Wednesday, October 07, 2009
Schadenfreude
Ach diúltaíodh iad, sa chéad bhabhta!
Is cuma liom faoi na cluichí a bheith in Chicago. Ach rinne na hUí Báma amadáin díobh féin (arís), agus chonacthas é an uair seo. Níl aon dul as agam air. Braithim Schadenfreude mar gheall air.
Is iomaí duine le déanaí atá ag tosnú le feiscint nach dia é Ó Bama. Tá roinnt daoine ann a fheiceann nach bhfuil an t-impire ag caitheamh éadach ar bith. Mar a thuig daoine de mo leithéid i gcónaí. Is duine an-lag atá an-mhór leis féin é BHO.
Ní mór do dhuine éigin an nuacht seo a roinnt leis an hAifricigh, sílim...
Ach, dar ndóigh, níl sé go maith do Mheiriceá go bhfuil a leithéid d'uachtarán againn ag déanamh dochar dár n-íomhá ar fud an domhain. Ach c'est la vie. Go mairimis ina ainneoin.
Friday, September 25, 2009
Admhaím é - Is Duine Gorm é!
Mar go bhfuil sé gorm.
Go díreach mar na daoine seo.
Agus na daoine seo.
Agus daoine mar an duine seo.
Mar is ionann iad go léir, tá a fhios agat. Dar leis an eite chlé, dar ndóigh, a bhíonn ag trácht ar chine BHO i gcónaí. Ní féidir le haon duine cur ina choinne gan a bheith i gcoinne gach duine gorm, dar leo.
Agus tá daoine ann (fiú i dtír na saonta is na scoláirí) a chreideann a leithéid!
Wednesday, September 23, 2009
Saonta, Nó Níos Measa?
Raiméis faoin téamh domhanda, maslaí do Iosrael (agus do Mheiriceá), agus praiseach eile a bhí ann.
Seo léirmheas iontach air.
Níor thug sé bláthanna do chuile dhuine ina dhiaidh (ach amháin na hIosraelaigh), ámh, cé go mbeifí ag súil lena leithéid.
Sampla foirfe dá bhfuil ann in BHO - caint dheas gan substaint, moltaí dár naimhde agus maslaí dár gcairde (n-iarchairde?). Caint faoi chearta daonna gan a bheith i ndáiríre faoi, gan díriú ar na fadhbanna is mó is na tíortha is measa. Dar leisean, is sinne an tír is measa agus is sinne atá ciontach as fadhbanna an domhain. An t-amadán.
Thug John Bolton "Óráid iar-Mheiriceánach ónár gcéad uachtarán iar-Mheiriceánach" air. Náireach ar fad. Agus dar ndóigh, fuair sé bualadh bos nach beag.
Friday, September 18, 2009
Abraigí Arís É! Ní Ghlactar le Conradh Liospóin
Ach níl meas ag mórán daoine ar ghuth an phobail.
Mar dhea.Mr Cowen said: "The government accepts and respects the verdict of the Irish people."
Is iomaí duine mór le rá atá ar son an chonartha seo. Ach an bhfuil sé difiriúil nó níos fearr an uair seo? Ní cheaptar go bhfuil. Cheap na daoine nach raibh sé go maith dá dtír. Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach éisteacht leis na daoine? Cén fáth go bhfuil gá le reifreann ann? Níl aon bhaol ann do daonlathas, deir daoine áirithe. Ach nach é sin an fáth?On 12 December 2008 the Taoiseach, Brian Cowen confirmed that a second referendum would be held
...significant changes to national sovereignty included in the Single European Act require the permission from the Irish voters in the form of a referendum. The Treaty seeks to amend the Single European Act. A part of the Supreme Court decision is that the State's power to determine its foreign relations is held in trust from the people and may not be alienated by the government without their approval.
Más fearr libh cumhacht eile a thabhairt do dhaoine anaithnid thar sáile ná meas a thabhairt do vótaí bhúr saoránach féin, tá an seans ann chun sin a chur in iúl. Ach ón taobh amuigh, molaimse go n-aibraigí arís nár mhaith libh sin.
