Tuesday, October 12, 2010

Abajo Comunismo!

Sin an rud deireanach a dúirt a lán daoine, mar lámhaíodh iad os comhair balla, mar gheall ar Ché Guevara. Minic go leor, mharaigh Ché féin iad. Thaitin sin go mór leis. Ach amháin mar dhúnmharfóir, is beag an rud mór a rinne sé. Ach tá cáill agus clú air mar réabhlóidí! Laoch do dhaltaí ollscoileanna ar fud an domhain is ea é - agus an t-léine sin! Conas a tharla go bhfuil íomhá comh cáilliúil agus clú chomh mór ag duine chomh holc seo?

Nuair a bhí sé beo, bhí daoine mar Jean Paul Sartre agus cumannaigh eile na hEorpa (les bien pensant) tóghtha leis. Ach i ndiaidh a bháis a fuair sé an clú ba mhó. Bhain Castro feidhm as tar éis a bháis mar Guerrillero Heroico le chur os comhair na n-amadán úsáideach, agus bhí a lán cabhrach aige, go háirithe sa bhFrainc. Agus sna Stáit (Norman Mailer agus a leithéid sin). Agus in Éirinn! Ghlac grianghrafadóir oifigiúil Castro an pictiúir rí-cháilliúil sin, ach rinne Éireannach an leagan is cáilliúla de. Mar a tharlaíonn, bhí sinsir Éireannacha ag Guevara, Lynch, agus thug sé cuairt ar Éirinn, de thaisme. Is iomaí cara a bhí agus atá fós ag a leithéid in Éirinn, faraor. Tá a íomhá le feiscint ar na mballaí i mBéal Feirste. Ní dóigh liom go bhfuil tuiscint ar bith ag a lucht leanúna seo ar an saghas duine a bhí ann. Tá súil agam nach bhfuil, ar aon nós.

B'fhuath le Ernesto (Ché) na Stáit Aontaithe, agus bhí sé ar son domhain shóisialaigh, agus mar sin, ba léir gur laoch ab ea é. Dóibh siúd a chreideann go n-eascraíonn gach olc as na Stáit Aontaithe, chreididís rud ar bith, agus sin an fáth go gcreideann siad fós gur laoch ab ea é. Is mór an trua, agus le fírinne, is rud olc sin. Is iomaí laoch a fuar bás mar gheall ar an dúnmharfóir seo, ach ní cheaptar orthusan. Is iomaí laoch atá faoi ghlas i gCúba fós, ach ní cheaptar orthusan. Ach coimeádtar an bréag beo gur laochra iad Castro agus Ché. Bheadh sé greannmhar ach go ndéanann sé an méid dochair agus a dhéanann sé.

Tá Ché ag dó in Ifreann ó Dheireadh Fómhair 1967 i leith. Go raibh Castro ina theannta.

No comments: