Friday, April 16, 2010
Níl Aon Rud le Feiscint Anseo
Thursday, April 15, 2010
Pápa nó Polanski?
Tá cosúlacht idir seo agus cás Iosrael. Is Iosrael an tír is tábhachtaí ar domhain, dar liom, mar gheall ar a lárnacht i ngach scéal tábhachtach idirnáisiúnta. Agus is tír atá bunaithe ar chreideamh i nDia, le daoine a roghnaigh Dia, agus as a bhfuaireamar Críost féin. Cén fáth go mbíonn fuath mhillteanach ann i leith na nGiúdach i gcónaí? Mar is pobal Dé iad. Más fuath le duine Dia agus creideamh, níl amhras ach gur fuath leis na Giúdaigh.
Tháinig an drochscéal amach in Éirinn i ndiaidh a theacht amach sna Stáit. Bhí an ghéarchéim chéanna againne. Táimid beo fós, agus beidh sibhse chomh maith.
Rinneadh ainbhirt san Eaglais. Ach ní leithscéal sin don Chaitliceach chun ionsaí a fhearadh ar an Eaglais. Níl amhras ach gur leithscéal do naimhde na hEaglaise é. An ndearna an Eaglais (sinne, sin a rá) gach rud i gceart? Ní dhearna, cinnte. Agus sin mar a deireann an Pápa.
Nochtadh an drochscéal seo i Meiriceá tamall gearr i ndiaidh 9/11. Bhí a lán daoine ag teacht ar ais chuig an gcreideamh agus chuig an Aifreann mar gheall air na hionsaithe sin a rinneadh orainn. Bhí an diabhal ag fanacht le huair oiriúnach, agus d'éirigh leis na daoine sin agus i bhfad níos mó a chur ó dhoras na hEaglaise. Ná bíodh an bua aige. Bhí aithne pearsanta ar roinnt sagart a bhí ciontach as drochiompar. Níl sé seo éasca domsa. Ach ní bheidh an bua ag an diabhal orm, le grásta Dé.
Níorbh é seo an chéad uair go raibh caimiléireacht agus drochdhaoine san Eaglais, ná baol air. Agus gan amhras, ní hiad seo na hionsaithe is measa a rinneadh uirthi. Sheas an Eaglais gach triall roimhe seo, agus seasfaidh sí an uair seo freisin. Sin mar a gheall Dia dúinn, agus sin an fhírinne.
Mura gcreideann tú i nDia agus ina Eaglais Chaitliceach, ní mór go dtuigeann tú nach eagras a rinneadh chun ainbhirt a dhéanamh é an Eaglais seo, agus níl aon duine a leanann teagasc na hEaglaise sásta leis na drochchúrsaí seo. Feiceann duine an rud ab áil leis, dar ndóigh, agus ní bheidh naimhde na hEaglaise sásta linn go deo. Ní miste liom sin. Is rud tábhachtach go mbíonn na naimhde cearta agat, dar liom. Sin mar a bhíonn tú cinnte go bhfuil an ceart agat.
Tá Aonghus ag déanamh sár-oibre chun fírinne an scéil seo a iniúchadh is a thuairisciú.
Seo cúpla rud suimiúil ó Mheiriceá:
Tuesday, April 13, 2010
Is Sceipteach Mé
Is iomaí graf atá ar bhlag mo dhuine. Is maith liomsa na cinn seo.
Maoítear i gcónaí go bhfuil móramh na n-eolaithe ar aon intinn ar an ábhar seo. Nílim cinnte faoi sin, fiú. Pé scéal, ní shocraítear ceisteanna eolaíochta ar an dóigh sin. Cruthúnas atá de dhíth. Agus níl aon chruthúnas ann.
