Wednesday, October 18, 2006

Sampla eile den Bhiogóideacht

Bhí mé breá sásta le heagrán Lúnasa de Feasta. Sea, tá alt maslach polaitiúil ann, le Seán Ó Loingsigh ("Pé ní a bhí i gceist, tá an domhan seo i bhfad níos dáinséaraí anois ná mar a bhí sular deineadh uachtarán de George W. Bush.") ach sin de rigueur in aon fhoisiúchán Éireannach. Ach tá alt breá ann le duine darb ainm Séamas Ó Neachtain. Agus tá rudaí fiúntacha eile ann, leis. Ansin, an rud deireanach san irisleabhar - alt beag ag áiteamh go bhfuil na Stáit Aontaithe ag ullmhú chun ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala chun a cuid ola a ghoid. Táimid ag ullmhú trí mheán fís-chluiche, tá a fhios agat. Muise. Is daoine baolacha sinn - tabhair aire do do pháistí!

8 comments:

Caitríona said...

Scríobh tú; "Ach tá alt breá ann le duine darb ainm Séamas Ó Neachtain."
Ar 'Daltaí na Gaeilge' scríobh tú, " Nach bhfuil me go hálainn?" Níl baint ag an muinín seo atá agat ionat féin leis an gcaoi a cheapann tú go bhfuil daoine eile mícheart de gnáth agus go bhfuil tusa ceart, an bhfuil? Gan dabht, cabhraíonn sé leat.

Séamas Poncán said...
This comment has been removed by the author.
Séamas Poncán said...

Is dócha go bhfuil sé tharr barr a bheith ceart i gcónaí, a Chatrionna. Dá mbeinnse mar atá tú féin (osna).
Níl aon tuiscint ar an ngreann agat. Níl aon ionadh orm, mar a dúirt tú féin.

Caitríona said...

Ní cheapaim go bhfuil "Muise. Is daoine baolacha sinn - tabhair aire do do pháistí!" greannmhar ar chor ar bith. Ceapaim go bhfuil an ceart agat ansin. Tá faitíos an domhan orm ó tháinig Bush go Washington. Le sé bhliain anuas níl mé in ann codladh i gceart agus tá mé ag iarraidh mo pháistí a chosaint ó Army recruiters a ghlaíonn ar an teach agus a thagann go dtí an scoil. Má tá tú ag iarraidh stair Mheiriceá agus Latin America ( Venezuela ansin, ar ndóigh) a thuiscint, molaim an leabhar 'The Open Veins of Latin America' ó Eduardo Galeano.

Séamas Poncán said...

Ní raibh a fhios agam go raibh Gaeilge agat, a Cindy Sheehan. Más féidir leat codladh a fháil (agus tá cógas ann duit, táim cinnte), b'fhéidir go mbeidh tú in ann na sean-chacamas a chur ar leataobh agus an scéal a iniúchadh ón dtosach. Seo dúshlán duit. Faigh focal amháin a dúirt an t-uachtarán a léiríonn gur maith leis an cogadh mar rud. Focal amháin.

Caitríona said...

http://www.cephas-library.com/nwo/nwo_bush_says_iraq_war_is_good_for_israel.html
Páistiúil aríst, a Shéamais. Mura bhfuil tú in ann freagra a thabhairt gan "name-calling" a úsáid, ní fiú dom caint leat. Ach tá ar-mheas agam ar Cindy Sheehan. An bhfaca tú aghaidh Bush nuair a dúirt sé "I'm a war-president"? Scanrúil amach is amach. Féach anseo freisin: http://www.salon.com/opinion/blumenthal/2006/06/01/bush_war/index_np.html
Ach, dáiríre, más name-calling atá ar siúl agat, ní fiú caint leat. Bhí díospóireacht uaim agus níl sé le fáil anseo.

Séamas Poncán said...

Níor thuig tú mo dhúshlán, mar ní éistíonn tú. Ní bhíonn díospóireacht ann muna bhfuil an bheirt duine ag éisteacht. Ní choisim uait ach na bréagacha gan bunús a chloistear ó leithéid de Cindy, bean atá glan as a meabhar, faraor.
Thug tú dhá nasc chugam. Ceann atá faoin maith atá ann d'Iosrael mar gheall ar an gcogadh - nach mbaineann le hábhar - agus ceann ina bhfuil amadán ag cur focal i mbéal Bush. D'iarr mé focal Bush uait, agus ní féidir leat a leithéid a fháil, mar ní dúirt sé a leithéid riamh, ach a mhalairt. Tosaíonn tú le bréag agus tógann tú caisleán air. Náire ort.

Caitríona said...

The madness of King George a chreideann go bhfuil an cogadh go maith: “All of us can now agree that the fall of the Iraqi dictator has removed a source of violence, aggression, and instability in the Middle East. It's a good thing that the demands of the United Nations were enforced, not ignored with impunity. It is a good thing that years of illicit weapons development by the dictator have come to the end. It is a good thing that the Iraqi people are now receiving aid, instead of suffering under sanctions. And it is a good thing that the men and women across the Middle East, looking to Iraq, are getting a glimpse of what life in a free country can be like.” George W. Leis an “All of us can now agree…”, tá sé ag caint ar ár son, ach níl sé ceart ná níl sé de cheart aige é sin a dhéanamh. Más é Iraq inniu an chaoi ina bhfuil “a free country” ní bheidh éinne ag iarraidh a bheidh saor. A Shéamais, ós rud é gur thosaigh tú an name-calling, níl aon mhaitheas dom bheith anseo. Molaim Chomsky a léamh. Go dté tú slán agus go mbeidh síochán agus ciall sa domhan againn arís. Buíochas le Dia go bhfuil Nancy Pelosi againn. Mar focal scoir, tá Soya beans thar a bheith go maith don sláinte. Molaim Edamame.