Thursday, July 19, 2007

Dearcadh na nÉireannach Maidir le Bush (agus Meiriceá)

Chuir mo chuid cainte olc ar mo chara Fearn (ar chlár plé Beo) nuair a dúirt mé le déanaí (anseo) nach raibh aon ionadh orm go ndúirt Éireannach gur mhaith léi bás G.W. Bush. Síleann sé gur claonchiníochas frith-Éireannach an ráiteas sin. Ní aontaím leis, dar ndóigh. Ach is fiú an cheist seo a phlé. Cad é an scéal i bhfírinne in Éirinn? Níl eolas agamsa ach mo thaithí féin. Le breis is sé bliana, táim ag plé cúrsaí polaitiúla a bhaineann le Bush agus SAM le daoine in Éirinn, as Gaeilge. Tá cúpla inimirceach de bhunadh na hÉireann a bhfuil aithne agam orthu, agus níl siadsan fríth-Bhuis. Tá cúpla duine ar an idirlíon atá réasúnta stuama agus nach bhfuil ina bhfanaicigh fhríth-Bhuiseacha. Ach is mionlach iadsan, gan aon agó. Fiú na daoine seo, is minic a deir siad 'cé nach n-aontaím leat' sula deir siad aon rud eile liom.

Scríobhaim ailt ó am go chéile a chuirtear i gcló, mar a dhéanaim anseo, chun cás Mheiriceá a mhíniú as Gaeilge. Ní dhéanann aon duine eile sin, as Gaeilge ar aon nós. (Bíonn ailt ann i gcónaí ag insint bréag agus ag tabhairt maslaí orainn, cinnte. Is breá le scríbhneoirí Éireannacha droch-rudaí a rá faoi na Stáit Aontaithe.) An chéad uair gur scríobh mé do Lá, mhol an foilsitheoir dom alt a sheoladh chucu. Ní raibh a leithéid ann, agus bhí suim acu i scéal ó dhearcadh eile (cé nach gcuiridís a leithéid ann, nó fiú cothromaíocht, as a stuama féin). Den chuid is mó, chuir mo thuairimí fearg ar dhaoine.

Don chéad uair a bhí mé ar Raidió na Gaeltachta, fuair mé cuireadh ó Rónán Mac Aodha Bhuí mar gheall ar ailt a scríobh mé ar Iosrael. Duine le Gaeilge agus é ag tacú le hIosrael – an rud is annamh is iontach! Níl aon duine eile ag déanamh amhlaidh. Léigh mé alt suimiúil in Comhar le déanaí a mhínigh go bhfuil baint láidir idir dearcadh dhuine ar Iosrael agus dearcadh dhuine ar an bpoblachtachas i tuaisceart na hÉireann. Crochann na poblachtaigh bratacha Palaistíneacha ar a dtithe, agus crochann na hAontachtaithe bratacha Iosraelacha ar a gcinn féin. Ní bhíonn aon phlé ann. I bhfírinne, níl ann ach comhairle a bhaineann le polaitíocht an tuaiscirt, seachas dearcadh tuisceanach ar chúrsaí an Mheánoirthir. Agus dar ndóigh, seasann na Stáit Aontaithe le hIosrael, seachas leis na sceimhlitheoirí Palaistíneacha. Tá fríth-Mheiriceánachas an-láidir sa tuaisceart, mar sin.

Ar chláir phlé an idirlín, bíonn daoine as a meabhair i gcoinne na Stát agus i gcoinne Iosrael, agus dar ndóigh, i gcoinne GWB go háirithe. Ach cad faoi ghnáth-dhaoine eile in Éirinn, nach mbíonn ar an idirlíon, agus nach mbíonn ag plé leis an nGaeilge? Cloisim tuairiscí ó dhaoine a théann go hÉirinn ar saoire. B’fhearr duit cur i gcéill gur Ceanadach thú, deir mórán díobh.

Bhí mé ar chlár Rónáin cúpla uair, agus mar gheall air sin agus na hailt a scríobh mé do Lá agus do Comhar, tá aitheantas éigin orm in Éirinn. Bhí mé ag caint le Cóilín Ó Floinn uair. Is Meiriceánach líofa sa Ghaeilge é atá ina chónaí in Éirinn. D’inis sé scéal dom. Bhí sé i dteach tábhairne éigin, agus nuair a chuala duine gurb as Meiriceá é, agus é líofa, cheap an duine sin gur mise ab ea Cóilín bocht (nach n-aontaíonn liom maidir leis an bpolaitíocht), agus rinne sé bagairt air agus thug eascaine air, go bhfuair sé nár mise é. Níl gach éinne mar sin, cinnte, ach tá siad ann.

Chonaic mé an fríth-Mheiriceánachas Éireannach den chéad uair in 2001, ar liostaí r-phoist Gaeilge-B srl. Bhí sé chomh láidir ar Gaeilge-A freisin, gur imigh mé ó na liostaí sin ar ball. Dar liom, scrios an dearcadh sin mórán plé a bhíodh ar an idirlíon. Níl aon ábhar slán ach an gramadach, tomhais, agus an aimsir, beagnach. Sílim nach bhfuil sé chomh dona agus a bhíodh, ach nílim cinnte. Cá bhfios nach ndéanaim maith éigin ag soláthair an taobh eile as Gaeilge? Mar sin féin, fuair mé litir an phinn nimhe tamall beag ó shin ó strainséir eile a fuair Gan Fiacail Ann de thaisme…Níl ag teastáil uaimse ach a bheith cairdiúil, agus eolas a roinnt le daoine, eolas nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile as Gaeilge. Agus freagra a thabhairt dóibh a bhíonn dár n-ionsaí. Tá géar-ghá leis sin, dar liom.

Is féidir gur fadhb na gcathracha móra é seo (agus sna meáin). Is amhlaidh sna cathracha móra anseo, Nua-Eabhrac san áireamh. Tá cúrsaí chomh dona in Londúin, freisin, gan dabht. Ní bhíonn mórán daoine sa Ghaeltacht nó faoin tuath ar an idirlíon, go bhfios dom. Táim réasúnta cinnte nach mbíonn daoine ag tabhairt maslaí i gcónaí ar thuarasóirí Meiriceánacha sna háiteanna is mó a mbíonn siad ar cuairt (mar gheall ar an airgead). Ach ní ionann sin agus nach mbíonn siad ag smaoineamh amhlaidh. Agus dar ndóigh, tá fáilte roimh Mheiriceánaigh frith-Bhuiseacha…
An tuairisc is mó a fhaighim ná fur fuath leo sinn thall, faraor.

Rinne mé iarracht ‘Ireland pro-Bush’ a lorg ar Google. Den chuid is mó, fuair mé daoine ag déanamh líomhaintí go raibh daoine eile ‘pro-Bush’ (mar rud uafásach). Ach fuair mé cúpla rud suimiúil:

9-14-04

THE general view among many Irish Americans is that anti-Bush sentiment is a matter of faith in Ireland, but like all suppositions there is another side to the argument. There have been some heated debates in recent times between Irish Americans and Irish natives on this issue. Several leading Irish American businessmen have become very exercised on this question and regard Ireland in a far more jaundiced fashion as a result. Yet, like every strongly argued issue, there is now a clear sense that not all the Irish people are opposed to President Bush, and ...

2004 arís:
For Stan and many of his compatriots living here, to be an American in Ireland is to be a pariah. Some US citizens say America-bashing has become so prevalent in Irish society, they no longer feel welcome. Others no longer feel safe.


Tá duine amháin (Aontachtaí, sílim) in Éirinn agus blag coimeádach aige.

Bhí duine amháin a d’aontaigh leis maidir leis an Afraic (fuair mé ar Slugger O’Toole é seo).

Is cuimhin liom cúpla duine as Éirinn a bhíodh ina gcónaí anseo le tamall. Gaeilge iontach atá acu. Uair amháin, luaigh mé go mbeinn ag caitheamh vóta ar son GWB. B’iontach an alltacht a tháinig ar aghaidh na mná sin, nuair a dúirt sí “Oh no….” Nílim cinnte gur labhair sí liom ina dhiaidh sin. Chuaigh siad ar ais go hÉirinn faoi cheann tamaill.

Gach a léim agus gach a chloisim, taispeánann sin dom gur fríth-Bhuiseach (radacach confach) an móramh in Éirinn. An bhfuil fianaise ag éinne nach fíor sin? Ba bhreá liom bheith mícheart maidir leis an bhfríth-Mheiriceánachas thall. Go bhfios dom, déantar talamh slán de in Éirinn gur duine olc é Bush agus go mbíonn Meiriceá mícheart, go bhfuilimidne ciontach as fadhbanna go léir an Mheánoirthir, srl. Agus ní bhíonn plé ann faoi. Bíonn fuath ann.

Taispeánaigí dom go bhfuil dul amú orm, le bhur dtoil.

Agus go raibh maith agaibh uile atá sásta an blag seo a léamh.

Wednesday, July 18, 2007

Óinmhidí Dháil na Stát Aontaithe

Cloistear go bhfuil droch-thuairim ag gach éinne faoi Bush. Ní shíleann ach timpeall 34% den tír go bhfuil sé ag déanamh jab mhaith. Ach cad faoin Teach Dála? Mar atá, tá tuairim níos measa ag gach éinne ina leith. Dar le pobalbhreith nua, ní shíleann ach timpeall 14% den tír go bhfuil siadsan ag déanamh jab mhaith.

Ní maith le héinne an cogadh, dar ndóigh. Agus tá mórán daoine ann a chuireann an milleán ar Bush mar gheall air, seachas ar na sceimhlitheoirí. Sin cuid díobh nach bhfuil sásta leis an uachtarán. Ach tá daoine eile ann nach bhfuil sásta leis na rudaí eile a dhéanann sé, go háirithe maidir leis an inimirceacht. Sílim féin go bhfuil sé ag déanamh jab cuibheasach maith (fair), mé féin. Ach is fuath liom tréas (beagnach) an pháirtí Dhaonlathaigh sa Teach Dála.

Rinne siad geáitse aréir a thaispeánann an dearcadh amaideach atá ann. D'ainneoin nach raibh seans dá laghad go ndéanfadh sé aon difear, chaith siad an oíche go léir ag gearán faoin gcogadh, agus ag bagairt ar an arm agus ar an uachtarán (agus ar mhuintir na hIaráice). Ba mhaith leo, de réir dealraimh, bua a thabhairt dár naimhde go léir, agus praiseach a dhéanamh den Iaráic. Is cuma leo go mbeadh cinedhíothú ann, agus go mbeadh baile nua slán ann do na sceimhlitheoirí go léir. Is fuath leo Bush, agus sin an rud. An teachtaireacht don saol atá acu: tá Meiriceá lag, agus ba mhaith le mórán sa rialtas géilleadh do na sceimhlitheoirí. Ach is cuma sin. Is fuath leo Bush.

Idir an dá linn, fuarthas ceannaire Al Cadhda san Iaráic inniu. Tá na trúpaí deireanacha ón 'réablach' tagtha i dtír an tseachtain seo, agus an straitéis nua faoi lán seoil. Dá mbeadh gach éinne ag taobhú leis na laochra san arm atá ann dár gcosaint, thiocfadh an deireadh ní ba thapúla, gan dabht. Ach tugtar dóchas dár naimhde i gcónaí. An-jab, Reid, Pelosi, Clinton, Kennedy, Murtha... agus bhur gcairde go léir.

Thursday, July 12, 2007

Ag Sodar i nDiaidh Arafat...

Buaiteoir eile dhuais na síochána Nobel...an bhfuil aon mhaith sa duais sin? (Tugadh do Jimmy Carter é, in ainm Dé... "With the position Carter has taken...(the award) can and must also be seen as criticism of the line the current U.S. administration has taken on Iraq," Committee head Gunnar Berge, a former labor minister, told reporters.)

Agus anois, Nobel laureate calls for removal of Bush. Sea, duine eile le BDS (Bush Derangement Syndrome).

It's twisted. It's all wrong," she said. "There are so many lies being told.

Ach níl sí ag déanamh a faoistine, faraor, ná ag caint fuithi féin agus a leithéid.
"Right now, I could kill George Bush," she said

Bean Éireannach atá i gceist. Níl aon ionadh sin, mo léan.

Ach saineolaí faoin Meánoirthear is ea í, gan dabht? Ní hea, ná baol air. Fuair Betty Williams a duais mar gheall ar na trioblóidí in Éirinn.


(DAS, tá a fhios agam nach cruinn mo theidil. Fuair Arafat an duais in 1994, agus an bhean seo in 1976. Ach bhí sise níos fearr roimhe, go bhfios dom).

Monday, July 09, 2007

Rush II

Chonaic mé iad, agus bhí an ceolchoirm go breá. Chas siad an t-amhrán seo, ach ní dhearna siad aon léirsiú polaitiúil de, ná baol air. Bhí siad an-dearfach agus spraíúil an t-am ar fad. Níor chuir an ceann seo isteach orm chomh mór ar an stáitse agus a chuir ina aonar ar leith. Tá siad ag iarraidh a bheith dearfach, seachas nimhneach, a mhalairt mar a bhíonn an iomarca na laethanta seo.

Déanann siad ceolchoirm iontach, agus molaim iad a fheiscint, má bhíonn deis agat.

Tuesday, June 19, 2007

Rush

Is breá liom an bhuíon cheoil Rush. Is minic go mbíonn líricí sofaisiticiúla cliste aibí acu. Ach uaireanta, téann siad ar strae. I bhfírinne, níor chuir siad isteach orm go dtí an t-albam nua seo, Snakes and Arrows. Is maith liom é. Is mó amhrán fiúntach atá air (ach sílim nach bhfuil sé chomh maith agus a bhí an ceann roimhe, Vapor Trails). Ach maraon leis an móramh i saol na n-ealaíon, is frith-Chríostaí an dearcadh atá ann, uaireanta, agus dar ndoigh, frith-Bush. D'ól siad an Kool-Aid maidir leis an gCogadh i gCoinne na Sceimhlitheoireachta, déarfainn. Tá amhrán nua amháin acu, Where the Wind Blows, agus is léir go nglacann siad le mórán den mhiotaiseolaíocht choitianta, go bhfuil na Críostaithe i lár Mheiriceá chomh dona agus atá na sceimhlitheoirí san Iaráic, agus a leithéid de chacamas. Tá díomá orm go bhfuil siad chomh haineolach, go toilteanach. Ach mar a tharlaíonn go minic, thug ráitis daoine eile inspioráid dom chun dán a scríobh:

Sofaisticiúlacht (Mar Dhea)

Beidh mé ag dul go ceolchoirm Rush go luath. Tá súil agam nach ndeirfidh siad aon rud pholaitiúil...

Thursday, May 17, 2007

Plus ca Change?

Táthar ag súil go mbeidh feabhas ar an gcaidreamh idir na Stáit agus an Fhrainc, mar gheall ar a n-uachtarán nua. Ach chuir sé imní an domhain orainn le déanaí, nuair a tuairiscíodh go raibh sé chun an frith-Mheiriceánach radacach Hubert Védrine a dhéanamh ina rúnaí gnóthaí eachtracha. Ach mar atá, tá sé chun an post sin a thabhairt do dhuine i bhfad níos fearr, Bernard Kouchner. Sea, is sóisialaí eisean fós, ach déanann sé rudaí maithe, agus d'fhoghlaim sé ó linn a óige, agus is duine ciallmhar é, de réir dealraimh. Bíonn sé ag obair i gcónaí ar son cearta daonna. Bunaitheoir do Médecins Sans Frontières, agus ansin Médecins du Monde, ab ea é. Thacaigh sé leis an gcogadh san Iaráic, fiú.

Tá Sarkozy ag iaraidh poist a thabhairt do na sóisialaithe agus chun a bheith cairdiúil leo, agus meas a thabhairt dóibh. Tá siadsan ag eagrú círéibeacha, agus tá Royal á spreagadh chun diúltú aon phost faoin uachtarán seo. Cuireann sin na hiarrachtaí a dhéanann George W. Bush, agus a rinne a athair, chun obair leis an bpáirtí Daonlathach. Chuir siadsan a méar ina shúil nuair a thairig siad a lámh dóibh, freisin.

Ach tús maith, leath na hoibre, agus is féidir fós go bhfuil dóchas ann don Fhrainc. Ach an bhfuil Sarkozy in am chun an tír a shábháil? Agus an ndéanfaidh sé rudaí amaideacha chun cairdeas a chothú leis an eite chlé (mar na Bushes)? Is maith an scéalaí an aimsir.

Sunday, May 06, 2007

Viva la France?

Tá mearbhall orm. Rinne na Francaigh rud ciallmhar! Sarkozy abú! Bon chance, notre amis! Ach níos fearr ná a bhua féin, níos fearr ná go bhfuil cara ag Meiriceá (ceaptar) sa bhFrainc, is é an rud is fearr ná gur briseadh na sóisialaithe!

Is dócha go dtuigeann na móramh ann go bhfuil an Fhrainc ag dul sa treo mícheart le fada an lae, agus go bhfuil gá géar le hathruithe inti. Beidh sé deacair go leor d'aon duine ciallmhar aon rud a dhéanamh sa bhFrainc, agus beagnach leath den tír ina sóisialaithe fós. Ach tá an fhadbh chéanna againne, agus uaireanta éiríonn go maith linn. Ensemble tout deivient possible.

Guím gach rath ar an uachtarán Sarkozy - agus, rud nach ndúirt le fada - ar an bhFrainc.

Monday, April 30, 2007

Na Gealta i mBun Theach na nGealt

Teach Dála Mheiriceá, sin a rá. Thug an móramh cead (nach raibh riachtanach, ach sin scéal eile) don uachtarán an t-ionsaí ar an Iaráic a dhéanamh. Ach deir siad nach raibh siad i ndáiríre. Deir siad go raibh gach éinne ag insint bréag dóibh.

D’fhéach siad ar an eolas a bhí ann, agus chonaic siad an fhianaise chéanna. Ach níor fhéach siad ar an stuif sin go dáiríre. Ghlac siad le bréagacha an uachtaráin. Cé nach gcreideann siad é faoi aon rud riamh. Ní bhíonn saoi gan locht, dar ndóigh. Níor cheap siad ar an reachtas seo go dian. Ní raibh siad i ndáiríre faoina jab.

Deir siad anois go mbíonn siad ag tabhairt tacaíochta do na trúpaí. Agus gur mhaith leo an t-airgead atá de dhíth a thabhairt dóibh. Ach tá a lán fhios acu nach féidir sin a dhéanamh agus spriocdháta a chuir sa reachtas céanna. Ach is cuma leo sin. Mar sin, is léir go bhfuil sé ar nós cuma liom acu má bhíonn airgead go leor ag na trúpaí nó mura mbíonn. Ní ionann an rud a deir siad agus an rud a dhéanann siad. Dar ndóigh, níl siad i ndáiríre faoin tacaíocht, mar dhea, a thugann siad do na trúpaí. Mar a dhéanann Harry Reid, a dúirt go bhfuil an cogadh caillte. Sea, an cogadh atá na trúpaí siúd ag fearadh. Ach tacaíonn sé leo.

An t-aon rud faoina bhfuil siad i ndáiríre, sin an toghchán atá le teacht, agus na vótaí atá le fáil as a gcrógacht i gcoinne George Bush. Go sábhála Dia sinn.

Dá mbeadh daoine mar Joe Lieberman níos coitianta ina pháirtí. Is duine dáiríre eiseann. Sin an fáth nach bhfuair sé tacaíocht a pháirtí ina Stát féin. Bhí sé air a fheachtas a dhéanamh don seanad mar dhuine neamhspleách. Fuair sé an bua, d’ainneoin a pháirtí. Ní raibh siad i ndáiríre fiú faoina ndiúltú do Joe Lieberman.

Nach suimiúil é freisin nach bhfuil suim dá laghad acu faoin nuacht ón Iaráic, nó faoi thuairisc ón bpríomhghinearáil atá i mbun ann. Níl aon suim acu bua a fháil san Iaráic. Níl uathu ach géilleadh náireach a dhéanamh ann. Ach is breá leo na trúpaí! Agus tá grá acu dá dtír! Dá mbeadh.

Deir siad gur mhaith leo an tír a choimeád slán. Mar sin, tugann siad spreagadh agus dóchas do na sceimhlitheoirí san Iaráic, agus ar fud an domhain. Léiríonn siad dóibh nach bhfuil siad i ndáiríre, agus nach miste leo éalú ó throid ar bith. Is cuma leo aon fhrithghníomh as a ndéanann siad. Bíonn siad ag tagairt do Vítneam, ach níl aon chuimhne acu ar stair an chogaidh sin. Tá siad ag iarraidh an rud ba mheasa dá ndearnamar ann a athdhéanamh. Ach ní bhíonn siad dáiríre faoin stair, ach oiread.

Deir Pelosi agus leithéid nach bhfuil tíortha mar an tSiria agus an Iaráin i ndáiríre faoin sceimhle, ach faraor, tá. Agus tugann siad gach seans dóibh bréagacha a insint dóibh. Is maith leo na bréagacha sin. Is breá leo cur i gcéill nach bhfuil naimhde dáiríre againn. Ach tá. Dá mbeadh Pelosi agus a cairde i ndáiríre faoin rud is fearr don tír, agus don domhain, seachas ina gcáil féin.

Ní bhíonn siad dáiríre. Agus is fadhb an-dháiríre don tír sin.

Tuesday, April 24, 2007

Boris Yeltsin, ar Shlí na Fírinne

D'éag laoch na saoirse Boris Yeltsin inné. Bhí ról lárnach aige i mbriseadh an Aontais Shóivéidigh. Bhí sé ina uachtarán ag an Rúis le naoi mbliana, agus tús na saoirse i réim. Faraor, tá an Rúis ag cúlú i dtreo an stáit phóilínigh. Um an dtaca seo, tá an imreoir fichille cáiliúil Gary Kasparov faoi ghlas mar gheall ar agóid a nglac sé páirt inti. Tá amhras ar gach éinne faoi na dúnmharuithe a rinneadh, agus ar an iarrachtaí chun uachtarán na hÚcráine, Viktor Yushchenko, a mharú, go ndearna Putin agus a chomhghleacaithe sin. Agus is minic a bhíonn an Rúis ag tabhairt tacaíochta do dheachtóirí uile an domhain arís. Go díreach mar na sean-laethanta olca.

Tá súil agam go ndéanfaidh na Rúisigh machnamh ar Yeltsin agus a oidhreacht. Ní mór dóibh athruithe a dhéanamh. Go dtugfar an seans dóibh.

Is iontach dom an easpa cainte sna meáin. Is dócha nach cuimhin le mórán daoine an saghas duine a bhí ann, agus an feabhas a rinne sé ar an saol seo. Go ndéana Dia trócaire ar a anam. Agus ar an Rúis.

Wednesday, April 18, 2007

Cultúr an Ghunna, Deirtear, a ba Chúis Leis

Gan mhoill, fuarthas an tobfhreagairt ghnách ó phreas na hEorpa agus ón eite chlé i gcoitinne. Fiú ó John Howard san Astráil. Beidh ailt sna meáin agus gach uile dhuine ag cur an mhilleáin ar dhlíthe na Stát Aontaithe maidir le gunnaí, as an uafás a rinne gealt ag ollscoil Virginia Tech. Dar ndóigh, ceapann na hEorpaigh agus an lucht bien-pensant go bhfuilimid dall. Dá mbeimis chomh cliste leo, ní tharlódh a leithéid, ceapann siad. An sotal i ndiaidh na n-uaisle, mar is iondúil, faraor.

Bheadh sé chomh ciallmhar an milleán a chur ar dhlíthe maidir leis an inimirceach agus daltaí idirnáisiúnta. Bheadh sé chomh ciallmhar an milleán a chur ar dhlíthe tiománta as gach bás a tharlaíonn mar gheall ar charranna. Más mian le duine olc mórán daoine a mharú, bíonn seift ann dó. Úsáidtear eitleáin, úsáidtear gáis nimhneach, úsáidtear claimhte, úsáidtear nimh.

Mura ndéantar le gunnaí, déantar le sceana nó fiú bataí. Agus nach bhfuil sé níos measa nuair a dhéanann daoine nach bhfuil as a meabhair a leithéid?

An féidir aon rud a dhéanamh? Maidir le gnáth-choireanna, is féidir. Ach ní féidir gardáil i gcoinne an chadhain aonair atá as a mheabhair. Ach amháin, má aithnítear go bhfuil fadhb ag duine, agus má thugtar aire dó. Aithníodh go raibh fadhb ag an té a rinne an t-uafás seo is déanaí. Ach ní dhearna éinne aon rud chun a bheith cinnte nach ndéanfadh sé coir. Tá saoirse againn, agus ní maith le daoine cur isteach air sin. Uaireanta, bíonn praghas le n-íoc as sin.

Is maith le daoine cúis éigin a aimsiú, fáth cinnte a bheith ann. Is mian le daoine go bhfuil réiteach ann a stadfadh a leithéid. Ach níl an saol seo chomh simplí. Bíonn an t-olc ann. Easpa creidimh agus easpa grá, is iad na cúiseanna is mó i gcónaí.

Seo alt an-chiallmhar faoin a bhfuil le rá ag na meáin faoi seo, le Rush Limbaugh.

Seo alt an-suimiúil ón nGearmáin.

Sea, tarlaíonn a leithéid fiú i dtír chomh cliste leis an nGearmáin. Agus níl Sasana gan locht, ach oiread.

Beidh rud le rá ar ball ag an NRA faoi seo, táim cinnte. Ach tá siad ag fanacht leis na fíricí, seachas ag brú a dtuairimí polaitiúla ar an saol mar gheall ar an tubaiste seo.

Guím, i dteannta leis an uachtarán, ar na daoine a maraíodh agus ar na daoine eile a bhí gortaithe.

Dia idir sinn agus an t-olc.

Friday, April 13, 2007

Baineann Fear Greim as Madra!

Tá scéal ag an BBC atá ag ceistiú an Fhrith-Mheiriceánacais! Sraith atá á tosnú ag Justin Webb. Tá súil agam nach gcaillfidh sé a phost mar gheall air... Bhuel, níl sé ag tacú le hIosrael. Chaillfeadh sé a phost as sin gan dabht.

Tá scéal eile ann faoi Londain. Cloisim gur fíor go mbíonn siad uafásach ansin. Sea, ár gcairde, mar dhea. Nach suntasach é nach n-admhaíonn duine ar bith gur maith leo an t-uachtarán agus polasaithe na Stát. Níl aon dea-Mheiriceánaigh ann mar sin, má tá a leithéid ann ar chor ar bith, tá a fhios agat.
...osna...

Tuesday, March 20, 2007

Rónán Mac Aodha Bhuí agus Ceithre Bliana san Iaráic

Bhí mé ar an raidíó ag caint leis inniu (RnaG). Agus bhí Cóilín Ó Floinn ag caint linn freisin. Ba mhaith le Rónán caint liom faoi chothrom an lae inné ar cheithre bliana ó thosach an chogaidh seo san Iaráic. Treise leis go raibh sé sásta caint liomsa arís.

Ní raibh mórán nua le rá ag éinne, is dócha. Bíonn cogaithe go holc. Ní maith le héinne againn an cogadh mar rud. Ba bhreá linn go léir dá mbeadh sé thart. Ach níl, faraor. Agus dar liom, ní mór dúinn seasamh le muintir na hIaráice agus seans a thabhairt dóibh. Tá sé ceart agus cóir go bhfuilimid ann chun iad a chosaint ó na sceimhlitheoirí a bhíonn dá marú gach aon lá go fóill. Agus tá sé tábhachtach do mo thírse, agus don domhain, nach mbeidh tír eile ann agus na sceimhlitheoirí ina bun, mar a bhí san Afganastáin. Agus i bhfírinne, tá cúrsaí ag éirí níos fearr, cé nach gcloistear sin sna meáin (ach amháin b'fhéidir uaimse), as Gaeilge ach go háirithe.

Rud suimiúil a luaigh mé agus a léigh mé inniu. Tá níos mó daoine sásta lena saol san Iaráic inniu i gcomporáid lena raibh acu roimh an gcogadh, ná daoine atá níos sásta lena saol san Aontas Eorpach roimh teacht an Aontais!

Féach anseo.

Tuesday, February 27, 2007

Biogóideacht agus Ceartchreidmheachas

Bíonn daoine ann i ngach aon sochaí a dhéanann rudaí olca. Tugtar coirpigh orthu i sochaithe áirithe, agus gearrtar pionós ar a leithéid. Seo mar a tharla leis na coirpigh san arm Meiriceánach le déanaí. Sin a tharla maidir le hAbú Gráib, freisin, nuair a bhí seilbh ag na Meiriceánaigh air. I sochaithe eile, ceiliúrtar na rudaí olca, agus tugtar laochra agus, más oiriúnach, mairtírigh ar na daoine ciontacha. Sin mar a bhíonn i measc na sceimhlitheoirí san Iaráic, agus ar fud an domhain. Sin mar a bhíodh nuair a bhíodh Saddam ag dúnmharú is ag céasadh daoine in Abú Gráib roimh teacht na Meiriceánach.

Cé acusan an sochaí a roghnófá? Cé acu an dearcadh is fearr leatsa? Seo Éireannach (eile) nach smaoiníonn gurb iad na Meiriceánach an taobh is fearr sa streachailt domhanda seo. Mo léan géar. B'fhearr do mo dhuine seo gan smaointe mar sin a roinnt linn. Seo arís mo fhreagra dá leithéid.

