Tuesday, December 06, 2011

An 'Sagart' is Fearr leis an hAindiachaithe

Chonaic mé rud ar Facebook a thuairiscigh go bhfuil Sagart éigin ag fógairt nach bhfuil Ifreann ann, agus nach raibh i gceist leis ach rud a cumadh chun scanradh a chur ar dhaoine. Tá liobrálaithe ar fud an idirlín ag bualadh bos don 'Sagart' seo. Níl cosc ar rud ar bith ann! Is cuma le Dia pé rud a dhéanaimid!

Cé he an t-eiriceach áirithe seo? John Shelby Spong, sagart agus easpag (ar scor) de chuid eaglais na Sasanach i Meiriceá. Agus ní hé seo an t-aon rud neamh-Chríostaí a mhúineann sé. Ní chreideann sé gur Dia é "Dia." Ní chreideann sé gur Mac Dé é Íosa. Agus i bhfad níos mó. I gcúpla focal, ní Críostaí ar chor ar bith é.

Ach "diagaire" is ea é, mar sin féin. Thug sé léachtaí ag Scoil Dhiagach Harvard, fiú. Tá a fhios ag Dia nach mbíonn mórán atá diagach ag baint leis an scoil áirithe sin le fada an lá. Agus tá a fhios Aige nach mbíonn srian ar gach éinne san eagais Shasanach ar fud an domhain (is iomaí scolt atá ag tarlú inti, mar is iondúil...ach sin scéal eile). Ach nach bhfuil sé thar fóir dóibh Dia féin a shéanadh? Chun a bheith cothrom, tá, dar le duine mór le rá san eaglais sin, Rowan Williams, cinnte, agus leis an móramh, tá súil agam. Thug Williams freagra an-stuama do mo dhuine ("Culturally speaking, the Christian religion is one of those subjects about which it is cool to be ignorant."). Ach fós, is ball den eaglais é Spong, dar leo, go bhfios dom. Is dócha go mbíonn a leithéid in eaglais nó eagraíocht nó fiú tír ar bith - daoine ar fuath leo a n-eaglais nó a n-eagraíocht nó a dtír féin, agus cuireann i gcéill gur baill fós iad díobh.

Sagart/Easpag do na haindiachaithe is ea é, agus sin an fáth go bhfuil mórán daoine an-sásta leis. Cuir "priest says hell is an invention" i d'inneall cuardaigh agus feicfidh tú. Sea, ba é Dia an chonstaic ba mhó dá gcuid creidimh, tuigeann tú. Agus na rudaí a mhúineann na Críostaithe, ba iad na rudaí féin a choimeádann ó Íosa iad...

Má aontaíonn duine leis na tuairimí sóisialta atá acu seo, bíonn siad sásta rud ar bith a deirtear a ghlacadh. Is cuma leo nach bhfuil bunús ar bith leis sa chreideamh atá ann le timpeall dhá mhíle bliain. Is cuma nach n-aontaíonn aon duine eile a thugann Críostaí air féin leis an raiméis atá idir lámhaibh ag an duine seo. Faoi dheireadh, dar leo, tá duine ag insint na fírinne!

Mura gcreideann tú i nDia agus in Íosa a aonmhac, abair é. Ná bí ag cur i gcéill go bhfuair duine eochair don fhírinne a bhíodh faoi cheilt againn gur tháinig an duine is cliste dá raibh ann riamh i measc na milliúin Críostaithe a mhair ó aimsir Chríost go dtí an lá atá inniu ann...

An té nach gcreideann i nDia, chreidfeadh sé rud ar bith, go sách minic, muise.

Níl sé éasca Ifreann a thuiscint. Ach i gcúpla focal, tá grá foirfe ag Dia, AGUS an chóir fhoirfe. Sin an fáth go bhfuil Ifreann (agus an phurgadóir) ann.

Go sábhála Dia sinn ar lasracha Ifrinn. Agus ó dhiagairí andiachacha.*


*Is fuath liom an 'ch' sin - nach raibh 'g' maith go leor don uile focal as an bhfréamh céanna?

No comments: