Wednesday, September 28, 2011

Tóbhárais Pútain



Is iomaí comhartha atá ann le fada nach bhfuil cúrsaí sa Rúis ag dul i bhfeabhas. An raibh amhras ar éinne nach raibh ann in Medvedev ach ionadaí Putin? Agus anois, beidh siad ag malartú áiteanna arís.


Conas atá an daonlathas sa Rúis? Na daoine nach raibh sásta leis riamh, tá cumhacht ag a lán acu arís (Putin san áireamh), agus bíonn an rialtas níos cumhachtaí i gcónaí ansin. Níl cearta ag aon chomhlacht ná aon duine in éadan na daoine cumhachtacha. Níl sé go díreach chomh dona agus a bhíodh faoi na cumannaithe, ach tá cúrsaí ag dul sa treo sin arís, faraor. Is iomaí corpach atá i mbun cúrsaí gnó ansin, mar ní raibh buntús maith ann nuair a d'iopaigh siad ón gcumannachas. Fós féin, tá sé fíor-bhaolach más corpach gnó thú agus má éiríonn tú ró-chumhachtach. Cuirtear i ngéibhinn a leithéid - mura maraíodh.


Agus leis sin uile, tá aidhmeanna ag Pútain mar a bhíodh ag Stalin, b'fhéidir. Ba mhaith leis an impireacht a ath-chumadh. Ní deireann sé sin go díreach, ach sin a bhfuil i gceist, gan amhras. An gcreideann éinne é, nach mbeadh ann ach aontas mar an tAontas Eorpach (agus nílim ag rá nach mbíonn siadsan ag dul i dtreo an tseanaontais sóivéidigh...)? An mbeadh muintir an Úcráin sásta ní ba mhó cumachta a thabhairt ar ais do na Rúisigh? Nó aon stát iar-spleách eile? Go sábhála Dia iad.


Ní mór don Iarthar (pé cuid de a bhfuil fágtha mar fhórsa domhanda) súl ghéar a choimeád ar an Aontas Sóivéideach...úps...ar an Rúis. Cairde na Iaráine, agus a lán droch-rialtas eile, dar ndóigh. Níl an chumhacht acu mar a bhíodh. Ach is féidir leo fós a lán diabhála a dhéanamh.

No comments: