil ach ag iarraidh sibhialtaigh a mharú in Iosrael agus i measc a bpobal féin.  Nach bhfuil an ceart sin acu, coireanna cogaidh a fhearadh gan cur isteach ó na Giúdaigh damanta siúd?

Sílim go ndúirt duine éigin gur ionann iad próiseas síochána agus cogadh mallghluaiseachta (i slómó).  Tá na hamadáin Obama agus Kerry ag brú ar Iosrael caint a dhéanamh le Hamas.  Is ionann Hamas agus rialtacht na bPalaistíneach anois - mar sin, tá rialtas na sceimhlitheoirí acu.  Agus mar sin, ní féidir síochán a phlé lena leithéid.  Ghlac Iosrael le gach soc comhraic a cuireadh ar aghaidh, agus níor ghlac Hamas.  Sin an scéal i gcónaí.

Mar a dúirt Golda Meir in 1978, beidh síochán ann nuair a bheidh níos mó grá ag na hArabaigh dá bpáistí ná an méid fuatha atá acu chuig Iosrael.  Níor athraigh an scéal ó shin.

Bíonn na hArabaigh ag ionsaí Iosrael.  Má stadann siad, beidh síochán ann.  Mura stadann, níl ach dhá réiteach ann.  Iad a scriosadh, nó Iosrael a scriosadh.  Tá gá le cogadh, uaireanta.  Faraor géar.  Ach ní bheidh deireadh leis an gceann seo go deo, is oth liom a rá, mar bíonn an iomarca daoine ag tacú leis na sceimhlitheoirí.  Ach más féidir in aon chor, go raibh an bua ag Iosrael.

Seo naisc go hailt eile a scríobh mé thar na blianta ar Iosrael, mar fhoinse d'aon duine a mbeadh suim acu i gcás Iosrael.  Ní féidir an t-ábhar seo a phlé le daoine atá dall le fuath bunaithe ar bhréagacha a chuala siad feadh a saoil.  Sin an fhadhb leis na Palaistínigh féin, faraor.  Ach ó am go chéile, éiríonn duine fiosrach agus tá deis ann chun an fhírinne a roinnt leo.  Murach mise, mo léan, is ar éigean a bheadh an deis sin ann as Gaeilge.

Foras Feasa ar Iosrael (2002)
Apologia Altera Pro Vita Israel (2012)
Grrrr! na Giúdaigh! Grrr!
Vóta Eile in Aghaidh Iosrael... 

An Chomhréireacht
Coireanna Cogaidh

Frith-iosraelachas na nÉireannach
Miotas na bPalaistineach in Éirinn
Leithscéal Eile Dóibh ar Fuath Leo Iosrael
Nílim i m'Aonar

Gása na mBréag (2008)
Ionsaí Iosrael ar Ghása (2008)
al-Dura, Iosrael agus Annapolis (2007)
Na NA sa Liobáin (2006)
Fógra Aontaobhach na bPalaistineach (2011)
Obama vs. Iosrael (2010)
Botúin Iosrael (2011)
Hamas ag Déanamh Ionsaithe Eile ar Iosrael (2009)

Iosrael agus na Palaistínigh agus an Iaráin (naisc eile 2007)



Tuesday, January 14, 2014

Blag Nua ar an Saol

Mar eolas d'aon duine a léann an blag seo, thosaigh mé blag eile chun mo chuid colún ón National Hibernian Digest a chur ar fáil.  Leanfar leis agus cuirfear na cinn nua ann freisin.  Bíonn Bearla agus Gaeilge araon iontu. 

Seo daoibh Tomhas na Teanga!

Tá 49 alt ann go fóill, agus sílim go bhfuil timpeall fiche ceann eile le teacht atá scríofa cheana féin.  Táim ag scríobh an cholúin seo le haon bhliain déag go leith, gach ré mí.

Sílim gur áis an-úsáideach é seo don fhoghlaimeoir go háirithe, agus tá súil agam go mbainfear feidhm agus taitneamh as an mblag.

Séamas

Friday, November 08, 2013

Tost

Ní bhím ag scríobh chomh minic anseo le tamall anuas.  Nochtaim mo thuairimí go minic ar Facebook, agus mar sin, ní bhíonn gá agam mo racht a nochtadh anseo i gcónaí.  Agus bím gnóthach le rudaí nach mbaineann leis an bpolaitíocht ar chor ar bith, buíochas le Dia.

Tá an saol níos craiceáilte ná riamh, mar sin féin, agus ba chóir dom cúpla focal a bhreacadh síos anseo.

Is beag rud maith a dhéanann Obama, agus is mór an dochar.  An rud is suimiúla le déanaí ná go bhfuil a lucht tacaíochta ag tabhairt faoi ndeara nach bhfuil fios a ghnó aige.  Bíonn daoine grinn ag magadh faoi ar an teilifís, ní bhíonn gach scéal sna meáin phríomhshrutha dearfach - tá fiú lucht a adhartha á cheistiú, fiú a leithéid de Chris Mathews!

Is staic mhagaidh é Obamacare.  Sin an dlí oll-mhór oll-chasta a chur na Daonlaithigh i bhfeidhm gan vótaí ar bith ón bpáirtí eile, nuair a bhí gach brainse an rialtais faoi smacht acu.  Ach fós féin, ní raibh aon duine dá pháirtí sásta moill a chur air.  Bhí siad sásta gnó an rialtais a chur ar ceal fiú, seachas chomhghéill ar bith a dhéanamh leis na Poblachtánaí i dTeach na nIondadaithe.  Conspóid mhór a bhí ann nuair a sheas siadsan in aghaidh caitheamh airgid gan srian Obama agus a chairde.

Fiú nach bhfuil an móramh sa tír sásta ar chor ar bith le tubaiste Obamacare, bíonn beagnach gach éinne lasmuigh de fheachtas an Tea Party míshásta go raibh éinne ag seasamh ina aghaidh.  An-aisteach.  Deirtear nach raibh plean ann, nach raibh seans acu, srl.  Ach sin an dóigh a ba chóir do rialtas a bhfeidhmniú - bíonn difríochtaí ann, agus gá le comhghéilleadh.  Mura bhfuil taobh amháin sásta sin a dhéanamh, is ceart agus cóir stad a chur le gach aon rud ab áil leo a dhéanamh go ndéanann siad amhlaidh.  Ach, faraor, mar is iondúil, bhí brú ó na RINOs ar Phoblachánaigh an Tí géilleadh, gan aon rud a fháil ón taobh eile.  Mar sin, ní dhearna siad aon mhaith, agus fuair siad an milleán, cé gur ghéill siad go minic agus níor ghéill na Daonlaithigh ar chor ar bith - agus is fíor-olc an dlí agus an caitheamh airgid atá idir camáin acu.

Bíonn Obama ag maslú ár gcairde agus ag cothú ár naimhde thar sáile, agus de réir dealraimh, ghéill sé don Iaráin anois.  Mór an trua nach mbíonn sé sásta caint le muintir a rialtais féin, fiú amháin aon rud a ghéilleadh dóibh.  Ní miste leis feall a dhéanamh ar a thír sa bhaile agus thar sáile.  Sin an t-aon talann amháin atá aige, dar liom.  An t-aon rud a shábhálann sinn, sin go bhfuil sé (agus a chomhghleacaithe sa pháirtí Daonlaitheach) neamhinniúil - níos mó ná na Poblachtánaigh, a bhfuil a bhfadhbanna féin acu, muise.

Aguisín:  Níor scríobh mé faoin Siria anseo.  Níl mórán le rá, ach nach bhfuil Obama cumasach ná tuisceanach mar uachtarán.  Rinneadh amadán de os comhair an tsaoil (rud nach mbíonn deacair a dhéanamh, mar is amadán é le fírinne).

Friday, July 05, 2013

Tá Pádraig Schaler gortaithe go dona

Fear óg a bhíodh ina bhlagadóir inár measc, Pádraig Schaler, bhí timpiste aige ar a rothar anseo i Meiriceá.  Guímis air, a chairde.  Tá sé i riocht criticiúil san ospidéal, gan urlabhra.  Fuaireas an t-eolas seo ar Facebook, ach tá an scéal i nuachtáin áirithe freisin.  Tharla an timpiste 27 Meitheamh, agus níl eolas ó shin agam.

Tuesday, July 02, 2013

Mandela

Ní maith liom Nelson Mandela.  B'fhearr dom mo thuairim seo a nochtadh sula bhfaighfidh sé bás, agus mar sin, seo beagán faoin bhfear.

