Wednesday, January 06, 2010

An Euro agus an Ghéarchéim Eacnamaíochta

an t-alt seo le Martin Wolf deacair a thuiscint dom, mar ní eacnamaí mé. Ach míníonn sé an fáth go bhfuil cúrsaí in Éirinn níos measa ná in áiteanna eile san Eoraip. Má thuigim i gceart é, coscann an Euro ar na tíortha a bhfuil gá le hairgead acu cothromaíocht nadúrtha a choimeád eatarthu agus na tíortha a bhíonn ag tabhairt airgid ar iasacht, mar is ionann an t-airgeadas. Níl an luach céanna ag Euro na hÉireann agus Euro na Gearmáine, le fírinne, ach níl an réiteach air sin. Tá an Euro láidir, ach tá an chuid is mó díobh ag na tíortha móra cumhachta. Tá fiacha ag Éirinn nach féidir léi íoc. Beidh an geilleagar in Éireann, sa Spáinne agus sa Ghréig níos laige ná an gealleagar sa Ghearmáin nó san Ísealtír, mar bíonn siad ag caitheamh níos mó ná a fhaigheann siad, agus bíonn gá le níos mó airgid iontu chun gnó a chothú is brabús ar bith a dhéanamh. Agus beidh sé amhlaidh ar feadh i bhfad, de réir dealraimh, is oth liom a rá.

2 comments:

Dennis King said...

Tá luach an Euro tar éis titim i gcomórtas leis an Dollar cheana féin. Tá titim eile ag teastáil le heaspórtáil a mhéadú. Tá an Euro ró-láidir fós.

Séamas Poncán said...

Níl aon iontaobh agam sa dollar agus an méid airgid atá an rialtas ag scaoileadh leis na laethanta seo. Más féidir leis an Euro a bheith níos laige, ní dóigh liom go mbeidh i gcomparáid leis an dollar. Cá bhfios nach bhfuil gach áit eile níos measa fós ná sinne? Ní dóigh liom, ámh. Pé scéal, tá níos mó ná sin de dhíth chun cúrsaí a fheabhsú in Éirinn.