Deirtear go bhfuil géarchéim ann. Ní dóigh liom, cé go ndeireann duine amháin in UCLA go bhfuil níos mó CO2 san aer inniú ná a bhí ann le 15 miliúin bliain. (Molaim na tráchtanna a léamh ar an nasc sin, freisin). Fiú más fíor sin (agus níl sin cinnte fós), "ní hionann comhghaolú agus cúisíocht." Agus mar is léir ó na graif nasctha thuas, is beag an baol go bhfuil géarchéim ann. Ar an taobh eile de, bheadh géarchéim eacnamaíochta ann dá ndéanfaí na rudaí a b'áil le lucht dhoiscéal an téimh dhomhanda. Déanfar i bhfad níos mó dochar don chine daonna dá ndéanfaí ní ba lú CO2, agus tá sé fíor-amhrasach go mbeadh aon athrú ar bith ar aeráid an phlainéid. Mar a deir an duine anseo, "ready...fire...aim!" (Tá trí nasc fíormhaithe ar bhun an leathanaigh sin a mholaim go hard - an "global warming test" san áireamh!)
Tá naisc ar an suíomh seo go suímh shuimiúla a bhaineann leis an téamh domhanda. Molaim daoibh iad mar fhoinsí eolais agus tuairimí nach bhfeictear sna meáin de ghnáth (fiú ar Fox News!).
I nDilchuimne ar Lech Kaczyński
Throid a athair i gcoinne na Naitsithe in Éirí Amach Vársá. Chomh fada siar leis na seachtóidí, bhí Lech féin agus dheartháir ag obair in aghaidh na gcumannaithe a raibh a gcos ar bholg na tíre acu. Bhí sé tábhachtach i ngluaiseacht na gceirdchumann, agus bhí sé ina chomhairleoir do Lech Wałęsa. Tar éis baint amach na saoirse don Pholainn, bhí sé ina mhéara ar Vársá. In ndiaidh a dhearthár (is cúpla iad), d'éirigh sé ina uachtarán.
Cara do na Stáit Aontaithe a bhí ann (in aineoinn droch-iopar Ó Buime chuig an Pholainn), agus cara don daonlathas ar fud na hEorpa. Mar ba cheart, bhí sé an-amhrasach faoin Rúis, agus thug sé cabhair don Úcráin nuair a bhí an Rúis ag troid ina haghaidh. A mhalairt leis an Rúis, tugadh píonós do na corpaigh chumannacha a rinne an-dochar dá thír-sean. Thuig sé an stair, agus chabhraigh sé le hiarrachtaí chun gnéithe tábhachtacha di a choimeád os comhair súile na ndaoine, iarsmalann i gcuimhne Éirí Amach Vársá, mar shampla. Chuaigh sé go sionagóg agus múineadh faoin uileloscadh faoina stiúir sa Pholainn.
Rinne sé sár-iarracht chun rudaí a chur ina gceart sa Pholainn. Laoch ab ea é, le fírinne. Go raibh síocháin shíoraí ar a anam.
Tuesday, March 23, 2010
Nach bhFuil Grá ar Bith agat do do Mháthair?
Cuir i gcás go bhfuil dlí le scríobh agat. Ba mhaith leat páistí os cionn aois a cúig agus faoin aois a hocht déag a chur ag obair sna monarchana, gan phá. Tá a fhios agat nach mbeidh an móramh sásta leis sin, agus mar sin, deir tú go bhfuil sé ar son a máithreacha, chun leas na bpáistí, agus leas na tíre an dlí seo. Sea, cumann tú teideal breá dó:
Bille Ghrá na Máithreacha
As sin amach, aon duine nach n-aontaíonn leat agus a oibríonn in aghaidh an bhille seo, is léir nach bhfuil grá ag an té sin dá mháthair, agus beidh scéalta dá leithéid sin in gach aon nuachtán (mar is cairde duit iadsan).
Agus an duine sin ag iarraidh é féin a chosaint, cuirfear an cheist seo air:
"Cathain a d'éirigh tú as do mháthair a bhualadh?"
Sin an pholatíocht i Meiriceá.
Monday, March 22, 2010
Ó Buime
Níl gach rud socraithe go fóill, agus táthar ag troid fós. Ach de réir dealraimh, beidh orainn an dlí seo a chur i bhfeidhm ar feadh tamaillín, ar aon nós, sula mbeimid ábalta an damáiste a dheisiú - más féidir. Deirtear go mbeidh droch-thoradh ar seo don pháirtí Doanlaitheach Mí Shamhna. Táthar ag súil. Tá sé seo níos measa ná an bhail a bhí orthu in 1994, agus fuair siad leadradh ansin.
D'éirigh leo sa chath seo, ach le cúnamh Dé, beidh an bua againne sa chogadh.
An bhfuil aon duine a chreideann fós go bfhuil Ó Buime chun an dá thaobh a aontú agus gur neamh-pháirtíneach é fós? Lasmuigh teach na ngealt, sin a rá?
Tá súil agam nach taistealfaimid níos faide anonn ar bhóthar seo an tsóisialachais. Beidh tír eile ar fad againn, má dhéanfar, agus an-dochar don domhan ar fad gan saoirse sna Stáit. Cé gur stád nadúrtha an chine dhaonna sin - go sabhála Dia sinn. Gealladh 'Athrú' dúinn. Seo linn. Agus an 'Dóchas'? An dóchas go mbeadh níos mó agus níos mó cumhachta ag lucht seo na heite clé a bhí i gceist, faraor.
Déanann vóta difear. Agus is mór an difear idir pártaithe polaitiúla. Sin ceacht thábhachtach do a lán daoine a chaith vótaí ar son Uí Buime ionas nach raibh siad sásta le GWB. Cé chomh dona agus a bhíonn McCain agus na Poblachtánaigh go minic, níl aon chosúlacht idir sin agus seo.
Ní hé an réiteach é an rialtas - is é an fhadhb é!
Tuesday, March 16, 2010
Ó Bama vs. Iosrael
Is iomaí rud a rinne agus a dúirt BHO le bliain anuas a bhí maslach do Iosrael, ach anois tá géirchéim ann. Mar is iondúil, is iadsan a bhíonn ag rá gur ar son na saoirse iad, na daoine céanna a bhíonn ag cothú na bhfadhbanna. Dá mbeadh siad i ndáiríre. Ach tá iompar na ndaoine seo cosúil le daoine eile rompu a chuaigh ar strae, agus a rinne dochar sula ndearna siad maith. Faraor, nílim dóchasach go ndéanfaidh an criú seo aon mhaith as seo amach ach oiread, ach a mhalairt.
Is nós le rialtas BHO maslaí a thabhairt dár gcairde agus focail mhilse a thabhair dár naimhde. Níl aon tír eile ann a fhaigheann droch-íde níos measa ná Iosrael, agus anois tá an criú seo ag iarraidh an tír seo a iompú go dtí an taobh dorcha (rud nach dtarlóidh riamh, más pobal na tíre atá i gceist). Tá siad ag déanamh neamhairde do dhlithe ár dtíre, do mheon na ndaoine anseo, agus do stair Iosrael. Is í Iarúsailéim an cnámh spáirne sa chonspóid is déanaí seo. Ach níl aon chúis leis sin, le fírinne. Ní mór stair Iarúsailéime a thuiscint, sin uile. Faraor - agus BHO is a chairde san áireamh - is iomaí duine gur cuma leo na fíricí. Pé rud a dhéanfadh Iosrael maidir le Iarúsaléim Thoir, is le hIosrael an rogha sin, mar is leosan an chathair.
Ní miste liom go ndearna Iosrael rud a thaispeán do lucht BHO go bhfuil siad neamhspleách ó na Stáit Aontaithe, agus go dtuigeann siad nach bhfuil an rialtas seo iontaofa nó measúil. Ach níor chabhair sin leis an iarracht is déanaí chun síocháin a chothú (mar dhea) idir Iosrael is na hArabaigh, agus mar sin, ghabh Netanyahu a leithscéal. Ba chóir dá mbeadh deireadh leis an rud ina dhiaidh sin. Ach lean BHO, Biden agus Clinton ar aghaidh chun fadhb níos mó a dhéanamh de. Is maith liom an rud a dúirt an Seanadóir Sen. Brownback:
It's hard to see how spending a weekend condemning Israel for a zoning decision in its capital city amounts to a positive step towards peace."Féachaint nach raibh Biden ann fós, ní dúradh faic faoin rud a rinne Fatah cúpla lá ar aghaidh. Níor bhain sin le haon rud dleathach, ná le tír ná le rialtas aitheanta. Bhain sin leis an olc. Mar sin féin, tá Biden feargach maidir le hIosrael as tithe a thógáil dá muintir ina ceannchathair féin, seachas maidir le sceimhlitheoirí ag ceiliúradh murdar.
Is olc an mhaise do na Stáit Aontaithe faoi láthair. Amaitéaraigh dhainséaracha atá i mbun na tíre, go sábhála Dia sinn (agus Iosrael).
Wednesday, March 10, 2010
Siopa Leabhar Naitsíoch Bhaile Átha Cliatha
Is dhá shaghas sóisialachais iad an cumannachas ags an faisisteachas. Féach ainm an pháirtí as a dtagann an focal sin naitsí - Nationalsozialismus (sóisialachas náisiúnta). Féach a gcuid polasaithe. Agus féach go mbraitheann an dá shaghas araon ar an bhforéigin is an murdar. I gcónaí, gan eisceacht. Dea-chaint agus comharthaí a bhíonn acu go minic, ach gníomhartha gránna i gcónaí. Sea, bhraith an naitsíochas ar an gciníochas, cinnte, ach níor bhraith an faisisticheas air i gcónaí. Bíonn cumannaithe sásta daoine a mharú mar gheall ar chéim (agus an iliomad cúis eile...), seachas cine. Cé acu is fearr, dar leat?
Mar sin, má táthar sásta go bhfuil siopa cumannach ann, cén fáth nach mbeadh siopa naitsíoch ann? Ba bheag an difear. Agus má dhíoltar t-léinte de Ché Guevara, cén fáth nach ndíoltar t-léinte de Mussolini nó Goebels? Nó fiú Beria? Ahhh, dúnmharfóir deas ab ea Ché, an dtuigeann tú.
Tamall ó shin, bhí mé ag cóisir ag caint le triúir. As tíortha éagsúla sinn go léir. Beirt as tíortha iar-chumannacha. Thosaigh an duine eile cur síos a dhéanamh ar bhuntáistí an tsóisialachais. Ní dúirt na daoine eile mórán. Bhí a fhios acu gur amaideach mo dhuine. Ní dóigh liom go mbíonn mórán Polannach ag ceannach na leabhar cumannach i mBaile Átha Cliatha ach oiread.
Thursday, February 04, 2010
Priosúnach Polaitíochta agus Póilín-scriostóir
Dar ndóigh, bíonn gach duine a deireann gur ar son cearta daonna iad ag labhairt go neamhbhalbh faoi agus ag léirisiú ar a shon.
Mar dhea. Mar is iondúil, is beag duine ar an eite chlé a bhfuil suim aige i bhfíorlaoch na gcearta daonna. Ní miste leo brúidiúlacht na gcumannach, mar ceapann siad go bhfuil sé ar son leasa an chine daonna. Go sábhála Dia sinn. Agus Gao.
Más maith leat cabhrú, sínigh an achainí thuas agus scaip an scéal.
Ach nach mbíonn an eite chlé ag gearrán faoi phríosúnaigh pholaitíochta? Cé a bhíonn i gceist acu? Bhuel, an duine is mó ar a neamhpháidrín ná an póilín-scriostóir (cop killer) Mumia Abu Jamal. Seasann siad in aghaidh bheantrach a íospartaigh, fiú. Tá an saol bunoscionn acu, mar is iondúil, faraor.
Tá beagán dul chun cinn ann le déanaí. Fos, maraíodh Daniel Faulkner nuair a bhí sé 25 bliain d'aois. Tá a dhúnmharfóir faoi ghlas le breis is 28 bliain ó gearradh breith bháis air, agus tá sé ina laoch don eite chlé. Cá bhfuil an ceart?
"Maraigh Mumia; Scaoil Gao Saor (Fry Mumia; Free Gao)!" Sin mo mhana féin.
Thursday, January 28, 2010
An Té agus Bail an Aontais
Léacht a thug sé, agus maslaí do mo leithéid. Is cúis iontais dom i gcónaí cé chomh dall agus a bhíonn sé. Thugann sé maslaí ar na daoine nach n-aontaíonn leis (agus bíonn níos mó agus níos mó dínn ann gach lá), agus ansin deir sé gur mhaith leis obair leo, agus go bhfuil sé sásta éisteacht leo. Ní féidir é le dearcadh mar atá aigesean, dar ndóigh. Is eisean an t-uachtaráin is deighiltí is is páirtíní dá raibh ann riamh, b'fhéidir, cé go maíonn sé minic go leor gur mhaith leis a bheith 'post-partisan'. Seafóid.
Dúirt sé go bhfuil daoine in aghaidh a phlean don chúram sláinte náisiúnta mar níor mhínigh sé dúinn i gceart é - ní thuigimid, sin a rá. Níl meas ar bith aige ar aon duine nach n-aontaíonn leis. Bhí gach rud ina chaor tuathail nuair a thosaigh sé - ní raibh fios a ghnó ag aon duine roimhe, tuigtear. Tá sé in am a bheith ciallmhar (mar ní raibh éinne ciallmhar roimhe, tuigtear). Muise, is sotalach go croí é.
Seafóid agus baois gan bhrí den chuid is mó dá ndúirt sé, mar is iondúil. Agus an bheirt amadáin sin Biden agus Pelosi ina suí taobh thiar de, bhí sé rí-dheacair dom féachaint orthu ar chor ar bith. Ní thuigeann siad cé chomh feargach agus atá muintir na tíre. Chaill a gcomhpháirtí an toghchán in Massachussetts, agus is tuar sin ar a bhfuil le teacht. Ní leor nod do mo dhuine, is amhlaidh. Brúfaidh sé na polasaithe céanna ar aghaidh, níos tréine, gan aird ar bith a thabhairt ar thuairim nó dhuine ar bith eile nach n-aontaíonn leis. Go gcoisctear é. Mar atá, tá gach rud mí-shocraithe aige, agus tá an geilleagar thíos leis. Níl a fhios ag éinne cad a dhéanfaidh sé, agus cén damáiste a dhéanfaidh sé, don lucht gnó go háirithe. Ach ní thuigeann sé sin ach oiread - cuireann sé i gcéill go bhfuil sé ag spreagadh post agus mar sin de. Focail fholmha a dhéanann dochar i gcónaí uaidh.
Maidir lena stíl agus é ag caint, cheap mé go riabh cócaon caite aige ar dtús. Gan aon mhaith ar bith déanta aige, gan plean feidhmiúil ar bith aige, ach fós bhí sé caithréimeach! Níl fadhb ar bith aige, bíonn sé ceart agus is breá le gach éinne é, dar leis. Is breá leis é féin, is léir. Is eisean An Té.
Dá mbeadh uachtarán dáiríre againn. Ar ball. Sul i bhfad. 2012. Agus idir an dá linn, is iomaí toghchán a chaillfidh na Daonlaithigh.
Tuesday, January 12, 2010
An Pápa Glas
Ní amháin go bhfuil sé ag rá anois go bhfuil conraithe nua práinneach agus go bhfuil baol rí-mhór ann don domhan gan iad, ach de réir dealraimh, ní miste leis go mbrúitear na rialacha nua ar dhaoine anuas óna rialtais (ó rialtas an domhain, déarfainn).
Tá a ráiteas ar shíochán don domhain an-ghinearálta, agus ní léir a bhfuil ar intinn aige. Níl sé dea-scríofa, dar liom.
Cheapfá go mbeadh an Eaglais cúramach mall mar a bhíonn sí i gcúrsaí spioradálta. Nílim cinnte go bhfuil sé de cheart ag an Eaglais aon rud a rá faoin eolaíocht ná faoi chonartha idirnáisiúnta nach mbaineann le fíorchúrsaí is fíorfhadhbanna, ach amháin mar a rinne sé in 2007, chun fainic a rá maidir le fáithe Lá an Bhrátha.
Ní hiad acmhainn an domhain ar cionsiocair le fadhbanna an chine daonna, de ghná, seachas éad, easpa cineáltais, foréigean, creidimh bhréagacha agus easpa saoirse. Ba chóir dár bPápa díriú orthusan.
Tá treoraithe eile san Eaglais, dar ndóigh, agus nochtann siad a dtuairimí freisin. Is maith liom ráitis an Chairdinéil George Pell, a dúirt in 2006:
"Radical environmentalists are more than up to the task of moralising their own agenda and imposing it on people through fear. They don't need church leaders to help them with this, although it is a very effective way of further muting Christian witness. Church leaders in particular should be allergic to nonsense."
"I am certainly sceptical about extravagant claims of impending man-made climatic catastrophes. Uncertainties on climate change abound ... my task as a Christian leader is to engage with reality, to contribute to debate on important issues, to open people's minds, and to point out when the emperor is wearing few or no clothes."
Tá beirt ar a laghad ar an Pontifical Council for Justice and Peace a chreideann a leithéid. Tá an bheirt Chairdinéal seo an-stuama sa mhéad a tuairiscítear san alt seo. Mar a bhíodh an Pápa féin.
Tá fadhbanna ann a eagraíonn as drochúsáid acmhainne, gan amhras. Ach tá gá le saoirse, rialtais iontaofa, agus oideachas, chun an chuid is mó díobh seo a réiteach. Níl aon ghá le cosc ar an gcarbón, ná le caitheamh amú airgid sna tíortha móra, a bheadh ábalta roinnt den airgead sin a úsáid chun cabhrú leis na tíortha bochta.Dá mbeimis i ndáiríre faoin dúlra is faoi na daoine atá thíos sa domhain seo. Tá díomá orm faoin ráiteas lag seo ó B16. Agus ní minic a deirim a leithéid sin.
Focail eile ó Pell:
"Jesus calls us to address the challenges in our own hearts, families, and communities before we moralize about distant worlds, where we are usually powerless."
Wednesday, January 06, 2010
An Euro agus an Ghéarchéim Eacnamaíochta
Thursday, December 31, 2009
Slán leat, a 2009
Seo sracfhéachaint siar ar an mbliain a chuaigh thart.
- Tá uachtarán againn sna stáit an-difiriúil ón duine roimhe, gan amhras. Is fíor faoisean gach a deirtí (mar bhréag) faoi GWB, faraor. Gheall sé nach raibh sé claonta mar gheall ar pháirtí, agus mar a tharlaíonn, scoilt níos mó ná riamh a rinne sé is a chomhphártaithe ar an eite chlé idir an dá pháirtí. Dúirt sé go mbeadh rialtas glan oscailte aige, ach a mhalairt atá fíor. Dúirt sé nach ndéanfadh sé aon rud a rinne GWB, ach tá an chuid is mó dá raibh ar siúl aige maidir le sláinte na tíre fós i réim, cé go mbíonn BHO ag iarraidh iad a lagú. Dúirt sé go mbeadh caidreamh ní b'fhearr aige leis an saol lasmuigh, agus chuaigh sé ó áit go háit ag gabháil a leithscéil as Meiriceá agus ag gealladh gach ab fhéidir leis dár naimhde (agus uaireanta ag maslú is ag déanamh fill ar ár gcairde). De réir dealraimh, ní maith le héinne níos mó sinn mar gheall air. Is cinnte nach bhfuil meas dá laghad ag ár naimhde orainn. Dúirt sé go gcaithimid sléibhte airgid a chaitheamh chun cúrsaí eacnamaíochta a chur in a gceart. Bíonn siad á gcaitheamh, ach is beag an feabhas atá ann, agus an méad atá ann, is ina aithneoin é. Níl mórán daoine sásta le BHO agus a chomhghleacaithe. Ach ní bheith seans againn fáil réidh leis go ceann trí bliana eile, faraor.
- Tá an domhan níos teo! Mar dhea. Ach tá an coimhlint idir na daoine ceartchreidmheacha agus sinne nach bhfuil den chreideamh sin níos teo. Sílim mar sin féin nach bhfuil Al Gore ina dhia ag an méid céanna daoine agus a bhíodh. Tá dóchas ann, cé go mbítear ag caitheamh airgid go leor amú agus go mbíonn lámh láidir ag na teolaithe fós.
