Wednesday, October 06, 2010

Geert Wilders

Geert Wilders sa chúirt inniu san Ísiltír. Ceapann sé go bhfuil síol agus cúis an fhoréigin a dhéanann Muslamaigh radacacha sa Chorán féin. Taispeánann sé seo ina scannán gearr Fitna (seo cuid a haon agus cuid a dó - níl ann ach timpeall 16 nóiméad san iomlán). Sa scannán sin, luann sé vearsaí as leabhar naofa na Muslamach agus cuireann sé íomhánna leo a thaispeánann conas a gcuirtear i bhfeidhm iad. Dúshlán is ea é don Mhuslamach dul i ngleic leis na droch-choincheapanna atá sa leabhar agus na fadhbanna atá bunúsach ina gcreideamh.

Sa dara leath den scannán, díríonn sé ar an bhfás as cuimse de dhaonra Muslamach san Ísiltír agus san Eoraip. Féachaint nach bhfuil na Muslamaigh sásta na vearsaí sin (agus an foréigin sin) a dhiúltú, is léir dó nach bhfuil sé ar son leas na hEorpa tuile de Mhuslamaigh a ligint isteach. Tá sé baolach do chultúr is féinthuiscint gach tír san Eoraip, fiú mura bhfuil sé baolach mar gheall ar an sceimhlitheoireacht (agus síleann sé go bhfuil).

Conspóideach? Cinnte. Maslach? Ní dóigh liom. Pé scéal, níl sé chun daoine a ionsú, ná ag bagairt ar éinne. Déanann sé a chás agus cuireann sé os ár gcomhair é go stuama. Rud bunúsach don saoirse cainte cead a bheith ag duine sin a dhéanamh. Is náireach do rialtas na hÍsiltire go bhfuil siad á chrá mar gheall air. Tá imní orthu thall mar gheall ar an bhforéigin - mar dhúnmharú Theo Van Gogh. Tá an iomarca daoine ann atá sásta géilleadh roimh ionsaí na Moslamach radacach. Níl Geert Wilders sásta sin a dhéanamh. Treise leis! Agus go n-éirí leis i gcoinne naimhde na saoirse seo go léir.

12 comments:

aonghus said...

Tá sé maslach agus simplíoch an Córan a chuir i gcomparáid le Mein Kampf.

Agus seafóideach.

Ní mar sin a bhaintear tacaíocht ó radacaigh Ioslamacha.

Aontaím leat nár cheart géilleadh do hantoiscigh, cuma cén creideamh atá acu. Ach is gá bheith stuama, agus argóint a dhéanamh sa dóigh is go gcloisfear é. Ní sin port Wilders.

Séamas Poncán said...

Suimiúil. Ní dhéanann sé amhlaidh sa scannán seo. Ach mar sin féin, plean conais a bhí in Mein Kampf, plean chun na Giúdaigh a scriosadh, plean chun cumhacht a fháil über alles... Nach bhfuil cosúlachtaí go leor ann? Níor léigh mé féin ceachtar acu, mar sin ní fiú mórán mo thuairim air sin. Ach d'fhéach mé ar an scannán.

Anonymous said...

Tá an fear antoisceach go maith, dar liom, ach sílim go gcuireann dlíthe fuathchainte cruachás orainn: ar cheart dúinn saoirse cainte a theorannú, nó ar cheart dúinn daoine a bheith ceadaithe (b'fhéidir, go héagórach)? Ceist mhór, sílim.

Anonymous said...

recte!: ceadaithe > maslaithe

Mise Áine said...

Bhí sé deacair breathnú ar an bhfíseán,a Shéamais, caithfidh mé a rá, ach bhreathnaigh mé ar an méid a d'fhéadfainn...

@ 'is gá bheith stuama, agus argóint a dhéanamh sa dóigh is go gcloisfear é'

Sin mo thuairimse.

Mar sin féin, ba cheart go mbeadh duine in ann a chuid a rá go stuama, gan faitíos roimh ionsaigh, nó gan ionsaigh a ghríosú.

Beidh le feiceáil cén cinneadh a dhéanfaidh an chúirt maidir le aidhm Wilders sa chás seo.

Séamas Poncán said...

Tá gardaí á choimeád slán le blianta anuas mar gheall ar bhagairtí a dhéantar i gcónaí air - níl tú ag rá go bhfuil seisean ag bagairt ar dhaoine, an bhfuil, a Áine? Nó go bhfuil an íospartach ciontach as bagairtí is ionsaithe a dhéantar air? Ní dóigh liom, ach níl an méid a scríobh tú soiléir dom.
A Sheáin, ní dóigh liom go bhfuil sé antoisceach. Réadúil agus cróga, dar liom. Ach ní fheadar. Pé scéal, ba chóir agus ní b'fhearr a thuairimí a phlé ná a chosc.

Anonymous said...

Ceartúchán eile. Gabh mo leithscéal! Sílim go bhfuil an ceann seo ceart.

... nó ar cheart dúinn daoine a cheadú le bheith maslaithe ag daoine eile (b'fhéidir, go héagórach)?

Dála an scéil, seo alt eile ar an tsaoirse chainte/fhuathchaint.

Anonymous said...

Pé scéal, ba chóir agus ní b'fhearr a thuairimí a phlé ná a chosc.

Ní dheánaim argóint faoi sin.

Séamas Poncán said...

Sea, a Sheáin, is cás suimiúil agus casta sin. Sílimse féin go bhfuil 'stalking' nó 'harrassment' i gceist, seachas cead cainte.

Mise Áine said...

'Nó go bhfuil an íospartach ciontach as bagairtí is ionsaithe a dhéantar air? '

Go sábhála sinn, a Shéamais, ach ní ceart d'aon duine bagairt a dhéanamh ar aon duine eile, i mo thuairim!

Mar a scríobh mé, 'ba cheart go mbeadh duine in ann a chuid a rá go stuama gan faitíos roimh ionsaigh, nó gan ionsaigh a ghríosú.'

Maith dom an mhoill le mo fhreagra, ach bím gnóthach na laethanta seo.

Séamas Poncán said...

'Sé an dara cuid de sin a chuireann amhras orm, a chara. Má cheapann duine nach n-aontaíonn leat go bhfuil tú á ghríosú chun ionsaí a dhéanamh ort, cé ar a bhfuil an locht? Ar an duine a dhéanann an t-ionsaí, dar liomsa. Nó an dóigh leat go bhfuil leithscéal ann?

Mise Áine said...

Níl ionsaí ar dhuine riamh ceart, i mo thuairim.