Wednesday, September 16, 2009
Tá an Sorcas faoi Lán Seoil
Maíodh gur ciníochas aon rud a deirtear i gcoinne Uí Bhama, mar a dúradh faoin 'you lie' a dúirt duine darb ainm Joe Wilson nuair a d'inis Ó Bama bréag le déanaí. Agus deir Carter anois go nglacann sé leis an raiméis sin. Seo an riail: má thugtar drochainm ar BHO, thugtar as ciníochas sin. Má thugtar 'ass' ar Kanye West, bhuel, is 'ass' é, sin uile. An bhfuil sé agam?
Dar ndóigh, níl Carter ach ag sodar i ndiaidh colúnaí radacaigh na heite clé Maureen Dowd ón New York Times. Mura n-aontaíonn tú leis An Té, is ciníochaí thú. Nó namhaid an stáit? Ach níl aon chosúlacht ann...
Sea, tá meas an domhain ag chuile dhuine ar Jimmy Carter. Tá OBL ag moladh a leabhair i gcoinne Iosrael anois, fiú! Aithníonn ciaróg ciaróg eile.
Gach uair a labhraíonn BHO faoin 'bplean' atá acu maidir le cúrsaí sláinte poiblí, sin a rá, leasaithe (mar dhea) ar an gcúram sláinte, tuigeann níos mó daoine nach maith leo an saghas sin sóisialachais. Bíonn na huimhreacha ag dul in ísle. Feictear nach bhfuil in Ó Bama ach fear na ndrochpholasaithe - mar a cheap beagnach leath den tír ón dtosach. Is iomaí duine a raibh sé ar nós cuma liom acu cén polasaithe a bhí aige, mar bhí sé ní ba thabhachtaí gur duine gorm é. Sin riail eile - ní ciníochas sin. Is ciníochas é nuair a dhírítear ar a chuid drochpholasaithe, polasaithe an rialtais mhóir shóisialaí. (Ach is cuma gur roghnaigh sé cumannaithe agus a leithéid mar czar-anna srl., dar ndóigh).
Tá an iomarca le rá faoin ndroch-chaoi atá sé ag dul i ngleic le cúrsaí idirnáisiúnta. Ach chomh dona agus atá BHO féin, sílim go bhfuil HRC níos measa fós. Truamhéalach, ar dhóigh. Bean ghrinn gan chumhacht.
Ach tá siad ag caitheamh airgid gan stad gan staonadh. Tá an bua sin acu, go sábhála Dia sinn.
Bíonn an t-uachtarán seo ag tabhairt maslaí ar aon duine nach n-aontaíonn leis, agus ag díspeagadh an taobh eile i gcónaí. Ach tugtar 'aontaitheoir' agus 'iarchlaonpháirteach' air, mar nach mbeadh aon bhrí leis na focail sin ar chor ar bith. Tá sé níos deighiltí ná aon uachtarán a bhí ann i rith mo shaoil. Rinne GWB iarrachtaí oibriú leis an taobh eile go sách minic, maith nó olc. Ní dhearna mo dhuine BHO comhréiteach le daoine nach n-aontaíonn leis riamh, go bhfios dom. Níl cluas le héisteacht aige, fiú.
Ní dia é níos mó. Tá súil agam nach n-éireoidh leis mórán dochair a dhéanamh. Mar a dúirt Rush Limbaugh.
Is maith liom an comhartha seo.
Friday, August 21, 2009
Eachtraí Náireacha in Albain
http://www.guardian.co.uk/uk/gallery/2008/dec/21/lockerbie-terrorism
Wednesday, August 19, 2009
An Múchfar an Athbheochan?
Cad is Éire ann? Sin an cheist. An bhfuil aon tuiscint ann fós ar dhearcadh bhunaitheoirí náisiún na hÉireann? An bhfuil aon dóchas ann go mbeidh tír Ghaelach ann riamh? An bhfuil aon suim ina leithéid? Nach gcuirtear aon bhéim ar dhúchas agus fhréamhacha na tíre sna scoileanna? Tá sé in am díriú ar na ceisteanna seo arís eile, déarfainn. Dá mbeadh muintir na hÉireann dáiríre faoin teanga agus faoi chultúr na hÉireann, ní bheadh aon bhaol ann mar gheall ar airgead. Dóbair gur cailleadh a n-oireacht fadó mar gheall ar chúrsaí airgid agus slándála. Ná díoltar arís í.
Sunday, August 02, 2009
Bonn na Saoirse ón Uachtarán
Sé mhí ó shin, bhí imní ar roinnt Éireannach go raibh Ó Bama chun seasamh le hIosreal mar gach aon uachtarán Meiriceánach eile (bhí sé ar thaobh na liobrálach maidir le gach aon rud eile). Ná bíodh imní oraibh, a liobrálaigh (a sheasann le gach deachtóir...). Tá sé ag déanamh a sheacht ndícheall naimhde a dhéanamh de na tíortha a bhíodh ina gcairde ba mhó dúinn. Thosaigh sé le dímheas ar Shasana. Bíonn sé ag tabhairt neamhairde do thíortha lár is oirthear na hEorpa. Agus is léir go bhfuil sé claonta i dtreo na nArabach i gcoinne Iosrael, mo léan.
Dar lena iompar, is fearr leis deachtóirí an domhain ná seanchairde a thíre. Agus beidh roinnt Éireannach sásta leis sin, mar is iad na dea-fhocail is tábhachtaí.
Ach fós féin, bíonn Éireannaigh eile ann a thugann misneach dom. Is mór an trua go mbíonn Kevin Myers chomh dona maidir le cúrsaí teangan. Tá sé ceart to leor faoi na daoine san alt seo.
Saturday, August 01, 2009
Ché Guevara, Dúnmharfóir
Gan teagmháil ar bith leis an saol mar atá sé, mo léan.
Monday, June 22, 2009
Tá Dia Mór! Bás don Deachtóir!
Seo tuairiscí is tuairimí (as Béarla) faoina bhfuil ar siúl ansin.
Gach lá, bíonn sé níos léire cé chomh huafásach agus atá an rialtas, agus nach bhfuil ann ach deachtóireacht mhíleata, seachas rialtas na ndaoine. Tuigeann an domhain seo. Tuigeann muintir na hIaráine seo anois. Tuigeann sliocht na hIaráine anseo i Meiriceá, cinnte. Tharla tubaiste ansin 30 bliain ó shin. Seo chugainn an réiteach, le cúnamh Dé.
Pé rud a tharlóidh, tá an saol athraithe sa tír sin. An réabhóid abú!
Agus pé rud a deir an fear lag atá ina uachtarán faoi láthair, bíonn na Stáit Aontaithe ar thaobh na saoirse.
Thursday, June 11, 2009
Et tu, a Dhubhglais De hÍde?
Má phléascann an Iaráin buama adamhach in Iosrael, slán mar a n-insítear é, an mbeidh Éire cairdiúil leis an Iaráin fós? An mbeidh Éire neodrach go deo? Nó an seasfaidh sí leis an gceart ar ball? Bhí sé casta go leor sa dara cogadh domhanda, mar ní bheadh Éire sásta troid ar son Sasana. Ach bhí i bhfad ní ba mhó ná sin i gceist, fós féin, go háirithe ag deireadh an chogaidh. Bheadh siad ábalta a rá go raibh siad ag seasamh leis an mBeilg, nó tíortha eile. Níor mhaith le Meiriceá Stalin, ach sheasamar leis i gcoinne Hitler.
Is ionann domsa an neodracht agus a bheith ar nós cuma liom maidir leis an gceart - agus mar sin, ag ceadú an mhíchirt. As ciúnas tuigtear tacaíocht. Agus bhí a fhios ag Dev féin nach raibh aon chosaint ann sa neodracht.
Tá beartas de neodracht mhíleata ag Éirinn agus ní ball d'aon chomhghuaillíocht mhíleata í. Mar sin féin, ar feadh caoga bliain, tá sí ag glacadh páirte gníomhaí in oibríochtaí coinneála síochána na NA agus údaraithe ag na NA agus tá páirt ghníomhach aici i bhforbairt Bheartas Slándála agus Cosanta na hEorpa.
Rinne an tAire tagairt freisin do neodracht na hÉireann, ag rá nach gcuirfeadh an Conradh Éire faoi aon chomhcheangal míleata ná cosanta d'aon saghas.
Ba mhaith leo an cáca agus é a bheith ite acu freisin, an ea? Cén fáth go bhfuil suim ag Éire i mBeartas Slándála agus Cosanta na hÉorpa nuair nach mbeidh siad sásta aon bheart mhíleata a dhénamh ar a shon? Nach leor an neodracht di?
An bhfuil níos mó i dtír neodrach ná tír lag le béal mór? Tiománaí an chúlshuíocháin i gcarr an domhain? Tír a bhraitheann ar thíortha móra as a slándáil, nach mbeidh sásta cabhair ar bith a thabhairt do na tíortha sin má bhíonn gá leis? Sin fadhb mhór na hEorpa, freisin. Ní féidir leis an Eoraip í féin a chosaint gan na Stáit Aontaithe. Níl aon chogadh domhanda eile le fada, agus an Eoraip lag, agus mar sin, tá na Stáit sásta íoc as a slándáil. Fiú na tíortha neodracha. Ní fheadar an dtiocfaidh an lá nach mbeidh na Stáit chomh flaithiúil, go háirithe nuair a bhíonn na hEorpaigh ag clamhsán faoi. B'fhéidir ba chóir dúinn a bheith neodrach?
Monday, June 08, 2009
Bua sa Liobáin
Ach ná bímis ró-dhóchasach faoin Iaráin.
Thursday, June 04, 2009
Obam Alechem
Max Boot
www.jihadwatch.org
Mark Thiessen
Is mór an trua nár éist éinne le Bush. Bhí sé i bhfad ní b'fhearr (cé nach raibh sé ionraic maidir leis na fadhbanna bunúsacha in Ioslam ach oiread).
I also want to speak tonight directly to Muslims throughout the world. We respect your faith. It's practiced freely by many millions of Americans and by millions more in countries that America counts as friends. Its teachings are good and peaceful, and those who commit evil in the name of Allah blaspheme the name of Allah.- George W. Bush, 20 Meán Fómhair, 2001
(APPLAUSE)
The terrorists are traitors to their own faith, trying, in effect, to hijack Islam itself.
The enemy of America is not our many Muslim friends. It is not our many Arab friends. Our enemy is a radical network of terrorists and every government that supports them.
Tiananmen Fiche Bliain ar Aghaidh
Seo mórán grianghraif de na leathanta siúd.
Ó shin, cé nach bhfuil aon athrú ar an rialtas úd, tugtar níos mó measa dóibh, níos mó cumhachta. Bhí na cluichí Oilimpeacha ann. Déantar i bhfad níos mó gnó leo. Ní luaítear eachtraí Tiananmen. Ní luaítear an Laogai. Ceannaímid earraí ón tSín, agus ar ball, úsáidfear an t-airgead sin chun ár gcomhlachtaí a cheannach uainn. Faightear airgead ar iasacht ón tSín, agus tá cumhacht as cuimse acu ar chúrsaí airgeadais sa lá atá inniu ann. Ní thugann siad aon chabhair don domhan chun smacht ar bith a choimeád ar an gCóiré Thuaidh, cé gur féidir leo. Bíonn siad ag bagairt ar an Téaváin i gcónaí. Ach ní féidir linn olc a chur orthu, mar gheall ar an airgead. Déantar gearáin faoin Tibéid uaireanta, ach níl rialtas ar bith an-dáiríre faoi. Tá an Sínigh ag déanamh a rogha ruda ann fós, ag scriosadh bailte agus a brú a gcultúr féin ar na daoine sin (iad siúd nach maraíonn siad).
Oscaíodh súile an domhain beagán in 1989, ach thiteamar inár gcodladh arís ó shin, maidir leis an Sín. Ní mór scéal Tiananmen a choimeád beo, a chuimhniú is ag múineadh don aos óg. Ní mór rialtas na Síne a thuiscint i gceart, mar deachtóireacht bhrúidiúil, pé íomhá dheas a chonaiceamar ó na cluichí Oilimpeacha. Pé rud a deir daoine amaideacha clúiteacha.
Táthar ag súil (le fada) go dtiocfaidh feabhas ar chúrsai agus go mbeidh saoirse ann ar ball, mar a éiríonn na Sínigh níos saibhre. Ní dóigh liom go dtarlóidh mura mbeidh laochra mar laochra Tiananmen ann. Go n-éirí siad arís.
Saturday, May 23, 2009
Fógra
Tá An Gael ag Teacht!
Blag eile is ea Philo's Little Helper atá ann chun cabhrú leis an bhfoghlaimeoir a léann An Gael (irisleabhar atá as Gaeilge amháin). Pléifear a bhfuil san iris ansin, freisin, lcD.
Monday, May 18, 2009
Idir Dhá Chomhar
Níl an t-eagarthóir nua ann ach le seal, ach sna cinn a rinne sé go fóill, ní raibh mórán den tseanchaighdeán ann, agus cheap mé go raibh siad lag agus leamh.
Bhíodh ailt amaideacha ann i gcónaí maidir leis an bpolaitíocht, agus maslaí do Mheiriceá srl. ann, ach bhíodh siad sásta mo fhreagraí a fhoilsiú, freisin. Níor mhiste liom ábhar a sholáthair dóibh, agus b'iadsan amháin a d'íoc as ar shlí go bhfuair mé an t-airgead gan fadhb ar bith. Ar an lámh eile, níor iarr siad orm riamh aon rud a scríobh roimh ré. Ba chara do Comhar mé, ach ní bhíodh sé éasca i gcónaí. Bhí deis ann é a fheabhsú, ach ní dóigh liom go dtapaíodh an deis sin.
Tá ár n-iris féin againn anois, agus ní gá dom scríobh d'éinne eile, is dócha, cé go ndéanaim fós. Níl aon droch-ghuí agam do Comhar. Guím gach rath air. Ach níl a fhios agam an bhfuil mé sásta íoc as. Bíonn an iomarca de adhradh BHO le feiscint anseo cheana, agus a leithéid. Beidh ábhar i bhfad níos fearr in An Gael - ficsean agus filíocht, den chuid is mó - agus níl mórán de sin fós in Comhar. Níl na húdair ab fhearr liom ann níos mó, ach oiread.
Ní dhearna mé socrú go fóill, ach táim ag smaoineamh nach bhfaighfidh mé é. Tá an iomarca le léamh agam, agus níl sé tarraingteach go leor, dar liom.
Tuesday, May 12, 2009
Aon Uair a Cheaptar Nach Féidir le Daoine a Bheith Níos Measa...
Ní bhaineann an saghas seo barbarthachta leis na Giúdaigh amháin, dar ndóigh.
San Ostair, níl ann sa lá atá inniu ann ach buíon bheag dá leithéid sin. Níl sé amhlaidh i dtíortha eile.
Nuair a ciontaíodh Adolf Eichman in 1962, bhí ceannteidil i nuachtán san Araib Shádach a dúirt "Ciontaíodh Eichman, a raibh sé d'onóir aige sé mhilliún Giúdach a mhárú"*. Ní fhoilsítear aon rud sa tír sin gan cead ón rialtas.
Tá a leithéid ann i Meiriceá, freisin. Mar a deitear sa scannán The Blues Brothers, "I hate Illinois Nazis." Faraor, ní scéal grinn amháin a leithéid de amadáin. Tá a leithéid fós ann (cé go bhfuil feabhas ar Skokie).
*nó sin an scéal - ní raibh mé ábalta sin a chinntiú.
Thursday, May 07, 2009
An Fhimíneacht
Ar an taobh Críostaí, tuigtear gur peacaí gach duine. Bhí mórán le rá ag Naomh Eoin ar an ábhar seo. Ní féidir a rá gur Críostaí tú agus a mhalairt saoil agat. Má mhaíonn duine go bhfuil sé ag leanúint Críost, ach nach ngránn sé daoine eile, is fimíneach é. Ach níl éinne foirfe. Má mhaíonn duine nach peacach é, tá sé ag insint bréige (1 Eoin, 1:6 - 2:12 srl.). Bíonn gá againn le maithúnas agus le cábhair Dé. Pé locht atá orainn, déanaimid ár ndícheall chun an rud ceart a dhéanamh, má táimid i ndáiríre. Ach dar ndóigh, is iomaí fimíneach a bhíonn ann san Eaglais, mar a sagairt a mholann do gach éinne bheith gan cúrsaí gnéis mhíchearta, a bhualann craiceann le buachaillí. Ní ionann sin agus nach fíor an moladh a rinne an sagairt sin, mar sin féin.
"L'hypocrisie est un hommage que le vice rend à la vertu." - La Rochefoucauld
An Críostaí a dhéanann rud mícheart, tuigeann sé gur mícheart é, de ghnáth. Nó tá sé ag cur i gcéill gur Críostaí é.
An té nach dtuigeann an Chríostaíocht, ceapann sé nach bhfeiceann Críostaí peaca ach i ndaoine eile. Tá daoine mar sin ann, ach ní hé sin teachtaireacht Chríost (féach Maitiú 7:3-5). Is féidir le Críostaí botúin a dhéanamh agus fós bheith ina Chríostaí.
Is fíochmhar na hionsaithe a dhéantar ar aon duine a sheasann le teagasc Críostaíochta, minic go leor. Cúpla sampla le déanaí ná na hionsaithe a dhéantar ar Carrie Prejean agus Bristol Palin (mar ionadaí dá máthair). Creidtear nach féidir le Críostaí a mhaíomh nach ceart gnéas lasmuigh den phósadh, nuair a rinne a hiníon botúin agus níor lean sí an teagasc sin. Agus creidtear nach féidir a bheith ar son an phósta mar a thuigtear é leis na cianta, agus bheith i do dhuine maith (go háirithe má dhearna tú botúin nuair a bhí tú óg). Ach mar a thuigimidne é, is fearr a bheith ag seasamh leis an bhfírinne agus gan a bheith foirfe, ná bheith i gcoinne an fhírinne agus ag maíomh gur foirfe tú. Nó fiú bheith i gcoinne teagasc Dé mar a thuigimid é mar gheall ar locht ar bith ionainn féin.
Is iomaí duine frith-Chríostaí a mhaíonn nach bhfuil ann ach an fhírinne mar a thuigeann siadsan í. Sin an t-aon rud a cheapann Críostaithe. Cuireann Críostaithe a gcás i láthair, agus mura n-aontaíonn tú leis, ní Críostaí tú. Aon duine nach n-aontaíonn leis na frithChríostaithe, is anathema é dóibh, cé nach raibh an duine sin ina bhall sa chreideamh gan Dia sin. Is sampla den éadúlaingt an duine nach n-aontíonn leo, agus níl cead ag éinne tuairim mar sin a nochtadh. Is fuath leo aon duine mar sin, agus déanann siad gach iarracht chun an duine sin a scriosadh os comhair an tsaoil. Mar is iadsan lucht na caoinfhualaingthe, dar ndóigh, na Daoine Maithe. Ní cheadaítear aon easaontas.
Tráth dá raibh, nuair a bhí gach duine i dtír áirithe in ainm is a bheith ina Chríostaí, nó (mar an t-aon rogha eile) a bheith i gcoinne an rialtais, bhí an éadualaingt chéanna ann. Ach ní raibh sé ann ar son na caoinfhualaingthe! Mar a tharlaíonn, tá saoirse coinsiais ann sa lá atá inniu ann. Tá saoirse creidimh ann (sna tíortha sibhialta, mar na Stáit Aontaithe agus Éire). Foghlaimíodh narbh aon toradh maith ar an éadualaingt sin. Ach tá siad ann anois ar mhaith leo a gcreideamh gan Dia a bhrú orainn go léir, ar son na caoinfhualaingthe, mar dhea. Nach í sin an fhimíneacht?
“Where there is no religion, hypocrisy becomes good taste” - George Bernard Shaw
Nó an é go bhfuil daoine ann ar an dá thaobh a thuigeann cad is fimíneacht ann, agus níl ann ach easaontas maidir le cad is fírinne ann? Ceist mhaith a bhí ag Píoláid (Eoin 18:38). Is tábhachtach an freagra.
Wednesday, May 06, 2009
Bó Bheag i gCló Mór
(i gcló mór)
Bíonn saol seo an idirlín trína chéile, gan amhras. Maidir le hinscne, tuiseal agus cúrsaí polaitiúla, go háirithe.
Cúpla sampla:
- Plean eacnamaíochta Obama - nó Plean eacnamaíochta UíBhama? Bhuel, is cuma sin, mar níl a leithéid ann, le fírinne.