- Tá an Iaráin faoi smacht ag na haintiarnaithe fós, ach tá muintir na hIaráine fós ag léirsiú is ag seasamh ina n-aghaidh. Go ndéana Dia trócaire orthu. Go raibh ciall is crógacht mar atá acusan ag an lucht féachana lasmuigh, BHO agus ceannairí na dtíortha Eorpacha go háirithe. Is náireach nach bhfuilimid go léir ag seasamh leis na daoine sin ar son na saoirse is na gcearta daonna. Ach is cuma le lucht agóide na gcearta daonna mura mbíonn siad ábalta gearán faoi Iosrael nó na Stáit Aontaithe....
- Tá an géarchéim eacnamaíochta fós orainn, agus níos measa in Éirinn in 2009. Agus níl aon rialtas á réiteach i gceart (dá mb'fhéidir leo...). De réir dealraimh, tá an Eoraip ag iarraidh níos lú airgid a chaitheamh agus cúpla rud ciallmhar a dhéanamh. A mhalairt leis na Stáit.
- Ghlac Éire le rialtas na nEorpach (An Conradh/Bunreacht). Feicfear an mbeidh níos lú le rá acu faoi chúrsaí as seo amach. Ar chúis éigin, ceapann na daoine a bhí ar son an chonartha go mbeidh níos mó cumhachta ag Éirinn. Más amhlaidh, cá bhfios nach mbeidh Éire ábalta diúltú leis an gcéad rud eile a bhrúnn na Eorpaigh mór le rá uirthi...
- Tá cogadh agus sceimhlitheoireacht fós i mbarr a réime, faraor. Guímis go mbeidh síocháin againn san athbhliain. Ní bheidh gan mhíorúilt, faraor. Tá seans i mbfadh níos mó ann go mbeidh buama adamhach ag an Iaráin. Ní raibh éinne i ndáiríre faoin síocháin in 2009.
- Scriosadh tréimhseacháin thábhachtaí na Gaeilge agus rinne rialtas na hÉireann praiseach de arís eile. Ach ar an lámh eile, ath-thosaíodh An Gael, agus tá dóchas ann fós. Tá Nós* agus An Druma Mór/Nuacht 24 ann, freisin. Daoine neamhspleácha i mbun gach cinn díobh. Dá mbeadh lucht a léite ní ba mhó....
- Bhí deachrachtaí pearsanta agus fadhbanna go leor ag roinnt dínn. Chailleamar cairde is gaolta. Ach rugadh agus pósadh daoine, agus bhí buananna againn freisin. Tosaíodh blaganna agus chuaigh blaganna ina dtost. Bliain mar aon bhliain eile. Go raibh bliain bhreá againn go léir in 2010. Agus bímis buíoch as a chéile.
Táim buíoch de gach duine a léann an blag seo, a éisteann le mo phodchraoladh agus a fhéachainn ar mo fhíschraoladh, agus táim buíoch de Dhia as mo chairde Gaelacha go léir. Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh, a chairde. Slán, go dtí an chéad bhliain eile.
Séamas 'cé nach n-aontaím leis' Ó Neachtain.
Thursday, December 17, 2009
Mealbhacáin Uisce
Ní mór dúinn moill a chur orthu, ionas go bhfeicfear iad mar atá siad ar ball, agus go nochtfar a gcuid rún go hoscailte. Ansin, diúltófar leo, le cúnamh Dé. Guím go dtitfidh Hopenchangen as a chéile ar fad. Agus de réir dealraimh, titfidh.
Tuigeann roinnt mhór daoine cheana, dar ndóigh...
Tá Siad Chomh Dona....
Wednesday, December 16, 2009
Tá an Eolaíocht Socraithe (Mar Dhea)
Beidh na staraithe ag magadh fúinn cúpla bliain anall. Faoi Al Gore go háirithe. Luafar é i gcomhthéacs Ponzi agus Madoff.
Wednesday, December 09, 2009
Ciall agus Easpa Céille
Tá alt le Sarah Palin sa Washington Post inniu, faoi Copenhagen srl. Foirfe.
Tharais sin, tá an t-amadán atá againn chun fiú níos mó airgid a chaitheamh amú, airgead nach bhfuil ann! Is deacair a shamhlú meon na ndaoine seo. "Administration officials also have been debating which cause is a higher priority and how to best divert TARP funds..." Tá siad as a meabhair ar fad.
