Thursday, December 17, 2009

Mealbhacáin Uisce

Glas ar an taobh amuigh, dearg ar an taobh istigh. Sin iad lucht an téamh domhanda. Is mealbhacáin uisce an chuid is mó díobh. Cairde de lethéid Hugo Chavez. Gan aon agó, tá clár oibre acu nach mbaineann leis an eolaíocht ná le fíorbhaol ar bith don domhan (ach iadsan). Sea, an dearg nua is ea 'glas'. Sin an fáth go bhfuil sé ina chreideamh acu, agus nach bhfuil suim dá laghad acu sna fíricí ná san eolaíocht. Sin an fáth go bhfuil an brú ama seo ann - ní mór dúinn rud a dhéanamh chomh tapa agus is féidir (ionas nach mbeidh a fhios ag éinne cad atá ar siúl acu). Níl ann ach leithscéal. Tá cuspóirí eile ar fad acu, bígí cinnte.

Ní mór dúinn moill a chur orthu, ionas go bhfeicfear iad mar atá siad ar ball, agus go nochtfar a gcuid rún go hoscailte. Ansin, diúltófar leo, le cúnamh Dé. Guím go dtitfidh Hopenchangen as a chéile ar fad. Agus de réir dealraimh, titfidh.

Tuigeann roinnt mhór daoine cheana, dar ndóigh...

2 comments:

Fearn said...

Guíonnn creideamhach seo an Fhorthéimh Dhomhanda ar an Séantóir Nollaig the sheascair!!!!!

Séamas Poncán said...

Is go bhfága Daidí na Nollag coiscéim bhreá charbóin i do theachsa, a áibhirsigh dhil.