Wednesday, February 15, 2012

Lá ‘le Vailintín

Is iomaí miotas a bhaineann leis an lá seo. Chreid mé roinnt díobh le blianta. Ach toisc nár chuimhin liom na sonraí, rinne mé fiosrú ar an scéal athuair inné, agus fuair mé eolas suimiúil.

Níl baint ar bith ag nósanna an lae seo le féile Rómhánach ar bith. Níl éinne cinnte cé acu an Vailintín áirithe a bhímid ag ceiliúradh - bhí níos mó ná duine amháin ann. Agus níor cheaptaí ar an lá seo mar lá cheiliúrtha an ghrá go dtí an ceathrú haois déag, de réir dealraimh. Cheaptáí gurb é seo an lá ar a roghnaíonn na héin a gcéilí, agus mar sin gurb oiriúnach don ghrá é. Ní mar gheall ar an naomh a cheaptar sin.

Cumadh scéalta san ochtú haois déag chun baint idir Vailintín agus Lupercalia a mhaíomh, agus glacadh leis, gan fianaise ar bith sa stair.

Mairtírigh ab ea na Vailintíní a cheiliúradh an Eaglais Chaitliceach. Ach féachaint nach bhfuil eolas dá laghad againn fós fúthu, níltear á gceiliúradh ar an bhféilire oifigiúil níos mó. Cinnte, tá baint idir an grá agus grá Críostaí, ach níl aon rud ar leith maidir le Vailintín atá níos oiriúnaí ná aon mhairtíreach eile, ach de thaisme go raibh lá a fhéile ag tús an earraigh.

Lá 'le Vailintín sona daoibh, mar sin féin (lá ina dhiaidh).

2 comments:

Míshásta said...

De réir dealraimh tá iarsmaí de dhuine desna naoimh seo le feiscint i séipéal na gCairmilíteach ar Shr. na mBráithre Bána i mBáC. N'fheadar canathaobh nár thapaigh tionscal na turasóireachta an deis chun tairbhe a bhaint as an gceangal san?

http://www.carmelites.ie/ireland/Whitefriar%20St/whitefriarstreet.htm

Séamas Poncán said...

Tugann a lán daoine cuairt ar an áit sin Lá 'le Vailintín, léigh mé. Tá na miotais go léir ar a suíomh sin: http://www.carmelites.ie/ireland/Whitefriar%20St/valentine.htm