Friday, August 12, 2011

An bhFuil an Saol ag Titim as a Chéile?

Cheapfaí sin uaireanta, cinnte. An tóin ag titim as an stocmhargadh, géarchéim eacnamaíochta an domhain, ciréibeanna i Sasana - agus fiú tá liobrálaithe ann nach gcreideann níos mó gur dia é Obama!
Bhí duine (eile) anseo i Meiriceá ag fógairt deireadh an domhain tamall ó shin. Bhí dul amú air, dar ndóigh. Ach nach mbíonn imní ar an uile dhuine le déanaí!
Don chéad uair le fada an lá, tuigtear go bhfuil fadhbanna móra ann agus táthar ag dul i ngleic leo faoi dheireadh, buíochas le Dia. Beagán ar bheagán, casfar an long eitleán (sula mbualann sí cnoc oighir!).
Idir an dá linn, go mairimid beo an t-am seo arís, agus go raibh feabhas ar chúrsaí luath go leor! Misneach! Cothaíonn imní níos mó imní, go dtí an uair nach bhfuil ann ach imní - agus is é sin is bunsocair le cuid mhaith de fhadhbanna an lae inniu. Sin agus polaiteoirí ag mún ár gcuid airgid ar fud na háite...

Monday, July 18, 2011

Cúrsaí Reatha

Níor scríobh mé aon rud anseo le fada anuas. Tá cúpla cúis ann, is dócha. Ní raibh an pholaitíocht an t-ábhar ba mhó i mo shaol, cinnte. Agus leis sin, de ghnáth, nochtaím tuairimí anseo a mbím réasúnta cinnte fúthu. Leis na scéalta is mó le déanaí, diabhal fhios agam cad a tharlóidh. Ach seo buailtí faoi thuairim, ar aon nós.

Cé go bhfuil gach rialtas corraithe agus athruithe go leor ag tarlú sa Mheán Oirthear, faraor, ní shílim go mbeidh cúrsaí i bhfad níos fearr ann. Níl a fhios ag éinne an bhfuil na daoine nua níos fearr ná na sean-aintiarnaí. Ní shílim go mbeidh rialtas na hÉigipte níos fearr - tá siad níos measa go fóill. An bhfuil seans ag na daoine sa tSiria agus san Iaráin, na tíortha is measa? Gan chabhair ó amuigh, nach dtiocfaidh, ní dóigh liom. Ach guímis. Agus cad atá ar siúl maidir leis an Libia, in ainm Dé? Ionsaithe gan chúis ar dheachtóir a bhí 'leasaithe' le fada - agus an eite chlé chomh ciúin le luch! Cad atá difriúil an uair seo? Hmmm. Bhí cúis ann maidir leis an Iaráic agus an Afganastáin, a nochtadh roimh ré (fiú mura nglac tú leis)... Bhí na hionsaitheoirí dáiríre chun bua a fháil sna cásanna sin... Fuarthas cead ó gach tithe rialtais sna Stáit sula ndearna an t-uachtarán na hionsaithe sin... Agus bhí an eite chlé ar buile. Ach anois, a mhlairt scéil ar fad. Suimiúil.

Maidir le gach athrú a raibh an t-uachtarán BHO le déanamh, bhuel, cad a tharla? Beagnach gach polasaí Bush a bhain le cogadh, tá siad i réim fós. Cá bhfuil na hagóideoirí? Bhuel, tá difir ann cinnte. Cuirimid isteach ar gach sean-chara a bhíodh againn, agus nílimid ag déanamh aon chara nua. Ní shíleann tíortha an domhain go bhfuil na Stáit iontaofa mar chara agus an t-uachtarán seo againn. Saonta, cinnte, ámh. Agus tá an saol níos baolaí mar gheall air.

Maidir le cúrsaí eacnamaíochta, tá Obama caillte sa choill agus bíonn sé ag iarradh gach rud mícheart a dhéanamh i gcónaí. Agus dar ndóigh, cuireann na meáin chumarsáide gach locht ar an bhréasúra... Galar domhanda atá ann le fada, níos mó airgid ná mar atá ann le caitheamh, agus níos mó ná riamh, gan smaoineamh ar a íoc ar ais. Ach i dtíortha áirithe, tháinig na billí isteach ní ba thapúla ná a bhí siad ábalta fiacha nua a bhailiú, fiú, agus thit cúrsaí as a chéile (arís). Anois, faoi dheireadh, tuigtear nach féidir linn leanúint ar aghaidh mar seo. Agus an réiteach? Níos mó airgid a chaitheamh! Go sábhála Dia sinn.

Tá bua amháin ag an uachtarán seo, cinnte, agus sin chun airgead a chaitheamh. Tá fiacha an rialtais níos mó ón am a raibh BHO ina uachtarán ná ón am go léir (8 mbliana) a raibh Bush ann. Agus ní raibh Bush tíosach in aon chor!

Maidir le hÉirinn agus cúrsaí an gheilleagair...bhuel, an maith libh bhur máistrí...ní hea, bhur gcairde ar an mórthír anois? Baineann buntáistí leis an neamhspeáchas, cinnte...

Bhuel, níl réiteach ar bith agam ar chúrsaí an domhain. Ach tá rudaí eile ann sa saol seo atá níos taitneamhaí ná aon rud mar seo, cinnte. An Gael, mar shampla. Tá irisleabhar idirnáisiúnta na Gaeilge seo ag dul ó neart go neart. Tá innéacs suimiúil ar an suíomh anois, freisin. Fágaimis an pholaitíocht ar leataobh ar feadh tamaill. Tá beatha an duine ró-ghearr.

Monday, May 02, 2011

Díoltas

Tá anam duine eile in Ifreann, agus ní cúis cheiliúrtha sin. Ach is cúis áthais don saol seo go bhfuil Osama Bin Ladin imithe uainn. Beagnach deich mbliana ó shin, chroch mé suas mo bhratach sa bhaile mar gheall ar an ionsaí uafásach sin a rinneadh orainn. Rinne mé amhlaidh ar maidin mar tá an duine a cheap agus a rinne an t-ionsaí sin marbh. Más mall, is mithid.

Anois, ba chóir don saol ar fad súil ghéar a chaitheamh ar an bPacastáin. Is léir go raibh a fhios ag a lán daoine ansin cá raibh Osama. Is léir go bhfuil daoine cumhachtacha in arm na tíre agus sa rialtas salach. Níl aon rud críochnaithe.

Tá sásamh le baint as an díoltas seo ar Osama. Ach níl aon duine beo arís a mharaigh sé mar gheall air, ámh. Níl aon réiteach air sin. Ach is rud tábhachtach é an ceartas. Is fearr as ná ann é, gan amhras ar bith. Is breá an nuacht seo, cinnte.

Tá súil agam go bhfeicfimid an fhianaise go luath. Ní mór go mbeidh an saol cinnte go bhfuil sé marbh le fírinne. Agus le cúnamh Dé, tá siad ag éisteacht go cruinn leis na daoine atá ag caint faoi agus a dhrochchúis a choimeád beo. Go raibh an díoltas céanna orthusan.

Beannacht Dé ar na "rónta" a rinne. Tá an uile dhuine sibhialta ar an domhain buíoch díobh, mise san áireamh. Ceiliúirimis.

Wednesday, March 09, 2011

Lá Idirnáisiúnta na mBan sa Saol Arabach

Ar chúis éigin, ní minic a bhíonn gníomhaithe ag gearán faoi chás na mban sna háiteanna is measa dóibh. Bíonn sé i bhfad níos éasca a rá nach bhfuil jabanna go leor ann nó pá ard go leor nó rudaí amhrasacha eile, ag díriú ar thíortha sibhialta an domhain. Ní bhíonn siad ag moladh an dul chun cinn atá (a bhíodh?) ann i dtíortha mar an Iaráic agus an Afganastáin, dar ndóigh. Mar, is oth liom a rá, bíonn an chuid is mó de na gníomhaithe ina liobrálaithe, agus mar sin, ní mór dóibh seasamh ina n-aghaidh féin mar mhná i gcónaí.

Mar shampla, an ceart is mó dá bhfuil ann do bhean, sin a beatha féin a bheith tábhachtach agus cosanta faoin dlí. Ach seasann na daoine seo leis an nginmhilleadh, a mharaíonn na milliúin bean gach bliain. Seasann na daoine seo leis an ilchulturas, agus ceapann siad go bhfuilimid go léir mar an gcéanna. Is cuma nach bhfuil ceart ar bith ag bean faoin dlí sharia. Tá cearta ag mná in Iosrael, ach is fearr leo na hArabaigh ina timpeall. Ach is léir ó imeachtaí na seachtaine seo san Éigipt agus sa Súdáin conas a phléitear le mná sa saol Arabach, go rí-mhinic. An gá dom milleadh na mball giniúna agus an marú ar son na honóra a lua? An t-éagnú córasach agus an sclábhaíocht, fiú? Ach tá gach cultúr inchurtha lena chéile. Níl sé ceart dúinn iad a cháineadh. Tá sé baolach sin a dhéanamh, pé scéal.

Ach dá seasfadh mná an domhain leo siúd atá thíos fós, cá bhfios nach mbeadh difear ann?


Monday, January 10, 2011

As a Meabhair

Chuala sibh, is dócha, gur lámhaíodh a lán daoine in Tuscon Arizona ar an deireadh seachtaine. Chuala sibh, gan dabht, to bhfuil daoine ag díriú a méara i dtreo Sarah Palin agus lucht na cóisire tae. Aon uair go mbíonn deis ann, insíonn daoine áirithe a leithéid de bhréagacha gan bhunús. Bhí gealt ann a lámhaigh na daoine sin, gan baint ar bith le polaitíocht daoine normálta.

