Tuesday, October 11, 2011

Forghabháil Sráid an Bhalla

Nuair a bhí mé i mo dhéagóir, lá amháin tosaíodh rafla ar scoil - bhí na daltaí chun dul ar stailc. Ní raibh a fhios ag éinne cén fáth, ach bhí sceitimíní ar gach éinne, mar bhí leithscéal againn gan freastal ar na ranganna. Agus tharla go raibh stailc na ndaltaí ann, cúpla céad duine againn. Bhí an chuid is mó dínn balaithe os comhair na scoile, agus ní dheachaidh mórán daoine go dtí a ranganna. Bhí beagán troiblóide ann. Agus labhair an príomhoide linn. Pé rud a bhí i gceist leis, lean sé ar feadh lá amháin, agus ba chuma linn cad é an toradh a bhí air. Ní raibh ann ach rud spraíúil le déanamh.

Mórán de lucht na hagóide atá ar bun faoi láthair, forghabháil Sráid an Bhalla (agus pé áit eile ab áil leo...), sílim go bhfuil a leithéid sin i gceist. Ní raibh a fhios ag an móramh cad ab áil leo, nó cén toradh a bheadh air. Ach bhí deis acu campáil sna páirceanna agus rud suimiúil a dhéanamh. Tá deis acu cur i gcéill go bhfuil siad bainteach le rud tábhachtach, go bhfuil siad chun difear a dhéanamh (is cuma cén difear...). Is léir nach bhfuil post ag an chuid is mó de na daoine seo. Ach is léir freisin nach bhfuil suim dá laghad ag an chuid is mó de na daoine dífhostaithe iontusan. Leithscéal chun a gcuid ranganna a chur ar leataobh atá i gceist, b'fhéidir.

Mar is iondúil, tá roinnt daoine páirteach ann a bhíonn in éadan an uile rud, lucht na heite clé, dar ndóigh. Ní maith leo an caipitleachas. Ní maith leo daoine le hairgead (cé gur daoine saibhre roinnt díbh féin...). Is ainrialaithe dáiríre roinnt díbh. Agus an chuid eile, nach bhfuil ann ach le haghaidh an spraoi? Daoine gan chiall iad, faraor. Daoine saonta aineolacha nach dtuigeann aon rud faoin saol mar atá (cé go maíonn siad go bhfuil siad ag labhairt ar ár son...). Tá siad chomh hamaideach go raibh na meáin is na ceardchumainn mall chun glacadh leo. Ach bíonn feidhm le baint astu, agus tá na daoine sin ag tacú leo anois. Deirtear gur ionann an dream seo agus an Tea Party. Cé nach bhfuil aon bhaint eatarthu, le fírinne. Níl siad sásta le polasaithe an rialtais - ach ní féidir leo aon rud olc a rá faoi Obama, dar ndóigh. Cuireann siad an milleán ar lucht an rachmais (mar a dhéanann Obama). Ach tá sé mar aidhm ag an Tea Party cosc a chur ar na polasaithe atá ag loit na tíre, agus an caitheamh amú airgid atá ar siúl ag Obama is a chomhghlacaithe. Is cuma sa tsioc sin leis an drong seo. Ba mhaith leosan níos mó airgid a thógáil uathu nach bhfuil thíos ag an rialtas cheana, agus é a fháil dóibh féin. Nó rud mar sin...

Cacamas amach is amach atá i gceist leis an ngluaiseacht seo. Níl aon duine sásta, ach tá Obama go breá. Ní mór dúinn cúrsaí a athrú - ach go bunúsach! Ba mhaith leo daoine gan saint. Bhuel, níos mó ná sin! Comhlachtaí gan bhrabús! Dóbair go bhfuil sin againn cheana, faraor. Daoine gan airgead! Tá Obama ag obair air sin, mo léan. Réabhlóid na ndaoine! B'fhearr liom mo vóta a chaitheamh, agus mo thír a shábháil, le cúnamh Dé, in 2012. Téidís ar ais go dtí a ranganna. Tá seans beag bídeach ann go bhfoghlaimeoidh siad beagán faoin ngeilleagar, a dtír, is an saol mar atá. Mura bhfuil na sean-hippies dá múineadh...

Tá rud amháin i gcoiteann ag an Tea Party leis na daoine seo. Nílimid sásta leis na bailouts. Ceapann siadsan gur tharla go bhfuair na comhlachtaí seo mórán airgid mar gur daoine (an daoine iad comhlachtaí dóibh?) sainteacha iad. Tuigeann an Tea Party gur tharla mar níor thuig an rialtas conas aon mhaith a dhéanamh, agus gur mhaith leo 'spread the wealth around' seachas an caipitleachas a neartú is a chothú. Ní maith le lucht OWS nach bhfuair siadsan ár gcuid airgid (cé go bhfuair, i ngan fhios dóibh, mar fuair na ceardchumainn a lán airgid...). Ní maith le lucht an Tea Party go bhfuair éinne ár gcuid airgid. Sin difear mór, dar liom.

No comments: