Tuesday, January 30, 2007

Tharla Sé Anseo Cheana

Is minic a léim rudaí faoi Éire agus na rudaí a bhíonn ag cur isteach ar dhaoine ansin, agus smaoiním go bhfuilim ag féachaint siar in aimsir. Tá samplaí go leor ann.


  • An ciníochas - don chéad uair riamh, tá Éire ag dul i ngleic le fadhb nua a bhfuilimidne ag plé léi le cúpla céad bliain. Tá ciní éagsúla ina gcónaí in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ní mór dom a rá go raibh Éireannaigh i measc na ndaoine ba mheasa maidir leis an gciníochas anseo. Féach an ciréib a tharla in Nua-Eabhrac in 1863, mar shampla. Níl de dhíth ach b'fhéidir céad bliain, agus beidh gach rud ceart go leor agaibh.
  • An inimirceacht - mar an gcéanna, tá daoine ag teacht go hÉirinn don chéad uair, seachas ag imeacht. Bhuel, bhíomarne ar an taobh eile den chuid is mó. Uaireanta rinneadh an rud ceart, agus uaireanta ní dhearnadh. Ní mór féiniúlacht náisiúnta a chaomhnú agus a chleachtadh, sin an rud is tábhachtaí. Agus srian a choimeád ar mhéad na n-inimirceach - rud nach ndéantar anseo mar ba chóir, ach ó am go ham.
  • An Tíogar Ceilteach - nach ionann sin agus fás as cuimse na nóchaidí anseo, an 'dot com boom?' Is minic a léim duine ag caint faoin am a theipfidh an geilleagar, agus go mbeidh Éire ar ais mar ba chóir. Cacamas. Ní fhásann geilleagar gan sos, gan chúlú, uaireanta. Ach de ghnáth, gan an iomarca den sóisialachas, fásann sé. Tá cúrsaí níos fearr anois anseo ná mar a bhí siad sna nóchaidí. Is maith an rud é nach bhfuil sibh ag cónaí i dtithe tuí níos mó. Ach mar a bhíonn le páiste nó déagóir, bíonn sé deacair teacht i dtaithí ar an bhfás, agus ar rudaí nua, agus déantar botúin. Sin mar a bhíonn. Fáilte go dtí an 21ú aois.
  • Drugaí - Feicim go bhfuil an cóicín an-choitianta in Éirinn anois. Mar a bhí anseo sna seachtóidí agus na hochtóidí (mar chomhtharlú, d'fhéach mé ar an scannán 'Blow' aréir). Tá airgead ag daoine díomhaoine, agus tagann na drugaí nuair a bhíonn margadh ann. Is fadhb go deo sin, ach foghlaimíonn daoine agus iad ag dul in aois, agus má mhúintear do na páistí faoi bhaol na ndrugaí, le cúnamh Dé, beidh fadhb níos lú ann. Cuid den mhargadh iad, nuair a bhíonn rath ar na daoine.

Tá Éire ag déanamh roinnt de na botúin chéanna agus a rinneadh anseo, maidir leis an nginmhilleadh, cúrsaí gnéis, meith an chreidimh (an rud is measa, as a dtagann na rudaí eile) agus rudaí eile nach iad. Bheadh sé torthúil dá mbeadh na hÉireannaigh sásta foghlaim uainne - as dea-shamplaí agus droch-shamplaí. Ní bhíonn aon rud nua ann faoin ngrian. Seo an saol nua-aimseartha, agus níl aon dul as anois - mura roghnófar dlí searaghaidh nó Kim Jong Il-achas, sin a rá. Ní mór dúinn go léir an saol seo a fheabhsú, más féidir. Seachas a mhalairt.

Is ró-mhinic a fheictear ar fhadhbanna an tsaoil seo, seachas ar bhuntáistí de. Tá rath ar dhaoine sa lá atá inniu ann nach bhfacthas riamh roimhe seo. Thíos seal agus thuas seal, ceart go leor, ach b'fhearr liom an aois seo ná aon aois roimhe. Seo iad na dúshláin a thug Dia don ghlúin seo, agus sin mar atá.

DAS, ní fadhbanna Meiriceánacha iad, ach fadhbanna na linne seo. Táim cinnte go bhfuil an cathú ar dhaoine áirithe an milleán a chur orainne...

No comments: