Friday, November 08, 2013

Tost

Ní bhím ag scríobh chomh minic anseo le tamall anuas.  Nochtaim mo thuairimí go minic ar Facebook, agus mar sin, ní bhíonn gá agam mo racht a nochtadh anseo i gcónaí.  Agus bím gnóthach le rudaí nach mbaineann leis an bpolaitíocht ar chor ar bith, buíochas le Dia.

Tá an saol níos craiceáilte ná riamh, mar sin féin, agus ba chóir dom cúpla focal a bhreacadh síos anseo.

Is beag rud maith a dhéanann Obama, agus is mór an dochar.  An rud is suimiúla le déanaí ná go bhfuil a lucht tacaíochta ag tabhairt faoi ndeara nach bhfuil fios a ghnó aige.  Bíonn daoine grinn ag magadh faoi ar an teilifís, ní bhíonn gach scéal sna meáin phríomhshrutha dearfach - tá fiú lucht a adhartha á cheistiú, fiú a leithéid de Chris Mathews!

Is staic mhagaidh é Obamacare.  Sin an dlí oll-mhór oll-chasta a chur na Daonlaithigh i bhfeidhm gan vótaí ar bith ón bpáirtí eile, nuair a bhí gach brainse an rialtais faoi smacht acu.  Ach fós féin, ní raibh aon duine dá pháirtí sásta moill a chur air.  Bhí siad sásta gnó an rialtais a chur ar ceal fiú, seachas chomhghéill ar bith a dhéanamh leis na Poblachtánaí i dTeach na nIondadaithe.  Conspóid mhór a bhí ann nuair a sheas siadsan in aghaidh caitheamh airgid gan srian Obama agus a chairde.

Fiú nach bhfuil an móramh sa tír sásta ar chor ar bith le tubaiste Obamacare, bíonn beagnach gach éinne lasmuigh de fheachtas an Tea Party míshásta go raibh éinne ag seasamh ina aghaidh.  An-aisteach.  Deirtear nach raibh plean ann, nach raibh seans acu, srl.  Ach sin an dóigh a ba chóir do rialtas a bhfeidhmniú - bíonn difríochtaí ann, agus gá le comhghéilleadh.  Mura bhfuil taobh amháin sásta sin a dhéanamh, is ceart agus cóir stad a chur le gach aon rud ab áil leo a dhéanamh go ndéanann siad amhlaidh.  Ach, faraor, mar is iondúil, bhí brú ó na RINOs ar Phoblachánaigh an Tí géilleadh, gan aon rud a fháil ón taobh eile.  Mar sin, ní dhearna siad aon mhaith, agus fuair siad an milleán, cé gur ghéill siad go minic agus níor ghéill na Daonlaithigh ar chor ar bith - agus is fíor-olc an dlí agus an caitheamh airgid atá idir camáin acu.

Bíonn Obama ag maslú ár gcairde agus ag cothú ár naimhde thar sáile, agus de réir dealraimh, ghéill sé don Iaráin anois.  Mór an trua nach mbíonn sé sásta caint le muintir a rialtais féin, fiú amháin aon rud a ghéilleadh dóibh.  Ní miste leis feall a dhéanamh ar a thír sa bhaile agus thar sáile.  Sin an t-aon talann amháin atá aige, dar liom.  An t-aon rud a shábhálann sinn, sin go bhfuil sé (agus a chomhghleacaithe sa pháirtí Daonlaitheach) neamhinniúil - níos mó ná na Poblachtánaigh, a bhfuil a bhfadhbanna féin acu, muise.

Aguisín:  Níor scríobh mé faoin Siria anseo.  Níl mórán le rá, ach nach bhfuil Obama cumasach ná tuisceanach mar uachtarán.  Rinneadh amadán de os comhair an tsaoil (rud nach mbíonn deacair a dhéanamh, mar is amadán é le fírinne).

5 comments:

April said...

Ceann de na rudaí is measa faoi ObamaCare ná na waivers atá Kathleen Sebulius in ann a thabhairt amach ar á toil féin. Fuair na hUnions a raibh ag agóid ar á shon waiver chomh luath is a bhí an tACA ina dhlí i n2010. Fuair comhlachtaí atá sásta géilleadh don riarachán seo waivers. (Agus ar ndóigh, ní ghlacann na Daonlathaithe lofa le haon bhille a chuirfeadh iad féin faoin tACA/Obozocare. B'iad féin a choinnigh an rialtas Federal dúnta mar gheall air!)

Is é seo an Faisísteachas as an téacsleabhar.

Má chuireann an trainwreck atá in ObamaCare ar cheal dóibh siúd thuas, ba cheart é a chur ar cheal do 'chuile dhuine eile. Níor cheart don chuid de na hainmhí a bheith 'níos cothroime' ná cuid eile againn. Bheadh sé sin tús maith ag déaleáil le faisísteachas an riaracháin seo.

Séamas Poncán said...

Abair é, a chara! Níl duine acu sásta iad féin a chur faoin dlí uafásach seo, agus bíonn a gcairde slán minic go leor freisin (go dtí an uair nach mbeifear sásta leo níos mó...). Cac ar fad.

Fearn said...

Fáilte ar ais, a dheartháir. Cronadh thú, Diabhal fhios agam faoi méadú craiceáilteachta an tsaoil mhóir ach bhraith mé do rachtanna craiceáilte pearsanta uaim, agus deirim é sin le cion agus dean mór! :-)



Fearn

Anonymous said...

"cion agus gean mór"


a shíl mé a scríobh



Fearn

Séamas Poncán said...

Ahhh. Shábháil tú mé ón bhfoclóir, mar sin! GRMA.