Ní rud nua a leithéid. Nuair a maraíodh an tUachtarán Cinéide, dúradh a leithéid (gan bhunús). Ní dóigh liom go ndearna an eite dheas sin, fiú nuair a lámhaíodh an tUachtarán Réagan. Ach ní mór don eite chlé deamhain a dhéanamh díobh siúd nach n-aontaíonn leo, minic go leor, agus bíonn na nuachtáin is na tuairisceoirí teilifíse ann chun cabhrú leo.

Sa chás seo, thosaigh sirriam leis. Ní raibh sé de cheart aige aon rud mar sin a rá, ach sin an nós. Is breá le daoine ceap milleáin a fháil, go háirithe nuair is fuath leo na daoine sin cheana. Is leithscéal maith sin chun foréigean a imirt ar na daoine sin. Sea, mar is iondúil, bíonn a mhalairt de thoradh ar an rud a deir an eite chlé. Tragóid a tharla, gan chúis le fuath is foréigean eile a chothú. Ach níl aon náire ag na meáin thraidisiúnta (an móramh, ar a laghad).

Deis iontach eile is ea é seo dóibh siúd ar fuath leo gunnaí, freisin, dar ndóigh. Nuair atá daoine corraithe mar gheall ar dhrocheachtra mar seo, sin an uair is fearr dóibh cearta úinéirí gunnaí a chosc. Ach ní dhéanfadh sin ach dochar. Ní dhéantar aon dlí maith go tapaidh, agus ní mór gach taobh de cheist a thuiscint. Is maith an rud é nach mbeidh an chomhdháil ag déanamh a lán oibre an tseachtain seo.

Mar a deirtear, dá mbeadh gunnaí mídhleathach, ní bheadh gunnaí ach ag na coirpigh. Féach ar Mheicsiceo. Ach fós féin, níl aon ghá le gunnaí ag dúnmharfóirí. Bíonn siad an-úsáideach chun daoine (agus tú féin) a chosaint, mar a tharlaíonn.

Friday, December 10, 2010

Uafás i Sasana

Rinneadh drochbheart i Sasana. Ionsaí (eile) ar an gCríostaíocht, de réir dealraimh. Fiú murab amhlaidh i gceann an chreachadóra a rinne, is léir nár thug sé meas madra do thraidisiún agus creideamh na ndaoine. Scriosadh crann naofa Glastonbury.

Scrios Cromail é don chéad uair, ach shábháil na daoine píosaí beo de, agus ath-phleandáileadh é ar an bhfód céanna timpeall seasca bliain ó shin. Le cúnamh Dé, déanfar amhlaidh arís.

Ní braitheann an Chríostaíocht ar chrann, dar ndóigh. Ach is samhail é seo do mheath na Críostaíochta i Sasana, faraor. Feictear an troid spioradálta san eachtra seo. Bhí cuairt an Phápa agus naofacht Neumann agus rudaí an-dearfach ann i mbliana. Agus freagra ón diabhal anseo.

Cá bhfios nach díreoidh an droch-bheart seo aire na ndaoine ar a stair is a gcreideamh arís? Tá gach rud indéanta do Dhia. Guímis ar Shasana, go háirithe ar mhuintir Glastonbury.

Tuesday, November 23, 2010

Éire Faoin Uisce

Tá an chóisir thart, tá na billí ag teacht isteach, agus tá póit ar gach éinne. Cé hé a chuir an píosa caca sa bhabhla puinse?

Tá cúiseanna áirithe ann don ghéirchéim atá ann. Sheas an rialtas leis na bainceanna, mar ráthóir. Agus cén fáth nach ndéanfaidís amhlaidh? Tá an rialtas ag caitheamh airgid gan teorann mar gheall ar an airgead a rinne na bainceanna dóibh. Ach bhí na bainceanna as smacht, ag brath ar fhás gan deireadh i margadh an estáit réadaigh. Agus cá bhfuair siad an t-airgead, nó, chun a bheith beacht, an creidmheas, chun an droch-ineistíocht sin a dhéanamh?

Dar leis an alt seo, lena n-aontaímse, is é an euro is cionsiocair leis an bhfadhb, níos mó ná aon rud eile. Mar gheall ar an éagothroime idir geilleagair na dtíortha beaga agus na dtíortha móra, bhí buntáiste ag na tíortha beaga chun níos mó creidmheasa a fháil ná ba chóir. Agus féachaint nach raibh a gcuid geilleagar chomh láidir, bhí ní ba lú cumais acu na fiacha sin a íoc ar ais, go háirithe dá mba géirchéim ann. Bhuel, bhí an gaiste curtha.

