Tuesday, August 15, 2006

An Preas Meiriceánach agus Seán Ó Loingsigh

Tá fantaisíocht chomónta ann in Éirinn. Léigh mé alt faoin bpreas in Éirinn in Feasta (Iúil 2006 - faraor géar, is é eagrán na Márta an ceann is nuaí ar a suíomh), le Seán Ó Loingsigh. Ag gearán a bhí sé go mbíonn na meáin ar aon intinn i gcónaí ann, agus ní leor coimhlint chun éagsúlacht a spreagadh, mar a cheapfaí. Bhí áthas orm alt polaitiúil as Gaeilge a léamh gur aontaigh mé leis! Ach ansin, chuaigh sé ar strae. Thosaigh sé ar an scéal mícheart céanna a insint gur chuala mé cheana (agus gur labhair mé ar an Imeall faoi), gur amhlaidh an preas i Meiriceá, ach ar son an chogaidh srl. ("éagsúil ar fad" a deir sé, le meáin na hÉireann). Deir sé go mbíonn an preas ag tabhairt tacaíochta don uachtarán agus don chogadh "tubáisteach" san Iaráic. Muis, tá sé cosúil le Richard Waghorne ag caint faoin nGaeilge! Ar léigh sé nuachtán Meiriceánach riamh (seachas an New York Sun agus b'fhéidir an New York Post)? An bhfaca sé clár nuachta Meiriceánach riamh, nach raibh ar an ngréasán Fox (atá ina eisceacht)? Ar chuala sé trácht ar Dan Rather agus CBS riamh? An gcreideann sé go bhfuil gach stáisiún raidió mar WABC i Nua-Eabhrac, stáisiún caint-raidió? Dá mbeadh! Tá freasúra (beag) ann sna meáin Mheiriceánacha, agus níl sé ann ach le b'fhéidir fiche bliain, mar chumhacht. Is dócha má fheiceann duine Éireannach a leithéid de thuairim eile faoin gcogadh, creideann sé go bhfuil na meáin ar fad ar aon intinn faoi (mar a bhíonn siad in Éirinn). Ach bíonn níos mó ná tuairim is dearcadh amháin ar fáil i Meiriceá. Cé gur mionlach a bhíonn ann le dearcadh dearfach sna meáin, tá siad ann go leanúnach. Ach ní ionann sin agus nach mbíonn claonadh frith-Bush agus frith-chogadh ag an móramh i gcónaí - ná bíodh imní ort, a Sheáin.

Tá an iomarca ann ar an idirlíon ar an ábhar seo, ach seo tosach, má tá suim aige, nó ag éinne, san fhírinne:
The Media Research Center (faoi chlaonadh na meán)
Faoin gcogadh san Iaráic

3 comments:

Séamas Poncán said...
This comment has been removed by a blog administrator.
Séamas Poncán said...

Naisc breátha eile ar an ábhar seo:


http://www.realclearpolitics.com/
blog/2006/08/is_iraq_a_lost_cause.
html

http://www.camera.org/

Caitríona said...

"Deir sé go mbíonn an preas ag tabhairt tacaíochta don uachtarán agus don chogadh "tubáisteach" san Iaráic." Ceart aige. Buíochas le Dia, cé go bhfuil sé an deireanach go deo,tá athrú ag teachtagus feiceann cuid acu sa phreas gur amadán salach le anam dubh é George. In áit bheith ag éisteacht le saighdióuirí tá siad ag éisteacht le ciall. Mar tá difríocht idir an méid a deireann saighdiúirí, nach bhfuil ceadaithe smaoineamh ná rud a cheistiú, agus daoine atá ag fulaingt, daoine atá in ann smaoineamh agus an tubaiste a cheistiú. Slán le Libby, buíochas le Dia. Ní bheidh sé i bhfad go mbeidh Gonzalez agus Wolfowitz againn, ach tá an liosta de na breagadóirí a díol an cogadh seo i bhfad níos faide ná sin. Níl tú fós ina measc, an bhfuil,i do bhealach beag anseo?