Wednesday, June 09, 2010

Nuachaint

Scríobh mé alt aréir agus rinne mé tagairt don úrscéal 1984 agus focal ó Newspeak. Bhí mé ag déanamh mo mhachnaimh air inniu, agus léigh mé píosa ó Wikipedia (thuas) faoi. Chuir sé leasú na Gaeilge i gcuimhne dom.

Bíonn daoine ann a deir go bhfuil an Ghaeilge ró-chasta, agus go bhfuil gá ann lena leasú. Údarás iad a cheapann gurb fhéidir leo teanga a athrú le fiat. Níl aon ghá le séimhiú. Níl aon ghá leis an tuiseal ginideach. Agus a leithéid sin. Bheul, is ionann sin agus Newspeak George Orwell.

Tá gá le caighdeán, agus glacaim leis sin. Glaicim le hathchóiriú na litrithe agus leis an gcló Rómhánach, mar sin mar a bhfuair mé an teanga. Ach tuigim iad nach nglacann leo. Agus ní ghlacfaidh mé le hathruithe bunúsacha a thagann ó údarás gan aon údarás ar a leithéid de theanga bheo.

Saoirse don Ghaeilge! Saoirse do lucht a labhartha! Nílimid chomh lag sin go ngéillfimid do Dheartháir Mór na Gaeilge.

7 comments:

aonghus said...

Baineann nuachaint leis an méid atá sa chaint, ní leis an bhfoirm.

An t-aon deacracht leis an gcaighdeán ná iad siúd nach dtuigeann a) cén críoch atá leis agus b) an méid saoirse atá fós ann, ainneoin sin.

Is iomaí amadán atá níos caighdeánaí ná an chaighdeáin.

Agus tá sé sin dúbailt móide neamh mhaith!

Séamas Poncán said...

Ach má léann tú an t-alt sin, baineann sé leis an teanga féin - chun í a shimpliú. Agus na focail 'mhichearta' a bhain den teanga, freisin, cinnte. Tá sin ag teacht, gan amhras.

aonghus said...

Cén alt?

Séamas Poncán said...

Tá nasc sa mhír seo (cuirim naisc iontu i gcónaí).

aonghus said...

Ní fhecim ach an nasc go Newspeak ar Wikipedia!

Séamas Poncán said...

Agus cad tá cearr leis sin?
"Newspeak is closely based on English but has a greatly reduced and simplified vocabulary and grammar."

aonghus said...

Cheap mé go raibh alt faoi leith ar an nGaeilge i gceist agat.