Wednesday, September 29, 2010

Banríon na mBlag

Comhghairdeas le hÁine Durkin as duais a fháil ón Oireachtas:


COMÓRTAS A29: BLÁGÁILMaoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha CliathDuais €500Mise Áine le Áine Durkin, Ceann Scríbe, Bóthar na Gráinsí, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall.

Táthar ag súil nach n-éireodh sí as an mblagadóireacht mar a tharlaíonn go minic tar éis an duais seo a fháil...

Tá blagadóir ann i gCeann Scríbe,
A fuair aitheantas as a blag ríoga;
Níor shéid sí a buabhall
Mar tá sí sách umhal
Ach gan amhras ní hise an díogha!

1 comment:

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a chara!

Dán eile don bhalla i gCeann Scríbe...:-)

Agus, níl baol ann go n-éireoidh mé as! Táim róchainteach an dtuigeann tú, agus tá rámhaillí ag fanacht...