Go sábhála Dia sinn.
Wednesday, November 25, 2009
Téamh Domhanda Antrapaigineach = Bréag
Is maith an rud é nach bhfuil na frith-eolaithe i gcumhacht go fóill, agus go bhfuil uachtarán a chuireann gach iontaobh san eolaíocht i réim sna Stáit... Is maith an rud é go bhfuil Al Gore ("who left the vice presidency in 2001 worth under $5 million and is now said to be a magnate with a net fortune of over $100 million") ina dhia fós...nach bhfuil duais eile fágtha le tabhairt dó?
Mura n-ólann tú an Kool-Aid fós, b'fhéidir gur mhaith leat an t-léine nó ábhar mar sin a cheannach? Nárbh fhearr sin ná gealleagar an domhain a scriosadh mar gheall ar eolaíocht bhréige? Creideann cúpla duine de mo leithéid (táimid ann) gurb fhearr. Ach nílimid ceartchreidmheach...
Hmmm. Féinmhárú eacnamaíochta bunaithe ar bhréagacha, nó leas na ndaoine a chothú? Ná hinis dom - táim ag déanamh mo mhachnaimh air fós.... Muise, nach deacair an cheist í? Is deacair a bheith ag smaoineamh as do stuaim féin!
Nach méanar dúinn go bhfuil daoine stuama chun na socruithe go léir a dhéanamh dúinn thall in Copenhagan go luath.... Táim cinnte go bhfuil gach eolas acusan.
Wednesday, November 18, 2009
Am Ceart don Réabhlóid Fós?
Bhí cara agam san ollscoil a dúirt "life is a Who song," agus bhí roinnt den cheart aige. "In with the new boss...same as the old boss..." Féach nach bhfuil cúrsaí i bhfad níos fearr sa Rúis anois, mar ba mhaith leo dul ar ais don deachtóireacht a bhíodh ann i gcónaí. Ar tharla réabhlóid riamh, gan saoirse thíre a bhaint amach, a rinne cúrsaí níos fearr? Ní dóigh liom.
Ach gan an áibhéil seo, an bhfuil athruithe ar an gcóras caipitleach de dhíth? Deirimse nach bhfuil. Scríobh mé fadó fadó faoin gcaipitleachas. Is é an córas is fearr dá raibh ann riamh. An bhfuil sé foirfe? Níl aon rud daonna foirfe. An gcuirtear bac air go minic? Cinnte, agus sin cionsiocair na bhfadhbanna atá ann anois, níos mó ná aon rud eile.
Is deacair a rá nach féidir dúinn gach pian a sheachaint agus gach deacracht a réiteach, agus nach mbeidh cúrsaí éasca, nó fiú cothrom, do gach éinne. Ach sin an saol seo, agus níl aon dul as.
An féidir le rialtais rudaí a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú? Gan amhras. An bhfuil siad á ndéanamh? Níl. Cur i gcéil agus níos measa ná sin atá ar siúl. Níl siad ag obair mar a bheadh aon duine ciallmhar - bíonn siad ag caitheamh níos mó airgead i gcónaí, airgead nach bhfuil acu agus nach mbeidh go deo. Bíonn siad ag déanamh gach aon rud níos daoire do dhaoine, seachas a mhalairt. Bíonn siad ag brú dlithe ar dhaoine nach ndéanann aon mhaith, ach a mhalairt, agus ag cur bacanna roimh aon dul chun cinn. Níl an milleán ar an gcóras, tá an milleán ar na polaiteoirí. Le cúnamh Dé, "we won't get fooled again."
Friday, October 09, 2009
An bhFuil an 1ú Aibreáin Ann i nGan Fhios Dom?
Faightear Duais Nobel as baois agus brilléis.
Is é seo an rud is amaidí dá bhfaca mé le fada an lá. Is dócha go bhfuil an tUasal Nobal ag iompú ina uaigh, an fear bocht. Tá sé náireach agus gan chiall ar fad.
B'fhearr dóibh ainm na duaise a athrú go 'Duais Frith-Bush.'