Agus anois le cúrsaí mar atá, níl aon réiteach ann ach a bheith ag brath ar na daoine céanna atá ciontach as an bhfadhb. Chun an euro a shábháil, ní mór don AE seasamh leis na tíortha beaga bochta a bhíodh ar an ndrabhlás. Agus beidh le tuiscint níos fearr cé chomh mór is atá an chumhacht a thug Éire don Aontas Eorpach uirthi.

Bhí a fhios ag daoine áirithe nach raibh an euro oiriúnach do gach tír agus go mbeadh fadhbanna móra ann. Ach is beag Éireannach a d'éistfeadh leo...

(Tá míreanna eile ar an mblag seo ar an ábhar seo - déan cuardach ar 'euro' chun iad a fháil).

Friday, October 15, 2010

Neamhchiontach

Breithiúnas ceart a rinneadh san Ísiltír. Fuar siad nach raibh Geert Wilders ciontach as aon choir ar bith.
Ní maith liom (mar Mheiriceánach) an dlí agus go raibh sé cúisithe ar chor ar bith, ach ar a laghad, fuair sé a cheart.
Anois agus an siorcas sin thart, ní mór don tír sin (agus don uile thír) díriú ar an saincheist - cén iompar atá ceart i leith an Ioslamachais?

Tuesday, October 12, 2010

Abajo Comunismo!

Sin an rud deireanach a dúirt a lán daoine, mar lámhaíodh iad os comhair balla, mar gheall ar Ché Guevara. Minic go leor, mharaigh Ché féin iad. Thaitin sin go mór leis. Ach amháin mar dhúnmharfóir, is beag an rud mór a rinne sé. Ach tá cáill agus clú air mar réabhlóidí! Laoch do dhaltaí ollscoileanna ar fud an domhain is ea é - agus an t-léine sin! Conas a tharla go bhfuil íomhá comh cáilliúil agus clú chomh mór ag duine chomh holc seo?

Nuair a bhí sé beo, bhí daoine mar Jean Paul Sartre agus cumannaigh eile na hEorpa (les bien pensant) tóghtha leis. Ach i ndiaidh a bháis a fuair sé an clú ba mhó. Bhain Castro feidhm as tar éis a bháis mar Guerrillero Heroico le chur os comhair na n-amadán úsáideach, agus bhí a lán cabhrach aige, go háirithe sa bhFrainc. Agus sna Stáit (Norman Mailer agus a leithéid sin). Agus in Éirinn! Ghlac grianghrafadóir oifigiúil Castro an pictiúir rí-cháilliúil sin, ach rinne Éireannach an leagan is cáilliúla de. Mar a tharlaíonn, bhí sinsir Éireannacha ag Guevara, Lynch, agus thug sé cuairt ar Éirinn, de thaisme. Is iomaí cara a bhí agus atá fós ag a leithéid in Éirinn, faraor. Tá a íomhá le feiscint ar na mballaí i mBéal Feirste. Ní dóigh liom go bhfuil tuiscint ar bith ag a lucht leanúna seo ar an saghas duine a bhí ann. Tá súil agam nach bhfuil, ar aon nós.

B'fhuath le Ernesto (Ché) na Stáit Aontaithe, agus bhí sé ar son domhain shóisialaigh, agus mar sin, ba léir gur laoch ab ea é. Dóibh siúd a chreideann go n-eascraíonn gach olc as na Stáit Aontaithe, chreididís rud ar bith, agus sin an fáth go gcreideann siad fós gur laoch ab ea é. Is mór an trua, agus le fírinne, is rud olc sin. Is iomaí laoch a fuar bás mar gheall ar an dúnmharfóir seo, ach ní cheaptar orthusan. Is iomaí laoch atá faoi ghlas i gCúba fós, ach ní cheaptar orthusan. Ach coimeádtar an bréag beo gur laochra iad Castro agus Ché. Bheadh sé greannmhar ach go ndéanann sé an méid dochair agus a dhéanann sé.

Tá Ché ag dó in Ifreann ó Dheireadh Fómhair 1967 i leith. Go raibh Castro ina theannta.

Wednesday, October 06, 2010

Geert Wilders

Geert Wilders sa chúirt inniu san Ísiltír. Ceapann sé go bhfuil síol agus cúis an fhoréigin a dhéanann Muslamaigh radacacha sa Chorán féin. Taispeánann sé seo ina scannán gearr Fitna (seo cuid a haon agus cuid a dó - níl ann ach timpeall 16 nóiméad san iomlán). Sa scannán sin, luann sé vearsaí as leabhar naofa na Muslamach agus cuireann sé íomhánna leo a thaispeánann conas a gcuirtear i bhfeidhm iad. Dúshlán is ea é don Mhuslamach dul i ngleic leis na droch-choincheapanna atá sa leabhar agus na fadhbanna atá bunúsach ina gcreideamh.

Sa dara leath den scannán, díríonn sé ar an bhfás as cuimse de dhaonra Muslamach san Ísiltír agus san Eoraip. Féachaint nach bhfuil na Muslamaigh sásta na vearsaí sin (agus an foréigin sin) a dhiúltú, is léir dó nach bhfuil sé ar son leas na hEorpa tuile de Mhuslamaigh a ligint isteach. Tá sé baolach do chultúr is féinthuiscint gach tír san Eoraip, fiú mura bhfuil sé baolach mar gheall ar an sceimhlitheoireacht (agus síleann sé go bhfuil).

Conspóideach? Cinnte. Maslach? Ní dóigh liom. Pé scéal, níl sé chun daoine a ionsú, ná ag bagairt ar éinne. Déanann sé a chás agus cuireann sé os ár gcomhair é go stuama. Rud bunúsach don saoirse cainte cead a bheith ag duine sin a dhéanamh. Is náireach do rialtas na hÍsiltire go bhfuil siad á chrá mar gheall air. Tá imní orthu thall mar gheall ar an bhforéigin - mar dhúnmharú Theo Van Gogh. Tá an iomarca daoine ann atá sásta géilleadh roimh ionsaí na Moslamach radacach. Níl Geert Wilders sásta sin a dhéanamh. Treise leis! Agus go n-éirí leis i gcoinne naimhde na saoirse seo go léir.

Moladh

Seasaimis le Geert Wilders ar son na saoirse amárach. Beidh blagadóirí eile ar fud an domhain á dhéanamh. Tá rialtas na hÍsiltíre á ghéarleanúint mar gheall ar scannán a rinne sé, Fitna. Tá an scannán dian ar an gcorán agus deacair a sheasamh mar gheall ar na híomhánna uafásacha atá ann, ach molaim é mar sin féin. Is féidir é a fháil ar youtube (ach bí cúramach - tá bréagnaisc go leor ann). Beidh níos mó le rá agam faoi amárach, lcD. Is náireach an iompar atá ag a rialtas chuige, agus is saghas canáraí sa mhianach é.

Wednesday, September 29, 2010

Banríon na mBlag

Comhghairdeas le hÁine Durkin as duais a fháil ón Oireachtas:


COMÓRTAS A29: BLÁGÁILMaoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha CliathDuais €500Mise Áine le Áine Durkin, Ceann Scríbe, Bóthar na Gráinsí, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall.

Táthar ag súil nach n-éireodh sí as an mblagadóireacht mar a tharlaíonn go minic tar éis an duais seo a fháil...

Tá blagadóir ann i gCeann Scríbe,
A fuair aitheantas as a blag ríoga;
Níor shéid sí a buabhall
Mar tá sí sách umhal
Ach gan amhras ní hise an díogha!

Friday, September 17, 2010

Ní Cheadaítear Amhras

Fiú má bhíonn poll mór sa scéal. Mar an poll a luaitear le déanaí mar gheall ar thoradh Phrotocol Montreal. Ceiliúradh caithréimach go ndearnadh an rud ceart (agus gur dea-shampla sin don uile rud eile cosúil leis a dhíríonn ar an téamh domhanda...) atá ann, feictear. Tá an cath sin thart, dar ndóigh, agus is casta an scéal é. Tá a lán foghlamtha ó shin, agus beidh i bhfad níos mó, le cúnamh Dé. Ach an rabhamar ceart? Sea, táim á cheistiú. Ní mór dom bheith ar an taobh eile de beagnach gach aon scéal, nach ea?

Nílim ag rá nach bhfuil 'poll ózóin' ann. Bíonn, bhíodh, agus beidh, chomh fada agus is eol dúinn. Baineann sé le dhá chúis, den chuid is mó, go bhfios dúinn. Scriosann clóirín san aitmaisféar ard an ózón, le cabhair ó ghathanna cosmacha. De réir dealraimh, tá timthriall nadúrtha ann a mhéadaíonn an poll seo go rialta, timpeall gach 11 bliain.

Is iomaí cúis go bhfuil clóirín saor san aitmaisféar (agus ózón), ach cuireadh an milleán ar fad as an bpoll seo ar na CFCanna (clorafluaracarbóin), agus trí bhliain is fiche ó shin, coscaíodh iad. Sin freon agus a leithéid. Má shábhálamar an domhan, b'fhiú sin. Ach bhí costas an-ard ann:


At the time, the CFC industry was worth about $8 billion in the U.S.,
employed over 600,000 people directly, and 1.4 million people indirectly...

Nílim an t-aon duine amháin atá amhrasach, ámh, gur shábhálamar an domhan. Seo duine de mo leithéid (S. Fred Singer). Tá a lán rudaí suimiúla le rá aige. Ach is 'eolaíocht shocraithe' atá i gceist anois (mar a bhí an domhan cothrom...) agus ní cheadaítear a cheistiú, de ghnáth. Is mór an trua sin, mar tá an scéal an-suimiúil agus tá mórán le foghlaim as nach bhfuil foghlamtha go fóill. Go háirithe maidir leis an bpolaitíocht a bhain leis an bpoll ózón seo...

Anois, b'fhéidir cúpla focal faoi DDT agus an mhaláire? Ar ball. Beidh mé ag sábháil an domhain idir an dá linn...

(Rud suimiúil nach mbaineann le hábhar: an bhfuil a fhios agat cad is PVC ann?)

Thursday, September 09, 2010

Dubh Dóite

a lán cainte ann faoi dhó chóip an Chóráin. Aontaím le hAonghus den chuid is mó faoi. Ach deir sé go mbeidh daoine ag fáil bháis mar gheall air. Cuir an abairt sin samhail i mo chloigeann. Éigníodh an bhean úd mar bhí sí go hálainn. Maraíodh an fear úd mar ba Ghiúdach é. Goideadh ón nduine siúd mar bhí sé ró-shaibhir. Bualadh an páiste sin mar thug sé masla orm.

Ní bhíonn sé ceart riamh an milleán a chur ar an íospartach.

Níl aon leithscéal ann do choir ina leithéid cainte. Má mharaítear éinne mar gheall ar an mbeart amaideach seo, déanfaidh dúnmharfóir é, agus beidh an locht iomlán airsean. Is fabht ollmhór ar chreideamh má cheaptar ann gur ceart daoine a mharú is a dhícheannú is a phlódú srl. mura n-aontaíonn siad leis. Ní thabharfainn creideamh na síochána ar a leithéid...

Is iomaí Moslamach dea-thola atá ann, gan amhras. Ach tá an iomarca ann atá lán-sásta leis an bhforéigean agus an dúnmhárú. Agus tá an iomarca ann a thugann bualadh bos dóibh. Tá siadsan ciontach freisin. Fiú mura sheasann tú ina n-éadann, tá tú ciontach, ar shlí. Istigh nó amuigh, gan rogha eile, dar liom.

Ní réitíonn creideamh na ndaoine sin le cultúr an Iarthair, mar níl siad sásta cead aighnis a thabhairt d'éinne. Tuigtear coir ar scaipeadh na Críostaíochta sna tíortha Moslamacha. Díbrítear Giúdaigh agus Críostaithe uatha. Tugtar drochíde don lucht Bahá’í. Tá a lán díobh sna tíortha seo an-sásta mionlaigh áirithe de fo-chreidimh Mhoslamacha a mharú is géarleanúint a dhéanamh orthu. Cé acu againn atá le hathrú, agus béasa nua a fhoghlaim?

Sean-choimhlint atá ann, agus tá sé ag éirí níos teo. Seasaimis leis an amadán in Florida, nach maródh duine ar bith, seachas leosan atá á bhagairt le bás.

Dála an scéil, chun a bheith dea-bhéasach do na daoine éadúlangacha siúd, coigistíonn Arm na Stat bíoblaí ó na saighdiúirí san Afghanastáin, mar níl cead acu iad a choimeád ansin. Agus cad a dhéanann siad leo? Dóitear iad.

Cad ina thaobh go mbímid ag géilleadh do na daoine sin? Eagla? Nó drochmhisneach? Nó meath creidimh/cultúra san Iarthar? Níl sé ceart, agus ní dhéanfaidh sé aon mhaith, ach a mhalairt. Táimid chomh dea-bhéasach do na dúnmharfóirí sin go mbeidh buama adamhach acu sul i bhfad (dóbair go bhfuil cheana, sa Phacastáin). Cad a dhéanfaimid ansin?

Ar a laghad, cé go mbíonn eagla orainn roimh an Moslamachas míleata, ní bhaintear feidhm as sin mar chúis fhoréigin (ach amháin nuair a fhearann siad cogadh ar thíortha eile, nó a bhíonn siad ar tí sin a dhéanamh). A mhalairt scéil maidir leo siúd ar a bhfuil eagla orthu roimh an gCríostaíocht.

Seo alt fiúntach eile ar an gconspóid seo (as Béarla) a mholaim. Agus seo ceann eile.

Ná géillimis go deo!

Monday, August 30, 2010

Admhaíonn Fiú an BBC é!

Ní minic a bhíonn aon rud dearfach faoi Iosrael le léamh nó le cloisteál ón mBíb. Ach fair play dóibh an uair seo, maidir leis an Mavi Marmara agus "Cabhlachán na Síochána" (mar dhea). Mar a dúirt mé ag an am, is iontach a bhfeictear le súile oscailte.

a lán cainte le déanaí faoi Phróiseas na Síochána, agus tá BHO ag cur i gcéil gur féidir na ceisteanna móra a shocrú, cé nach bhfuil aon údarás iontaofa ag na hArabaigh Phailistíneacha, agus go bhfuil a fhios acu nach mbeidh aon athrú ann. Is mór an trua nach mbeidh aon dul chun cinn ann, ach sin mar atá. Dá mbeadh ní ba mhó daoine ag féachaint ar chúrsaí mar atá, seachas mar a bheadh nó mar a chuala siad go bhfuil ó lucht an fhuatha, b'bhéidir dóibh cúrsaí a fheabhsú. Ach chomh fada agus a bheidh lucht tacaíochta ag na sceimhlitheoirí, ní bheidh aon náire orthu, ná athrú intinne.

Thursday, August 05, 2010

Ar Saoire

Ó am go chéile, scíobhaim blagmhír nach mbaineann leis an bpolataíocht anseo. Sos cogaidh, mar a déarfá. Tá a lán suime agam i mórán ábhar, muise, agus tharla de thaisme go mbím ag plé cúrsaí polaitiúla. Má tá suim ag éinne, bím ar Facebook, agus tamall ó shin chuir mé mórán grianghraf de mo laethanta saoire ann. Ní bhíonn gach éinne sásta ballraíocht Facebook a ghlacadh, ach molaim é mar is ansin a bhíonn níos mó Gaeilge ná áit ar bith eile le tamall anuas.

Bhíos in Montana, Wyoming agus Idaho (agus ar an traein idir Montana agus Nua-Eabhrac, le stad in Siceágo). Seo cúpla sampla dá bhfaca mé thall san Iarthar.

Ar an mbóthar in Montana

Grand Tetons
Tearmann Náisiúnta na mBíosún
Páirc Náisiúnta Oighearshruth (sin mise)
Páirc Náisiúnta Oighearshruth

Friday, July 02, 2010

Gilad Shalit

In Gaza, there are 1.5 million people. Only one of them is truly in need of
humanitarian assistance. - Ehud Barak

Is cuma le lucht na gcearta daonna na daoine a bhfuil fíor-ghá le cabhair acu. Tacaíonn siad fós leis na coirpigh a bhíonn ag briseadh gach dlí. Cén fáth go bhfuil siad chomh dall sin? Fuath agus easpa céille, is dócha. Ach ar an gcaolseans gur as aineolas atá sé, roinnim fíricí anseo ó am go chéile.

Saighdiúir Iosraelach is ea Gilad Shalit. D'fhuadaigh sceimhlitheoirí ó Ghása (Hamas) é breis is ceithre bliana ó shin. Ní thugann siad cead d'éinne cuairt a thabhairt air, an Cros Dearg san áireamh.

Cá bhfuil na hagóidí is na baghcait?

Ní dóigh liom go gcloistear a scéal fíu, mo léan.


Wednesday, June 30, 2010

Faoi Thioncar na nGiúdach

Thug Gaelscéal cuireadh dom taobh eile den scéal a insint ar 'an ardán' maidir le hIosrael agus na báid sin (Mavi Marmara go háirithe). Gan colún tuairimíochta nach le ball dá bhfoireann, ní bheadh a leithéid ann in aon chor, ach is maith an rud é go raibh suim ar bith acu. Ach le fírinne, táim réasúnta cinnte nach raibh suim sna fíricí sin chomh mór acu agus a bhí suim sa chonspóid a chothófaí.

Thosaigh mé an t-alt ag rá nach mbeadh a lán daoine sásta é a mheas gan chlaonadh, agus dúirt cara liom nach sin an dóigh is fearr chun daoine a mhealladh chugat. Beagán de sheanbhlas a bhí agam, chun náire a thabhairt orthu nach mbíonn sásta an scéal a mheas, ach ní thuigtear a leithéid go minic (ní maith le hÉireannaigh stíl 'Fox News' a dúradh liom nuair a d'iarr siad an t-alt orm...). Ba é m'fhreagra do mo chara ná go bhfuilim cleachtaithe leis an gconspóid seo agus dearcadh na ndaoine, agus níl a lán dóchais agam. Cé go mbím sásta iarrachtaí a dhéanamh chun an fhírinne a insint, pé scéal. Ag troid le muilte gaoithe a bhím, is dócha.

Ní raibh mé chun freagra a thabhairt dóibh siúd a sceith amach an fhuath iondúil. Tá áthas orm gur chuir mé fearg ar a leithéid. Cúis sásaimh sin dom i gcónaí. Ach ní fheadar ar scriosamar 'an t-ardán' sa nuachtán, mar níl sé ann an tseachtain seo, agus is trua sin. Ach sa ghiota faoi na blaganna déantar trácht ar Chinn Lae Uí Reachtair, an mhír ina magann sé faoi mo cholún le hargóintí...an-...bhuel, le focail go leor. Mar shampla, maíonn sé gur thóg na hIosraeligh na focail 'go back to Auschwitz' as comhthéacs, nó rud mar sin. (Féach an scannán thíos).

D'fhoilsigh siad litir ó fhuathdóir Iosrael eile (Brian Mac Aongusa) mar 'fhreagra' dom. Ní foláir go bhfuilim faoi thiocair na nGiúdach a bhíonn taobh thiar de gach aon rud olc, mar gur Meiriceánach mé, sin bunús a choda. Bheadh sé greannmhar, ach go bhfuil an fhuath a thaispeánann sé fíor, agus na bréagacha a insíonn a leithéid chomh marfach agus atá buamaí Hamas.

*Osna*

Fuair mé teachtaireacht amháin ó Ghael eile a thacaíonn liom. Nílim i m'aonar, ar a laghad. Fainic!

An bhfaca éinne an scannán seo? Níl aon ghá le focail eile. (Ach rinne an IDF é - agus níl aon rud fíor mura ndeireann na sceimhlitheoirí agus a lucht leanúna é!)

Anois, feicfear an mbeidh aon rud in Gaelscéal faoin mblagmhír seo a thagraíonn do thrácht i nGaelscéal ar bhlagmhír a thagraíonn don alt a bhí agam in Gaelscéal...

Wednesday, June 09, 2010

Nuachaint

Scríobh mé alt aréir agus rinne mé tagairt don úrscéal 1984 agus focal ó Newspeak. Bhí mé ag déanamh mo mhachnaimh air inniu, agus léigh mé píosa ó Wikipedia (thuas) faoi. Chuir sé leasú na Gaeilge i gcuimhne dom.

Bíonn daoine ann a deir go bhfuil an Ghaeilge ró-chasta, agus go bhfuil gá ann lena leasú. Údarás iad a cheapann gurb fhéidir leo teanga a athrú le fiat. Níl aon ghá le séimhiú. Níl aon ghá leis an tuiseal ginideach. Agus a leithéid sin. Bheul, is ionann sin agus Newspeak George Orwell.

Tá gá le caighdeán, agus glacaim leis sin. Glaicim le hathchóiriú na litrithe agus leis an gcló Rómhánach, mar sin mar a bhfuair mé an teanga. Ach tuigim iad nach nglacann leo. Agus ní ghlacfaidh mé le hathruithe bunúsacha a thagann ó údarás gan aon údarás ar a leithéid de theanga bheo.

Saoirse don Ghaeilge! Saoirse do lucht a labhartha! Nílimid chomh lag sin go ngéillfimid do Dheartháir Mór na Gaeilge.

Tuesday, June 01, 2010

Leithscéal eile Dóibh ar Fuath Leo Iosrael

Is cuma cad iad na fíricí, dar ndóigh. Cé go bhfuil siad ar fáil. Níl cluas le héisteacht ag lucht an fhuatha. Bhí sé ar intinn ag na 'gníomhaithe ar son na síochána' seo troid a thosnú a chuirfeadh droch-chlú ar Iosrael, agus a thabharfhadh cabhair do na sceimhlitheoirí Hamas in Gása. Agus nuair a bhí sé riachtanach do na saighdiúirí Iosraelacha roinnt díobh a mharú chun iad féin a chosaint (ón saghas sin 'síochána'), fuair lucht na mbád seo an bua, i súile na bhfrithIosrealach.

D'aon ghnó a tharraing siad an troid is an foréigin seo orthu féin, agus dhíultaigh siad gach tairiscint a rinne Iosrael chun fíor-chabhair a thabhairt do na hArabaigh bhochta in Gása. Bhí sé ina chuspóir amháin acu an t-imshuí a bhriseadh agus náire a tharraingt ar Iosrael. Ionsaí ar Iosrael ab ae é. Ní raibh aon ghá leis ach chun sin a dhéanamh. Ní raibh aon bhaint ag an eachtra seo leis an tsíocháin a chothú, ná baol air. Ionsaí ab ea é.

Ach is cuma leis an eite chlé (na meáin choitianta, an chuid is mó de na hEorpaigh, na NA, srl.) cad iad na fíricí. Ceapann siad go bhfuair siad an bua. Ach cé nach cara do Iosrael é BHO, ar a laghad (agus nílim ag rá gur mar gheall ar an gceart atá sé á dhéanamh), níl sé ag tabhairt faoi Iosrael go hoscailte. Dá mbeadh na clocha aige chun seasamh a dhéanamh ar son Iosrael agus cearta na ndaoine sin...

Maidir le lucht na mbád sin, ní bhíonn aon bhac ar bhia ag teacht isteach go Gása, agus níl aon ghéarchéim bia ann. Ní raibh siad ann chun daoine bochta a chabhrú. Bhí siad ansin as cúis amháin - chun Iosrael a shaighdeadh agus cabhair a thabhairt do naimhde Iosrael. Is léir sin d'aon duine d'fhéachadh air le súile oscailte. Dá mbeadh ní ba mhó dá leithéid sin ann...