Thursday, August 05, 2010

Ar Saoire

Ó am go chéile, scíobhaim blagmhír nach mbaineann leis an bpolataíocht anseo. Sos cogaidh, mar a déarfá. Tá a lán suime agam i mórán ábhar, muise, agus tharla de thaisme go mbím ag plé cúrsaí polaitiúla. Má tá suim ag éinne, bím ar Facebook, agus tamall ó shin chuir mé mórán grianghraf de mo laethanta saoire ann. Ní bhíonn gach éinne sásta ballraíocht Facebook a ghlacadh, ach molaim é mar is ansin a bhíonn níos mó Gaeilge ná áit ar bith eile le tamall anuas.

Bhíos in Montana, Wyoming agus Idaho (agus ar an traein idir Montana agus Nua-Eabhrac, le stad in Siceágo). Seo cúpla sampla dá bhfaca mé thall san Iarthar.

Ar an mbóthar in Montana

Grand Tetons
Tearmann Náisiúnta na mBíosún
Páirc Náisiúnta Oighearshruth (sin mise)
Páirc Náisiúnta Oighearshruth

8 comments:

Néidí said...

go hálainn

Dennis King said...

Go raibh maith agat as na pictiúir!

Ní raibh mé i mo bhall d'Fhacebook riamh. Cén sórt Gaeilge atá le fáil ansin?

Mise Áine said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

Iontach!

Féasóg anois, a Shéamais?

Séamas Poncán said...

Féasóg le tamall anuas arís eile, a Áine. Is fearr liom é, ach ní fearr le mo bhean é...
Gach saghas Gaeilge, Dennis, agus roinnt daoine mór le rá ina measc. Roghnaíonn tú do chairde, agus mura mian leat caint le duine, ní gá sin. Meascán de Bhéarla agus Gaeilge den chuid is mó i measc mo chairde féin (ach tá gach teanga ann). Tá Panu agus daoine eile ann a bhfuil aithne agat orthu.

ormondo said...

Seans go bhfuil tú ro-ghar don imeall ar thaobh na láimhe deise?


Is é an áit ina bhfuil tú i do sheasamh sa ghrianghraf "Páirc Náisiúnta Oighearshruth - sin mise" atá i gceist agam. ;-)

Séamas Poncán said...

Ní raibh sé chomh baolach agus a cheapfá!

Anonymous said...

Tír Dé, mar a déarfaí. Iontach álainn.