Scéal eile. Fuair Al Gore cúpla oscar as a chuid cacamais. Laoch do Hollywood is ea é, gan aon agó. Creideamh nua na bien pensant is ea cultas an téimh dhomhanda. Ach an mbeadh an ghnaoi chéanna ar an "drochscéal" seo mura mbeadh namhaid Bush á chraobhscaoileadh?

www.junkscience.com

www.globalwarminghysteria.com

Wednesday, February 14, 2007

Duaiseanna Eile don Fhrith-Bush-ach

Sea, is léir go mbíonn an pholaitíocht taobh thiar den iomarca duaiseanna le fada. Ba léir sin nuair a fuair Jimmy Carter an duais Nobel mar gheall ar a sheasamh in aghaidh Bush agus an chogaidh san Iaráic. Dúradh sin ag an am. Anois, tá na Dixie Chicks againn.

Bhí siad maslach do Bush
thar lear, agus ní raibh a lucht leanúna sa bhaile sásta leis sin, go háirithe i dTexas. Níor cheannaigh siad ticéid dá gceolchoirme, ná a ndlúthdhioscaí, agus níor sheinn na stáisiúin raidió a gcuid amhrán. Níor stad éinne iad óna dtuairimí a nochtadh. Bíonn iarmhairtí ann nuair a maslaítear daoine, go háirithe nuair a bhraitheann tú orthu chun do shlí bheatha a dhéanamh. Ach mar sin féin, thug na gnáth-dhaoine céanna ‘cinsireacht’ air a tharla, agus rinneadh laochra de na mná seo.

Tugadh duaiseanna go leor dóibh ag na Grammies i mbliana, agus ba léir gurbh é mar gheall ar an bpolaitíocht. Mar a dúirt mé anseo cheana, tuilleann dearcadh frith-Bush duaiseanna.

Ní bhíonn aon rud nua ann faoin ngrian. Seo scéal eile nach mbaineann le duaiseanna. Is cinnte gurbh é an Chéad Chogadh Domhanda an cogadh ba amaidí riamh, ach mar sin féin, bhí daoine ní ba amaidí fós ann, ag smaoineamh gurbh fhéidir leo an cogadh sin a stadadh (ní raibh na Stáit sa chogadh sin fós, DAS). Tá an-chosúlacht idir iadsan agus “lucht na síochána” an lae inniu. George Soros na haoise sin ab ea Henry Ford, b'fhéidir.

Frith-Ghiúdach uafásach ab ea Henry Ford, mar atá. Tá an tréith sin ró-choitianta i measc na "síocháiní" sa lá atá inniu ann, freisin, faraor.

Wednesday, February 07, 2007

Cad is Fox News Ann?

Dar leis an ngnáth-Éireannach, is púca éigin nó staic mhagaidh atá i gceist, dar le gach a léim ar an idirlíon. Ach níl a fhios ag mórán daoine lasmuigh de na Stáit Aontaithe (agus fiú ar an eite clé laistigh den tír) cad atá ann in aon chor. Is iomaí tuairim a bhíonn ag daoine faoi, cé nach bhfuil aithne ar bith acu ar an mbealach seo. Bhuel, is é an t-aon tuairim amháin a bhíonn ag daoine, dar ndóigh, go rí-mhinic.

Ach tá suíomh idirlíon acu, agus is féidir le gach éinne sin a scrúdú. Tá eolas ann faoi na bealaigh atá ar fáil ar fud an domhain chun a gcuid clár a fháil. Agus má tá leathan-bhanda agat, tá siad ar fáil ar an idirlíon, freisin. D’inis Mick Rua dom go bhfuil sé“…le fáil anseo san Eoraip ar BSKYB,” pé rud sin.

Bunaíodh Fox News sna nóchaidí, agus is bealach cábla atá ann. Nuair a thosaigh teilifís cábla a bheith coitianta, is iomaí bealach nua a tosaíodh. Leis na cianta, ní bhíodh deis ag aon choimeádach a thuairimí a nochtadh ar na príomh-bhealaigh. Ní raibh ann ach Firing Line, a bhíodh ar an mbealach poiblí (clár iontach aighnis a bhíodh ag William F. Buckley Jr.). Le blianta fada, bhíodh riail ann faoin ‘gcothromaíocht’ a rinne sé riachtanach malairt tuairime a bheith ann don mhéid ama céanna aon uair a nochtadh tuairim ar bith ar raidió nó teilifís. Cuireadh an riail sin ar ceal faoin uachtarán Reagan. Sin an fáth gurbh fhéidir do leithéid do Rush Limbaugh (púca eile don lucht aineolach céanna) cláir thuairimíochta a thosnú, beag beann ar mhalairt tuairimí. Tá éileamh mór ar a leithéid ó shin i leith. Mar a deir Rush, níl a leithéid ann chun tuairimí na heite clé a dhíbirt, ach chun cothromaíocht a dhéanamh (beagáinín) ar an síor-bholscaireacht a dhéanann beagnach gach bealach agus clár eile. Tá claonadh láidir i bhfabhar na heite clé sna meáin, mar a dúirt mé, leis na cianta. Ach scríobh mé ar an ábhar seo cheana, cúpla uair, is dócha.

Cuireann sé isteach ar mórán Eorpaigh go bhfuil guth ag an eite dheas ar chor ar bith. Níl siad sásta nach mbíonn gach duine ar aon fhocal lena chéile ag caint faoi chúrsaí reatha. Is dócha nach bhfuil aon taithí acu ar a leithéid, mar níor tharla athruithe sna meáin san Eoraip mar a tharla anseo – fós – go bhfios dom.

Tá bealaigh eile ag Fox, agus ní mar an gcéanna iad ar chor ar bith. Is mó clár siamsaíochta atá ar an bpríomh-bhealach atá acu, American Idol agus The Simpsons san áireamh.

Ach ar ais go Fox News. Cad a bhíonn ann? Tá cláir nuachta ann, cinnte. Tá mana acu, ‘Fair and Balanced,’ agus ní bhíonn claonadh acusan nuair a thuairiscítear scéal nuachta. Insítear faoin scéal féin. Tá cláir eile acu, agus is cláir phlé iad. Bíonn daoine ann ón dá thaobh, de ghnáth. Tá cláir thuairimíochta eile ann, mar The O'Reilly Factor, agus aíonna ann ón dá thaobh. Nochtann O’Reilly a thuairim féin ar dtús agus amanna áirithe i rith a chláir. Agus ní bhíonn sé ar aon intinn leis an móramh coimeádach i gcónaí.

Mar sin, cé go mbíonn seans ag coimeádaithe a gcuid tuairimí a nochtadh ar an mbealach seo, níl sin an t-aon rud atá ann ná baol air. Ach bíonn eagla ar an eite chlé go bhfuil bealach ann d’aon duine chun na rudaí a deir siadsan a bhréagnú. Sin an fáth gur fuath leo Fox News agus raidió cainte. Foghlaimíonn daoine an fhírinne ó na foinsí sin. Cloistear rudaí seachas ráitis oifigiúla na liobrálaithe (an Liberal Party Line) ann, agus níl aon fhreagra acu, ach chun a bheith ag magadh is ag díspeagadh is ag scaipeadh scéalta bréagacha faoi Fox News agus a leithéid. Sin an nós a bhíonn ag daoine nach féidir leo argóint a bhuachan, agus nach mian leo fiú a gcuid tuairimí a chosaint. Is daoine frith-intleachtúil iad na liobrálaithe, go mion minic, mar ní maith leo plé ná aighneas. Ní maith lena leithéid má tá éinne dá gceistiú, má tá éinne ann nach nglacann lena gcreidimh. Sea, gach rud a thugann siad orainne mar mhaslaí. Ach tá lucht an easaontais neamhbhalbh, buíochas le Dia. Seo daoibh saoirse cainte.

Monday, February 05, 2007

Lá Nua?

Nuair a léim scéal nuachta, bím ag tnúth le nuacht. Bím ag súil le heolas faoin scéal, seachas tuairim duine. Fadó, gach Lá, bhíodh bolscaireacht frith-Mheiriceánach (frith-Bush) ann. Ach le tamall, agus mé ag féachaint ar Lá, níl an méid céanna ann. Tá feabhas ar Lá le fada. Ach inniu (5 Feabhra 2007), tá iarsma den sean-Lá ann.

Tá scéal ‘nuachta’ ann a thugann tuairimí ollaimh (Hossein Askari) as an Iaráin atá ina chónaí sna Stáit anois, agus bíonn sé ag scríobh go bhfuil gach ceart ag an Iaráin chun airm núicléacha a dhéanamh, agus a dtoil a dhéanamh sa Mheánoirthear. Nach bhfuil Meiriceá ag bagairt orthu? Nach bhfuil gach fadhb sa limistéir sin mar gheall ar Mheiriceá? Nach raibh Meiriceá ciontach as an gcogadh leis an Iaráic, a lean deich mbliana? Bhuel, ní léir ón alt go mbíonn an duine seo, atá i gcoinne smachtbhannaí ar an Iaráin, agus i gcoinne cosc nó srian ar bith orthu, de réir dealraimh, ní léir an méid a bhíonn sé ag scríobh ar an ábhar seo ón alt. I bhfírinne, ní thugtar mórán eolais dúinn faoin duine seo. Ach is léir go dtaitníonn a thuairim le Eoghan Ó Néill, an té a scríobh. Mar níl aon tuairim eile ann. Teidil an ailt? Míthuiscint Mheiriceá faoi cheist na hIaráine.

An bhfuil fáthanna ann a mhíníonn dearcadh Mheiriceá? Ní bheadh a fhios ag éinne a léifeadh an t-alt seo. Bíonn Meiriceá (Bush go háirithe) mícheart, tá a fhios ag gach éinne sin. Sin an dearcadh taobh thiar den alt agus den sean-mheoin seo. Aineolas an rud a chothaítear le ‘nuacht’ mar seo.
Tugtar le fios san alt seo go bhfuil nuachtáin Mheiriceá ag cabhrú le Bush chun leithscéal a chumadh maidir le hionsaí a dhéanamh ar an Iaráin. Cacamas amach is amach sin. Scríobh mé anseo cheana faoi na meáin i Meiriceá, agus an dóigh nach dtuigeann na hÉireannaigh cúrsaí nuachta anseo. Agus is nuacht ó phríomhnuachtán na hÉireann as Gaeilge é seo? Is mór an trua sin.

Mar atá, tá fianaise go leor ann go mbíonn an Iaráin ag tacú leis na sceimhlitheoirí san Iaráic, go mbíonn siad ag úsáid buamaí a dhéantar san Iaráin, srl. Is léir go bhfuil droch-thionchar ag an Iaráin ar na tíortha máguaird, mar an Liobáin agus an Phalaistín, agus go mbíonn siad ag tacú leis an sceimhlitheoireacht. Is léir go mbíonn siad ag rá go scriosfaidh siad Iosrael (agus nár tharla an t-uileloscadh). Ach is Cuma le Ó Néill sin. Is dócha nach raibh spás go leor sa nuachtán chun na scéalta sin a insint.

Maidir leis an nGaeilge de, seo an chéad abairt: “Cén tír a rinne an Iaráin a ionradh?” Cad is brí de?
Níos déanaí: “Cad faoi cumhacht núicléach?” [SIC]
Is dócha go raibh an iomarca de ríméad ar Ó Néill go bhfuair sé duine a thacaíonn leis an Iaráin sna Stáit nár bhac sé an iomarca lena cheird.

Caighdeán níos airde, le bhur dtoil, a Lá Nua.

Tuesday, January 30, 2007

Tharla Sé Anseo Cheana

Is minic a léim rudaí faoi Éire agus na rudaí a bhíonn ag cur isteach ar dhaoine ansin, agus smaoiním go bhfuilim ag féachaint siar in aimsir. Tá samplaí go leor ann.


  • An ciníochas - don chéad uair riamh, tá Éire ag dul i ngleic le fadhb nua a bhfuilimidne ag plé léi le cúpla céad bliain. Tá ciní éagsúla ina gcónaí in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ní mór dom a rá go raibh Éireannaigh i measc na ndaoine ba mheasa maidir leis an gciníochas anseo. Féach an ciréib a tharla in Nua-Eabhrac in 1863, mar shampla. Níl de dhíth ach b'fhéidir céad bliain, agus beidh gach rud ceart go leor agaibh.
  • An inimirceacht - mar an gcéanna, tá daoine ag teacht go hÉirinn don chéad uair, seachas ag imeacht. Bhuel, bhíomarne ar an taobh eile den chuid is mó. Uaireanta rinneadh an rud ceart, agus uaireanta ní dhearnadh. Ní mór féiniúlacht náisiúnta a chaomhnú agus a chleachtadh, sin an rud is tábhachtaí. Agus srian a choimeád ar mhéad na n-inimirceach - rud nach ndéantar anseo mar ba chóir, ach ó am go ham.
  • An Tíogar Ceilteach - nach ionann sin agus fás as cuimse na nóchaidí anseo, an 'dot com boom?' Is minic a léim duine ag caint faoin am a theipfidh an geilleagar, agus go mbeidh Éire ar ais mar ba chóir. Cacamas. Ní fhásann geilleagar gan sos, gan chúlú, uaireanta. Ach de ghnáth, gan an iomarca den sóisialachas, fásann sé. Tá cúrsaí níos fearr anois anseo ná mar a bhí siad sna nóchaidí. Is maith an rud é nach bhfuil sibh ag cónaí i dtithe tuí níos mó. Ach mar a bhíonn le páiste nó déagóir, bíonn sé deacair teacht i dtaithí ar an bhfás, agus ar rudaí nua, agus déantar botúin. Sin mar a bhíonn. Fáilte go dtí an 21ú aois.
  • Drugaí - Feicim go bhfuil an cóicín an-choitianta in Éirinn anois. Mar a bhí anseo sna seachtóidí agus na hochtóidí (mar chomhtharlú, d'fhéach mé ar an scannán 'Blow' aréir). Tá airgead ag daoine díomhaoine, agus tagann na drugaí nuair a bhíonn margadh ann. Is fadhb go deo sin, ach foghlaimíonn daoine agus iad ag dul in aois, agus má mhúintear do na páistí faoi bhaol na ndrugaí, le cúnamh Dé, beidh fadhb níos lú ann. Cuid den mhargadh iad, nuair a bhíonn rath ar na daoine.

Tá Éire ag déanamh roinnt de na botúin chéanna agus a rinneadh anseo, maidir leis an nginmhilleadh, cúrsaí gnéis, meith an chreidimh (an rud is measa, as a dtagann na rudaí eile) agus rudaí eile nach iad. Bheadh sé torthúil dá mbeadh na hÉireannaigh sásta foghlaim uainne - as dea-shamplaí agus droch-shamplaí. Ní bhíonn aon rud nua ann faoin ngrian. Seo an saol nua-aimseartha, agus níl aon dul as anois - mura roghnófar dlí searaghaidh nó Kim Jong Il-achas, sin a rá. Ní mór dúinn go léir an saol seo a fheabhsú, más féidir. Seachas a mhalairt.

Is ró-mhinic a fheictear ar fhadhbanna an tsaoil seo, seachas ar bhuntáistí de. Tá rath ar dhaoine sa lá atá inniu ann nach bhfacthas riamh roimhe seo. Thíos seal agus thuas seal, ceart go leor, ach b'fhearr liom an aois seo ná aon aois roimhe. Seo iad na dúshláin a thug Dia don ghlúin seo, agus sin mar atá.

DAS, ní fadhbanna Meiriceánacha iad, ach fadhbanna na linne seo. Táim cinnte go bhfuil an cathú ar dhaoine áirithe an milleán a chur orainne...

Monday, January 22, 2007

Ionsaí Nua

Tá ionsaitheoir nua ag iarraidh cogadh nua a thosnú as bréagchúiseanna - anseo. Fuair mé níos mó "tráchtanna" ar an mblag seo ar an deireadh seachtaine ná fuair mé riamh roimhe seo. Is mór an trua nach mbíonn an chuid is mó díobh ag tagairt d'aon rud a scríobh mé ar an mblag.

Seo daoibh Caitriona [ ], duine a d'fhear an fháilte seo romham nuair a thug sí faoi deara go raibh mé ar chlár plé Daltaí na Gaeilge (táim cláraithe ansin le breis is bliain níos faide ná mar atá mo dhuine, ach ní minic a scríobhaim aon rud sa rannóg Béarla, agus níor scríobh sise aon rud sa rannóg Gaeilge roimhe sin, go bhfios dom):

"Is breá liom go bhfuil tú ag scríobh i nGaeilge. Aontaím go bhfuil sé
tábhachtach an teanga a úsáid, fiú nuair nach bhfuil na scileanna go léir sa
teanga fós againn, nuair atá rud tábhachtach le rá againn. Ach nuair a úsáideann
duine an teanga chun drumaí a bhuaileadh don cogadh a bhris dlíthe
idirnáisiúnta; a mharaigh timpeall 400,000; atá ag robáil m'airgead chun buamaí
a cheannach; a spreag céasadh; a d'úsáid WMDS (sean uráinium) agus airm
céimiceacha (fosfarúil bán), tá an duine sin ciontach san dúnmharú freisin.

Is masla é do na daoine a thug an teanga seo dúinn, na daoine a bhí ann
romhainn, na daoine a d'fhulaing i gcogadh a bhagair ár saolta agus ár dteanga
inár dtír fadó. Is masla é do chreideamh formhór na hEireannaigh a chreideann i
síocháin, agus is masla uafásach é do dhaoine san Iraq an méid atá a scríobh
agat i do bhlog sin a léamh, agus iad ag iarraidh a thuiscint cén fáth a bhfuil
siad ag dul i socraid a gcairde, lá i ndiaidh a céile.

Tá meas agam ar an gcaoi a d'fhoghlaim tú an teanga ach níl meas dá laghad agam ar an méid atá a rá agat i do bhlog. Tá sé contúirteach don tír,don domhan, do na daoine a léann é agus dod' chroí, má tá croí agat. Mar, má deireann tú go bhfuil cogadh go
maith, gan trácht ar an t-uafás dochar a dhéanann sé, ní féidir liom a thuiscint
cá bhfuil an croí, ná réasún ar bith, ansin.

Ó, agus nuair a thosnaíonn duine le 'Ní maith liom bheith i mo bheachtóir', de gnáth ciallaíonn sé a mhalairt. Ba mhaith liom a rá go gcreidim thú ach léigh mé do bhlog. "

Tá bréagacha go leor sa tríú abairt thuas chun alt eile a scríobh - ach tá siad go léir scríofa agam cheana féin (ba chóir dom an nasc seo a úsáid níos minice - thug mé di ar an gclár plé sular thosaigh sí ag scríobh anseo). (Sé seo an 60ú ceann anseo, d.a.s., agus bhí 16 alt agam ar Gan Fiacal Ann as an áireamh sin).

Scríobh an duine céanna ar an mblag seo:


"Céard a tharla leis na 'Free Speech Zones' a tharraing Bush isteach? Bhí an tír go léir ina 'Free Speech Zone' roimhe sin. Agus nuair atá cead ag Clear Channel bheith i gceannas ar go leor, leor stáisiún radio agus Billboards níl móran seans ag daoine scéal eile a chloisteáil seachas an propaganda a scaipeann siad. Tá Limbaugh acu, fear nach bhfuil cáilithe a phost a dhéanamh agus a mhillean an fhírinne: http://www.fair.org/index.php?page=1895.
Ach ná bí ag cur focail imbéal pobal na hEireann. Níl clue dá laghad ag an cuid is mó acu cé hé Limbaugh agus tá siad níos fearr as.

(Tabhair faoi deara gur thosaigh an méid seo le bréag, freisin. Níor thosaigh Bush an rud ar a dtugtar 'Free Speech Zones.' Féach wikipedia, mar shampla. Níl an t-am agam gach a ndeir sí a bhréagnú.)

Dá mbeinnse i mo chuairteoir ó phlainéad eile, agus dá mbeinnse ag lorg sampla den speicias 'liobrálach frith-Bush-ach,' ní bheinn in ann sampla ní b'fhearr a fháil. Níl masla sin di, mar tá sí bródúil go bhfuil sí cosúil le Cindy Sheehan (ach ní raibh an cead sin a rá agamsa...). Tá na tréithe is tábhachtaí go léir aici. Níl cead ag éinne aon rud a rá nach n-aontaíonn sí leis - is masla sin don chine daonna (bhuel, do chine na nGael, ar aon nós). Má tá duine amháin (e.g. Rush Limbaugh, fear mór le rá ar an raidíó anseo) ann á dhéanamh, is cosc sin ar shaoirse cainte an domhain (i.e. na ndaoine a aontaíonn léi). Agus mura n-aontaíonn duine lena cuid bréagscéalta, tá sé de cheart aici maslaí pearsanta a scríobh faoi (mar a dhéanann a leithéid i gcónaí faoi gach duine sa rialtas a bhaineann leis an uachtarán). Tosaíonn gach rud a scríobhann a leithéid le bun bréagach - e.g. gur maith liom (nó leis an uachtarán Bush) an cogadh mar rud, nó go raibh an cogadh san Iaráic mí-dhleathach (táim ag fanacht fós le duine atá in ann an dlí sin a thaispeáint dom), agus tógann siad caisleán air sin. Mar fhinnéithe, úsáideann siad a chéile - gach duine ag cur focal i mbéal daoine eile, gan tagairt amháin do fhocail an duine fhéin. Tá gach rud sa saol mar atá as siocair go ndeireann siad go bhfuil. Ach nílimse i mo chonaí sa saol céanna, agus ní dóigh liom go bhfuil tusa ach oiread, a léitheoir. Ach le blianta tá daoine mar seo ag insint na scéalta céanna dá chéile, agus mar a dúirt Stalin, má insítear bréag minic go leor, tuigtear mar fíor é. Creideann na daoine seo gur fíor na bréagscéalta go léir, agus thóg siad a ndomhan féin. Faraor, cuireann siad an fíor-domhan i mbaol lena gcuid vótaí.

Chuala mé le déanaí go gcreideann 40% de na daoine i Meiriceá go ndearna Meiriceá féin an t-ionsaí ar 9/11. Cuireann sin eagla orm. Is olc go leor nuair a bhíonn daoine amaideach. Ach tá Bush Derangement Syndrome ag éirí ina eipidéim bhaolach. Sin an fáth go scríobhaim an blag seo, go mbeadh seans ann rud fíor a léamh ar an ábhar seo as Gaeilge.

Molaim do Chaitrionna a blag féin a thosnú. Beidh léitheoirí go leor aici, faraor. Bheadh sí in ann bheith ina colúnaí do Beo! nó iris eile, más maith léi.

Ní miste liom tráchtanna anseo ó dhaoine nach n-aontaíonn liom, más tráchtanna iad ar a bhfuil scríofa agam. Táim sásta rudaí a phlé, más plé dáiríre atá ann. Ach nílim sásta an spás seo a thabhairt d'aon duine chun bolscaireacht frith-Bush a fhoilsiú. Tá Blogger saor in aisce. Déan do cheann féin má tá sé sin uait, le do thoil.

Wednesday, January 10, 2007

Plean Nua

Tá an tUachtarán Bush chun straitéis nua le haghaidh na hIaráice a nochtadh ar an teilifís anocht. Le cúpla lá anuas, tá ionadaithe ón bpáirtí Daonlathach á lochtú. Cad é sin? Sea, tá siad á lochtú sula nochtar é. Seo dearcadh an pháirtí Dhaonlathaigh ina leith (agus i leith aon rud a dhéanann GBW) :

Whatever it is, I'm against it!

Tuesday, January 02, 2007

Teachtaireacht do na hArabaigh san Iaráic

Mharaigh sibh Saddam, agus níl na liobrálaithe i Nua-Eabhrac sásta leis sin. Ná na daoine bien pensant san Eoraip ach oiread. Ná fiú an Vatacáin, de réir dealraimh. Ba mhaith leo bhur mbéasa - agus cleachtaithe bhur gcreidimh - a mhúneadh daoibh. Ná bígí ag cur olldhunmharfóirí chun báis! Níl sé go deas.

Ar an lámh eile, is cuma leis na daoine céanna (ach amháin b'fhéidir an Vatacáin) an sceimhlitheoireacht, agus buamadóirí féin-mharaithe, airm ollscriosta, agus dochar ar bith do Iosrael. Mar sin, ná bígí buartha. Níl uathu ach bhur leas. Ná bígí buartha go mbíonn siad ag súil le cogadh cathartha agus briseadh na Meiriceánach i bhur dtír. Is cairde daoibh an lucht seo.

Cad é sin? Tá tacaíocht uaibh? Cabhair do bhur rialtas? Seasamh i gcoinne bhur naimhde? Och, ach, thabharfadh sin cabhair don diabhal féin Bush! C'est ridicule!

Wednesday, December 27, 2006

Gerald Ford, Nach Maireann

Fuair iar-uachtarán Ford bás inné. Ar dheis Dé go raibh sé. An t-aon uachtarán ceaptha a bhí ann riamh ab ea é. Ball den choimisiún a rinne iniuchadh ar fheallmharú Kennedy ab ea é, freisin (an Warren Commission). Tá amhras ann fós faoin gcoimisiún sin, agus a bhfuair siad. Thug sé maithiúnas agus pardún do Nixon, a cheap é mar leas-uachtarán tar éis imeacht Spiro Agnew, agus a d'éirigh as a phost ina dhiaidh sin. Ní raibh gach éinne sásta leis sin ach oiread. Ní raibh Ford go dona mar uachtarán. Ach ní raibh an tír sásta uachtarán nár roghnaigh siad féin a bheith ann, is dócha. Fuaireamar Carter ina dhiaidh. Bhí taitneamh ní b'fhearr ar Ford mar gheall ar an gcodarsnacht sin. Agus bhí Ford go breá (ciúin) mar iar-uachatarán - agus an codarsnacht fós ann.

Fuair James Brown bás an tseachtain seo, freisin. Ní fheadar an fear maith a bhí ann, ach rinne sé ceol breá, agus thug sé misneach dá chine, agus rudaí an-mhaithe sin. Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Fuair máithreacha agus aithreacha daoine eile bás an tseachtain seo. Dúluachair an gheimhridh atá ann, b'fhéidir? Mo chomhbhrón le Conn Ó Muineacháin agus le Deirdre Ní Fhaoláin, a chail a máithreacha. Ar dheis Dé go raibh siad.

Friday, December 22, 2006

Beannachtaí na Nollag

Guím rath agus beannacht ar gach duine ag a bhfuil dea-thoil, go háirithe san am seo bliana. Tugann Dia dóchas dúinn.

Tá trí nithe ann atá buan, más ea,
creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan (Corantaigh I, 13:13).

Cé gur mó é tábhacht an ghrá, tá a dtábhacht féin ag an dá cheann eile. Tá fíor-ghá leo go léir.

Seo comhartha dóchais, nach mbaineann leis an gCríostaíocht, go díreach.

Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a ríchathaoireach agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin, agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen. (Apacailipsis Eoin, 1:4-6)

Thursday, December 21, 2006

Fadhb na hIaráice

Cad tá le déanamh san Iaráic? Tá a fhios ag gach éinne, nach bhfuil an dualgas air an fhadhb seo a réiteach, de réir dealraimh. Iadsan nach mbíonn ag súil go dteipeann orainn, sin a rá. Sea, ní mór dúinn níos mó saighdiúirí a sheoladh ann. Agus ní mór dúinn na saighdiúirí a thabhairt abhaile. Ní mór dúinn ionsaitheoirí ó na tíortha maguard a stadadh, agus ní mór dúinn caint leo mar chuiditheoirí. Thug Grúpa Staidéir na hIaráice (The Iraq Surrender Group) 79 moladh don uachtarán - roinnt díobh a thagann salach ar a chéile - agus dúradh leis a rogha díobh a dhéanamh. Sin plean. Ní raibh an móramh ar an gcomisiúin sin cáilithe chun treoir mhíleata a thabhairt d'éinne.

Ag tús bliana, beidh níos mó cumhachta ag an eite chlé sa rialtas. Níl siad ar aon intinn faoin gcogadh. Tá roinnt díobh ann agus galar intinne frith-Bush (Bush Derangement Syndrome) orthu, agus ba mhaith lena leithéid a gceann a shá sa talamh, na trúpaí a bhaint den Iaráic, agus síochán ar talamh a chumadh ar fud an domhain - beidh sí ann cionn is gur mhaith leo é. Ó, agus Bush is a chairde a chúiseamh mar choirpigh. Buíochas le Dia, is mionlach fós iadsan. Beidh comhairle an-thorthúil ón ndream nua seo, cinnte.

Is é an tUachtarán príomh-cheannaire an airm é. Agus tá a fhios aige, agus ag na daoine atá i dtreis san Iaráic, nach bhfuil réiteach simplí ann. Tá a fhios ag na daoine atá ann gur fiú an troid seo, freisin, agus go bhfuil dul chun cinn ann, d'ainneoin an fhoréigin.

Tá réiteach simplí ag gach éinne, dar leo, ach amháin na daoine a thuigeann an cás. Tá gá le hathruithe, agus tá mórán le déanamh, gan amhras. Ní raibh gach rud mícheart a rinneadh, agus ní raibh gach rud foirfe. Sin an cogadh. Sin mar a bhíonn. Is deacair a bheith foighneach. Ach bíonn na sceimhlitheoirí foighneach, go háirithe nuair a bhíonn an eite chlé ag soláthar dóchais dóibh i gcónaí. Bíodh ciall againn.

Friday, December 15, 2006

Slán le Donald Rumsfeld

Is breá le daoine maslaí a thabhairt don Rúnaí Cosanta Rumsfeld. Fear tábhachtach in reachtas Bush ab ea é. Más fuath leat Bush, is fuath leat Rumsfeld. Ach tugtar beag beann do lucht an fhuatha. Creideann beagnach gach duine go bhfuil siad níos cliste agus níos tuisceanaí ná Rumsfeld maidir leis an Iaráic. Ní lia duine ná tuairim. Is beag duine atá in ann an jab a rinne Rumsfeld a dhéanamh. Ba chóir meas a thabhairt dó.

Rinne Rumsfead obair mhaith. An ndearna sé jab foirfe? Ní dhearna - agus ní dhéanfaidh aon duine eile sin, ach oiread. An bhfuil sé ciontach as coireanna? Níl, ná baol air. Tá an feachtas míleata i gcoinne na sceimhlitheoirí seo an-chonspóideach, agus is mó aineolas atá ann. Má fhéachtar ar na rudaí a dúirt agus a rinne Rumsfeld, feictear fear tuisceanach ag déanamh jab an-deacair. Feictear tírghráthóir a rinne seirbhís dílis dá thír, agus a rinne i bhfad níos mó ná sin. Is iomaí rud tábhachtach a rinne sé sa seirbhís poiblí, agus freisin san earnáil gnó.

D'fhág sé slán ag an arm inné. Go raibh maith agat, a Dhónail Chóir. Ná héist leis na hamadáin. Táimid bródúil asat. Agus aontaímid leat nuair a deir tú

“Every day, in one way or another, I have seen the strength of the men and women in uniform and the dedication of the many thousands who serve here -- military and civilian -- who do their jobs, knowing that theirs is the essential business of protecting a nation (and) a people,” he said. “You do so knowing that you contribute directly to the safety of millions of people: people you will never meet, whose names you will never know.

“I leave this office proud to have served with you,” he said, “(and) proud of what this great institution has achieved,” during what he called one of the most challenging periods in DoD’s 59-year history.

Maith thú. Guímis gach rath ar do chomharba, agus beannacht Dé ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ba Rumsfeld an duine ba fhaide ann i measc airí rialtais G. W. Bush, agus duine de na rúnaí stáit ba fhaide sa phost.

The election has changed many things in Washington, but it has not changed my fundamental responsibility, and that is to protect the American people from attack. As the Commander-in-Chief, I take these responsibilities seriously. And so does the man who served this nation honorably for almost six years as our Secretary of Defense, Donald Rumsfeld. Now, after a series of thoughtful conversations, Secretary Rumsfeld and I agreed that the timing is right for new leadership at the Pentagon. Our military has experienced an enormous amount of change and reform during the last five years while fighting the war on terror, one of the most consequential wars in our nation's history. Don Rumsfeld has been a superb leader during a time of change. Yet he also appreciates the value of bringing in a fresh perspective during a critical period in this war. Don Rumsfeld is a patriot who served our country with honor and distinction. He's a trusted advisor and a friend, and I'm deeply grateful to his service to our country. - George W. Bush

Monday, December 11, 2006

Jeane Kirkpatrick, ar dheis Dé go raibh sí

Tá blianta fada thart ón uair go raibh Jeane Kirkpatrick ina duine mór le rá. Bhí sise ina hionadaí do na Náisiúin Aontaithe faoi Ronald Reagan. Fuair sí bás an tseachtain seo.

Seo rudaí a dúirt sí in 1984. Tá siad níos oiriúnaí inniu ná mar a bhí siad ansin, b'fhéidir. Níl na Sóivéidí ann níos mó, ach tá na sceimhlitheoirí Muslamacha ann ina n-ionad. "It wasn't malaise we suffered from; it was Jimmy Carter - and Walter Mondale."

Bhí Carter ag déanamh dochar ansin, agus tá fós. Dar liom, b'eiseann an t-uachtarán ba mheasa againn riamh. Agus níl amhras ar bith orm gurb é an t-iaruachtarán is measa dá raibh againn riamh. Féach a leabhar nua frith-Iosraelach, má tá sampla de dhíth.

"...they always blame America first. The American people know better. "

Beannacht Dé ar a hanam. Go dtuga Dia a leithéid dúinn arís.

Tuesday, November 14, 2006

Smaoineamh Fonnmhar

Bhuel, bhí an bua ag an bpáirtí frith-Bhush. Agus an fáth? Tá na meáin ag obair go dian i gcoinne Bush le blianta. Tá daoine mí-shásta go bhfuilimid san Iaráic. Creideann mórán daoine, mar gheall ar na meáin, nach bhfuil aon mhaith ann bheith san Iaráic, gur cúis caillte é. Agus is é Bush an Fear Dubh é, agus na diabhail eile ar a fhoireann. Mar sin, chaith móramh na ndaoine vóta i gcoinne Bush agus i gcoinne an chogaidh.

Ach cad a tharlóidh anois? Níl plean ar bith ag an bpáirtí Daonlathach. Tá roinnt díobh ag rá go mba chóir dúinn cúlú ón Iaráic, agus deireadh a dhéanamh den chogadh seo. Ach má dhéantar amhlaidh, beidh cogadh i bhfad ní ba mheasa ann. Beidh bua (eile) ag na sceimhlitheoirí. Tabharfar teachtaireacht don saol mór nach fiú dada cabhair nó fiú focal na Stáit Aontaithe. Tabharfar misneach nua do naimhde na tíre – naimhde na sibhialtachta, sin a rá. Tugadh inspioráid nua dóibh leis an toghchán seo. Is fuath leo Meiriceá, agus níos mó ná sin, is fuath leo Bush. Aon rud a dhéanann Bush níos laige, agus mar sin Meiriceá níos laige, is breá leo sin. Faraor, is amhlaidh le roinnt mhór daoine sa tír seo, freisin.

‘Sé an fáth go bhfuil na sceimhlitheoirí ag troid san Iaráic ná go bhfuil siad ag fanacht le drochmhisneach i Meiriceá, le easpa thola pobal Mheiriceá. Ní bheidh an bua acu go gcaillfidh Meiriceá a toil. Tá sé ag éirí leo, mar sin. Tá siad ag súil le bua eile ag na Daonlathaigh in 2008, agus uachtarán lag ag Meiriceá. Creideann mórán daoine go mbeidh deireadh le cogadh agus sceimhlitheoireacht nuair a bheidh deireadh le Bush. Malairt na fírinne, faraor. Níl ann ach smaointe fonnmhara.

Is léir nach bhfuil gach rud i gceart san Iaráic. Ach cogar – bíonn sé i bhfad níos deacra rud a thógáil ná rud a scriosadh. Dá mbeimis go léir ag seasamh le chéile ar son muintir na hIaráice. Ach bíonn an iliomad de ‘shíochánaithe’ ag seasamh le lucht an fhoréigin i gcónaí.

Is léir nach fiú faic focal na Náisiúin Aontaithe, ná aon bhagairt ón ‘gCumann Idirnáisiúnta’. Má imíonn na comhghuaillithe an Iaráic gan an jab a chríochnú, ní chreidfí focal Mheiriceá ach oiread. Bheadh sé ina fhógra dár naimhde – táimid lag, déan ionsaí orainn – ní dhéanfaimid aon rud ach géilleadh. Is léir nach bhfuil aon imní ag an Iaráin roimh an domhain, ná an Chóiré Thuaidh. Ní mór dúinn go léir bheith dáiríre. Ní mór don saol bagairtí inchreidte a dhéanamh – nó gan bagairtí a dhéanamh riamh arís. Mura bhfuil an cumhacht ag na tíortha daonlathacha, beidh sé ag tíortha éigin – Moslamaigh faisisteacha nó Cumannaithe, nó deachtóirí éigin. Ní sárófar an seanfhocal – níl saoirse saor.

Dála an scéil, a fhríth-Bhuisithe – thosaigh Saddam an cogadh seo, agus rinne na Náisiúin Aontaithe (Naofa) dlisteanach os comhair an tsaoil é. Mura bhfuil sibh sásta bagairtí a thacú le fórsa, ná déanaigí iad. Ní chreideann an móramh sa Mheánoirthear go bhfuilimid i ndáiríre – agus tá cúiseanna ann. Tá súil agam fós nach bhfuil an ceart acu.

Dar ndóigh, bhí cúiseanna eile ann a thug an bua don pháirtí daonlathach. Ní raibh coimeádaigh an-sásta le rudaí rinne (agus nach ndearna) Bush agus na Poblachtánaigh sa bhaile. Caitheann siad airgead mar mhairnéalach ólta, agus tá an iomarca díobh ar son teorainneacha oscailte, mar shampla. Ach má ba theachtaireacht dóibh an cailliúint seo, tá súil agam gur fiú é. Ní bheidh aon fheabhas ann do cheann ar bith de na rudaí seo faoi mhóramh na nDaonlathach.

Cibé ar bith, níl aon rud le déanamh againne, na coimeádaithe, ach seasamh i gcoinne na drochrudaí a dhéanfar sa rialtas, agus obair ar son rudaí níos fearr sa todhchaí. Bhí dáil daonlathach ann nuair a bhí Reagan ina uachtarán. Is féidir rudaí maithe a dhéanamh fós. Agus nuair a fheiceann pobal Mheiriceá obair na nDaonlathach, b’fhéidir nach mbeidh siad chomh mór leo an chéad uair eile. Agus bíonn clog briste ceart dhá uair an uile lá. Tá seans ann go ndéanfaí siad cúpla rud maith de thaisme. Seans beag, ach seans. Ní raibh Clinton mícheart i gcónaí, pé iarracht a rinne sé. Is dócha go ndearna fiú Jimmy Carter rud maith uair amháin – cé nach cuimhin liom é.

An Iaráic – saoi atá ina chónaí ansin. Tuigeann sé go maith a bhfuil ar siúl.

Daoradh Saddam – an gcreidfeá? Tá daoine sona sásta leis ansin!

Monday, October 23, 2006

An Fáth Go bhFuil Sé Tábhachtach

Cén fáth nach cuma meon na meán? Tá tábhacht ag focail, mar atá. Braitheann cúrsaí tábhachtacha an tsaoil ar an tacaíocht a thugtar do thaobh amháin nó thaobh eile.

Bítear ag comparáid an Iaráic agus Vítneam go minic. Níl mórán cosúlachta ann, ach amháin gur bhuaigh na cumannaigh an cogadh sin sna meáin, go háirithe sna meáin Mheiriceáncha teilifíse. Seo alt ar an ábhar sin.

Tá bolscaireacht an-tábhachtach. Féach an dochar a dhéantar le pé drochrud a tharlaíonn, mar Abu Graib agus na páistí le diúracáin in Iosrael. Rudaí as an ord, gan tacaíocht óna rialtais, ach an-úsáideach dár naimhde, agus faraor, níl aon teorainn le suim na meán iontu. Tharla a leithéid in Vítneam, dar ndóigh.
Seo scéal suimiúil faoin ngrianghraf is cáiliúla ón gcogadh sin, agus an dochar a rinne sé.

Is mór an trua go mbíonn na meáin ag tábhairt tacaíochta dár naimhde, mar a rinne siad sna seascaidí is na seachtóidí. Chonaic mé clár faoi na Marines a d'ardaigh breatach Mheiriceá ar Iwo Jima aréir, agus bhí cuid de fhógra a rinne Jimmy Cagney ann mar chuid de, agus bhí sé ag áiteamh ar dhaoine war bonds a cheannach. Rinne gach réalt a leithéid san aois sin. Cá bhfuil siad anois?

Uaireanta, déanann an freasúra polaitiúil dochar dá dtír féin, mar thréas, i bhfírinne. Seo an sampla is déanaí. Tráth dá raibh, bheadh píonós mór ann dá leithéid. Ach tá an New York Times ciontach as eolas rúnda a scapadh go rialta, mar déanann sé dochar don uachtarán.

Bíonn na meáin ag insint leath-scéalta, droch-scéalta, agus ag scaoileadh scéalta rúnda. Is tábhachtach go seastar ina gcoinne, mar déanann siad an-dochar dár dtír. Mar a tharla le Vítneam, agus iad ag iarraidh cúsaí a dhéanamh níos fearr, déanann siad cúrsaí i bhfad níos measa. Sea, is féidir tuairim eile a nochtadh, ach ní ionann sin agus obair ar son naimhde na tíre (mar a rinne Jane Fonda). Ní fiú cumannaigh atá i gceist an uair seo!

Wednesday, October 18, 2006

Sampla eile den Bhiogóideacht

Bhí mé breá sásta le heagrán Lúnasa de Feasta. Sea, tá alt maslach polaitiúil ann, le Seán Ó Loingsigh ("Pé ní a bhí i gceist, tá an domhan seo i bhfad níos dáinséaraí anois ná mar a bhí sular deineadh uachtarán de George W. Bush.") ach sin de rigueur in aon fhoisiúchán Éireannach. Ach tá alt breá ann le duine darb ainm Séamas Ó Neachtain. Agus tá rudaí fiúntacha eile ann, leis. Ansin, an rud deireanach san irisleabhar - alt beag ag áiteamh go bhfuil na Stáit Aontaithe ag ullmhú chun ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala chun a cuid ola a ghoid. Táimid ag ullmhú trí mheán fís-chluiche, tá a fhios agat. Muise. Is daoine baolacha sinn - tabhair aire do do pháistí!

Thursday, September 28, 2006

Is Deacair Gaeilge a Léamh

Gach foilseachán a léim as Gaeilge, bíonn an fhadhb chéanna ann. Déanaim talamh slán de go mbeidh maslaí agus mí-eolas fríth-Mheiriceánach sna hailt pholaitiúla. Ní bhíonn ionadh orm níos mó faoi sin, cé go mbíonn díomá agus masmas orm. Agus bíonn cúpla alt mar sin ann gach mí sna hirisí. Ní féidir leo gan leanúint ar aghaidh lena gcuid droch-chainte fúinn. Ach fiú sna hailt nach mbaineann leis an bpolaitíocht, bíonn maslaí gan tuilleamh iontu go minic. Léigh mé píosa de léirmheas leabhar in Feasta le Áine Moynihan inniu. Ag caint faoin scéal An Brogús, deir sise “Sa scéal seo, ó Stáit Aonraithe [sic] Mheiriceá, go bhfuil toradh a chuid paranoia féin ag brú go mór ar phobail an domhain, a thagann an CRA nó ‘Cuardaitheoirí Rudaí Aisteacha’.” Má thuigim an t-abairt sin i gceart, is ag tagairt do na Stáit atá sí, nuair a deir sí ‘a chuid paranoia.’ Ach is féidir nach bhfuil, agus níl ag cur isteach orm ach mo chuid paranóia féin…

Agus ní bhíonn an fhadhb seo i bhfoilseacháin chlóite amháin. Bíonn sí le feiscint ar fud an idirlín. An tseachtain seo ar an bhfóram acmhainn.ie, a bhaineann le haistriúcháin amháin, ní raibh scata mór daoine in ann srian a choimeád orthu féin gan a bheith ag maslú na Stáit Aontaithe. Agus is daoine proifisiúnta an chuid is mó díobh siúd. Is é an saghas seo de dhroch-bhéasa, maraon leis na spamadóirí, a bhíonn ag scriosadh gach clár plé agus gach liosta r-phoist as Gaeilge le breis is cúig bliain.

An é go bhfuil an bhiogóideacht fhríth-Mheiriceánach chomh huilíoch sin in Éirinn, nach dtugtar faoi deara é níos mó? Cloisim ó chairde go bhfuil a gcairde gaol go dona thall ansin freisin. Nílim ag rá nach bhfuil daoine go leor againn anseo, agus foilseacháin, a bhíonn ag insint bréagacha agus ag tabhairt maslaí dár dtír, ach bíonn daoine eile ann nach ndéanann amhlaidh, freisin, agus daoine fiú a sheasann lena dtír go hoscailte, beannacht Dé orthu. Agus bíonn siad in ann caint faoi rudaí eile ó am go chéile, muise. Dá mbeadh sé amhlaidh in Éirinn.

Nó an é go bhfuil agus nílim ach i mo pharanóideach?

Tuesday, September 26, 2006

Cad is brí de 'Leathanaigeanta?'

Tugann duine 'liobrálach' an téarma seo ar aon duine biogóideach a aontaíonn leo faoi gach aon rud. Má tá tuairim difriúil ag an duine, nó mura bhfuil duine sásta le pé rud atá siad á bhrú air/uirthi, is duine caolaigeanta atá ann, dar leo. Féach aon uair a úsáitear an téarma. Más 'liobrálach' atá dá úsáid, sin an bhrí de, an chuid is mó den am. Tugaimse 'biogóidí' ar a leithéid.

Tugann 'coimeáideach' (nó aon duine stuama) an téarma seo ar aon duine a mheasann dhá thaobh an scéil go paiteanta sula ndéanann sé/sí breithiúnas air - má dhéanann. Sin 'leathanaigeanta,' agus sin an tseanbhrí de 'liobrálach' freisin, sílim.

Monday, September 18, 2006

An Chonspóid Bhréagach is Déanaí

Táthar ag iarraidh na Mulsamaigh radacacha a ghríosú le cúpla lá anuas, mar gheall ar tagairt a rinne an Pápa Bennedict XVI d'impire ón analód (1391) a dúirt rud gan fiacal ann faoi chreideamh na Muslamach. Bhí sé ag déanamh aighnis le Muslamach nuair a dúirt. Bhíodh Críostaithe agus Muslamigh in ann argóint faoina gcreidimh san aois sin. Rinne Aquinas amhlaidh.

Má tá suim ag éinne, seo an léacht féin a thug an Pápa in Regensburg, sa Ghearmáin.

In the seventh conversation ("diálesis" -- controversy) edited by professor Khoury, the emperor touches on the theme of the jihad (holy war). The emperor must have known that sura 2:256 reads: "There is no compulsion in religion." It is one of the suras of the early period, when Mohammed was still powerless and under [threat]. But naturally the emperor also knew the instructions, developed later and recorded in the Koran, concerning holy war.

Without descending to details, such as the difference in treatment accorded to those who have the "Book" and the "infidels," he turns to his interlocutor somewhat brusquely with the central question on the relationship between religion and violence in general, in these words: "Show me just what Mohammed brought that was new, and there you will find things only evil and inhuman, such as his command to spread by the sword the faith he preached."

The emperor goes on to explain in detail the reasons why spreading the faith through violence is something unreasonable. Violence is incompatible with the nature of God and the nature of the soul. "God is not pleased by blood, and not acting reasonably ("syn logo") is contrary to God's nature. Faith is born of the soul, not the body. Whoever would lead someone to faith needs the ability to speak well and to reason properly, without violence and threats.... To convince a reasonable soul, one does not need a strong arm, or weapons of any kind, or any other means of threatening a person with death...."


Rinneadh ionsaithe ar Chríostaithe, agus maraíodh bean rialta mar gheall ar an ruala buala seo. Níl an locht ar an bPápa.

Monday, September 11, 2006

Cothrom an Lae

Cothrom an Lae, an dán. Le clos (cuid de) anseo.

Tá sraith ghrianghraf le feiscint anseo, i gcuimhne an lae uafásaigh sin.

Ach téann an stair níos sia siar ná cúig bliana. Seo cúpla rud suimiúil (as Béarla) faoin lá seo, nach mbaineann le 2001:

1565

1683

Friday, September 08, 2006

Argumentum Ad Nauseum

Is iontach dom an méid daoine atá ann nach dtuigeann na rudaí is bunúsaí. Tá siad ina gcónaí i saol ar an taobh eile den scáthán; bíonn an dubh ina bhán acu. Maidir leis an bpolaitíocht, ar aon nós. Is minic gur daoine an-deasa ar fad iad, ach amháin an éalang seo. Comhluadar deas, cairdiúil, suim sa cheoil acu, srl. Ach ní féidir aon rud a phlé lena leithéid, mar ní ghlacann siad le rudaí atá ina aicsímí bunúsacha. B'fhearr leo gach cliché bréagach a chreideamh, seachas féachaint ar chúrsaí mar atá siad sa saol seo.

Na daoine is fearr díobh, tá a fhios acu nach féidir an pholaitíocht a phlé, agus mar sin, ní dhéanann siad é. Cuirimid go léir i gcéill go bhfuil splanc céille ag an duine eile, agus bímid breá sásta lena chéile. Ach uaireanta, bíonn an fonn sin orthu, agus is deacair iad a sheachaint. Ansin, tosaíonn an síor-achrann, agus bíonn sé orm na rudaí céanna a rá is a athrá, gan éifeacht, de ghnáth. Is annamh an duine ar féidir leis fíricí agus loighic a phlé, mo léan géar. Is cosúil go mbím ag plé dathanna an tsaoil le duine dall.

Ach ar an seans go mbeadh duine díobh siúd ag léamh an bhlaga seo, seo mo chuid den tsíorachrann. Chuir do chuidse ina dhiaidh, agus ath-léamh an méid thíos. Déan amhlaidh go dtagann tuirse go leor ort. Nó, go ndéana Dia trócaire orainn, tuiscint. (Más duine ciallmhar tú, is féidir leat an méid seo a úsáid ina gcoinne, freisin.)

1. Tá difear ann idir bán agus dubh.

2. Tá an mhaith agus an t-olc ann. Ní mór do dhuine foghlaim cé acu an mhaith agus cé acu an t-olc. Tá difear ann. Tá traidisiún fad-shaolta ann ar an ábhar seo.

3. Tá difear ann idir an tsibhialtacht agus an bharbarthacht. Tuigtear go bhfuil an tsibhialtacht go maith, mar tugann sí cosaint do dhaoine, go ginearálta, agus tugann sí rialacha dúinn mar dhaoine. Tugann sí dlíthe dúinn, agus aithníonn sí cearta daonna.

4. Tá difear idir saighdiúir agus sceimhlitheoir. Is cuma faoi mhéid an bhuama atá aige/aici, d’ainneoin an cliché bréagach sin. Baineann an difear leis na rudaí thuas. Baineann sé le cuspóirí agus meáin, leis an údarás agus an gceart. Mar is é seo an coincheap is deacra do mórán daoine, seo samplaí:

a) Siúlann buachaill óg isteach bhus lán de pháistí scoile, agus sibhialtaigh eile. Pléascann sé é féin le buama lán de thairní agus rudaí uafásacha eile, chun an méid daoine is féidir a mharú is a ghortú, maraon leis féin.

b) Scaoileann saighdiúirí buachaill óg atá ag siúl ina dtreo agus veiste lán de phléascaigh ceangailte leis, nuair a dhiúltaíonn sé an t-ordú chun stopadh.

Cad iad na difir? Ní raibh sé de chuspóir ag an saighdiúir éinne a mharú, ach chun daoine a chosaint. Fiú mura raibh pléascaigh sa veiste ag an duine, mura stadfadh sé, bheadh an ceart ag an saighdiúir. Fiú dá mbeadh timpiste mar sin ann, mar ní raibh sé d’aidhm aige aon duine a mharú ach mura raibh aon dul as eile ann dó, chun baol (sin a rá, olc) níos measa agus níos mó a sheachaint. Is cuma dá mbeadh daoine ag seoladh diúracáin nó ag iarraidh iad féin a phléascadh i measc daoine eile, bheadh an ceart ag an saighdiúir iad féin agus na daoine eile a chosaint.

An bhfuil ceart ar bith ag an chéad duine, ar a dtugtar ‘sceimhlitheoir?’ Níl, dar leis an sibhialtacht. Níl sé ceart aon duine eile a mharú mura bhfuil an duine sin ag iarraidh tusa a mharú nó a ghortú, chun tú féin a chosaint, nó do chairde gaol a chosaint.

Rinneadh airm chun na conspóidí is measa idir dhaoine a réiteach, mura bhfuil aon dul as eile ann. Bíonn údarás na ndaoine ag saighdiúir san arm, a bhíonn ag obair ar son tire. Níl údarás ar bith ag an sceimhlitheoir. Déanann sé a thoil, d’ainneoin aon tír nó rialtas. Mar sin, is coirpeach é, dar le aon tír sibhialta, agus dar le aon duine sibhialta. Is cuma cén fáth a dhéanann sé na droch-rudaí a dhéanann. Is droch-rudaí iad iontu féin (dubh, seachas bán).

Má dhéanann saighdiúir ionsaí ar dhaoine eile, fiú gan chúis, tá an ceart ag na daoine eile iad féin a chosaint ón saighdiúir agus ón rialtas a sheol é, ach níl an ceart ag éinne bean, páistí agus comharsana an tsaighdiúra sin a mharú d’aon ghnó. Dá mbeadh, ní bheadh aon sibhialtacht ann, agus ní bheadh cosc ar éinne pé rud a b’áil leo a dhéanamh. Níl saoirse gan smacht, gan rialacha, gan dlíthe. Chun an tsibhialtacht a chosaint, ní mór do gach éinne a leithéid de bharbarthacht a shéanadh agus a stadadh. Ní féidir neamhaird a dhéanamh de. Ní mór dúinn go léir é a stadadh.

Tá deachrachtaí eile ann a dhéanann rudaí níos casta, ach má tá an bhuntús seo ag duine, níl sé deacair an ceart a aithint. Mar shampla, má mharaítear sibhialtaigh mar bhí sceimhlitheoirí dá n-úsáid mar sciatháin, agus má dhéantar gach iarracht gan iad a mharú, ach tá na sceimhlitheoirí ag marú is ag ghortú daoine eile, tá an ceart fós ag na daoine a mharaigh iad, cé gur rud uafásach é. Tá an milleán ar na sceimhlitheoirí, as an rud olc sin. Ach sin cás casta. Ní bhíonn gach cás mar sin.

Seo sampla eile. B’éasca do na Stáit Aontaithe gach duine a mharú san Iaráic, mar shampla eile. Réiteodh sin gach fadhb atá againn ann. Ach ní dhéanfadh na Stáit a leithéid de rud, mar is olc an rud é, ann féin. Dá mbeadh an seans sin ag na sceimhlitheoirí chun gach duine i Meiriceá a mharú, dhéanfadh siad sin gan aon agó. Tá an mhaith ann, agus tá an t-olc ann.

Cás casta eile a bhíonn daoine ag baint droch-fheidmh as, sin cás an bhuama adamhaigh a d'úsáid na Stáit sa tSeapáin. Tá alt agam faoi seo anseo. I gcúpla focal, bheadh sé i bhfad ní ba mheasa don saol, agus do mhuintir na Seapáine, mura ndéanfadh amhlaidh. Tharraing siad an rud olc orthu féin, as a ndearna siad. Agus cé gur rud an-olc ab ea é, ní raibh aon rogha ní b'fhearr ann. Maraíodh sibhialtaigh i gcathaoracha a raibh ina dtairgid mhíleata, agus sin an cogadh, faraor. B'fhéidir is sin an cheist is casta sa stair, ach sin mar a thuigtear é de ghnáth, má dhéantar dian-mhachnamh uirthi.
Ar an lámh eile, má fhaigheann an Iaráin an buama adamhach, is léir nach mbeadh aon leisce orthusan é a úsáid i gcoinne Iosrael nó aon tír eile, gan chúis ach an fuath neamhréasúnta. Tá difear ann.

Sin an méid. Is féidir na samplaí a phlé, agus samplaí eile a thabhairt, ach ní bheadh aon toradh ar sin, mura raibh cheana. Níl foighne ar bith orm níos mó le daoine nach dtuigeann na rudaí seo. Cuireann siad orthu féin gurb iadsan na daoine maithe sibhialta tuisceanna. Ní fhaca mé aon fhuath go láidir sa saol seo agus a bhíonn ag 'lucht na síochána.' Ní fhaca mé aon daoine chomh biogóideach agus bhíonn 'lucht chothrom na Féinne.' Ní bhíonn iontu go minic ach barbaraigh, nó lucht tacaíachta na mbarbarach, faraor. Agus tá siadsan níos baolaí ná na sceimhlitheoirí féin, mar thugann siad tacaíocht dóibh in ainm daoine maithe sibhialtachta, thugainn siad an mhaith ar an olc, agus spreagann siad iad, lena síor-dhroch-chaint.

Sa chéad chás a thug mé thuas, tá an milleán ar an mbuachall atá ina bhuamadóir. Tá an milleán ar na daoine a sheol é. Agus tá an milleán ar na daoine a deir leo, 'maith an jab, tá an ceart agaibh.'

Bíodh ciall acu, in ainm Dé.

Tuesday, August 29, 2006

Dia Idir Sinn Agus an tOlc

An é seo toradh shaothar na ndaoine in Éirinn a bhíonn báúil leis na sceimhlitheoirí?

"Anyone who supports Tony Blair," said Khalid Kelley, an Irish-born convert to Islam, "is not a civilian."

An é sin todhchí na hÉireann, agus í lán de Khalid-eanna agus Mohamad-anna le sloinnte Éireannacha?

Nach deas é go n-athnaíonn na sceimhlitheoirí an daonlathas! Tuigeann siad nach mbeadh Tony ann mura mbeadh na vótaí aige. Dá dtabharfadh siad an t-aitheantas céanna don daonlathas ina dtíortha sa mheánoirthear!

Tuesday, August 22, 2006

Ar Ghoideadh Ár n-Ainm?

Tá leabhar nua ann dar teidil Na Buachaillí Dána, le Pádraig de Paor. Tá sé faoi na filí Cathal Ó Searcaigh agus Gabriel Rosenstock. Ach nach raibh a fhios ag mo dhuine gur thugamar-ne an t-ainm sin orainn mar ghúpa ceoil fadó? Muise, tá podchraoltaí ann a rinneamar chomh luath le Mí na Nollag 2005, agus táimid ann le blianta roimhe sin. Ní chuirfidh mé an dlí air, ach ba chóir dó ceann a thógáil dínn, i mo thuairim. Nach bhfuil aithne ag saol mór na Gaeilge orainn?! ;-) Ba leor dó Google a dhéanamh.

Wednesday, August 16, 2006

Tá Abrahám Neamchiontach!

Rinne Conn trácht ar smaointe The Seanachai ar an Imeall. Maíonn an duine sin gur féidir go bhfuil an milleán ar Abrahám go bhfuil na Muslamaigh agus na Giúdaigh (agus Críostaithe) ag marú a chéile. Is ait liom an teoiric seo.

Is fíor go gcreideann na trí chreideamh mór seo go bhfuil dia amháin ann, agus gur nocht sé é féin do dhuine darb ainm Abrahám. Ach tuigtear an dia seo, agus scéal Abramháim, ar slite an-éagsúla óna chéile sna creidimh áirithe. Cuireann an teoiric seo i gcuimhne dom an cás ina bhfuil spéis sa cheol nó sa pholaitíocht ag beirt, agus mar sin creideann tríú duine go mbeadh siad an-chairdiúil lena chéile mar go bhfuil an spéis chomónta sin acu. Dar ndóigh, níos minice, bíonn daoine in adharca a chéile ar na hábhair seo!

Creidimid go bhfuil grian amháin ann. Chreid na sean-Éigiptigh sin, agus na hAztec, freisin. Chreid Ptolemy agus Copernicus agus Einstein sin. Ach nach raibh dearcadh éagsúil ag gach grúpa nó duine sa liosta sin faoi bhrí an chreidimh sin? Réabadh croíthe daoine óna gcléibh mar gheall ar an ngrian chéanna a bhí mar inspioráid don mbuama adamhach. Cuireadh Copernicus faoi ghlas mar gheall ar an difear idir a dhearcadh agus dearcadh na hEaglaise ag an am, faoin ngrian chéanna. Dia ab ea í don móramh sa stair, ach ní chreidtear sin sna laethanta seo ach go hannamh. Cad is an ghrian ann? Cad is an Dia amháin ann? Cad é a bhaint leis an saol seo, agus a choibhneas leis? Sin iad na rudaí as a ndéantar na creidimh éagsúla.

Maidir le scéal Abraháim, is mó rud nach bhfuil i gcoitinne ag na Moslamaigh leis an dá chreideamh eile. Tagann siad salach ar a chéile. Glacann Críostaithe leis an mBíobla atá ag na Giúdaigh – agus leantar ar aghaidh leis an scéal. Níl sé amhlaidh leis na Muslamaigh. Tá difir an-mhóra ann idir an Bíobla agus an Córan. Luann The Seanachai rud amháin, a dhéanann sé beag beann de, ach rud tábhachtach atá ann. Thug Dia a mhac Íosác, a chéadmhac dleathach, do Abrahám agus a bhean Sárá. Páiste gréine a bhí ann in Ísmeáél, páiste le hAbrahám agus a sclábhaí Hágár. Ba é Íosác an pháiste a gheall Dia dó (agus is samhail Chríost é). Rinneadh náisiúin eile de Ísmeaél, agus rinneadh Iosrael agus lucht an ghealltanais de Íosác. Difear an-mhór eatarthu-san. Creideann na Muslamaigh gur tháinig na hArabaigh ó Ísmeáél, agus gurb eisean an duine tábhachtach. Difear bunúsach ó thús an scéil, mar sin.

Maidir le marú ar son Dé, sa scéal sin, ba thriail d’Abrahám é, agus níor mhian le Dia Íosác a mharú – i gcodarsnacht leis na náisiúin eile a rinne a leithéid ag an am. Ar shlí, tugadh ar ais ón mairbh é – ach sin tuiscint Críostaí. Ach ba é creideamh Abrahám an rud ba thábhachtaí sa scéal. Is mó scéal eile sa Bhíobla faoi chogaí a spreag Dia nó a thug Dia cabhair dóibh leis. Tugann Dia cabhair do thaobh amháin go minic, agus uaireanta ní thaobh Iosrael ab ea é, ag braith ar a raibh ar siúl acu.

Difear bunúsach maidir leis na Giúdaigh atá ann sa Chóran, i comparáid leis an mBíobla. Is léir nach gcreidann na Muslamaigh go leanann siad an Dia céanna.

Mar sin, dar liom, ní thuigeann The Seanachaí an scéal i gceart, mar síleann sé go bhfuil rudaí i bhfad níos simplí ná mar atá.

Beagán faoi Abrahám
Tá creidimh eile ann agus a scéalta féin faoi dhuine darb ainm sin, freisin.

Agus dar ndóigh, ní aontaíonn gach fo-ghrúpa lena chéile sna creidimh mhóra. Ní chreideann gach Muslamach, mar shampla, go bhfuil sé de cheart aige Giúdaigh agus Críostaithe a mharú ar a thoil. Ní aontaíonn siad go léir faoi cad is jihad ann, leis. Ní aontaíonn gach Giúdach faoi mar a bhfuil teorainn Iosrael, nó fiú má tá Iosrael mar atá inniú ó Dhia. Níl cúrsaí chomh simplí sin. Tá baint láidir ag creideamh leis an scéal seo, cinnte. Ach níl sé ceart an mileán a chur ar éinne ach na daoine a fhearann cogadh ar a chéile. Agus níl ionannas eatarthu.

Tuesday, August 15, 2006

An Preas Meiriceánach agus Seán Ó Loingsigh

Tá fantaisíocht chomónta ann in Éirinn. Léigh mé alt faoin bpreas in Éirinn in Feasta (Iúil 2006 - faraor géar, is é eagrán na Márta an ceann is nuaí ar a suíomh), le Seán Ó Loingsigh. Ag gearán a bhí sé go mbíonn na meáin ar aon intinn i gcónaí ann, agus ní leor coimhlint chun éagsúlacht a spreagadh, mar a cheapfaí. Bhí áthas orm alt polaitiúil as Gaeilge a léamh gur aontaigh mé leis! Ach ansin, chuaigh sé ar strae. Thosaigh sé ar an scéal mícheart céanna a insint gur chuala mé cheana (agus gur labhair mé ar an Imeall faoi), gur amhlaidh an preas i Meiriceá, ach ar son an chogaidh srl. ("éagsúil ar fad" a deir sé, le meáin na hÉireann). Deir sé go mbíonn an preas ag tabhairt tacaíochta don uachtarán agus don chogadh "tubáisteach" san Iaráic. Muis, tá sé cosúil le Richard Waghorne ag caint faoin nGaeilge! Ar léigh sé nuachtán Meiriceánach riamh (seachas an New York Sun agus b'fhéidir an New York Post)? An bhfaca sé clár nuachta Meiriceánach riamh, nach raibh ar an ngréasán Fox (atá ina eisceacht)? Ar chuala sé trácht ar Dan Rather agus CBS riamh? An gcreideann sé go bhfuil gach stáisiún raidió mar WABC i Nua-Eabhrac, stáisiún caint-raidió? Dá mbeadh! Tá freasúra (beag) ann sna meáin Mheiriceánacha, agus níl sé ann ach le b'fhéidir fiche bliain, mar chumhacht. Is dócha má fheiceann duine Éireannach a leithéid de thuairim eile faoin gcogadh, creideann sé go bhfuil na meáin ar fad ar aon intinn faoi (mar a bhíonn siad in Éirinn). Ach bíonn níos mó ná tuairim is dearcadh amháin ar fáil i Meiriceá. Cé gur mionlach a bhíonn ann le dearcadh dearfach sna meáin, tá siad ann go leanúnach. Ach ní ionann sin agus nach mbíonn claonadh frith-Bush agus frith-chogadh ag an móramh i gcónaí - ná bíodh imní ort, a Sheáin.

Tá an iomarca ann ar an idirlíon ar an ábhar seo, ach seo tosach, má tá suim aige, nó ag éinne, san fhírinne:
The Media Research Center (faoi chlaonadh na meán)
Faoin gcogadh san Iaráic

Tuesday, August 01, 2006

Anailís ar Alt Waghorne

1) Tosaíonn sé ag caint faoin nGaeilge mar rud ón stair, rud nach maireann. Tá dul amú air, mar is eol dúinn. Ach is rí-mhinic a cheaptar uirthi - agus a mhúintear í - mar theanga mharbh.
Seo alt an-deas ar an ábhar seo: The Value of Irish, ó Rubrication.
Más ón am atá thart amháin í dó, is léir ón méad sin nach dtuigeann sé a tábhacht chultúrtha. Is í an príomh-leanúnachas atá ann i gcultúr na hÉireann. Agus is í an rud is tábhachtaí a chothú chun féiniúlacht Éireannach a choimeád beo. Mura bhfuil sí tábhachtach d'oireacht na hÉireann, níl aon oireacht ann. Ní bheadh ann ach oireacht na gcoilíneach. Mar sin, tá Waghorne glan mícheart ón dtús.

2) Deir sé nach bhfuil aon ghá leis an nGaeilge chun stair na hÉireann a thuiscint. Bhuel, is dócha gur féidir le duine a stair a léamh i dteanga ar bith. Cad is ciall leis sin? Más príomhfhoinsí atá uait, ní mór ná go bhfuil Gaeilge agat chun aon rud a thuiscint i gceart. Ar tharla stair na hÉireann trí mheán an Bhéarla mar a mhaíonn sé? Roinnt de. Ach cad faoin rud is mó a tharla, an górta? Ar tharla sin do Bhéarlóirí? Cad faoi na réamhlóid? An raibh béarlóirí amháin páirteach leo? Ní dóigh liom, a dhuine aineolach. Agus tá a fhios seo agamsa, Meiriceánach. Náire ort, Richard.

Maidir le litríocht na hÉireann, nach amaideach a mhaíomh nach bhfuil litríocht Ghaeilge ann! Ní léann Béarlóirí an chuid is mó de, agus mar sin, níl sí chomh cáiliúil agus atá litríocht na mbéarlóirí. Yeats? Tá ceart dá chuid ag daoine i Sasana. Joyce? Ar chaith sé tamall in Éirinn? Tá a dtábhacht acu, mar scríbhneoirí. Ach tá litríocht Ghaeilge ann leis na mílte bliain, agus tá a fiúntas féin aici.

Is cóir agus cuí do gach aon chultúr litríocht ina theanga féin a bheith acu. Is rud an-tábhachtach é a chuireann in iúl go bhfuil cultúr éagsúil ann ar chor ar bith! Cuireann sé ionadh orm nach dtuigeann an Waghorne sin. Tá nuachtáin, irisleabhair, agus na céadta leabhar nua-aimseartha ann as Gaeilge. Tá litríocht bheo ann. Cad tá cearr leis nach bhfeiceann sé sin? Nó an ndearna sé iarracht ar bith chun saol na Gaeilge a iniúchadh sula labhair sé....?

3) Maíonn sé nach bhfuil aon mhaith i gceoil Gaelach, mar bhí Beethoven ní b'fhearr! Ar chuala tú a leithéid de chacamas riamh? An ndéarfadh sé le lucht gorma Mheiriceá nach gcóir dóibh a gceoil féin a dhéanamh, mar bhí na Gearmáinigh ní b'fhearr?! Níl aon mhaith in rac-cheol, ná snag-cheol, ná ceol bundúchasach ó thír ar bith, má úsáidtear an 'loighic' seo. Agus cén rud atá ann ar a bhfuil níos mó clú agus cáil, as Éirinn, ná a cuid ceoil?! An é nach maith leis na líiricí Gaeilge? Is maith le beagnach gach duine ar mhaith leis ceol Éireannach iad, fiú mura bhfuil focal Gaeilge ag an té sin. Bíonn daoine bródúil go bhfuil an traidisiúin arsa - agus beo - sin againn. Mórtas cine, sin rud nach dtuigeann mo dhuine, déarfainn.

4) Críochnaíonn sé leis an bhfear tuí céanna, ag rá nach bhfuil ann sa Ghaeilge ach teanga ón analód, agus nach mbíonn saol ann in Éirinn ach trí mheán an Bhéarla. Ní mór dó imeacht óna theach níos minice.


Bhuel, sin cúpla focal ar an ábhar seo. Is trua go dtugtar ceann dá leithéid. Mar a dúirt Conn, ní dhearna Richard aon staidéar ar an gceist sular oscail sé a bhéal. Thaispeán sé don saol cé chomh aineolach is atá sé. Bíodh oideachas agat, a Richard.

Friday, July 28, 2006

Richard Waghorne

Nuair a léigh mé an post seo ar An tImeall, níor léigh mé an post le Richard Waghorne a raibh Conn ag tagairt dó. Ach luaigh Gary arís é, agus mar sin, léigh mé é. Agus cinnte, ní aontaím leis. Ach mar sin féin, nach bhfuil cead cainte ag gach éinne?

Tá cead aige a thuairim a nochtadh, cé gur maslach é dúinn. Nach mbíonn na scríbhneoirí ar Ceist Mhór an Lae malsach go leor fá dtaobh de Iosrael? Cuireann siad masmas orm, gan dabht. Ach bím ag tabhairt freagraí dá leithéid le blianta (gan éifeacht, faraor). Mura n-aontaíonn tú le rud, tabhair míníuchán agus fíricí don té nach n-aontaíonn tú leis. Tá géarghá againn sa lá atá inniu ann leis an aighneas stuama, seachas ionsaithe ad hominem. Má chreideann tú rud, ba chóir duit bheith in ann an creideamh sin a chosaint go ciallmhar. Ní ionann fearg agus fírinne. Agus bíonn dhá thaobh do gach scéal. Nó níos mó, fiú. Ní lia duine ná tuairim.

Scríobh sé na rudaí a cheapann sé maidir leis an nGaeilge. Deir gach éinne rud amaideach ó am go chéile (agus níos minice ná sin!). Nárbh fhearr dúinn freagraí a thabhairt do na rudaí a mhaíonn sé? And if Richard Waghorne cares to know what we are saying, he should learn Irish. Labhraítear Gaeilge anseo.

Chonaic mé cóip den Irish Times aréir ina raibh litir le duine eile atá ar aon intinn le Richard faoin teanga. Caitear an iomarca airgid uirthi, gan ghá, dúirt sé. Na sean-ghearáin mar a bhíonn. Ach cén fáth an fuath seo i leith na teanga? An bhfuil tionchar ró-mhór ag an rialtas ar chúrsaí teangan in Éirinn? An bhfuil sí i seilbh na heite clé amháin? Cheapfaí sin agus duine ag léamh na foilsiúchán Gaeilge agus an chuid is mó dá bhfuil ar an idirlíon. Sin ábhair smaointe. Ach ní freagra dó seo.

An fíor na rudaí a dúirt sé? An bhfuil Béarla níos soifisticiúla ná an Ghaeilge? An bhfuil aon ghá leis an teanga mar chuid d'fhéiniúlacht na hÉireann? An bhfuil cultúr tábhachtach ann a bhaineann leis an nGaeilge? An bhfuil ceoil breá ann as Gaeilge? Ceisteanna tábhachtaí iad seo, agus ba chóir dúinn freagairtí a thabhairt. Cé a thosnóidh? Bímis ullamh don chéad duine eile a deir na rudaí seo - agus beidh siad ann.

Thursday, July 27, 2006

Fabhalscéal

Bhí scoil ann sa chomharsanacht. Scoil Chaitliceach a bhí ann. Comharsanacht aindiaga a bhí ann, agus ní raibh siad an-sásta go raibh an scoil ann ar chor ar bith. Bhí sé ina scoil phoiblí, cúpla glúin ó shin. Ach tá sí ann le fada, agus glacann an saol mór leí, go hoifigiúil.

Bhí b'fhéidir míle páiste ar scoil ann. Chuir beirt duine fúthu i dteach taobh leis an scoil. Chuaigh sinseanaithreacha a gcol seisreacha ar scoil ann fadó. Bhí suim mhór acusan i bpáistí na scoile. Mar atá, ba mhaith leo iad a fuadach, a chéasadh agus a mharú. Ba chuma sin le roinnt sa chomarsanacht, ach b'fhuath le roinnt eile daoibh a leithéid. Agus dar ndóigh, bhí sé mí-dhleathach. Ach ní raibh aon phóilíní sa chomharsanacht ach cúpla a bheadh ag breathnú ar chúrsaí, gan faic á dhéanamh acu. Bhí sé de dhualgas ag an scoil na páistí a chosaint. Bhí gardaí acu chun sin a dhéanamh.

Bhí cairde ag na coirpigh sa teach sin a thugadh airgead agus stuif eile dóibh chun a ndrochbhirt a chur i bhfeidmh. B'fhuath leo na páistí sin. Mar sin, b'fhéidir leis na coirpigh mórán a dhéanamh. Rinne siad gréasán de tollán faoin talamh agus fiú faoi chlós na scoile. D'fhuadaíodh páiste ó am go céille tríothu. Scaoileadh siad pilléir istigh sa scoil, agus mharaíodh siad páiste ó am go céille.

I gcomharsanacht eile, comharsanacht Protastúnach, bhí cúpla seanbhean dhíomhaoin ina gcónaí. Chuala siad scéalta faoin scoil seo, agus bhíodh siad i gcónaí a seoladh litreacha chuici ag insint dóibh bheith cúramach agus go deas lena gcomharsana uile, go háirithe na fir dheasa sa teach áirithe sin.

D'inis gardaí na gardaí do na póilíní a scéal. Rinne siad gach iarracht chun cabhair a fháil ó na comharsana, agus fiú ó na seanmhná úd, ach níor éirigh leo. Dúirt gach éinne leo bheith ina gcomharsana maithe, gan trioblóid a dhéanamh. Ba mhaith le gach éinne síocháin sa chomharsanacht. Níor mhaith leo go bhfuil éinne maraithe, ach ba chuma leo na páistí mar sin féin. Ba Chaitlicigh iad, agus ní raibh sé ceart go raibh siad ann in aon chor, dar leo. Choimeáid na seanmhná súil ghéar air eachtraí na scoile, agus cháin siad aon rud a rinne siad chun cosc a chur ar na coirpigh.

Lean na corpaigh ar aghaidh ag fuadach is ag marú. Rug siad ar cúpla páiste eile, agus bhí a ndóthain ag lucht na scoile. Ghuí na páistí gach rath ar na gardaí scoile, agus chuaigh na gardaí go dtí an teach sin chun na coirpigh a stadadh. Mharaigh siad duine de na coirpigh. Rith an duine eile uathu.

Bhí na seanmhná i bhfad ar buile faoi seo. Dúirt gach éinne gan aon rud eile mar sin a dhéanamh riamh arís, agus nár chóir an teach sin a thógáil ó na coirpigh, agus gur chóir don duine eile sin a rith as bheith ina chónaí ann fós, agus gur chóir go mbíonn síocháin idir eiseann agus lucht na scoile. Dúradh go ndeachaigh na gardaí thar fóir lena ndearna siad. Sheoil na seanmhná nótaí grá don chorpach, á mholadh as a fhód a sheasamh aige. Thug cairde eile an choirpigh buamaí agus rudaí eile dó mar chabhair nua. Chuir cairde dó, coirpigh eile, fúthu sa teach céanna leis.

Chuaigh gardaí na scoile ar ais go dtí an scoil, mar a mhol na seanmhná is na comharsana, agus dúradh leo go mbeadh síocháin ann as sin amach. Cén fáth? Mar gur mhian le lucht a gcáinte í. Agus go ndúirt na seanmhná go mbeadh. Cé go raibh an ceart ag na coirpigh iad a ionsú, dar leosan. Sea, b'fhuath leo gardaí na scoile. D'iar na seanbhean ar lucht na scoile cúpla seomra a thabhairt do na coirpigh, chun an tsíochán a chothú leo. Agus dúradh nach raibh éinne ag taobhú leis na coirpigh.

Agus bhí síocháin ann ó shin i leith go deireadh an tsaoil.

Wednesday, July 26, 2006

Na NA sa Liobáin

Is eagraíocht frith-Iosraelach í na Náisiúin Aontaithe, den chuid is mó. Is minic a bhíonn siad ag taispeáint dímheasa d'Iosrael. Ach sháraigh Kofi Annan an gnáthmhasla inniu, agus an líomhaint aige gur mharaigh Iosrael saighdiúirí na NA d'aon ghnó. Nach iontach é go bhfuil duine mar sin i mbun na heagraíochta is 'tábhachtaí' maidir leis an taidhleoireacht, duine chomh neamhfhreagrach meargánta - agus scannalach (ach sin scéal eile).

Cén fáth go bhfuil na saighdiúirí sin ann in aon chor? An bhfuil siad ag coimeáid na síochána? Cad é an misean atá acu? An bhfuil siad ag tabhairt cabhrach do Hiosboladh?

Seo anailís chruinn iontaofa faoin ábhar, agus is fiú a léamh, cé gur as Béarla é. Píosa ó The Belmont Club is ea é. Is fiú na tráchtaí a léamh, freisin. Má tá suim ag éinne in aon rud ach bolscaireacht frith-Iosraelach agus líomhaintí gan bhunús.

Níos mó faoin NA agus Iosrael:
The Volokh Conspiracy ar chomhpháirteachas na NA
Joshuapundit ar an stair

Tuesday, July 25, 2006

Bolscaireacht

Ar chuala tú go n-ólann na Giúdaigh fuil a naimhde? Dóbair gur chuala. Tá fiabhras ann ar fud an idirlín le déanaí mar gheall ar ghrianghraf ina bhfuil páistí ag scríobh ar bhuamaí. Deirtear gur páistí Iosraelacha iad, agus, tuigtear gur mar sin gach páiste in Iosrael, agus gur polasaí an Stáit a leithéid. Agus go bhfuil rud mícheart leis go bunúsach. Agus tá - bhí sé baolach do na páistí. Ach is cuma le gach éinne iadsan. Fáth eile is ea í do lucht an fhuatha ("síochánaithe") a nimh a thabhairt do Iosrael.
Seo píosa beag faoi

Botúin a bhí ann, má tharla ar chor ar bith mar a deirtear, mar is bolsaireacht le héifeacht í do naimhde Iosrael (atá ann go flúirseach, sna meáin go háirithe). Ach is cuma le lucht an fhuatha go mbíonn Hiosboladh ag seoladh buamaí mar sin go hIosrael chun na páistí seo a mharú - d'aon ghnó. Is cuma leo go bhfuil an ceart ag Iosrael í féin a chosaint, agus gur cóir do gach éinne in Iosrael tacaíocht a thabhairt dá harm. Is cuma leo go bhfuil sceimhlitheoirí ann mar arm i gcuid mhór den Liobáin, le tacaíocht ón Siria agus ón Iaráin (agus uathusan), agus nach bhfuil ann mar chuid de rialtas na Liobáine ar chor ar bith - lonnaitheoirí cearta iadsan - agus go bhfuil siad ann chun Iosraeligh a mharú - fir, mná is páistí.
Is cuma leo go bhfuil fadhbanna i bhfad níos mó ag páistí eile an Mheánoirthir. Mar an duine seo.

Mura fuath leo Iosrael ó bhun, is lucht saonta an chuid is mó de na daoine a bhíonn ag gearán faoin gcogadh seo i gcoinne na sceimhlitheoirí Hiosboladh. Tá gá le cogadh uaireanta.

Síochánaithe vs. an tSíocháin

Monday, June 05, 2006

Dobair go raibh tubaiste i gCeanada

Cén fáth nach mbíonn a leithéid seo de scéal ar phríomhleathanach gach nuachtán? Dá n-éireodh leo, bheadh sé ann, gan amhras. Gabhadh sceimhlitheoirí i gCeanada a bhí chun oll-dhúnmharú eile a dhéanamh in Toronto. Beannacht Dé ar phóilíní Cheanada, cinnte, gur stadadh iad sula ndearna siad slad ann.

Shíl na Ceanadaigh go raibh siad slán, mar níor thug siad cabhair do na Stáit san Iaráic, agus bíonn siad dár gcáineadh. Bhí dul amú orthu. Cá háit eile a tharlóidh sé an chéad uair eile?

Seo alt as Béarla faoi.

Thursday, May 11, 2006

Tuilleann FrithMhericeánachas Duaiseanna

Ní nach ionadh. Go díreach mar gach duais sna laethanta seo, tá duaiseanna liteartha polaitiúil. Féach an sampla seo, le Marion Gunn. ("Bhímis i ngrá le Meiriceá tráth...ach..."). Maraíodh Margaret Hassan mar gheall ar shaint Mheiriceánach, tuigeann tú.

Trá dá raibh, scríobh Marion rudaí a thuillfeadh duais gan chlaonadh. Ach is léir nach sin an cás faoi láthair. Chuaigh sí trasna go dtí an Taobh Dorcha, faraor. Agus tá luach a saothair aici.

Freagra di:
"It's never the terrorists' fault that they are murderers."

"...in an asymmetrical war the cult of the underdog is a valuable tool. Europeans march with posters showing scenes from Abu Ghraib, not of the beheading of Daniel Pearl or the murder of Margaret Hassan. They do not wish, much less expect, al Qaeda to win, but they still find psychic satisfaction in seeing the world’s sole superpower tied down, as if it were the glory days of the Vietnam protests all over again. How else can we explain why Amnesty International claims that Guantanamo - specialized ethnic foods, available Korans, and international observers - is comparable to a Soviet Gulag where millions once perished? So there is a deep, deep sickness in the West." Victor David Hanson

Margaret Hassan

Tá Marion sa champa céanna le Robert Fisk. Tá briathar ann ina onóir.
(Cacamas dá chuid)

Pléann a leithéid Meiriceá mar a phléann Kevin Myers an Ghaeilge.

Wednesday, May 10, 2006

Soiscéal Iúdáis, an Cód Da Vinci, agus Naomh Irenaeus

Scríobh mé alt nua ar Gan Fiacail Ann. Thosaigh mé an blag seo le nasc chuig an suíomh sin atá agam, suíomh a rinne mé roimh aois na blagadóireachta.
Bhí suim ag duine sa suíomh seo le déanaí, agus scríobh sé chugam go minic faoi. Ach ní raibh suim sna hábhair ná sna smaointe aige - cé go raibh sé ar buile faoi alt amháin - ach bhí suim aige sna botúin ghramadacha a rinne mé iontu. D'athscríobh sé trí cinn díobh - agus gan tuiscint ar a raibh le rá agam iontu. Foilsíodh na cinn seo in Lá. Thuig siadsan iad.
Tá a fhios agam go bhfuil botúin iontu, agus ba chóir dom iad a dheisiú, is dócha. Ach níl an méad sin ama agam, agus ní léann éinne iad, de ghnáth. Agus má tá suim ag duine iontu, agus Gaeilge ag an duine, is féidir leis iad a thuiscint gan mórán dua. Ní dóigh liom go bhfuil siad chomh dona sin. Is iad na cinn is nuaí na cinn is fearr maidir leis an ngramadach, dar ndóigh, freisin.
Sin ráite, cuireann sé ionadh orm i gcónaí cé chomh dall a bhíonn daoine, a smaoineann nach bhfuil aon rud níos tábhachtaí ar domhan ná an ghramadach cheart. Dá ndéarfadh duine, agus an chumhacht aige, 'Tá mise deachtóir Éireann, téigi go dtí na sluachampaí géibhinn,' déarfadh a leithéid 'IS tusa! NA hÉireann!'

Monday, May 08, 2006

Ceist Simon Wiesenthal

Táim ag léamh leabhair dar teidil “Nazi Hunter: The Wiesenthal File,” le Alan Levy. Sealgaire Naitsithe ab ea é, Simon Wiesenthal, agus marthanóir (ar éigean) ón Uileloscadh. Ait le rá domsa, ach ní raibh gnaoi an phobail ar a leithéid. Bhí mórán Naitsithe ann fós, sa Ghearmáin agus san Ostair, agus ar fud Mheiriceá Theas, go háirithe. Agus bhí (agus tá) cairde na Naitsithe ann fós sa Mheánoirthear agus ar fud an domhain.

Rinne Simon Wiesenthal éachta i gcuimhne a mhuintire, agus fuarthas coirpigh mar Adolf Eichmann pionós mar gheall ar a chuid oibre. Ba laoch é.

Ag tús an leabhair, tá rudaí ann a dúirt sé faoin ndíothú cine, agus conas a tharlaíonn sé. Dúirt sé go mbíonn na sé choinníoll seo leanas de dhíth:

An fuath
Deachtóireacht
Maorlathas
An teicneolaíocht
Géarchéim nó cogadh
Mionlach mar íobartach

Tá na coinníollacha seo go léir ann san Iaráin, agus iad ag bagairt ar Iosrael.

Ansin, d’fhiafraigh Simon Wiesenthal “Cad a tharlóidh don saol seo nuair a gheobhaidh daoine lán le fuath an lae atá inniu ann, na sceimhlitheoirí, teicneolaíocht na linne seo?”

Chuir sé an cheist sin timpeall 1993. Guímis nach mbeidh an freagra againn.