Monday, April 30, 2012
tSen Guantseng
Deir rialtas na tíre nach é a bpolastaí ginmhilleadh nó aimridiú a bhrú ar dhaoine, ach níl aon amhras go ndéantar amhlaidh. Sin an fáth go ndearna tSen a ghearán. Chreid sé rialtas na tíre. Ach is tír bhrúidiúl Chumannach í fós, agus ní cheadaítear aon tseasamh in éadan chumhacht an rialtais.
Cuireadh tSen faoi ghlas cúpla uair, mar gheall ar thriall bhréagach, agus bualadh go dona é - agus a bhean, leis. Ciapadh a ghaolta eile, a mháthair is a iníon óg san áireamh. Agus é faoi bhraighdeanas baile, ní cheadaíodh dó caint le héinne, agus cuireadh cosc ar aon chuairteoirí eachtránacha go háirithe. Bualadh roinnt díobh a rinne iarracht chun cuairt a thabhairt air, fiú.
Anois, le cabhair ó laochra eile, d'éiligh sé. De réir dealraimh, tá sé ag ambasáid na Stáit Aontaithe, ach níl aon admháil oifigiúil ann fós. An bhfuil sé slán fós, mar sin? Táthar ag súil. Níl Obama iontaofa ar chor ar bith ag déaláil le drochrialtais, agus tá imní orm go ndéanfaidh sé feall ar tSen. Ach le cúnamh Dé, beidh saoirse ag tSen, ar shlí. Ní dóigh liom go mbeidh sé ábalta dul abhaile riamh. Agus tá a chairde gaol i mbaol i gcónaí.
Tá aird an domhain ar a chás, agus tá seans ann go ndéanfar athruithe sa tSín mar gheall air. Seans beag, cinnte, ach seans. Feicfear. Cúis náire don tSin is ea é, agus fadhb mhór anois do na Stáit Aontaithe, freisin. Buíochas le Dia.
Thursday, March 01, 2012
Ginmhilleadh, Gnéas agus Grásta
Déanann cásanna deacra droch-dhlíthe, deirtear, agus is fíor sin, go háirithe nuair atá ceist an ghinmhillte id lámhaibh. Féach an t-alt iontach seo a scríobh duine d'Eaglais Shasana chun na sonraí a fhoghlaim. Níl an cheist seo gan deacracht ar bith, agus ní mór do gach duine a mhacnamh féin a dhéanamh ar cheisteanna na móráltachta. Ba chóir glacadh le grásta Dé mar threoir. Ach is léir nach bhfuil an chuid is mó de na daoine atá i bhfábhar an ghinmhillte ag iarraidh fírinne mhoráltach a bhaint amach a chuireadh in aghaidh saoirse ghlan maidir le cúrsaí gnéis. Den chuid is mó, níl ann sa ghinmhilleadh ach breithrialú i ndiaidh an bhirt, dar leo, agus is cuma leo go maraítear duine (má chreideann siad gur duine ar bith atá ann...).
Is é cúrsaí gnéis an cloch is mó ar pháidrín na ndaoine atá frith-chreidmheach. Ní deirim aindiach d'aon ghnó, mar ní bhíonn a leithéid sásta go gcreideann éinne i nDia. Ní ghlacann a lán díobh go bhfuil sé ceart ná cóir aon tuairim eile a bheith ann ar chor ar bith a chuireadh in aghaidh a roghanna féin. Tá dlíthe ann in áiteanna mar Cheanada, fiú, a deir nach féidir le duine aon rud olc a rá faoin homaighnéasachas, mar shampla. Cuireadh an dlí ar dhuine a chur fógra i nuachtán, nach raibh ann ach uimhreacha véarsaí ón mBíobla! Ach creideann siad ag an am céanna nach siad féin na fanaicigh...
Tá cúiseanna eile ann, cinnte - nó leithscéalta eile - a chuireann daoine ón Eaglais. Is iomaí cladhaire a bhíonn ina bhall san Ealgais (in eagraíocht ar bith, mar a tharlaíonn) (Glacaimse leis an Eaglais Chaitliceach amháin, ach baineann gach rud a deirim anseo leis an traidisiún Críostaí mar a thuigeann an móramh é). Mar i gcás Abú Ghráib, mar shampla, ní ionann drochbheart daoine olca in eagraíocht mhór agus cuspóirí na heagraíochta féin. Ní mór don eagraíocht an cosc is mó agus is féidir a chur ar dhrochghníomaithe ina measc, nó ní bheidh inti ach cladhairí. Déanann an Eaglais ámhlaidh, cé nach mbíonn a hiarrachtaí gan locht. Ní leor a leithéid de mhíshástacht chun an creideamh ar fad a chaith sa bhruscar, ná baol air.
"Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból." - Matha 13:30Sea, an dia nua-aimseartha is mó (sean-dia atá ann leis na cianta, le fírinne), sin an gnéas. Don duine nua-aimseartha, ní cóir go gcuireadh bac ar aon rud idir bheirt (nó níos mó) atá toilteanach. "Cén fáth go mbíonn an Eaglais chomh buartha i gcónaí faoin ngnéas?" fiafraíonn siad. Ní bhíonn go háirithe, ach amháinn go seasann an Eaglais in aghaidh déithe bréagacha. Is é an gnéas an uirlis is feidhmiúla atá ag an diabhal chun daoine a scarúint ó Dhia. Níl teagasc na hEaglaise chomh dona maidir le cúrsaí gnéis. Ach ceaptar go bhfuil an duine nua-aimseartha níos cliste ná a shinsir go léir - ná an Eaglais atá ann le timpeall 2000 bliain - ná Dia féin - agus mar sin, níl Dia ann.
Ach féach ar thoradh an dearcaidh seo, nuair a thugann an duine cead a chinn dó féin. Na daoine gan Dia, na Náitsithe is na Cumannaithe, mharaigh siad níos mó daoine ná aon lucht rompu riamh (is tá siad á dhéanamh fós). Tá an teaglach at titim as a chéile san Iarthar. Bíonn sé níos coitianta i gcónaí nach bhfuil beirt tuismitheoirí ag páistí an lae inniu. Má ghintear iad in aon chor. Is má thagann na páistí a ghintear chun solais riamh. Maraítear níos mó díobh ná a rugtar i dtíortha go leor. Milliún i ndiaidh milliúin. Agus ní bheidh a leithéidí ann arís.
"Ní fíor, mar a deirtear go minic, nach féidir leis an duine an saol a eagrú gan Dia. An rud atá fíor ná, gan Dia, níl sé in ann an saol a eagrú ach in aghaidh an duine." - Henri de LubacNíl sé éasca glacadh le gach teagasc maidir le cúrsaí gnéis, ach níl sé dodhéanta, agus tá sé dár leas ar a laghad an iarracht a dhéanamh. Ba chóir dúinn ár macnaimh a dhéanamh orthu (agus guí), mar a dhéanann an Eaglais go léir i gcónaí. Is fearr leis an móramh sa lá atá inniu ann, de réir dealraimh, an dia eile sin a adhradh. Ach bíonn grásta Dé ar fáil i gcónaí. Guímis.
"Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n-aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na
nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna." - Iósua 24:15
Wednesday, February 15, 2012
Lá ‘le Vailintín
Níl baint ar bith ag nósanna an lae seo le féile Rómhánach ar bith. Níl éinne cinnte cé acu an Vailintín áirithe a bhímid ag ceiliúradh - bhí níos mó ná duine amháin ann. Agus níor cheaptaí ar an lá seo mar lá cheiliúrtha an ghrá go dtí an ceathrú haois déag, de réir dealraimh. Cheaptáí gurb é seo an lá ar a roghnaíonn na héin a gcéilí, agus mar sin gurb oiriúnach don ghrá é. Ní mar gheall ar an naomh a cheaptar sin.
Cumadh scéalta san ochtú haois déag chun baint idir Vailintín agus Lupercalia a mhaíomh, agus glacadh leis, gan fianaise ar bith sa stair.
Mairtírigh ab ea na Vailintíní a cheiliúradh an Eaglais Chaitliceach. Ach féachaint nach bhfuil eolas dá laghad againn fós fúthu, níltear á gceiliúradh ar an bhféilire oifigiúil níos mó. Cinnte, tá baint idir an grá agus grá Críostaí, ach níl aon rud ar leith maidir le Vailintín atá níos oiriúnaí ná aon mhairtíreach eile, ach de thaisme go raibh lá a fhéile ag tús an earraigh.
Lá 'le Vailintín sona daoibh, mar sin féin (lá ina dhiaidh).
Thursday, February 09, 2012
Séamus na Gaeilge agus Fadhb na nUimhreacha
Níl an clár go dona. Cheapfaí go mbeidís dá ionsaí an t-am ar fad (lucht déanta na clár, seachas an Talabán...), ach ní dhearna. Mar sin féin, tuigtear ó na roghanna a rinneadh agus ó roinnt tráchtanna sa chlár go bhféacheann siad ar Shéamas mar dhuine le dhá chloigeann, ar a laghad. Sin an fáth go ndearna siad an clár, is dócha - an rud is annamh is iontach. Tá an clár an-suimiúil.
Mar is iondúil, cé gur clár RTÉ TG4 é, rinneadh do lucht labhartha an Bhéarla é. Fo-theidil a bhíonn ann i mBéarla nuair a bhítear ag labhairt na Gaeilge, agus ní bhíonn fo-theidil as Gaeilge ann nuair a labhraítear Béarla. Ach más locht sin, is locht a bhíonn ann i gcónaí...
Bualann Séamas le fear i nDoire a insíonn dó go mbeadh sé ag troid ina aghaidh dá mbeadh sé ina chónaí san Iaráic nó san Afghanastáin. Is iomaí duine a déarfadh a leithéid, gan smaoineamh ar an gcúis a mbeadh sé ag troid ar a shon. Is cuma le daoine mar sin cé chomh dona agus atá naimhde na Stát. Dar leo, níl aon rud tábhachtach ach go bhfuil arm eachtránach i dtír eile. Is beag an radharc ar an saol atá ag a leithéid de dhuine. Níl an saol chomh simplí sin. Níl aon amhras orm ach go mbeadh sé ag troid ar son na sceimhlitheoirí thall. Agus is mór an trua sin.
An t-aon rud glan olc atá sa chlár ná an mhír ina luaitear sibhialtaigh na hAfghanastáine. Insíonn Séamus dóibh nach mbíonn na Meiriceánaigh ag marú sibhialtach. Go díreach ina dhiaidh, deir an tráchtaire go maraíodh rud mar 1300 Meiriceánach san Afghanastáin, agus gur maraíodh rud mar 130,000 sibhialtaigh. An rud atá le tuiscint as sin ná gur inis Séamus bréag, cheapfaí. Ach níl baint ar bith idir na huimhreacha sin. Na sibhialtaigh a fuair bás mar gheall ar shaighdiúirí Mheiriceá (NATO), de thaisme a tharla, i measc cogaíochta. Sin rud a tharlaíonn i ngach aon chogadh. Agus níos lú sna cogaí seo ná riamh sa stair. Ach an chuid is mó de na sibhialtaigh seo, mharaigh an Talabán agus sceimhlitheoirí eachtránacha eile iad. Más féidir linn an uimhir a thugtar a ghlacadh ar chor ar bith, mar is léir nach mbíonn fíor-uimhreacha thaismí an Talabáin le fáil, agus go ndéanann siad a seach ndícheall chun sibhialtaigh mharbha a chur os comhair an tsaoil, seachas naimhde armtha, agus is iomaí cleas atá acu chun sin a dhéanamh. Seans go bhfuil gaoth an dearcaidh ann sna huimhreacha seo go mbíonn rud éigin mí-chothrom ann má bhíonn na Meiriceánaigh ag marú céad duine as gach Meiriceánach a maraíodh - mar a bheadh cluiche éigin ar bun. Cé chomh hamaideach is atá an dearcadh sin, tá sé coitianta. Ach tá blagmhíreanna eile agam faoi na huimhreacha...
Pé scéal, mar chlár ar an ábhar seo, tá sé go maith, den chuid is mó. Treise leo, agus treise le Séamus agus a chomhghleacaithe, a bhíonn ag déanamh an saol níos fearr dúinn go léir, agus do mhuintir na hAfghanastáine go háirithe. Go raibh toradh ar a gcuid oibre.
[Dála an scéil, ní fuaimnítear ainm na tíre thall mar a cheapfá ón litriú oifigiúl, agus molann Séamus féin an h a chur i lár 'Afghanastáin'.]
Friday, February 03, 2012
Cás Casta na Pacastáine
Níl sé éasca an fhírinne a bhaint amach, mar is iomaí scéal a insítear. Agus labharaíonn an Phacastáin as an dá thaobh dá mbéal...
Maidir leis an armán míleata féin, níl an teicneolaíocht seo úr-nua. Is beag an difear idir iad agus diúracáin, ach go mbíonn siad níos beachta a spriocanna a bhaint amach - agus is rud maith sin, cinnte. Is iomaí rud amaideach a deirtear faoi airm. Ach ní babhta dornálaíochta an cogadh. Ní mór na hairm is fearr a úsáid. Is é an cuspóir ná an namhad a mharú (chun a ndroch-ghníomhanna a stopadh). Tá na leadrainn seo an-áisiúil, agus is ceart agus cóir iad a úsáid i gcogadh, gan aon agó.
Maraíodh a lán ceannaraí de Al Caghda agus den Talaban san Afghanastáin le leadrainn. Bhí a fhios ag a lán daoine go raibh siad in úsáid againn sa Phacastáin, ach go hoifigiúil, bhí sé seo faoi rún go dtí le déanaí. Bíonn an Talaban ag éalú ón Afghanastáin trasna na teorann go dtí an Phacastáin, agus ag déanamh ionsaithe aisti. Tá limistéir inti atá slán dóibh (An Bhasaiorastáin). Maraíodh Osama Bin Ladain ansin. An namhaid do na Stáit í an Phacastáin? Nach sin an cheist! Pé scéal, níl aon dabht ann ach go mbíonn naimhde inti a bhíonn dár n-ionsaí san Afghanastáin, agus tá an ceart againn an tír sin (agus ár n-arm inti) a chosaint.
Tá an cás seo cosúil le cás na Cambóide fadó. Bhí naimhde dár n-ionsaí i Vítneam, naimhde nach arm na Cambóide iad, ach airm ghallda. Brúdh ar rialtas na Cambóide cead a thabhairt dúinn sinn féin a chosaint, agus ba chasta an scéal sin, freisin. Ach fuaireamar. As cúiseanna éagsúla, ní rabhamar ábalta leanúint ar aghaidh leis, agus theip orainn ar ball mar gheall air sin. Ach sin scéal eile...
Bíonn an Phacastáin mí-shocraithe. Is iomaí Moslam radacach atá ina chonaí ann. Tá scoilt sa rialtas féin idir lucht na síochána agus sceimhlitheoirí radacacha. Cé acu, namhad nó cara iad dúinn? An dá rud, faraor. Ní féidir leis an rialtas cosc a chur ar na sceimhlitheoirí. Agus ba mhaith le mórán daoine bheith cairdiúil linn. Ach is tír atá bunaithe ar an gcreideamh Moslamach, agus tá dearcadh radacach ag mórán daoine ansin. Agus níl na daoine sin sásta ar chor ar bith go bhfuil a rialtas ag cabhrú leis na Stáit chun cogadh a fhearadh ar Mhoslamaigh, go háirithe ina dtír féin. Mar sin, cé go bhfuil sé réasúnta cinnte go mbímid ag obair i láimh a chéile le rialtas is arm na Pacastáine chun na hionsaithe seo a dhéanamh, ní mór don rialtas sin a shéanadh, minic go leor. Agus seans go bhfuil roinnt den rialtas féin glan ina n-aghaidh. Bíonn siad ag cur isteach ar obair arm na Stát chun cur in iúl nach bhfuil siad sásta. Ach an seó sin nó fíor-scoilt leis na Stáit? Ní bhíonn sin léir. Ní cheaptar gur mhaith leo cogadh a thosnú leis na Stáit agus iad a seasamh leis an Talaban inár n-aghaidh. Bíonn cothromaíocht íogair le déanamh acu. Ach ní féidir leo seasamh go poiblí leis an uile rud a dhéanann na Stáit. Is iomaí conspóid a bhíonn ann eadrainn.
Tá cead ag na stáit cogadh a fhearadh trasna na teorann, ach níl siad an-sásta leis sin. Agus níl éinne cinnte cén taobh is fearr le saighdiúirí na Pacastáine féin. Uaireanta tugann siad cabhair don Talaban, uaireanta eile tugann siad cabhair dúinne. Casta is baolach go leor an scéal, cinnte.
Cén fáth go ndéantar agus go bhfuil sé de cheart againn na hionsaithe seo a dhéanamh? Tá naimhde dár n-ionsaí ón taobh sin den teorainn, agus tá rialtas na Pacastáine in ainm is a bheith ar an taobh céanna linn. In ainneoin pé rud a chloisfí ar an raidió, níl sé baolach go mbeidh na Stáit ag marú éinne in Éirinn...
Ó, agus nach bhfuil sé go hiontach go bhfuil an buama adamhach ag an bPacastáin? Muise. Ceann de na tíortha is baolaí ar domhain iad (mar is eol don Ind...). Táthar ag súil go n-éiríonn leis an taobh ceart inti. Ach ní bhíonn aon rud mar sin cinnte.
Wednesday, January 18, 2012
Apologia Altera Pro Vita Israel
Is oth liom a rá gur féidir le duine deas rudaí olca a rá is a smaoineamh. Fiú i ngan fhios dó. Go háirithe nuair a bhíonn claonadh seanbhunaithe i gceist, atá domhainfhréamhaithe sa tsochaí. Agus droch-chlaonadh in aghaidh Iosrael a fhaightear go rí-mhinic i measc na nÉireannach, faraor. Tá an mhír seo ann mar fhreagra ar an méid a scríobhadh ar GFG.
Dar le loighic na blagmhíre sin, níl meas ar bith ag rialtas na hÉireann ar thiománaithe! Mar goidtear carranna in Éirinn! Mar nuair a dhéantar rud mídhleathach in Iosrael, tá an tír go léir ciontach as, de réir dealraimh. Níl sé de cheart ag fir Iosrael, fiú na diancheartchreidmhigh, mná a bhrú go cúl an bhus. Agus cuireadh cosc ar an duine sa scéal áirithe atá i gceist. Sea, is sean nós Giúdach na mná a choimeád scaraithe ó na fir, agus ba mhaith le roinnt daoine sin a chur i bhfeidmh sa tsochaí go léir. Ach ní tharlóidh.
Dar ndóigh, bíonn an dearcadh céanna sin ag an móramh sna tíortha mórthimpeall ar Iosrael. Is beag ceart a bhíonn ag bean sna tíortha Muslamacha. Ach is cuma sin, is dócha - fiú go mbíonn a leithéid "dleathach" agus brúite ar an uile bhean sna tíortha sin...
Tá cearta daonna láidir in Iosrael. Tá gach saghas duine ann. Tá meas ar an dlí is ar an duine ansin, fiú ar dhaoine a bhfuil nósanna acu atá glan díreach in aghaidh chreideamh mhóramh na nGiúdach. Deirtear, mar shampla, gur Tel Aviv an chaithear aereach is fearr ar domhain. Cá bhfuil a leithéid i dtír Mhuslamach? Bhuel, dar ndóigh, maraítear daoine aeracha sna tíortha sin...
Rud eile a mhaítear ná go bhfuil Iosrael, a bhfuil na milliúin naimhde mórthimpeall uirthi agus a bhíonn faoi bhagairt a báis i gcónaí, tír atá 'faoi léigear,' mar atá, maítear, má thuigim i gceart é, go bhfuil na hArabaigh faoi léigear aicise. Is ait an mac an saol.
Ach fiú go bhfuil na fíricí trína chéile, tá fadhb eile ag GFG. Níor cheap mé go raibh cead ag muintir na hÉireann locht a fháil ar cheartchreidmhaigh radacacha Iosrael - nó fiú ar chreideamh éinne sa bhaile... mar tá an chéad chéim i dtro Searagha ina dlí, nó nach bhfuil? Ní cheadaítear don Éireannach ceartchreidmheach aon rud olc a rá faoi chreideamh ar bith, nó an bhfuil dul amú orm? Tá níos mó saoirse in Iosrael (cé go bhfuil dlí cosúil leis ann (alt 173 sa chód), nach gcuirtear i leith éinne, le fírinne).
Is léir d'aon duine nach bhfuil réamhchlaonadh air, go bhfuil cearta ag mná in Iosrael, nach bhfuil aon apartheid ansin, nach bhfuil Iosrael ag ionsaí a comharsana ach go bhfuil sí féin timpeallaithe le tíortha neamhdeacha. An scéal ar fad atá bun os cion ag GFG sa mhír thuasluaite, dar liom. Aontaím léi gur olc an rud é mná a chur faoi chois. Is féidir, ámh, seasamh a dhéanamh in aghaidh ruda oilc gan rudaí olca a rá faoi dhaoine neachchiontacha. Tá meas agam ar na dea-smaointe a fhaightear ar an mblag sin. Ach mar ba mheasla poiblí ar Iosrael an mhír sin, bhí gá agam freagra poiblí a dhéanamh. Ar son na fírinne, mar hasbara, nó apologia.
Mar aguisín:
Seo scéal faoi fhadhbanna leis na lonnaitheoirí radacacha Iosraelacha. Déan comporáid leis an scéal seo faoi na mná Palaistíneacha. Tá difear an-mhór idir an dá phobal, dar liomsa.
Is rud dearfach é hasbara, dála an scéil.
Thursday, January 12, 2012
A gCara, Hugo Chavez
Cheap mé le fada nach raibh ann ach fear grinn, ach is duine fíor-bhaolach é. Tá cumhacht aige sa bhaile - agus dar ndóigh, mar aon deachtóir eile, bíonn sé ar thóir níos mó cumhachta i gcónaí. An mana a bhrúitear ar mhuintir Veiniséala ná "An sóisialachas nó an bás!" ach is é an bhrí de sin ná "deachtóireacht faoi m'ordóg nó an bás!" Ar son na ndaoine beaga, tuigeann tú. Agus tá ola, agus mar sin, airgead aige, chun a lán diabhlaíochta a dhéanamh, sa bhaile agus thar sáile.
Ní hamháin go bhfuil daoine ann a ghlacann lena chuid cacamais agus a chreideann gur fear na ndaoine atá ann, ach tá daoine ann sna Stáit Aontaithe fiú, atá sásta a chuid bolscaireachta a scaipeadh. Bíonn fógraí ar an teilifís agus ar an raidió a deir go bhfuil Chavez chun ola a thabhairt do na daoine bochta anseo, féachaint nach bhfuil a rialtas féin i Meiriceá chun iad a chabhrú. Magairlí atá air, gan aon agó. Agus níl ciall ar bith ag a chuid úrlabhraithe, ná náire.
Mar sin, má tá tú cairdiúil le gach duine olc ar domhan, má mhaíonn tú gur sóisialaí ar son na ndaoine beaga thú, agus is dócha má tá airgead is ola agat, tá cairde agat i measc lucht na heite clé. Is cuma faoi na daoine atá thíos leat. Bristear uibheacha chun uibheagán a dhéanamh. Ba é an diabhal féin é Bush, agus mar sin, is Naomh é Chavez.
Go bhfaighe sé bás go luath. Nó go bhfaighe a thír réidh leis, ar aon nós, chomh luath agus is féidir. Le cúnamh Dé, beidh uachtarán nua againn araon i mbliana...
Thursday, December 15, 2011
Is mithid, is dócha...
Níl a leithéid de Cindy Sheehan ag déanamh agóide ná aon rud dá leithéid le fada an lá. Níl éine ag damhsa amuigh ar na sráideann fiú in Éirinn... Níl mórán ag tarlú san Iaráic le fada, buíochas le Dia, agus ní bhíonn sé sa nuacht. Ach tá daoine áirithe á cheiliúradh, cinnte - na daoine a bhí ag fanacht ón uair gur inis Ó Bama dóibh go mbeimid ag imeacht...
Ní miste liomsa go bhfuilimid ag imeacht faoi dheireadh, le fírinne. Is mithid. Ach táthar ag súil nach raibh gach aon rud in aisce. Níl éinne cinnte go bhfuil muintir na hIaráice ábalta - nó sásta - iad féin a chosaint. Thugamar deis iontach dóibh, agus ní féidir linn i bhfad níos mó a dhéanamh. Níl aon mhaith ann dúinn fanacht. Ní mór dóibh a dtír féin a chosaint is a chothú, más féidir leo. Go n-éirí an t-ádh leo. Slán agus beannacht.
Bheimis sásta cabhrú leo fós, ach ní dhearna Ó Bama aon iarracht dháiríre chun margadh a dhéanamh leo. Táim cinnte go bhfaighidh siad a lán airgid uainn, pé scéal. Mar beagnach gach aon tír eile. Go raibh toradh air (cé nach mbíonn, de ghnáth). Tá súil agam nach mbeidh an Iaráin dá n-ionsaí, nach dtitfidh an tír as a chéile, agus go mbeidh siad ag tógáil ar an méid a rinneamar leo go dtí an bponc seo. Tá súil agam go mbeidh suim ag an saol mór iontu. Ach ní fheadar an domhain cad a tharlóidh. Is iomaí dúshlán atá rompu. Agus is iomaí sceimhlitheoir gur mhaith leis an daonlathas atá acu a scriosadh, is córas na radacach a chur i bhfeidhm.
Ní fheadar an scríobhfar stair gan chlaonadh riamh, ach feicfear an mbeidh cúrsaí ag dul i bhfeabhas nó ag dul in olcas as seo amach, ní hamháin san Iaráic féin ach ar fud an limistéir. Cén tionchar a bheidh ag na Stáit Aontaithe ar chúrsaí? An mbeidh uachtarán againn in 2012 ag a mbeidh tuiscint agus cumas chun tionchar maith a dhéanamh ar chúrsaí? Aon uair nach dtugann Ó Bama neamhaird ar chúrsaí thall, bíonn sé ag díspeagadh ár gcarad agus ag tabhairt misneach dár naimhde, faraor. Is féidir leis na Stáit mórán a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú. Ach an mbeimid sásta an iarracht sin a dhéanamh? Bíonn ár naimhde ullamh chun a mhalairt a dhéanamh, gan dabht.
Dála an scéil, dóibh siúd atá fós dall maidir le mo thírse, níl talamh ná ola inár seilbh nach raibh againn roimh an gcogadh.
Anois, cathain a bhfaighfimid réidh leis an Afghanastáin/Pacastáin?
Tuesday, December 06, 2011
An 'Sagart' is Fearr leis an hAindiachaithe
Cé he an t-eiriceach áirithe seo? John Shelby Spong, sagart agus easpag (ar scor) de chuid eaglais na Sasanach i Meiriceá. Agus ní hé seo an t-aon rud neamh-Chríostaí a mhúineann sé. Ní chreideann sé gur Dia é "Dia." Ní chreideann sé gur Mac Dé é Íosa. Agus i bhfad níos mó. I gcúpla focal, ní Críostaí ar chor ar bith é.
Ach "diagaire" is ea é, mar sin féin. Thug sé léachtaí ag Scoil Dhiagach Harvard, fiú. Tá a fhios ag Dia nach mbíonn mórán atá diagach ag baint leis an scoil áirithe sin le fada an lá. Agus tá a fhios Aige nach mbíonn srian ar gach éinne san eagais Shasanach ar fud an domhain (is iomaí scolt atá ag tarlú inti, mar is iondúil...ach sin scéal eile). Ach nach bhfuil sé thar fóir dóibh Dia féin a shéanadh? Chun a bheith cothrom, tá, dar le duine mór le rá san eaglais sin, Rowan Williams, cinnte, agus leis an móramh, tá súil agam. Thug Williams freagra an-stuama do mo dhuine ("Culturally speaking, the Christian religion is one of those subjects about which it is cool to be ignorant."). Ach fós, is ball den eaglais é Spong, dar leo, go bhfios dom. Is dócha go mbíonn a leithéid in eaglais nó eagraíocht nó fiú tír ar bith - daoine ar fuath leo a n-eaglais nó a n-eagraíocht nó a dtír féin, agus cuireann i gcéill gur baill fós iad díobh.
Sagart/Easpag do na haindiachaithe is ea é, agus sin an fáth go bhfuil mórán daoine an-sásta leis. Cuir "priest says hell is an invention" i d'inneall cuardaigh agus feicfidh tú. Sea, ba é Dia an chonstaic ba mhó dá gcuid creidimh, tuigeann tú. Agus na rudaí a mhúineann na Críostaithe, ba iad na rudaí féin a choimeádann ó Íosa iad...
Má aontaíonn duine leis na tuairimí sóisialta atá acu seo, bíonn siad sásta rud ar bith a deirtear a ghlacadh. Is cuma leo nach bhfuil bunús ar bith leis sa chreideamh atá ann le timpeall dhá mhíle bliain. Is cuma nach n-aontaíonn aon duine eile a thugann Críostaí air féin leis an raiméis atá idir lámhaibh ag an duine seo. Faoi dheireadh, dar leo, tá duine ag insint na fírinne!
Mura gcreideann tú i nDia agus in Íosa a aonmhac, abair é. Ná bí ag cur i gcéill go bhfuair duine eochair don fhírinne a bhíodh faoi cheilt againn gur tháinig an duine is cliste dá raibh ann riamh i measc na milliúin Críostaithe a mhair ó aimsir Chríost go dtí an lá atá inniu ann...
An té nach gcreideann i nDia, chreidfeadh sé rud ar bith, go sách minic, muise.
Níl sé éasca Ifreann a thuiscint. Ach i gcúpla focal, tá grá foirfe ag Dia, AGUS an chóir fhoirfe. Sin an fáth go bhfuil Ifreann (agus an phurgadóir) ann.
Go sábhála Dia sinn ar lasracha Ifrinn. Agus ó dhiagairí andiachacha.*
*Is fuath liom an 'ch' sin - nach raibh 'g' maith go leor don uile focal as an bhfréamh céanna?
Wednesday, November 02, 2011
Michael D. Higgins, mo Léan
Bhuel, rinne sé cúpla rud maith don Ghaeilge, ar a laghad. Agus níl fíor-chumhacht aige mar uachtarán, buíochas le Dia. Ach is olc an scéal é gur roghnaíodh duine le tuairimí chomh dona agus chomh baolach agus atá ag Higgins. Is Gaeilgeoir é, agus ní nach ionadh, duine den eite chlé. Agus duine ar fuath leis Meiriceá, ar fuath leis Iosrael, ar mhaith leis Arafat agus na sceimhlitheoirí Palaistíneacha go léir. Ceapann sé gur rud olc é an caipitleachas. Is maith leis Castro agus Ortega (amadán úsáideach eile is ea é, is léir). Agus dar ndóigh, na rudaí ba mheasa a dúirt sé (bréagacha is maslaí), is dócha go ndúirt sé faoi George W. Bush agus na Stáit Aontaithe san Iaráic iad.
Beidh fáilte is fiche roimhe i measc lucht na Gaeilge ar an idirlíon, mo léan géar. Ach níl anseo, cinnte.
Cosúil le cartún a dhéanfaí d'Éireannach de chuid na heite clé is ea é. Agus anois, urlabhraí na hÉireann atá ann. Ní thiocfaidh aon mhaith as sin, dar liom. Fiú má dhéanann sé aon rud ar son na Gaeilge, tharraingeodh sé droch-chlú air mar gheall ar a dhearcadh polaitiúil radacach, dar liom. Is mór an trua go mbeidh íomhá mar sin d'Éirinn os comhair an tsaoil.
Ní minic a chuirim a lán suime i bpolaitíocht na hÉireann (a mhalairt den mhéid suime a chuireann Éireannaigh i bpolaitíocht Mheiriceá...). Ach tá áthas orm nach urlabhraí domsa é (cé nach bhfuil O'Bama i bhfad níos fearr...).
Beimidne ceart go leor i ndiaidh O'Bama, le cúnamh Dé, agus beidh sibhse ceart go leor i ndiaidh an duine bhaoith seo. Ní féidir le ceachtar acu an uile rud a scriosadh. Go mairimid beo. Is go tsaora Dia sinn ón olc.
Tuesday, October 18, 2011
Botúin Iosrael
Ní hé seo an chéad uair gur tharla, ach is tubaiste é mar sin féin, go ndearna Iosrael margadh leis an diabhal chun Gilad a fháil ar ais. Scaoil siad saor cúpla céad sceimhlitheoirí, agus beidh breis is míle díobh saor i ndeireadh na dála. Fáilteofar iad abhaile mar laochra i measc na nArabach Palaistíneach, cé gur dúnmharfóirí a lán díobh. Is cinnte go mbeidh an móramh ag fearadh sceimhlitheoireachta ar Iosrael san am amach romhainn. Cuireadh muintir Iosrael i mbaol mar gheall ar dhuine amháin. Ní raibh sé sin ceart, agus ní dhéanfaidh sé maith ar bith do Iosrael mar thír.
Tuigeann na sceimhlitheoirí gur mór is fiú dóibh saighdeoirí Iosrael a fhuadach. Tuigeann siad go mbíonn seans ag sceimhlitheoirí nach maraítear a saoirse a bhaint amach pé rud uafásach a dhéanann siad. Agus i mo thuairim féin, tuigeann siad go bhfuil Iosrael lag ina n-aghaidh. Níl aon dabht ach go ndéanfar ionsaithe eile ar Iosrael, b'fhéidir ní ba mhó ná a dhéanfadh gan an drochmhargadh seo. Agus is mór an trua sin.
Céim siar a rinneadh. Ach mar sin féin, is beag an dóchas go ndéanfar céim chun tosaigh leis na hArabaigh Palaistíneacha go deo, ar a laghad go dtí an t-am a nglacann siad le hIosrael mar chomharsa.
Tuesday, October 11, 2011
Forghabháil Sráid an Bhalla
Mórán de lucht na hagóide atá ar bun faoi láthair, forghabháil Sráid an Bhalla (agus pé áit eile ab áil leo...), sílim go bhfuil a leithéid sin i gceist. Ní raibh a fhios ag an móramh cad ab áil leo, nó cén toradh a bheadh air. Ach bhí deis acu campáil sna páirceanna agus rud suimiúil a dhéanamh. Tá deis acu cur i gcéill go bhfuil siad bainteach le rud tábhachtach, go bhfuil siad chun difear a dhéanamh (is cuma cén difear...). Is léir nach bhfuil post ag an chuid is mó de na daoine seo. Ach is léir freisin nach bhfuil suim dá laghad ag an chuid is mó de na daoine dífhostaithe iontusan. Leithscéal chun a gcuid ranganna a chur ar leataobh atá i gceist, b'fhéidir.
Mar is iondúil, tá roinnt daoine páirteach ann a bhíonn in éadan an uile rud, lucht na heite clé, dar ndóigh. Ní maith leo an caipitleachas. Ní maith leo daoine le hairgead (cé gur daoine saibhre roinnt díbh féin...). Is ainrialaithe dáiríre roinnt díbh. Agus an chuid eile, nach bhfuil ann ach le haghaidh an spraoi? Daoine gan chiall iad, faraor. Daoine saonta aineolacha nach dtuigeann aon rud faoin saol mar atá (cé go maíonn siad go bhfuil siad ag labhairt ar ár son...). Tá siad chomh hamaideach go raibh na meáin is na ceardchumainn mall chun glacadh leo. Ach bíonn feidhm le baint astu, agus tá na daoine sin ag tacú leo anois. Deirtear gur ionann an dream seo agus an Tea Party. Cé nach bhfuil aon bhaint eatarthu, le fírinne. Níl siad sásta le polasaithe an rialtais - ach ní féidir leo aon rud olc a rá faoi Obama, dar ndóigh. Cuireann siad an milleán ar lucht an rachmais (mar a dhéanann Obama). Ach tá sé mar aidhm ag an Tea Party cosc a chur ar na polasaithe atá ag loit na tíre, agus an caitheamh amú airgid atá ar siúl ag Obama is a chomhghlacaithe. Is cuma sa tsioc sin leis an drong seo. Ba mhaith leosan níos mó airgid a thógáil uathu nach bhfuil thíos ag an rialtas cheana, agus é a fháil dóibh féin. Nó rud mar sin...
Cacamas amach is amach atá i gceist leis an ngluaiseacht seo. Níl aon duine sásta, ach tá Obama go breá. Ní mór dúinn cúrsaí a athrú - ach go bunúsach! Ba mhaith leo daoine gan saint. Bhuel, níos mó ná sin! Comhlachtaí gan bhrabús! Dóbair go bhfuil sin againn cheana, faraor. Daoine gan airgead! Tá Obama ag obair air sin, mo léan. Réabhlóid na ndaoine! B'fhearr liom mo vóta a chaitheamh, agus mo thír a shábháil, le cúnamh Dé, in 2012. Téidís ar ais go dtí a ranganna. Tá seans beag bídeach ann go bhfoghlaimeoidh siad beagán faoin ngeilleagar, a dtír, is an saol mar atá. Mura bhfuil na sean-hippies dá múineadh...
Tá rud amháin i gcoiteann ag an Tea Party leis na daoine seo. Nílimid sásta leis na bailouts. Ceapann siadsan gur tharla go bhfuair na comhlachtaí seo mórán airgid mar gur daoine (an daoine iad comhlachtaí dóibh?) sainteacha iad. Tuigeann an Tea Party gur tharla mar níor thuig an rialtas conas aon mhaith a dhéanamh, agus gur mhaith leo 'spread the wealth around' seachas an caipitleachas a neartú is a chothú. Ní maith le lucht OWS nach bhfuair siadsan ár gcuid airgid (cé go bhfuair, i ngan fhios dóibh, mar fuair na ceardchumainn a lán airgid...). Ní maith le lucht an Tea Party go bhfuair éinne ár gcuid airgid. Sin difear mór, dar liom.
Wednesday, September 28, 2011
Tóbhárais Pútain
Conas atá an daonlathas sa Rúis? Na daoine nach raibh sásta leis riamh, tá cumhacht ag a lán acu arís (Putin san áireamh), agus bíonn an rialtas níos cumhachtaí i gcónaí ansin. Níl cearta ag aon chomhlacht ná aon duine in éadan na daoine cumhachtacha. Níl sé go díreach chomh dona agus a bhíodh faoi na cumannaithe, ach tá cúrsaí ag dul sa treo sin arís, faraor. Is iomaí corpach atá i mbun cúrsaí gnó ansin, mar ní raibh buntús maith ann nuair a d'iopaigh siad ón gcumannachas. Fós féin, tá sé fíor-bhaolach más corpach gnó thú agus má éiríonn tú ró-chumhachtach. Cuirtear i ngéibhinn a leithéid - mura maraíodh.
Agus leis sin uile, tá aidhmeanna ag Pútain mar a bhíodh ag Stalin, b'fhéidir. Ba mhaith leis an impireacht a ath-chumadh. Ní deireann sé sin go díreach, ach sin a bhfuil i gceist, gan amhras. An gcreideann éinne é, nach mbeadh ann ach aontas mar an tAontas Eorpach (agus nílim ag rá nach mbíonn siadsan ag dul i dtreo an tseanaontais sóivéidigh...)? An mbeadh muintir an Úcráin sásta ní ba mhó cumachta a thabhairt ar ais do na Rúisigh? Nó aon stát iar-spleách eile? Go sábhála Dia iad.
Ní mór don Iarthar (pé cuid de a bhfuil fágtha mar fhórsa domhanda) súl ghéar a choimeád ar an Aontas Sóivéideach...úps...ar an Rúis. Cairde na Iaráine, agus a lán droch-rialtas eile, dar ndóigh. Níl an chumhacht acu mar a bhíodh. Ach is féidir leo fós a lán diabhála a dhéanamh.
Tuesday, September 27, 2011
Fógra Aontaobhach na bPalaistíneach
Ba mhaith leis na Palaistínigh a stát féin, deir siad. Ach tá a leithéid sin ar fáil dóibh ó 1947 ar aghaidh. Dhiúltaigh siad í gach aon seans a tugadh dóibh. Cén difear atá ann anois? Ba mhaith leo fáil réidh leis an uile chaint faoin síocháin le hIosrael. Níor mhaith leo fiú admháil go bhfuil tír Ghiúdach Iosrael ann. Cé go bhfuil Iosrael ina ball de na NA óna tosach. Agus cé go seasann an dearcadh sin in éadan gach cuspóir na NA. Sea, níl sé dleathach, fiú, tír nach bhfuil sásta meas a thabhairt do bhaill eile na NA mar thíortha lena gcearta féin a bheith ina ball de na NA dár lena gcairt féin. An dtiocfadh aon mhaith as? Thiocfadh a mhalairt, mar atá.
Níl aon cheart acu bheith ina dtír ná ina mball de na NA gan glacadh le hIosrael. Seachas sin, ní bheadh ann ach spreagadh eile do na sceimhlitheoirí chun ionsaithe eile a dhéanamh ar Iosrael. Agus má tharlaíonn sin ó thír go hoifigiúil, bheadh cogadh ann gan srian.
Blianta ó shin, bhí Iosrael ag déanamh a macnaimh ar chúrsa cosúil leis - chun fáil réidh leis an gcóras síochána (mar dhea) agus na Palaistínigh. Mura mbíonn réiteach ann, cheap siad, ní bheidh aon fheabhas ar chúrsaí, agus níl ann le déanamh ach scarúint óna chéile agus a dtír fhéin a chosaint. Bhí siadsan chun éirí as lorg an réitigh, mar bhí siad gan dóchas. Ach ní dhearna siad amhlaidh, cé go ndearna na Palaistínigh a ndícheall chun a ndóchas a mhúchadh. Bhí seans ann (agus tá, ar éigean), go nglacfadh na Palaistínigh le hIosrael mar chomharsa, agus go mbeidís ábalta bheith ina dtír neamhspleách neamhurchóideach. An bhfuil aon dóchas ann fós? Ní fheadar.
Táim cinnte, ámh, má thugtar aitheantas don Phalaistín mar thír go díreach in aghaidh chuspóir na NA agus mar thír nach n-aithníonn Iosrael, ní bheidh ann ach cogadh agus beidh cúrsaí i bhfad níos measa do na hArabaigh Phalaistíneacha, agus do mhuintir Iosrael. Agus pé maith atá ann sna NA (agus is beag an mhaith sin, dar liomsa), bheadh sé scriosta gan leigheas.
B'fhéidir go bhfuil sé in am fáil réidh leis an NA faoi dheireadh. An ndearna siad aon mhaith riamh?
Ní bhíonn aon mhaith sa chogadh, ach minic go leor bíonn deireadh leis an dtroid, ar ball, mar gheall air (go dtí an chéad troid eile). Ní bhíonn ann i bpróiseas na síochána minic go leor ach cogadh mall. Ach go háirithe sa chás seo, bheadh sé rí-dheacair cogadh a bheith ann idir an Phalaistín agus Iosrael gan gach tír mórthimpeall orthu a spreagadh chun cogaidh, agus b'fhéidir a lán tíortha eile. Bheadh sé go dona ar fad, pé scéal.
Dá mbeadh éinne i ndáiríre faoin síocháin, ba chóir dóibh brú ar na Palaistínigh is a gcairde aitheantas ceart a thabhairt do Iosrael agus comhréiteach a ghlacadh léi. Faraor, bíonn lucht na síochána (mar dhea) ag spreagadh a mhalairt. Go díreach mar a b'áil leis na hArabaigh tír Phalaistíneach gan Iosrael, ba mhaith lena gcairde síocháin gan Iosrael. Ní bheidh Iosrael Judenrein go deo, ámh, agus ba chóir dóibh sin a thuiscint.
Cur i gcéill nó olcas níos measa atá i gceist sna NA faoi láthair. Ach, mo léan, nach é sin mar a bhíonn?
"Weakness and ambivalence lead to war."
GEORGE H.W. BUSH, RNC acceptance
speech, August 18, 1988
Monday, September 19, 2011
Na hUimhreacha
Mar sin féin, luaitear uimhreacha minic go leor a bhaineann le cogaidh Mheiriceá an lae inniu, agus ba mhaith liom foinsí na n-uimhreacha sin a fháil. Níl sin éasca ar an idirlíon ach oiread. An fhoinse is fearr a fuair mé na wikipedia. Tá alt cuimsitheach ann faoin Iaráic agus ceann eile faoin Afganastáin.
An uimhir is mó a luaitear i measc na bhfrithMheiriceánach, sin cuntas The Lancet. Bhí sé sin an-chonspóideach ón dtosach. Bhain sé le hiarracht frith-chogaidh ag an am, leis an bpolaitíocht, agus le foinsí nach raibh iontaofa ar chor ar bith. Féachaint gurb é an t-arm is mó atá ag na sceimhlitheoirí ná an bholscaireacht, déantar i gcónaí gach iarracht chun na 'fíricí' is measa a scaipeadh, agus bíonn daoine báúla ann i gcónaí sna meáin chumarsáide chun treisiú lena leithéid. Mar atá, níl a fhios ag éinne cad iad na huimhreacha cearta i measc muintir na hIaráice srl., ach tá sé an-amhrasach go raibh an ceart ag The Lancet.
Pé scéal, tá níos mó ná uimhreacha i gceist, dar ndóigh. Ní ionann na daoine a fuair bás agus na daoine a mharaigh na Stáit Aontaithe. An chuid is mó de na daoine, agus na sibhialtach go háirithe, a maraíodh, mharaigh sceimhlitheoirí agus trodairí seicteacha iad (is a chéile). Gan smacht Saddam, is iomaí duine a rinne trioblóid. Agus tháinig sceimhlitheoirí ó gach tír mórthimpeall chun fadhbanna a dhéanamh, go háirithe as an Iaráin is an Phacastáin. Bíonn níos lú daoine ag fáil bháis nuair a bhíonn níos mó smachta ag forsaí na Stát agus a gcairde. Agus tá a lán dul chun cinn ann, san Iaráic is san Afganastáin.
Chaileann na Stáit saighdeoirí go leor chun cabhrú leis na tíortha seo. B'fhéidir linn imeacht, ach bheadh cúrsaí i bhfad ní ba mheasa inár n-éagmais (agus is cinnte gur bhreá linn imeacht!). Sea, bhí cúrsaí dona go leor sular thángamar go dtí na tíortha sin. Is iomaí duine a mharaigh Saddam, agus na Talaban. Níl cabhair uainne de dhíth dá leithéid chun daoine a mharú. Déarfainn gur stadamar níos mó ná a rinneamar. B'fhéidir sin a phlé, dar ndóigh. Ach níl aon dabht ach go mbeadh cúrsaí ní ba mheasa gan cabhair uainne anois.
Sin go léir ráite, tá fadhb bunúsach le smaointe lucht na n-uimhreacha. Creideann daoine go leor go bhfeartar cogaidh ar dóigh cosúil le cluiche peile. Má bhaineann taobh amháin uimhir amach taismeach atá cothrom leis an taobh eile, agus duine níos mó, tá an bua acu. Ach ní bhíonn an cogadh mar sin riamh. Ní hé sin cuspóir d'aon chogadh. Fearadh agus feartar na cogaidh seo chun an sceimhlitheoireacht a chosc, agus chun na Stáit is a gcairde a chosaint. Chomh fada agus nach mbeidh an Iaráic agus an Afganastáin ábalta iad féin a chosaint agus smacht a choimeád ar lucht na sceimhlitheoireachta, beidh orainne iad a chabhrú. Thugamar seans dóibh, agus tá sé ceart agus cóir go seasfaimid leo chun toradh maith a bhaint amach as an uile a rinneamar go léir go dtí an bponc seo. Níl sé éasca. Deir daoine áirithe nach bhfuil sé indéanta. Ach creidimid mar thír gur féidir leis na hIaráicigh agus na muintir an Afganastáin chomh fada agus is féidir le haon tír eile. Beidh taismigh ann, faraor. Ach bheadh cúrsaí i bhfad ní ba mheasa dá ngéillfinn do na sceimhlitheoirí. Is mór an trua nach mbíonn gach tír agus gach duine ag obair linn ar son na saoirse is ar son an chirt, seachas ag scaipeadh bréagacha is ag tabhairt misneach do na sceimhlitheoirí - lucht "na síochána" (mar dhea) go háirithe. Bheadh ní ba lú taismeach ann dá ndéanaidís amhlaidh.
Níl an saol chomh simplí leis an matamaitic.
Friday, September 16, 2011
Méim Mhaslach (Eile)
Is mór an trua gur tharla 9/11, ach is níos measa fós gur mharaigh na Stáit Aontaithe cúpla céad míle duine mar dhíoltas fola air.Cé acu is measa? Go bhfuil daoine ann a chreideann a leithéid, nó go bhfuil daoine ann ar mhian leo a leithéid a chreidiúint? Níl ann ach nimh in aghaidh na Stát. Ní féidir go bhfuil aineolas i gceist. Nimh ar dtús, leisce ina dhiaidh sin. Sea, is iomaí duine a dhéanann athrá ar an méim seo nach smaoineann ar chor ar bith faoi, agus go hiondúil is daoine deasa iad. Chuala mé a leithéid ó shagart Dé Domhnaigh. Chonaic mé ar Facebook é (agus ba mhaith le mórán daoine é - nílim cinnte gur daoine deasa iadsan). Is smaoineamh réamh-smaointe é dóibh siúd nach bhfuil sásta a machnaimh féin a dhéanamh ar an domhain, agus a ghlacann (gan smaoineamh) gur olc an tír í na Stáit Aontaithe, agus bun agus barr gach fadhb ar domhain sinn (ach mar gheall ar Iosrael, dar ndoígh). Agus ní shíleann siad gur olc an dearca sin, mar (is dócha) gur chuala siad é ó lucht na ndea-smaointe (mar dhea).
Tá sé fíordheacair dom sin a thuiscint. Nach iadsan na daoine céanna a bhíonn ag rá nach smaoineann aon duine nach bhfuil liobrálach (sa chiall choitianta mhícheart)? Is deacair tús a dhéanamh le freagairt, mar is léir thar aon fhocail dom gur bréag nimhneach atá sa ráiteas sin nach bhfuil ciallmhar in aon chaoi. Ní fiú focail a chur amú ar dhaoine a ghlacann le bréag chomh holc is chomh hamaideach sin, ach seo cúpla focal ar aon nós, ar eagla na heagla.
Dá mbeadh sé in a chuspóir ag SAM mórán daoine a mharú mar chúiteamh ar ionsaí a rinneadh orainn, tá na hairm is cumhachtaí ar domhain againn, agus b'fhéidir linn céad míle duine a mharú i nóiméad amháin. Ach ní dhéanann SAM amhlaidh.
Dá mbeadh sé ar nós cuma liom ag SAM maidir le marú sibhialtach, bheadh i bhfád ní ba mhó daoine marbh ná mar atá. Ach a mhalairt atá fíor, dar ndóigh. An bac is mó atá ar arm na Stát ná go mbíonn siad rí-chúramach i gcónaí gan sibhialtaigh a mharú. Mar a tharlaíonn, sin an buntáiste is mó atá ag sceimhlitheoirí. Sin an fáth go bhfuil aon chumhacht ar bith sa sceimhlitheoireacht. Tá a fhios acu nach mbeidh sé éasca iad a mharú agus iad i bhfolach i measc na ngnáthdhaoine, agus tá a lán fhios acu nach ndéanann tíortha sibhialta slad ar an uile dhuine má tá rogha ar bith ann. A mhalairt scéil leosan, dar ndóigh. Sin an rud is fearr leo.
Tá an ceart ann mar rud, agus maraítear daoine mar Osama agus Saddam mar gheall ar an gceart. Tá cogadh ann mar rud, agus maraítear daoine a dhéanann ionsaí orainn agus a throideann chun tacú leis na daoine sin. Níl aon aiféala orainn gur maraíodh a leithéid, agus níl aon rud mícheart ann. Go maraítear gach uile sceimhlitheor, go stadann siad. Sin an cuspóir: cosc a chur ar an sceimhlitheoireacht, agus sinn féin (agus ár gcairde) a chosaint. Sin uile.
An chuid is mó de na daoine a fhaigheann bás san Afghanastáin agus san Iaráic, maraíonn sceimhlitheoirí iad. Is iadsan an namhaid. Ach ní ghlacann iad siúd ar fuath leo Meiriceá sin, mar gheall ar an nimh atá iontu. Agus sin an trua is mó.
Tarlaíonn rudaí mar gheall ar fhocail, agus is olc an rud é athrá a dhéanamh ar fhocail olca. Faigheann daoine bás mar gheall ar a leithéid, mar tugann sé misneach don namhaid. Níl aon leithscéal ann. Ná déantar.
Sunday, September 11, 2011
Deich mBliana
Deirtear i gcónaí gur athraíodh an saol ar an lá sin, agus is fíor sin. Ar dtús, cheapamar gur thángamar le chéile mar aon. Ach sul i bhfad, d'fhoghlaim mé an ceacht ceart. Scaradh atá ann, faraor. Tá daoine ann ar fuath leo Meiriceá, ar fuath leo mo chomharsana is mo chairde gaol, ar fuath leo mise. Ar ball, is oth liom a rá, d'fhoghlaim mé go raibh a lán daoine a cheap mé orthu mar chairde ina measc. Níor mharaigh siad mo chomharsana, ach ba é an fuath céanna a chonaiceamar iontu. Ón uair sin, thosaigh mé ar mo thír a chosaint ón nimh sin, agus ón raiméis a deirtear i gcónaí fuithi. Ní féidir liom mórán a dhéanamh, ach is cuma sin. Ní bheidh mé i mo thost riamh arís.
Níor thosaigh an fuath ar an lá úd. Níor múchadh é, ach an oiread. Guím go mbeidh deireadh leis lá éigin. Idir an dá linn, déanfaidh mé mo dhícheall an fhírinne a scaipeadh, agus céim ar chéim, má dhéanaimid go léir ár ndícheall, lá éigin b'fhéidir, tiocfaimid le chéile agus beidh deireadh leis an bhfuath. Le cúnamh Dé.
Rinneadh dochar uafásach ar an lá sin. Ach cuireadh maitheas ar bun, freisin. D'fhoghlaimíomar cé chomh hiontach is atá na fir dhóiteann, na póilíní, srl. Agus ina dhiaidh sin, na saighdiúirí. Thánaig an mhaith is mó chun solais i ndaoine áirithe. Agus an t-olc is measa i ndaoine eile. Tá cúrsaí níos soiléire. Níos dáiríre.
Tarlaíonn eachtraí mar 9/11 mar gheall ar fhocail is smaointe olca. Níl a leithéid inghlactha gan troid ina gcoinne níos mó. Tá an saol difriúil.
Friday, August 12, 2011
An bhFuil an Saol ag Titim as a Chéile?
Bhí duine (eile) anseo i Meiriceá ag fógairt deireadh an domhain tamall ó shin. Bhí dul amú air, dar ndóigh. Ach nach mbíonn imní ar an uile dhuine le déanaí!
Don chéad uair le fada an lá, tuigtear go bhfuil fadhbanna móra ann agus táthar ag dul i ngleic leo faoi dheireadh, buíochas le Dia. Beagán ar bheagán, casfar an long eitleán (sula mbualann sí cnoc oighir!).
Idir an dá linn, go mairimid beo an t-am seo arís, agus go raibh feabhas ar chúrsaí luath go leor! Misneach! Cothaíonn imní níos mó imní, go dtí an uair nach bhfuil ann ach imní - agus is é sin is bunsocair le cuid mhaith de fhadhbanna an lae inniu. Sin agus polaiteoirí ag mún ár gcuid airgid ar fud na háite...
Monday, July 18, 2011
Cúrsaí Reatha
Cé go bhfuil gach rialtas corraithe agus athruithe go leor ag tarlú sa Mheán Oirthear, faraor, ní shílim go mbeidh cúrsaí i bhfad níos fearr ann. Níl a fhios ag éinne an bhfuil na daoine nua níos fearr ná na sean-aintiarnaí. Ní shílim go mbeidh rialtas na hÉigipte níos fearr - tá siad níos measa go fóill. An bhfuil seans ag na daoine sa tSiria agus san Iaráin, na tíortha is measa? Gan chabhair ó amuigh, nach dtiocfaidh, ní dóigh liom. Ach guímis. Agus cad atá ar siúl maidir leis an Libia, in ainm Dé? Ionsaithe gan chúis ar dheachtóir a bhí 'leasaithe' le fada - agus an eite chlé chomh ciúin le luch! Cad atá difriúil an uair seo? Hmmm. Bhí cúis ann maidir leis an Iaráic agus an Afganastáin, a nochtadh roimh ré (fiú mura nglac tú leis)... Bhí na hionsaitheoirí dáiríre chun bua a fháil sna cásanna sin... Fuarthas cead ó gach tithe rialtais sna Stáit sula ndearna an t-uachtarán na hionsaithe sin... Agus bhí an eite chlé ar buile. Ach anois, a mhlairt scéil ar fad. Suimiúil.
Maidir le gach athrú a raibh an t-uachtarán BHO le déanamh, bhuel, cad a tharla? Beagnach gach polasaí Bush a bhain le cogadh, tá siad i réim fós. Cá bhfuil na hagóideoirí? Bhuel, tá difir ann cinnte. Cuirimid isteach ar gach sean-chara a bhíodh againn, agus nílimid ag déanamh aon chara nua. Ní shíleann tíortha an domhain go bhfuil na Stáit iontaofa mar chara agus an t-uachtarán seo againn. Saonta, cinnte, ámh. Agus tá an saol níos baolaí mar gheall air.
Tá bua amháin ag an uachtarán seo, cinnte, agus sin chun airgead a chaitheamh. Tá fiacha an rialtais níos mó ón am a raibh BHO ina uachtarán ná ón am go léir (8 mbliana) a raibh Bush ann. Agus ní raibh Bush tíosach in aon chor!
Maidir le hÉirinn agus cúrsaí an gheilleagair...bhuel, an maith libh bhur máistrí...ní hea, bhur gcairde ar an mórthír anois? Baineann buntáistí leis an neamhspeáchas, cinnte...
Bhuel, níl réiteach ar bith agam ar chúrsaí an domhain. Ach tá rudaí eile ann sa saol seo atá níos taitneamhaí ná aon rud mar seo, cinnte. An Gael, mar shampla. Tá irisleabhar idirnáisiúnta na Gaeilge seo ag dul ó neart go neart. Tá innéacs suimiúil ar an suíomh anois, freisin. Fágaimis an pholaitíocht ar leataobh ar feadh tamaill. Tá beatha an duine ró-ghearr.
Monday, May 02, 2011
Díoltas
Anois, ba chóir don saol ar fad súil ghéar a chaitheamh ar an bPacastáin. Is léir go raibh a fhios ag a lán daoine ansin cá raibh Osama. Is léir go bhfuil daoine cumhachtacha in arm na tíre agus sa rialtas salach. Níl aon rud críochnaithe.
Tá sásamh le baint as an díoltas seo ar Osama. Ach níl aon duine beo arís a mharaigh sé mar gheall air, ámh. Níl aon réiteach air sin. Ach is rud tábhachtach é an ceartas. Is fearr as ná ann é, gan amhras ar bith. Is breá an nuacht seo, cinnte.
Tá súil agam go bhfeicfimid an fhianaise go luath. Ní mór go mbeidh an saol cinnte go bhfuil sé marbh le fírinne. Agus le cúnamh Dé, tá siad ag éisteacht go cruinn leis na daoine atá ag caint faoi agus a dhrochchúis a choimeád beo. Go raibh an díoltas céanna orthusan.
Beannacht Dé ar na "rónta" a rinne. Tá an uile dhuine sibhialta ar an domhain buíoch díobh, mise san áireamh. Ceiliúirimis.