Cé nach fear maith é, d'éirigh leis (le mórán cabhrach ón saol lasmuigh den Aifreac Theas) deireadh a chur le córás uafásach.  Sin an fáth go bhfuil an saol i ngrá leis.  Ach mar dhuine, bíonn drochthuairimí aige, cairde uafásacha aige, agus níor éirigh leis chomh maith agus ab fhéidir le duine ní b'fhearr (mar Albert Luthuli, mar shampla).

Ag an dtosach, bhíodh sé ag obair in éadan an dlí apartheid, dlí nua in 1948 ach a lean ar aghaidh le ciníochas na tíre a bhí ann óna bhunadh sa naoú haois déag.  Ní raibh sé chomh holc go ndearna sé chomhchúis leis na cumannaithe ag tús na seascaidí.  Fuair sé inspioráid ó Castro, Guevara, Mao, srl. agus thosaigh sé ar fheachtas buamála.  Bhí sé ullamh chun feachtas sceimhlitheoireachta ní ba mheasa a dhéanamh mura mbeadh toradh ar an gcóras seo i gcoinne targaidí míleata (agus rinne a chomhghualaithe amhlaidh).  Ach roimhe sin, fuair an rialtas é agus cuireadh faoi ghlas é.

Bhí faicsin san ANC nach raibh sásta cúis a dhéanamh leis na cumannaithe agus na radacaigh eile, ach d'éirigh le Mandela agus na radacaigh.  Ní raibh sé chomh radacach agus a bhí a leithéid de Steve Biko, ámh, agus ní raibh aon duine acu chomh dona agus a bhí an rialtas féin.  Ach rinne siad a gcuid den fhoiréigean. 

Agus Mandela i bpríosún, fuair sé tacaíocht ó dhaoine ar fud an domhain.  Agus mar gheall ar an bhforéigin agus a gcuid droch-pholaisithe, chaill an rialtas aon tacaíocht a bhíodh acu ón taobh amuigh.  Scaoileadh saor é ar ball.

Tháinig an Cogadh Fuar isteach sa scéal, mar a tharla beagnach gach áit eile sa Triú Domhain - sin aon át nach raibh ar thaobh amháin den chogadh sin.  Níor ligeadh amach é ach i ndiaidh titim bhalla Bherlin, srl.  Tugadh deiseanna eile dó roimhe sin, ach ní raibh sé sásta scarú leis na cumannaithe, agus cúl a láimhe a thabhairt don bhforéigean.  Fiú le cúpla bliain i ndiaidh a theacht amach, agus é ag plé treo na tíre leis an rialtas, bhí an dá thaobh ciontach as foréigean.

Níos mó mar gheall ar an íde a fuair sé ná ar aon rud a rinne sé féin, d'éirigh Mandela ina laoch.  Maith go leor.  Ní bhíonn sé go maith laochra an domhain a scrúdú go ró-ghearr, minic go leor (ní raibh a (chéad) bhean Winnie ina naomh (ná baol air) ach oiread, dála an scéil).

Bhí sé ina uachtarán ar an Aifreac Theas ar feadh cúig bliana, agus níor éirigh go han-dona leis.  Bhí fadhbanna ann, dar ndóigh, ach feabhsaíodh an tír ag an am sin.  Leis sin, ámh, bhí cairde olca agus tuairimí olca aige fós - Fidel Castro agus Muammar Gaddafi mar chairde, frith-Iosraelachas agus frith-Mheiriceánachas mar thuairimí, srl.  B'fhéidir leis a bheith ní ba mheasa gan dabht - bhí síocháin sa tír ar a laghad mar gheall air.  B'fhéidir leis bheith ina Mhugabe...

Cosúil le Jimmy Carter, bíonn sé ar an taobh mícheart i gcúrsaí idirnáisiúnta.  Nocht sé tuairimí an-mhaslacha faoin gcogadh san Iaráic go háirithe (Thug Mandela 'fear beag' ar Bush, ach is fear mór é, fós).  Is maith an rud é nach raibh sé ina uachtarán sular thit na mór-rialtais chumannacha, ionas nach raibh sé ábalta droch-pholasaithe sóisialacha a chur i bhfeidhm.  D'éirigh leis ina ainneoin féin, dar liom.

Mar sin, múinfear sna scoileanna gur laochra iad Nelson agus Winnie Mandela.  Chuir siad deireadh leis an Apartheid.  Agus is scéal maith sin.  Ach ní daoine deasa iad ar chor ar bith, le fírinne.

Níl Mandela níos measa ná a lán daoine eile, agus rinne sé a mhaith.  An dea-mhúnla é?  Braitheann sin ar cé chomh domhain agus a fhéachann tú.  Tá a íomhá i bhfad níos fearr ná an duine.  Moltar é ar son na cúise.  Siombail mhaith is ea é, is dócha.  Bíodh sé ina laoch acu.  Ach níorbh aon Washington é!

Tuesday, April 09, 2013

Coir is ea coir is ea coir.

Fuair Margaret Thatcher bás.  Ar dheis Dé go raibh sí, i dteannta le Ronald Reagan agus Eoin Pól a dó.  Ba iadsan, thar aon daoine eile, a chur an cummanachas Sóivéideach chun báis.  Agus sheas siad in éadan an tsóisialachais sa bhaile, freisin.  Tá an saol seo i bhfad níos fearr mar gheall orthusan.

Dar ndóigh, is fuath leis an eite chlé iad, mar a ba riamh leo.  Sin comhartha go raibh na daoine seo ar an taobh ceart, cinnte.  Ní bhaineann an nimh is an fhuath seo le ciall ar bith, dar liomsa.  Agus níl aon teorann leis, mar a fheictear sa damhsa chaithréime a rinne siad uile ar uaigh Thatcher.  Ach tá nimh agus fuath ar leith i dtaobh Bean Uasal Thatcher i measc na nÉireannach, go háirithe ó thuaidh.  Lucht na heite clé den chuid is mó, ach maraon leis sin, lucht tacaíochta an IRA atá i gceist.

B'fhéidir an rud ba mheasa a tharla in am Thatcher ná feachtas an IRA (na trioblóidí), agus an stailc ocrais.  Is deacair go leor d'aon duine paisin fíochmar mar sin a chur ar leataobh, fiú má tá an fonn sin ann.  Agus is mairg liom a rá, ní minic a bhíonn an fonn sin ann, fiú.  Mar sin, maireann an fhuath, agus mairfidh go deo, de réir dealraimh.

Bhí grá acu siúd a fuair bás ar an stailc ocrais sin dá dtír, grá a bhí ní ba mhó ná a ngrá dá n-anamacha féin, agus tá meas ag a lán daoine air sin.  Ceaptar orthu mar laochra i gcónaí.  Dar liomsa, ní bhíonn leithscéal ag an sceimhlitheoir, pé cúis a bheadh aige, agus mar sin ní raibh meas agam ar an IRA riamh.  Mar a dúirt Thatcher, coir is ea coir is ea coir - is cuma an chúis.  Bhí dea-intinn acu, b'fhéidir, ach drochmhodhanna. 

D'iarr siad orthu, a bhí ina naimhde do Shasana, aitheantas a fháil uathu nárbh fhéidir a thabhairt.  Ní raibh an locht ar Thatcher go bhfuair siad bás.  Mharaigh siad iad féin mar gheall ar an spreagadh a fuair siad ó lucht a dtacaíochta, agus mar gheall ar an tírghrá a chuaigh thar fóir.  Cúis uasal, saoirse na tíre.  Daoine ídéalaíocha ab ea iad.  Eachtra tragóideach sin i stair na hÉireann.  Go ndéana Dia trócaire ar a n-anamacha.  Agus ar anam Mhargaret Thatcher.  Ba ghrá léi a tírse, freisin.

Wednesday, April 03, 2013

Dubh, dubh, dubh...breacdhubh?

Is fada an lá ó scríobh mé rud ar bith ar an mblag seo, ach bíonn mórán ag tarlú gurb fhéidir liom trácht a dhéanamh air.  Faraor, is beag rud dearfach atá ina measc, agus sin an fáth go raibh leisce orm scríobh anseo.

Éiríonn Obama níos measa lá i ndiaidh lae.  Ach ar a laghad, níl sé ag éirí leis mórán dochar a dhéanamh, mar tá roinnt daoine ciallmhara ann fós a bhíonn á dhiúltú.  Agus bíonn sé chomh hamaideach uaireanta nach féidir fiú le lucht na heite clé neamhaird a thabhairt dó.  Gan iarracht tréan, ar aon nós.  Mar shampla, an cacamas faoin sequester agus buiséad na tíre.  Níl turais an Tí Bháine ar fáil don ghnáthdhuine, deir sé, mar gheall ar an easpa airgid (a tharla mar gheall airsean, ach sin scéal eile).  Ach bíonn sé féin agus a theaghlach ag dul ar saoire agus ag múin an airgid gan stad gan staonadh, agus caitear mórán airgid ar raiméis den uile shórt i gcónaí. 

Ina measc sin, tugtar na céadta milliúin dollars do - sceimhlitheoirí agus a lucht tacaíochta.  Seo mar a ndéanann Obama an dochar is mó - ar stáitse an domhain.  Agus an rud is measa le déanaí, chuir sé brú ar Netanyahu a leithscéal, agus airgead, a thabhairt do Erdogan agus na Tuirc a rinne ionsaí ar a thír.  Cén mhaith sin?  Ní léir go bhfuair Iosrael aon tairbhe as.  Ach fuair Hamas.  Sea, chuaigh Obama go hIosrael chun cur i gcéil gur cara dóibh é, agus faoi scáth na bhfocal deas siúd, rinne sé feall orthu.

Cá háit ar domhan a bhfuil cúrsaí níos fearr mar gheall ar Obama?  Is iomaí áit a bhfuil siad níos measa, cinnte.  Agus tá blianta eile le teacht sula bhfaighimid réidh leis, faraor.  Tuigeann deachtóirí an domhain go bhfuil duine lag ina uachtarán againn - an duine is laige riamh, b'fhéidir.  Agus tá an saol seo i bhfad níos baolaí mar gheall air.

Ní bheidh na Stáit Aontaithe lag, pé dochar a dhéanann Obama.  Níos laige, cinnte, ach ní bheimid lag.  Ach tá seans mór ann go gceapfar sin, agus íocfar as.  Cé a bheidh ag tús na scuaine?  An Iaráin?  An Chóiré Thuaidh?  Go tsábhála Dia sinn.  Go n-éiste Sé leis an bPápa nua.  Báine sa dorchadas eisean, is dócha.  Bíonn dóchas ann chomh fada agus a bhíonn creideamh ann.  Dea-chreideamh, sin le rá...

Tuesday, January 29, 2013

Gunnaí san Eoraip

Bhí deis agam níos mó a rá faoi ghunnaí in alt in Gaelscéal, bunaithe ar an mblagmhír anseo, agus ina dhiaidh sin, bhí deis agam caint le Rónán Ó Muirthile ar Splanc ar Newstalk FM.  Roimh ár gcomhrá, dúirt Rónán go bhfuil na hEorpaigh beagnach ar aon intinn faoi ghunnaí ("tá siad go holc").  Caitheann a lán daoine, go háirithe ar an eite chlé, a saol i saghas botha macalla intleachtúile, agus creideann siad go bhfuil gach duine stuama ar aon intinn leo.  Treise le Rónán go raibh sé sásta éiteacht liom, agus mar an gcéanna le Gaelscéal.  Ach cad faoi na hEorpaigh agus gunnaí?  Cé go mbíonn an móramh san Eoraip ar an eite chlé, ní ghlacaim go bhfuil siad go léir ar aon intinn.

Ar an gcéad dul síos, is iomaí gunna atá déanta san Eoraip.  Seo leanas na comhlachtaí agus na tíortha:
  • Sa Bheilg - Browning Arms Company, Fabrique Nationale (FN), U.S. Repeating Arms Company (USRAC), Winchester Repeating Arms Company
  • Sa Bhulgáir - Arcus Co., Arsenal Corporation, TEREM
  • Sa Chróáit - HS Produkt
  • Sa tSeic - Česká Zbrojovka Strakonice, Česká Zbrojovka Uherský Brod, Sellier & Bellot
  • San Fhionlainn - Patria,SAKO,Valmet
  • San Fhrainc - Nexter (formerly GIAT Industries), Matra BAE Dynamics Alenia (MBDA), Thales Group (Thales)
  • Sa tSeoirsia (san Eoraip?) - dhá chomlacht
  • Sa Ghearmáin - Atlas Elektronik, Diehl BGT Defence, Heckler & Koch (H&K), Howaldtswerke-Deutsche Werft (HDW) , Krauss-Maffei Wegmann (KMW), LFK, Lürssen, Mauser, Rheinmetall AG (Rheinmetall), ThyssenKrupp, Walther
  • Sa Ghréig - EAS, OMI Ordtech Military Industries
  • San Ungáir - Fegyver- és Gépgyár (FEG)
  • In Éirinn - Innalabs (píosaí do ghunnaí míleata)
  • San Iodáil - Armi Jager, Benelli, Beretta, FAMARS, Finmeccanica, Franchi, Stoeger Industries
  • San Iorua - Kongsberg Defence & Aerospace, Nammo
  • Sa Pholainn - Fabryka Broni "Łucznik" - Radom
  • Sa Phortaingéil - INDEP
  • Sa Rómáin - Romtehnica
  • Sa tSerbia - Zastava Arms
  • Sa tSlóvaic - Grand Power
  • Sa tSualainn - BAE Systems AB, Saab AB
  • San Eilvéis - Astra Arms, Oerlikon Contraves, Sphinx Systems Ltd.,Swiss Arms (US subsidiary known as SIG Sauer)
  • Sa Tuirc (san Eoraip?) - seacht gcinn
  • San Úcráin (san Eoraip?) - sé cinn
Sin mórán gunnaí agus déantóirí gunnaí, gan trácht orthu siúd a cheannaíonn iad.  An gceannaíonn Eorpaigh iad?  Bhuel, seo cúpla sampla:
  • Tá 25 milliún gunna i seilbh gnáthdhaoine sa Ghearmáin.  An ceathrú tír is mó.
  • Tá 4.5 milliún gunna i seilbh gnáthdhaoine sa Spáin.  An 14ú tír is mó.
  • In Éirinn, tá idir 233 míle agus 383 míle gunna ag an ngnáthdhuine. An 98ú tír is mó.  5.6 gunna i measc gach céad duine.  Ní haon dóithín sin!
Táim ag éirí níos amhrasaí fós, go bhfuil gach Eorpach ar aon intinn faoi ghunnaí...

Tá a dlíthe féin ag gach tír.  Níos déine ná dlíthe Mheiriceá, den chuid is mó.  Ach tá rialtais agus bunreachtaí an-dirfiúil, cultúir agus stair an-difriúil acu chomh maith.  Agus tá siad éagsúil óna chéile, dar ndóigh.

Tá sé an-bhaolach comparáid a dhéanaimh idir tíortha agus tátal a bhaint as sin go bhfuil ceann acu níos ciallmhara ná ceann eile maidir le dlíthe in aghaidh gunnaí.  Ní mór an comparáid sin a dhéanaimh ar feadh tréimhse fada, roimh na dlíthe agus rompu.  Minic go leor, bhí na difríochtaí ceannann céanna ann sular cuireadh na dlíthe áirithe i bhfeidhm. 

An chonclúid?  Ní chreideann gach duine an rud a chreideann tusa, fiú i measc do chomarsan.

Thursday, January 17, 2013

Mar a D'inis Mé Daoibh...

Féachaint go bhfuil Al Gore saibhir go leor anois, is dócha nach ndéanfadh sé aon dochar an fhírinne a nochtadh...  Níl aon téamh domhanda ann le fiche bliain anuas. Tá an t-impreoir nocht, mar a d'inis mé daoibh anseo ó thús na histéire (lorg 'téamh domhanda' ar an mblag seo).  Bíonn an aeráid ag athrú i gcónaí.  Ní dhearnamarne difear ar bith. 

An mbeidh ar Al Gore a chuid duaiseanna a thabhairt ar ais?  Ní dóigh liom.  Tuigeadh go raibh siad bréagach ag an am.  Ar son na cúise a bronnadh iad, dar ndóigh.  Cúis an tsóisialachais, dar ndóigh.  Nach é an iaróin gur éirigh Gore is a chairde chomh saibhir mar gheall air...

Beidh ar na sóisialaithe cleas eile a chumadh chun a dtoil a chur i bhfeidhm anois, má bhíonn níos mó daoine sásta glacadh leis an eolaíocht agus na fíricí.  Gan dabht, beidh cúis eile acu sul i bhfad.