- Arlen Specter (D) nó (R) nó (b) nó (f)? Nó (n)? (n)eodrach, is dócha, mar níl tábhacht ar bith aige, agus ní bheidh sé fós ina sheanadóir le fada (lcD).
- Fianna Fáil, nó Fianna Faighte?
- Cladaigh Chonamara nó Cleasaí Caimiléireachta? Och, ní bhaineann sin le hábhar... Ach bheadh a fhios ag an nGaeilgeoir Mór, gan dabht.
- Clár plé beo nó clár plé B(h)eo!? Ní hionann an dá rud, cinnte.
- Dúnta Guantanamo nó Guantanamo dúnta? Níl dúnadh na ceiste sin ann fós...
- Vóta an phobail nó vóta na bpobal? Déanaigí bhur rogha (nó nach ndearn sibh sin cheana?).
- Beannacht na Náisiún Aontaithe nó beannacht an náisiúin aontaithe? Ní dóigh liom go mbeidh ceachtar acu ann go ceann i bhfad...cé go mbeadh an dá rud ceart.
Ní nach ionadh go mbíonn dallamullóg ar dhaoine. Ní gá gur ionann sin agus go bhfuil siad dallaigeanta, cinnte, ach go háirithe. Cé go dtarlaíonn...
Ó bhó go deo! (Ba!)
Friday, May 01, 2009
An Fhírinne Maidir le Sarah Palin
Bean ar éirigh léi ina saol, bean dea-chuma, chumhachtach, ábalta, dhea-mhúinte is dheaslabhartha. Ba bhreá leis an eite chlé í, cheapfá - ach is Poblachtach í, agus, och, an t-uamhan - Críostaí! Agus tá sí ar son beatha gach duine, fiú i mbroinn a máithreacha. Dar ndóigh, is fuath leis an eite chlé aon duine mar sin. Mar sin, rinne siad gach iarracht chun í a scriosadh. Bíonn siad á maslú agus ag tabhairt gach droch-ainm gur féidir leo uirthi. Tá an t-idirlíon lán le nimh is bréaga. Cé go bhfuil an feachtas uachtaránach thart, níl siad ag stadadh - mar tá imní orthu go roghnófar í mar iarrthóir ar oifig an uachtaráin an chéad uair eile. Ní mór dóibh í a scriosadh. Tá eagla orthu roimpi (fiú an bheirt nó triúir a chreideann aon rud fíor fúithi).
Gobharnóir Alaska í. Bhí sí ina méara roimhe sin. Roghnaigh John McCain í mar leas-uachtarán, ach níor éirigh leo san fheachtas. Ní raibh a páirtí féin cúramach chun í a ullmhú do gach ocáid, mar a céad agallamh ar an teilifís le duine den eite chlé, Katie Couric. Agus b'éasca do Tina Fey aithris a dhéanamh uirthi ar Saturday Night Live, agus mar ní bhíonn mórán daoine (óga?) sásta chun an fhírinne a lorg, cheaptar gur ionann an magadh sin agus an duine féin - cé go raibh sí sásta páirt a ghlacadh sa spraoi, agus an-mhisneach aici chun sin a dhéanamh. Ní fiú mórán an clár sin gan í, mar a tharlaíonn...cé go raibh sé greannmhar tráth dá raibh.
Tá daoine ann a sheasann léi, dar ndóigh. Is breá leis an móramh í in Alaska, agus is iomaí duine sa phartaí Poblachtach a bheadh sásta í a chur suas chun bheith ina huachtarán. Má tá naimhde agat mar atá aicise, is léir go bhfuil tú ar an taobh ceart. Is maith liom í, agus is maith liom í níos mó gach uair a dhéantar ionsaí amaideach nimhneach eile uirthi.
Seo alt eile a chuireann síos ar an bhfáth gur fuath leo í. Sílim féin go bhfuil gach rud is fearr faoi Mheiriceá le feiscint inti. Dar ndóigh, is fuath leo siúd gur fuath leo Meiriceá í go háirithe...
Seo a beathaisnéis oifigiúil, má tá suim ag éinne sa bhfíordhuine...
Agus cad é sin a dúirt sí faoin Rúis? Níl aon fhios agat, táim a ghealladh (mura léigh tú an nasc sin).