Wednesday, October 07, 2009

Schadenfreude

Bhí ceannteidil an-chliste ag Matt Drudge: The Ego Has Landed. Chuaigh na hUí Báma go Copenhagen chun na cluichí Oilimpeacha a fháil dá mbaile dúchais, Chicago. D'inis siad scéalta fúthu féin, agus cheap gach éinne nach mbeadh aon toradh ar an scéal ach go ndéanfaí a dtoil. Cheap fiú a naimhde is measa nach raibh siad chomh dall chun dul ansin gan an rud a bheith socraithe ina bhfábhar roimh ré.

Ach diúltaíodh iad, sa chéad bhabhta!

Is cuma liom faoi na cluichí a bheith in Chicago. Ach rinne na hUí Báma amadáin díobh féin (arís), agus chonacthas é an uair seo. Níl aon dul as agam air. Braithim Schadenfreude mar gheall air.

Is iomaí duine le déanaí atá ag tosnú le feiscint nach dia é Ó Bama. Tá roinnt daoine ann a fheiceann nach bhfuil an t-impire ag caitheamh éadach ar bith. Mar a thuig daoine de mo leithéid i gcónaí. Is duine an-lag atá an-mhór leis féin é BHO.

Ní mór do dhuine éigin an nuacht seo a roinnt leis an hAifricigh, sílim...

Ach, dar ndóigh, níl sé go maith do Mheiriceá go bhfuil a leithéid d'uachtarán againn ag déanamh dochar dár n-íomhá ar fud an domhain. Ach c'est la vie. Go mairimis ina ainneoin.

3 comments:

Dave Mc said...

Cad is brí le 'caomhach'? Níl an focal le fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill. Cinnte, tá 'caomh' ann ach cíallaíonn sé mild, gentle, srl. Le meas, tar éis gach rud atá scríofa agat faoin tUachtarán i rith an bhliain seo caite, táim an-amhrasach go bhfuil an cur síos sin oiriúnach duitse!

Séamas Poncán said...

caomhach

Dave Mc said...

GRMA!